|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) | Ar Aghaidh (CUID III An Feo Simplí i dTithe Cónaithe a Dhílsiú) |
AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (UIMH. 2), 1978
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II Feo Simplí a Cheannach | |
Ceart Ginearálta | ||
| [EN] |
Ceart ginearálta feo simplí a fháil. [1967, a. 3 (1)] |
8. —Aon duine lena mbaineann an Chuid seo beidh de cheart aige, faoi réir forálacha na Coda seo, mar cheart a ghabhann lena leas láithreach i dtalamh, an leas sin a mhéadú ina fheo simplí, agus chun na críche sin an feo simplí sa talamh agus aon leasanna idirmheánacha sa talamh a fháil trína gceannach agus beidh feidhm dá réir sin ag Acht 1967. |
Léasaithe | ||
| [EN] |
Ceart léasaí. [Nua i bpáirt. cf. 1958, a. 4 (2) i bpáirt, (4) (5) (6); 1967, a 3 (2) i bpáirt] |
9. —(1) Baineann an Chuid seo le duine a shealbhaíonn talamh faoi léas má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: |
| [EN] | (a) go bhfuil buanfhoirgnimh ar an talamh agus gur talamh atá foghabhálach nó cumhalda do na foirgnimh sin an chuid den talamh nach bhfuil fúthu; | |
| [EN] | (b) nach feabhsú de réir brí fho-alt (2) na buanfhoirgnimh; | |
| [EN] | (c) nach contrártha d'aon chúnant sa léas a tógadh na buanfhoirgnimh; agus | |
| [EN] | (d) ceann de na coinníollacha ionaid atá leagtha amach in alt 10. | |
| [EN] | (2) I bhfo-alt (1) (b) ciallaíonn “feabhsú” i ndáil le foirgnimh aon mhéadú nó athrú ar na foirgnimh agus folaíonn sé aon déanmhas atá cumhalda nó foghabhálach do na foirgnimh sin, ach ní fholaíonn sé aon athrú ná athfhoirgniú ar na foirgnimh a bhainfeadh a sainghnéithe bunaidh díobh. | |
| [EN] | (3) Má éilítear go gcomhlíonann léas an Chuid seo ar an bhforas gur tógadh na buanfhoirgnimh de bhun comhaontú chun an léas a dheonú ar iad a bheith tógtha ach nach mbeidh sainfhianaise ar an gcomhaontú ar fáil, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas: | |
| [EN] | (a) má chruthaítear gurb é an duine dar tugadh an léas dá éis sin a thóg na foirgnimh toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh an comhaontú iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh dá réir; | |
| [EN] | (b) in aon chás eile, féadfaidh an t-eadránaí, más cuí leis tar éis cibé fianaise a éisteacht a bheidh ar fáil agus a thabharfar ar aird, a thoimhde go ndearnadh an comhaontú iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh dá réir. | |
| [EN] | (4) Maidir le buanfhoirgnimh a thóg léasaí de bhun cúnant ina léas na foirgnimh faoi chuimsiú an léasa a aisiriú i gcás a scriosta le tine nó eile, measfar gurb é an duine a thóg na foirgnimh bhunaidh a thóg iad. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an t-eadránaí a dhearbhú gur duine lena mbaineann an Chuid seo duine áirithe d'ainneoin gur contrártha do chúnant, go hiomlán nó go páirteach, a tógadh na foirgnimh, más dóigh leis gur mhíréasúnach a mhalairt a ordú. | |
| [EN] |
Coinníollacha malairte nach foláir a chomhlíonadh. [1958, a. 4 (2) (d)] [Nua. cf. 1958, a. 4 (3) (a)] [1958, a. 5 i bpáirt] [1958, a. 5 i bpáirt] [1971, a. 8 (1)] [1958, a. 19 i bpáirt] [Nua. cf. 1958, a.7] |
10. —Is coinníollacha malairte iad seo a leanas nach foláir ceann acu a chomhlíonadh freisin i gcás lena mbaineann alt 9: |
