|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII Feidhmiú agus Neamhfheidhmiú Feidhmeanna faoin Acht seo.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Aisghairm) |
ACHT NA dTITHE, 1966
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VIII Ilghnéitheach | |
| [EN] |
Cabhair theicniúil a sholáthar. |
112. —Féadfaidh údarás tithíochta cabhair theicniúil a sholáthar do dhaoine a cheannóidh nó a sholáthróidh ar shlí eile láithreáin nó a athfhoirgneoidh, a mhéadóidh, a fheabhsóidh, a cheannóidh nó a sholáthróidh ar shlí eile teaghaisí. |
| [EN] |
Cumhacht chun duaiseanna nó spreagluaíochtaí a sholáthar i leith tithe, etc., a chothabháil. |
113. —D'fhonn spreagadh le tithe, gairdíní, spásanna oscailte nó taitneamhachtaí a chothabháil i gceart, féadfaidh údarás tithíochta, más oiriúnach leo, cibé duaiseanna i gcomórtais nó cibé spreagluaíochtaí eile a sholáthar a chinnfidh an t-údarás chun na tithe, na gairdíní, na spásanna oscailte, nó taitneamhachtaí ina limistéar feidhmiúcháin nó i gcuid áirithe dá limistéar feidhmiúcháin a chothabháil. |
| [EN] |
Coinníollacha a bheidh le comhlíonadh nuair a ligfear teach le haghaidh cónaithe. |
114. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo aon chonradh a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo i leith teach a ligfear chun cónaithe ar chíos nach mó ná céad agus tríocha punt sa bhliain beidh sé, d'ainneoin aon choinníoll dá mhalairt, intuigthe coinníoll a bheith ann go bhfuil an teach i dtosach na tionóntachta agus fós gealltanas go gcoimeádfaidh an tiarna talún an teach, le linn na tionóntachta, réasúnta oiriúnach ar gach slí chun daoine cónaí ann ach ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do dhliteanas tionónta nó áititheora aon tí den sórt sin i leith gnímh thoiliúil nó mainneachtana toiliúla ag an tionónta nó ag an áititheoir sin dá dtiocfaidh don teach a bheith ar chaoi seachas réasúnta oiriúnach chun daoine cónaí ann. |
| [EN] | (2) Ní bheidh an coinníoll agus an gealltanas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo intuighthe in aon chás— | |
| [EN] | (a) ina ligfear teach ar feadh téarma is giorra ná trí bliana ar na téarmaí go gcuirfidh an léasaí é i riocht go mbeidh sé réasúnta oiriúnach chun cónaithe, agus | |
| [EN] | (b) nach mbeidh an comhaontú tionóntachta infhoirceannta de rogha an tiarna talún nó an tionónta roimh dheireadh trí bliana. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, méid an chíosa a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú. | |
| [EN] | (4) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
| [EN] | (5) San alt seo, ciallaíonn “tiarna talún” duine a ligfidh aon teach chun cónaithe chun tionónta faoi chonradh lena mbaineann an t-alt seo, agus folaíonn sé a chomharba i dteideal. | |
| [EN] |
Toirmeasc ar dhaoine leasmhara vótáil mar chomhaltaí d'údarás tithíochta nó de choistí áirithe. |
115. —(1) Ní vótálfaidh duine mar chomhalta d'údarás tithíochta nó d'aon choiste a luaitear in alt 110 den Acht seo ar aon rún ná ceist a mholfar nó a éireoidh de bhun an Achta seo má bhaineann sí le haon teach nó talamh eile a bhfuil leas tairbhiúil aige ann agus má tharlaíonn, le linn na vótála ar aon rún nó ceist den sórt sin, gur feasach don duine a thaifeadfaidh an vótáil go bhfuil leas tairbhiúil ag comhalta den údarás nó den choiste in aon teach nó talamh lena mbainfidb an rún nó an cheist, ní thabharfar aird ar vóta an chomhalta sin ar an rún nó ar an gceist le linn cinneadh an údaráis nó an choiste ar an rún nó ar an gceist a bheith á shocrú. |
| [EN] | (2) Aon duine a mbeidh teaghais a soláthraíodh faoin Acht seo ligthe chuige de thuras na huaire ag údarás tithíochta, measfar, chun críocha an ailt seo, leas tairbhiúil a bheith aige freisin in aon teaghais eile a soláthraíodh amhlaidh agus ar údarás is úinéir uirthi. | |
| [EN] | (3) Aon duine a vótálfaidh contrártha don alt seo— | |
| [EN] | (a) más comhalta d'údarás tithíochta nó comhalta de choiste a luaitear in alt 110 den Acht seo an duine—scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás nó den choiste, mar is iomchuí, agus | |
| [EN] | (b) más comhalta d'údarás tithíochta agus de choiste den sórt sin an duine—scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás agus den choiste, | |
