|
Uimhir agus Bliain na hIonstraime Reachtúla
|
Teideal
|
Ábhar Ginearálta
|
|
(1)
|
(2)
|
(3)
|
|
I.R. Uimh. 191 de 1971.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 189) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm an Cháinliosta), 1971.
|
An séú laghdú ar dhleachtanna áirithe custam agus ar eilimintí na cosanta i ndleachtanna áirithe eile custam de chineál ioncaim agus díchur na n-eilimintí cosanta i ndleachtanna áirithe eile custam de chineál ioncaim ar earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe de réir an Chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe do bhunu Limistéar Saorthrádála; cothabháil na tosaíochta maidir leis an dleacht chustam i bhfabhar earraí áirithe de thionscnamh Thuaisceart Éireann, laghdú ar an dleacht chustam ar ghluaisrothair neamhchóimeáilte; athruithe ilghnéitheacha ar an gCáinliosta Custam is gá go príomha de bharr leasuithe ar Ainmníocht Tharaife na Bruiséile.
|
|
I.R. Uimh. 206 de 1971.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 190) (Milseogra Siúcra), 1971.
|
Méadú ar na sainrátaí dleachtanna custam ar mhilseáin agus taifi agus socrú le haghaidh ráta ionadaíoch 40% ad valorem.
|
|
I.R. Uimh. 205 de 1971.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 191) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1971.
|
An séú laghdú ar dhleachtanna custam a chur siar nó a mhodhnú de réir an Chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe do bhunú Limistéar Saorthrádála, maidir le hearraí áirithe de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.
|
|
I.R. Uimh. 221 de 1971.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 192) (Suaitheantais Mhiotail agus Sála Coisbhirte), 1971.
|
Dleachtanna custam a athfhorchur ar shuaitheantais mhiotail áirithe agus ar chodanna de shála coisbhirte a tháinig chun bheith saor ó dhleacht de bharr an athraithe chun Ainmníocht Tharaife na Bruiséile.
|
|
I.R. Uimh. 305 de 1971.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 193) (Boinn Aeir), 1971.
|
Méadú ar an ráta dleachta custam ar bhoinn dar méideanna 7 × 16 orlach agus os a chionn, de thionscnamh tíortha seachas an Ríocht Aontaithe.
|
|
I.R. Uimh. 334 de 1971.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 194) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1971.
|
Athruithe teicniúla ilghnéitheacha ar an gcáinliosta custam atá riachtanach mar gheall ar leasuithe in Ainmníocht Tharaife na Bruiséile; mion-athruithe eagarthóireachta eile.
|
|
I.R. Uimh. 349 de 1971.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 195) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1971.
|
Tosaíocht dleachtanna custam a thabhairt i bhfabhar táirgí áirithe tionscail a thionscain i dtíortha sonraithe foráis agus a choinsínítear ó na tíortha sin.
|
|
I.R. Uimh. 353 de 1971.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 196) (Dleachtanna Custam Ilghnéitheacha), 1971.
|
Dleachtanna custam a fhorchur ar iasc úr, fuaraithe nó cuisnithe, ar shíol féir sheagail, agus ar thrátaí a allmhairítear i mí Aibreán agus i mí Bealtaine; agus leasú ar na dleachtanna custam ar úlla a allmhairítear i mí Iúil agus i mí Lúnasa.
|
|
I.R. Uimh. 355 de 1971.
|
An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 197) (Baill Éadaigh Sheachtracha), 1971.
|
Méadú ar na rátaí dleachtanna custam ar bhaill éadaigh sheachtracha áirithe de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.
|