An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL J Socrú Cuntas le Comhaltaí a Eireoidh As)

19 1977

AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS (LEASÚ), 1977

SCEIDEAL K

Leachtú a Riaradh

1. Má dhéantar leachtú beidh tosaíocht, le linn sócmhainní an Chiste a bheith á ndáileadh, ag dliteanais an Chiste seachas aisíoc suibscríobh. Le linn gach dliteanas den sórt sin a bheith á ghlanadh úsáidfidh an Ciste a shócmhainní san ord seo a leanas:

(a) an t-airgeadra inarb iníoctha an dliteanas;

(b) ór;

(c) gach airgeadra eile i gcomhréir, an oiread agus is féidir, le cuótaí na gcomhaltaí.

2. Tar éis dliteanais an Chiste a bheith glanta de réir 1 thuas, déanfar iarmhéid sócmhainní an Chiste a dháileadh agus a chionroinnt mar a leanas:

(a) (i) Ríomhfaidh an Ciste luach an óir a bhí ina sheilbh an 31 Lúnasa, 1975 agus a shealbhaíonn sé ar an dáta a chinnfear leachtú a dhéanamh. Déanfar an ríomh de réir 9 thíos agus freisin ar fhoras ceart tarraingthe speisialta amháin an 0.888 671 gram d'ór glan ar dháta an leachtaithe. Déanfar ór is comhionann le barrachas an chéad luacha thar an luach deiridh a dháileadh ar na comhaltaí sin ba chomhaltaí an 31 Lúnasa, 1975 i gcomhréir lena gcuótaí ar an dáta sin.

(ii) Dáilfidh an Ciste aon sócmhainní a bheidh sa Chuntas Eisíoca Speisialta ar an dáta a chinnfear leachtú a dhéanamh ar na comhaltaí sin ba chomhaltaí an 31 Lúnasa, 1975 i gcomhréir lena gcuótaí ar an dáta sin. Dáilfear gach cineál sócmhainne go comhréireach ar chomhaltaí.

(b) Déanfaidh an Ciste a mbeidh fágtha dá shealbháin óir a dháileadh ar na comhaltaí a sealbhaíonn an Ciste a n-airgeadraí i méideanna is lú ná a gcuótaí i gcomhréir leis, ach nach mó ná, na méideanna ar mó a gcuótaí ná sealbháin an Chiste dá n-airgeadraí.

(c) Dáilfidh an Ciste ar gach comhalta leath shealbháin an Chiste dá airgeadra ach ní rachaidh an dáileadh sin thar chaoga faoin gcéad dá chuóta.

(d) Déanfaidh an Ciste a mbeidh fágtha dá shealbháin d'ór agus de gach airgeadra a chionroinnt

(i) ar na comhaltaí uile i gcomhréir leis, ach nach mó ná, na méideanna a bheidh dlite do gach comhalta tar éis dáileadh faoi (b) agus (c) thuas, ar choinníoll nach gcuirfear dáileadh faoi 2 (a) thuas san áireamh leis na méideanna a bheidh dlite a chinneadh, agus

(ii) aon sealbháin bhreise d'ór agus d'airgeadra ar na comhaltaí uile i gcomhréir lena gcuótaí.

3. Fuasclóidh gach comhalta na sealbháin dá airgeadra a chionroinnfear ar chomhaltaí eile faoi 2 (a) thuas, agus, laistigh de thrí mhí tar éis cinneadh ar leachtú, comhaontóidh sé leis an gCiste ar nós imeachta ordúil le haghaidh na fuascailte sin.

4. Má bhíonn comhalta gan comhaontú a dhéanamh leis an gCiste laistigh den tréimhse trí mhí dá dtagraítear i 3 thuas, déanfaidh an Ciste na hairgeadraí de chuid comhaltaí eile a cionroinneadh ar an gcomhalta sin faoi 2 (d) thuas a úsáid d'fhuascailt an airgeadra de chuid an chomhalta sin a cionroinneadh ar chomhaltaí eile. Déanfar gach airgeadra a cionroinneadh ar chomhalta nár chomhaontaigh fós a úsáid, an oiread agus is féidir, d'fhuascailt an airgeadra dá chuid a cionroinneadh ar na comhaltaí a chomhaontaigh leis an gCiste faoi 3 thuas.

5. Má bhíonn comhaontaithe ag comhalta leis an gCiste de réir 3 thuas, déanfaidh an Ciste na hairgeadraí de chuid comhaltaí eile a cionroinneadh ar an gcomhalta sin faoi 2 (d) thuas a úsáid d'fhuascailt an airgeadra de chuid an chomhalta sin a cionroinneadh ar chomhaltaí eile a chomhaontaigh leis an gCiste faoi 3 thuas. Gach suim a fhuasclófar amhlaidh is in airgeadra an chomhalta ar ar cionroinneadh í a fhuasclófar í.

6. Tar éis déanamh de réir na míreanna sin roimhe seo, íocfaidh an Ciste le gach comhalta na hairgeadraí a bheidh fágtha ina sheilbh dá chuntas.

7. Déanfaidh gach comhalta ar dáileadh airgeadra dá chuid ar chomhaltaí eile faoi 6 thuas an t-airgeadra sin a fhuascailt in airgeadra an chomhalta a iarrfaidh fuascailt, nó i cibé slí eile ar a gcomhaontóidh siad. Mura gcomhaontóidh na comhaltaí lena mbainfidh ar a mhalairt, déanfaidh an comhalta a mbeidh d'oibleagáid air fuascailt an fhuascailt a chríochnú laistigh de chúig bliana ó dháta an dáilte ach ní bheidh de cheangal air fuascailt a dhéanamh, in aon tréimhse leath-bhliana, ar níos mó ná an deichiú cuid den méid a dáileadh ar gach comhalta eile. Mura ndéanfaidh an comhalta an oibleagáid sin a chomhlíonadh, féadfar an méid airgeadra ba cheart a fhuascailt a leachtú go hordúil ar aon mhargadh.

8. Gach comhalta ar dáileadh airgeadra dá chuid ar chomhaltaí eile faoi 6 thuas, ráthaíonn sé an t-airgeadra sin a bheith inúsáidte gan srian i gcónaí chun earraí a cheannach nó chun suimeanna a íoc a bheidh dlite dó nó do dhaoine ina chríocha. Comhaontaíonn gach comhalta ar a mbeidh an oibleagáid sin cúiteamh a thabhairt do chomhaltaí eile in aon chaillteanas de bharr an difir idir luach a airgeadra i dtéarmaí an chirt tarraingthe speisialta ar an dáta a cinneadh an Ciste a leachtú agus an luach i dtéarmaí an chirt tarraingthe speisialta a fuair na comhaltaí sin ar a airgeadra a dhiúscairt.

9. Cinnfidh an Ciste luach óir faoin Sceideal seo de réir praghsanna ar an margadh.

10. Chun críocha an Sceidil seo, measfar cuótaí a bheith méadaithe a mhéid ab fhéidir iad a mhéadú de réir Airteagal III, Alt 2 (b) den Chomhaontú seo.”

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957

1957, Uimh. 18 .

An tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods (Leasú), 1969

1969, Uimh. 10 .