| [EN] | agus, i gceachtar cás, beidh sé dícháilithe chun bheith intofa nó inroghnaithe chun bheith ina chomhalta den údarás i gcaitheamh na tréimhse arbh í, mura mbeadh deireadh a chur lena chomhaltas faoin alt seo, iarmhar a théarma í. | |
| [EN] | (4) Aon duine a vótálfaidh contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
| [EN] | (5) Má vótálann aon duine contrártha don alt seo nó má ghníomhaíonn sé mar chomhalta d'údarás tithíochta nó coiste le linn dó a bheith dícháilithe faoin alt seo chun bheith ina chomhalta ní chuirfidh tabhairt an vóta aige nó gníomhú amhlaidh dó, de réir mar a bheidh an cás, ó bhailíocht aon rún ná imeacht de chuid an údaráis nó an choiste. | |
| [EN] |
Ionchúisimh agus cionta. |
116. —(1) Maidir le cion faoin Acht seo, féadfaidh an t-údarás tithíochta arb ina limistéar feidhmiúcháin a dhéanfar an cion ionchúiseamh a dhéanamh ina leith agus má bhaineann an cion le feidhm a bheidh á comhlíonadh ag an Aire nó thar a cheann faoi alt 111 den Acht seo, nó ag údarás tithíochta lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin, féadfar ionchúiseamh i leith an chiona a dhéanamh: |
| [EN] | (a) i gcás an fheidhm a bheith á comhlíonadh ag an Aire nó thar a cheann—ag an Aire, | |
| [EN] | (b) i gcás an fheidhm a bheith á comhlíonadh ag údarás tithíochta—ag an údarás sin, nó | |
| [EN] | (c) i gcás an fheidhm a bheith á comhlíonadh ag duine—ag an an duine sin. | |
| [EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith faillí ar thaobh aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe sin, measfar go ndearna an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin freisin agus fós aon duine eile agus é ag airbheartú a bheith ag gníomhú sa cháil sin an cion sin agus measfar eisean agus fós an comhlacht corpraithe a bheith ciontach sa chion. | |
| [EN] |
Cumhacht duine údaraithe chun dul isteach ar thalamh. |
117. —(1) Féadfaidh duine údaraithe, faoi réir forálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo. |
| [EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh duine údaraithe dul isteach ar thalamh de réir an fho-ailt sin (1)— | |
| [EN] | (a) chun suirbhéireacht nó luacháil a dhéanamh, i gcás aon tí, foirgnimh nó talún eile a mbeidh an t-údarás tithíochta a cheap an duine údaraithe údaraithe a fháil chun críocha an Achta seo, | |
| [EN] | (b) chun suirbhéireacht agus scrúdú a dhéanamh i gcás inar dóigh leis an údarás tithíochta a cheap an duine údaraithe gur gá suirbhéireacht nó scrúdú chun a chinneadh ar cheart aon fheidhm áirithe faoin Acht seo a chomhlíonadh maidir le haon teach, foirgneamh nó talamh eile. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh duine údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ar an talamh sin is gá le réasún chun na críche chun a rachfar isteach air. | |
| [EN] | (4) Sula rachaidh duine údaraithe isteach faoin alt seo ar aon talamh, gheobhaidh an t-údarás tithíochta toiliú an áititheora i gcás talún áitithe nó an úinéara i gcás talún neamháitithe nó déanfaidh siad fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn go bhfuiltear chun dul isteach a thabhairt don úinéir nó don áititheoir de réir mar a bheidh. | |
| [EN] | (5) Aon duine a mbeidh údarás tithíochta tar éis fógra a thabhairt dó faoin alt seo go bhfuiltear chun dul isteach ar thalamh féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an fógra sin a bheith tugtha, iarratas a dheánamh, ar fhógra a thabhairt don údarás sin, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh ag iarraidh ordú do thoirmeasc dul isteach ar an talamh, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis, an dul isteach a thoirmeasc go hiomlán nó coinníollacha a shonrú a bheidh le comhlíonadh ag an duine a rachaidh isteach. | |
| [EN] | (6) I gcás ina dtoirmeascfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo dul isteach a bheartófar a dhéanamh ar thalamh, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoin alt seo ar an talamh, agus i gcás ina sonróidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag daoine a rachaidh isteach ar thalamh déanfaidh gach duine a rachaidh isteach faoin alt seo ar an talamh na coinníollacha a shonrófar amhlaidh a chomhlíonadh. | |
