An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT MARGAITHE OLLA, 1968)

26 1968

AN tACHT MARGAITHE OLLA, 1968

AN SCEIDEAL

An Chomhairle

Alt 12.

1. Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha faoina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2. Féadfaidh comhalta den Chomhairle tráth ar bith éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

3. Féadfaidh an tAire tráth ar bith comhalta den Chomhairle a chur as oifig.

4. (1) Déanfaidh an tAire gach comhalta den Chomhairle a cheapadh go ceann cibé tréimhse nach faide ná cúig bliana a chinnfidh an tAire tráth an cheaptha, agus, faoi réir an mhéid sin roimhe seo agus airteagal 5 den Sceideal seo, sealbhóidh gach comhalta den sórt sin a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

(2) Is é a bheidh ina chathaoirleach ar an gComhairle an comhalta sin den Chomhairle a cheapfaidh an tAire, tráth a cheaptha ina chomhalta den Chomhairle nó dá éis sin, ina chathaoirleach den sórt sin.

5. Íocfar le gach comhalta den Chomhairle, as airgead a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais i leith costas a thabhóidh sé a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

6. Maidir le gnáthchomhaltaí na Comhairle—

(a) is é a bheidh i dtriúr acu ar a laghad daoine a measfaidh an tAire gach duine acu a bheith ionadaitheach do tháirgeoirí olla, agus

(b) is é a bheidh i dtriúr acu ar a laghad daoine a measfaidh an tAire gach duine acu a bheith ionadaitheach do thrádáil na holla.

7. Beidh comhalta den Chomhairle a n-éagfaidh a théarma oifige trí imeacht aimsire inathcheaptha.

8. Beidh comhalta den Chomhairle dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla prianbhreith phríosúnáchta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát.

9. Faoi réir airteagal 6 den Sceideal seo, má tharlaíonn corrfholúntas i measc comhaltaí na Comhairle déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, duine a mheasfaidh sé a bheith oiriúnach a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

10. Beidh ag an gComhairle cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

11. Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad chéad-chruinniú na Comhairle a shocrú.

12. Is é is córam do chruinniú den Chomhairle triúr comhalta, mura n-ordóidh an tAire a mhalairt.

13. Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é cathaoirleach na Comhairle, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach na Comhairle as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

14. Beidh vóta ag cathaoirleach na Comhairle agus ag gach gnáthchomhalta den Chomhairle ag cruinniú den Chomhairle.

15. Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

16. Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a comhaltaí.

17. Faoi réir forálacha an Sceidil seo, rialóidh an Chomhairle, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó na Comhairle.

18. Soláthróidh an Chomhairle séala di féin a luaithe is féidir tar éis a bunaithe.

19. Fíordheimhneofar séala na Comhairle le síniú chathaoirleach na Comhairle nó chomhalta éigin eile den Chomhairle a mbeidh údarás aige ón gComhairle gniomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh a sholáthraigh an tAire faoi alt 15 agus a mbeidh údarás aige ón gComhairle gníomhú chuige sin.

21. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh a bheith ina ionstraim a rinne an Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala (á airbheartú gur fíordheimhníodh de réir airteagal 19 den Sceideal seo é) na Comhairle agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.