An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL H Rannpháirtíocht a Fhoirceannadh) Ar Aghaidh (SCEIDEAL J Socrú Cuntas le Comhaltaí a Eireoidh As)

19 1977

AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977

SCEIDEAL I

Leachtú Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta a Riaradh

1. Má leachtaítear Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta, urscaoilfidh na rannpháirtithe a n-oibleagáidí i leith an Chiste ina ndeich dtráthchuid leath-bhliantúla, nó in imeacht cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Ciste is gá, in airgeadra is inúsáidte go héasca agus airgeadraí rannpháirtithe a shealbhaíonn cearta tarraingthe speisialta a bheidh le fuascailt in aon tráthchuid go feadh na fuascailte sin, mar a chinnfidh an Ciste. Déanfar an chéad íocaíocht leathbhliantúil sé mí tar éis an cinneadh a dhéanamh Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta a leachtú.

2. Má chinntear an Ciste a leachtú laistigh de shé mhí ón dáta a chinnfear Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta a leachtú, ní rachfar ar aghaidh le leachtú Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta go dtí go mbeidh na cearta tarraingthe speisialta a bheidh sa Chuntas Acmhainní Ginearálta dáilte de réir na rialach seo a leanas:

Tar éis an dáileadh a dhéanamh faoi 2 (a) agus (b) de Sceideal K déanfaidh an Ciste a chearta tarraingthe speisialta a bheidh sa Chuntas Acmhainní Ginearálta a chionroinnt ar na comhaltaí go léir is rannpháirtithe i gcomhréir leis na méideanna a bheidh dlite do gach rannpháirtí tar éis an dáilte faoi 2 (b). Chun an méid a bheidh dlite do gach comhalta a chinneadh d'fhonn iarmhéid a shealbhán de gach airgeadra a chionroinnt faoi 2 (d) de Sceideal K, ashbainfidh an Ciste an dáileadh de chearta tarraingthe speisialta a rinneadh faoin riail seo.

3. Déanfaidh an Ciste, leis na méideanna a gheofar faoi 1 thuas, cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag sealbhóirí a fhuascailt ar an modh agus san ord seo a leanas:

(a) Fuasclófar de réir téarmaí aon chomhaontaithe faoi Airteagal XXIV nó Sceideal H cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag rialtais a d'fhoirceann a rannpháirtíocht níos mó ná sé mhí roimh an dáta a chinnfidh an Bord Rialtóirí Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta a leachtú.

(b) Déanfar cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag scalbhóirí nach rannpháirtithe a fhuascailt sula bhfuasclófar iad siúd a bheidh ag rannpháirtithe agus fuasclófar iad i gcomhréir leis an méid a bheidh ag gach sealbhóir.

(c) Cinnfidh an Ciste an chomhréir de chearta tarraingthe speisialta a bheidh ag gach rannpháirtí i ndáil lena ghlanleithroinnt charnach. Fuasclóidh an Ciste ar dtús cearta tarraingthe speisialta ó na rannpháirtithe ag a mbeidh an chomhréir is mó go dtí go laghdófar an chomhréir sin go dtí an dara comhréir is mó; déanfaidh an Ciste ansin na cearta tarraingthe speisialta a bheidh ag na rannpháirtithe sin a fhuascailt de réir a nglan-leithroinnteanna carnacha go dtí go laghdófar na comhréirí go dtí an tríú comhréir is mó; agus leanfar den phróiseas sin nó go mbeidh an méid a bheidh ar fáil le haghaidh fuascailte caite.

4. Déanfar aon mhéid a bheidh rannpháirtí i dteideal a fháil mar fhuascailt faoi 3 thuas a fhritháireamh i gcoinne aon mhéid a bheidh le híoc faoi 1 thuas.

5. Le linn leachtaithe, íocfaidh an Ciste ús ar an méid ceart tarraingthe speisialta a bheidh ag sealbhóirí, agus íocfaidh gach rannpháirtí táillí ar a ghlan-leithroinnt charnach de chearta tarraingthe speisialta lúide méid aon íocaíochtaí a dhéanfar de réir 1 thuas. Cinnfidh an Ciste na rátaí úis agus na táillí agus tráth an íoca. Déanfar ús agus táillí a íoc, a mhéid is féidir, i gcearta tarraingthe speisialta. Rannpháirtí nach mbeidh a dhóthain ceart tarraingthe speisialta aige faoi chomhair aon táillí íocfaidh sé in airgeadra a shonróidh an Ciste. Ní dhéanfar cearta tarraingthe speisialta a gheofar mar tháillí ina mhéideanna a bheidh ag teastáil le haghaidh costas riaracháin a úsáid chun ús a íoc, ach aistreofar iad chun an Chiste agus is iad is luaithe a fhuasclófar agus is leis na hairgeadraí a úsáideann an Ciste ag íoc a chostas a fhuasclófar iad.

6. Fad a bheidh rannpháirtí mainneachtanach maidir le haon íocaíocht is gá a íoc de réir 1 nó 5 thuas, ní íocfar aon mhéideanna leis de réir 3 ná 5 thuas.

7. Má tharlaíonn tar éis na híocaíochtaí deiridh a bheith íoctha le rannpháirtithe nach í an chomhréir chéanna de chearta tarraingthe speisialta i gcomórtas lena ghlan-leithroinnt charnach a bheidh ag gach rannpháirtí nach mainnitheoir ceannóidh rannpháirtithe na gcomhréirí ísle ó rannpháirtithe na gcomhréirí arda na méideanna sin, de réir comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an Ciste, chun gurb ionann comhréirí a sealbhán de chearta tarraingthe speisialta. Íocfaidh gach rannpháirtí mainneachtanach leis an gCiste suim dá airgeadra féin ar cóimhéid le méid a mhainneachtana. Cionroinnfidh an Ciste an t-airgeadra sin agus aon éilimh iarmhair ar rannpháirtithe i gcomhréir leis an méid ceart tarraingthe speisialta a bheidh ag gach rannpháirtí agus cealófar na cearta tarraingthe speisialta sin. Ansin, dúnfaidh an Ciste leabhair Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta agus beidh deireadh le dliteanais uile an Chiste de bharr cearta tarraingthe speisialta a leithroinnt agus le riaradh Roinn na gCeart Tarraingthe Speisialta.

8. Gach rannpháirtí a ndáilfear a airgeadra ar rannpháirtithe eile faoin Sceideal seo ráthaíonn sé an t-airgeadra sin a bheith inúsáidte gan srian i gcónaí chun earraí a cheannach nó chun suimeanna a íoc a bheidh dlite dó nó do dhaoine ina chríocha. Comhaontaíonn gach rannpháirtí ar a mbeidh an oibleagáid sin rannpháirtithe eile a chúiteamh in aon chaillteanas de bharr an difir idir an luach ar ar dháil an Ciste a airgeadra faoin Sceideal seo agus an luach a fuair na rannpháirtithe sin ar a airgeadra a dhiúscairt.