| [EN] | (7) Gach duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, duine údaraithe a chosc agus é go dleathach ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air; agus más rud é, i gcás ciona leanúnaigh, go leanfar den chosc tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion eile agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den chion. | |
| [EN] | (8) San alt seo, ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna cheapadh ag an údarás tithíochta chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo. | |
| [EN] |
Teaghaisí áirithe a measfar gur faoin Acht seo a sholáthraíodh iad. |
118. —(1) Teaghaisí ar údarás tithíochta is úinéir orthu— |
| [EN] | (a) agus, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ar measadh, de bhua alt 16 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 , iad a bheith arna soláthar faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, | |
| [EN] | (b) agus, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ar measadh, de bhua alt 20 den Acht sin, iad a bheith arna soláthar faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962, nó | |
| [EN] | (c) a úsáideann an t-údarás chun críocha an Achta seo agus, ar leithligh ón alt seo, ar theaghaisí iad nach iad an t-údarás a sholáthraigh iad faoin Acht seo, | |
| [EN] | measfar gur teaghaisí arna soláthar faoin Acht seo iad. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh údarás tithíochta, maidir le teaghais a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo nó teaghais arna soláthar faoin Acht seo, a dheimhniú, de réir mar is iomchuí, gur teaghais arna soláthar amhlaidh nó teaghais a meastar í a bheith arna soláthar amhlaidh an teaghais, agus in aon imeachtaí beidh deimhniú ó údarás faoin bhfo-alt seo ina fhianaise prima facie ar lánas an deimhnithe sin agus ní gá aon síniú ar an deimhniú a chruthú. | |
| [EN] |
Teaghaisí beaga. |
119. —D'ainneoin alt 6 den Acht seo, i gcás úinéireacht tí a fháil trí airleacan faoi na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil agus gan an t-airleacan mar aon le hús a bheith láníoctha leis an údarás tithíochta sular aisghaireadh na hAchtanna sin, ansin— |
| [EN] | (a) na forálacha de na hAchtanna sin a raibh, de dhroim an t-airleacan a thabhairt, éifeacht acu in aon chás áirithe díreach roimh an aisghairm sin leanfaidh siad d'éifeacht a bheith acu maidir leis an gcás, | |
| [EN] | (b) na forálacha de na hAchtanna sin maidir le hairgead caipitil a chur chun feidhme agus le coimeád cuntas ar leithligh leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm, | |
| [EN] | go dtí go mbeidh an t-airleacan mar aon le hús aisíoctha go hiomlán nó go mbeidh an t-údarás, de bhua an ailt seo, tar éis seilbh a ghabháil ar an teach nó tar éis a ordú an teach a dhíol agus é a dhíol agus go mbeidh aon cheanglas atá sna forálacha sin maidir le suim a íoc leis an dílseánach nó le diúscairt an tsochair gan chomhlíonadh. | |
| [EN] |
Leasú ar an Housing of the Working Classes Act, 1890. |
120. —San Housing of the Working Classes Act, 1890, déanfar aon tagairt d'údarás áitiúil a fhorléiriú mar thagairt d'údarás áitiúil de réir brí an Achta seo. |
| [EN] |
Cosaint. 1906, c. 37. 1950, I.R. Uimh. 47. |
121. —(1) D'ainneoin alt 6 den Acht seo, i gcás ordú muirir nó ordú eile, rialachán, iasacht, airleacan (seachas airleacan a luaitear in alt 119 den Acht seo), ligean nó éileamh a bheith arna dhéanamh, nó muirear a bheith arna bhunú, nó coinníoll a bheith arna fhorchur (lena n-áirítear coinníoll arna fhorchur le reacht nó faoi reacht seachas na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil), nó léas, gealltanas, fógra nó deimhniú a bheith arna thabhairt nó ní a bheith arna dhéanamh nó arna thabhairt faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo, ansin an t-ábhar nó an ní sin a luaitear anseo roimhe seo, má bhíonn sé i bhfeidhm, inaisghafa nó inchurtha i bhfeidhm díreach roimh an aisghairm sin,— |
| [EN] | (a) beidh, a mhéid ab fhéidir é a dhéanamh, a bhunú, a fhorchur nó a thabhairt faoin Acht seo, éifeacht aige ionann agus dá mbeadh sé, agus measfar é a bheith, arna dhéanamh, arna bhunú, arna fhorchur nó arna thagairt faoin bhforáil chomhréire den Acht seo, agus | |
