24 1973


Uimhir 24 de 1973.


AN tACHT LOGAINMNEACHA (FOIRMEACHA GAEILGE), 1973


ACHT Á ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS FOIRMEACHA GAEILGE LOGAINMNEACHA A SHONRÚ CHUN CRÍOCHA DLÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [21 Samhain, 1973.]

ACHTAíTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

folaíonn “logainm” ainm aon chúige, contae, cathrach, mórbhaile, sráidbhaile, barúntachta, paróiste nó baile fearainn, nó ainm aon ghné tíre (nádúrtha nó saorga), aon dúiche, limistéir nó áite, mar a thaispeántar sin ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis;

tá le “ordú logainmneacha” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht seo.

Orduithe logainmneacha.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó comhairle a fháil ón gCoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú, le hordú (dá ngairtear ordú logainmneacha san Acht seo)—

(a) a dhearbhú gurb é is iontamhail i nGaeilge do logainm a bheidh sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonróidh sé ann,

(b) ordú logainmneacha a leasú nó a chúlghairm.

(2) Leagfar gach ordú logainmneacha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuifidh an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) San alt seo ciallaíonn “an Coimisiún” an comhlacht dá ngairtear “an Coimisiún Logainmneacha” agus a bunaíodh le barántas ón Aire dar dáta an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946.

Forléiriú focal i ndoiciméid dhlithiúla.

3. —(1) Focal nó focail a mbeidh dearbhaithe ag an Aire in ordú logainmneacha gurb é nó gurb iad is iontamhail i nGaeilge do logainm a bheidh sonraithe san ordú, forléireofar i ndoiciméad dlíthiúil, mura léir a mhalairt d'intinn, é nó iad a bheith ar chomhbhrí agus ar chomhfheidhm agus ar chomhéifeacht leis an logainm a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “doiciméad dlíthiúil”—

(a) aon Acht ón Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme, aon ionstraim reachtúil a dhéanfar faoi aon Acht den sórt sin nó an tiontú oifigiúil ar aon Acht nó ionstraim den sórt sin;

(b) aon ionstraim a mbeidh éifeacht dhlíthiúil nó iarmhairtí dlíthiúla aici nó beartaithe a bheith aici agus a fhorghníomhófar ar an dáta feidhme nó dá éis sin;

(c) aon doiciméad a úsáidfear in imeachtaí dlíthiúla nó chun críocha imeachtaí dlíthiúla, agus a dhéanfar, a eiseofar nó a sheirbheálfar ar an dáta feidhme nó dá éis sin;

ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an ordaithe logainmneacha iomchuí a theacht i ngníomh.

Caiteachais.

4. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge), 1973 , a ghairm den Acht seo.