|
Uimhir agus Bliain na hIonstraime Reachtúla
|
Teideal
|
Abhar Ginearálta
|
|
(1)
|
(2)
|
(3)
|
|
I.R. Uimh. 132 de 1970.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 184) (Fíon), 1970.
|
Méadú ar an dleacht mháil ar fhíonta Éireannacha, agus laghdú ar an dleacht chustam ar fhíonta neamhdhrithleacha sa bhuidéal de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, de réir an Chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe do bhunú Limistéar Saorthrádála.
|
|
I.R. Uimh. 133 de 1970.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 185) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1970.
|
An cúigiú laghdú ar dhleachtanna cosanta agus ar eilimint na cosanta i ndleachtanna ioncaim, ar earraí áirithe de thionscnamh na Ríochta Aontaithe de réir an Chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe do bhunú Limistéar Saorthrádála; cothabháil na tosaíochta maidir leis an dleacht ar allmhairí i bhfabhar earraí áirithe de thionscnamh Thuaisceart Éireann; laghdú ar na dleachtanna ar abhrais agus ar fhaibricí cniotáilte nó cróiseáilte áirithe faoi mar a mhol an Coiste um Dhí-Phirimidiú Taraif-Chosanta; mionathruithe ar an gcáinliosta custam.
|
|
I.R. Uimh. 154 de 1970.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachnanna (Uimh. 186) (Déanmhais Inaistrithe), 1970.
|
Dleacht chustam a fhorchur ar dhéanmhais áirithe de chineál teaghaise inaistrithe.
|
|
I.R. Uimh. 268 de 1970.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 187) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm an Cháinliosta), 1970.
|
Na rátaí sa sean-airgead reatha sa cháinliosta custam agus máil a athrú go dtí an fhoirm dheachúil; mion-athruithe áirithe ar an gcáinliosta custam.
|
|
I.R. Uimh. 307 de 1970.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 188) (Uaireadóirí), 1970.
|
Laghdú ar an Lán-ráta, ar an Ráta Tosaíochta agus ar an Ráta Tosaíochta Speisialta dleachta custam ar uaireadóirí áirithe, ar chásanna uaireadóra, ar chóimeálacha áirithe uaireadóra agus ar oibreacha áirithe uaireadóra.
|