| [EN] | (b) leanfaidh sé, a mhéid nárbh fhéidir é a dhéanamh, a bhunú, a fhorchur nó a thabhairt amhlaidh, de bheith i bhfeidhm, inaisghafa nó inchurtha i bhfeidhm, agus féadfar na himeachtaí céanna a thionscnamh ina leith agus tarlóidh na hiarmaírtí céanna ab fhéidir a thionscnamh nó a tharlódh dá mba nár achtaíodh an tAcht seo. | |
| [EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo: | |
| [EN] | (a) i gcás údarás tithíochta a bheith, roimh Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962 (seachas Acht na Sclábhaithe, 1936 ) a aisghairm leis an Acht seo, tar éis talamh a fháil chun críocha na nAchtanna sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas: | |
| [EN] | (i) leanfaidh forálacha alt 22 den Labourers (Ireland) Act, 1906, d'éifeacht a bheith acu maidir le clárú úinéireacht na talún nó aon chuardach a rinneadh nó deimhniú talún a eisíodh chun an údaráis i leith na talún, | |
| [EN] | (ii) leanfaidh forálacha alt 23 den Acht sin d'éifeacht a bheith acu maidir le haon chomhaontú, gníomhas, admháil nó ionstraim eile trína bhfuil an talamh dílsithe don údarás agus arna eisiúint faoi na hAchtanna sin; | |
| [EN] | (b) i gcás údarás tithíochta a bheith, roimh thosach feidhme an ailt sin 6, tar éis talamh a fháil faoi Chuid II d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , leanfaidh forálacha fho-alt (1) d'alt 18 den Acht sin d'fheidhm a bheith acu maidir le haon cheart slí poiblí thar an talamh; | |
| [EN] | (c) i gcás inar theach arna leithreasú faoi alt 3 d'Acht na dTithe (Leasú), 1942 , an teach díreach roimh thosach feidhme an ailt sin 6, leanfaidh forálacha an ailt sin 3 d'fheidhm a bheith acu maidir leis an teach; | |
| [EN] | (d) leanfaidh forálacha alt 32 d'Acht 1952 agus an leasú a dhéantar le halt 19 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 , d'éifeacht a bheith acu. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo— | |
| [EN] | (a) leanfaidh forálacha Chuid II de Rialacháin na dTithe (Bainistí agus Ligean), 1950, d'fheidhm a bheidh acu maidir le ligean teaghaise lenar bhain na rialacháin díreach roimh thosach feidhme alt 6 den Acht seo ionann is nár achtaíodh an tAcht seo seachas alt 60, | |
| [EN] | (b) i gcás ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanamh roimh thosach feidhme an ailt sin 6— | |
| [EN] | (i) ag údarás tithíochta faoi alt 37 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , nó faoi alt 20 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, nó | |
| [EN] | (ii) ag údarás áitiúil faoi alt 10 d'Acht 1960, | |
| [EN] | ansin na forálacha d'aon achtachán, a raibh feidhm acu, díreach roimh an tosach feidhme sin, maidir leis an ordú, nó leis an teach, leis an bhfoirgneamh nó leis an talamh lena mbaineann an t-ordú, nó maidir le haon cheart, teideal, leas nó éasúint sa teach sin, san fhoirgneamh sin nó sa talamh eile sin nó thairis, leanfaidh siad den fheidhm sin a bheith acu. | |
| [EN] | (4) Aon fháil, díol nó léasadh talún a rinne údarás tithíochta roimh an 22ú lá d'Iúil, 1952, agus a bheadh bailí dá mba de bhua alt 8 nó 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, arna leasú le halt 31 d'Acht 1952, a rinneadh é, leanfar i gcónaí dá mheas é a bheith arna dhéanamh go bailí faoi na hAchtanna um Thithe don Lucht Oibre agus measfar feasta é a bheith arna dhéanamh go bailí faoin Acht seo. | |
| [EN] | (5) San Acht seo, déanfar “faoin Acht seo”, nuair a úsáidtear é maidir le haon talamh, cóiríocht tithíochta nó maoin eile nó maidir le haon ábhar nó ní eile, agus aon abairt eile ag tuairisciú aon ábhair nó ní faoi threoir an Achta seo nó aon fhorála atá san Acht seo, a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar ní a fholaíonn tagairt d'aon Acht a aisghairtear leis an Acht seo nó don fhoráil chomhréire d'aon Acht a aisghairtear amhlaidh. | |
| [EN] | (6) Déanfar aon doiciméad a thagraíonn d'aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar dhoiciméad a thagraíonn do na forálacha comhréire den Acht seo. | |
| [EN] | (7) Ní ghlacfar go ndéanann aon ní san alt seo dochar ná difear d'fheidhm ghinearálta alt 20 den Acht Léiriúcháin, 1937 . |