| [EN] | 1. gurb é an duine a thóg na buanfhoirgnimh an duine a bhí, tráth a dtógtha, i dteideal leasa an léasaí faoin léas nó gur tógadh iad de bhun comhaontú go ndeonófaí an léas ar na buanfhoirgnimh a bheith tógtha; | |
| [EN] | 2. gur léas é go ceann téarma nach giorra ná caoga bliain agus gur lú méid bliantúil an chíosa nó an chíosa is mó a forchoimeádadh faoi (cibé acu a fuasclaíodh nó nár fuasclaíodh é aon tráth) ná méid luacháil inrátaithe na maoine an dáta a seirbheáladh, faoi alt 4 d'Acht 1967, fógra go raibh beartaithe an feo simplí a fháil nó an dáta a dhéanfar iarratas faoi Chuid III den Acht seo, cibé acu é, agus nárbh é an léasóir ná aon uasléasóir ná aon réamhtheachtaithe i dteideal dá gcuid a thóg na buanfhoirgnimh ar an talamh a forléasadh leis an léas: | |
| [EN] | ar choinníoll go dtoimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár tógadh na foirgnimh amhlaidh; | |
| [EN] | 3. gur dheonaigh léasóir an léas d'ainmní duine (dá ngairtear an foirgneoir sa mhír seo) ar forléasadh talamh chuige chun foirgnimh a thógáil air de bhun comhaontú idir an léasóir agus an foirgneoir go ndéanfadh an foirgneoir, ar chonradh a bheith déanta aige na foirgnimh a dhíol, a léas a ghéilleadh i gcomaoin an léasóir do dheonú léasanna nua d'ainmnithe an fhoirgneora; | |
| [EN] | 4. gur dheonaigh léasóir an léas d'ainmní duine (dá ngairtear an foirgneoir sa mhír seo) de bhun comhaontú idir an léasóir agus an foirgneoir go ndéanfadh an léasóir, ar na foirgnimh a bheith tógtha ag an bhfoirgneoir, léasanna a dheonú d'ainmnithe an fhoirgneora; | |
| [EN] | 5. gur deonaíodh an léas, tráth léasa roimhe sin do dhul in éag nó a ghéilleadh nó tar éis an éaga nó an ghéillte sin— | |
| [EN] | (a) ar chíos níos lú ná luacháil inrátaithe na maoine ar dháta an léasa a dheonú, nó | |
| [EN] | (b) don duine a bhí i dteideal leasa an léasaí faoin léas roimhe sin, | |
| [EN] | ar choinníoll gur éag nó gur géilleadh an léas roimhe sin roimh an 31ú lá de Mhárta, 1931 agus gur léas é lena mbainfeadh an Chuid seo dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an uair sin agus ar choinníoll go dtoimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an duine dar deonaíodh an léas i dteideal amhlaidh; | |
| [EN] | 6. gur léas frithdhílse a deonaíodh an 31ú lá de Mhárta, 1931, nó dá éis, do dhuine a bhí ina theideal faoi Chuid V d'Acht 1931 nó faoi Acht 1958 an léas, cibé acu ar théarmaí a shocraigh an Chúirt nó ar théarmaí a caibidlíodh idir na páirtithe a deonaíodh é; | |
| [EN] | 7. gur tugadh an léas, ar léas é go ceann téarma nach giorra ná caoga bliain— | |
| [EN] | (a) go páirteach i gcomaoin an léasaí d'íoc suim airgid (seachas cíos) leis an léasóir tráth an léasa a dheonú nó díreach roimhe sin agus go measfar chun na críche sin gur cuid den chomaoin aon airgead a bheidh íoctha d'fhuascailt aon choda den chíos a bheidh forchoimeádta leis an léas (cibé acu de bhun cúnant sa léas nó de bhun comhaontú a rinneadh idir an léasaí agus an léasóir le linn ré an léasa a íocadh an t-airgead), nó | |
| [EN] | (b) go páirteach i gcomaoin an léasaí do chaitheamh suim airgid (ar shlí seachas ar mhaisiú) ar an áitreabh a forléasaíodh leis an léas, nó | |
| [EN] | (c) go páirteach i gcomaoin an íoca sin agus an chaithimh sin, | |
| [EN] | i gcás nár lú an tsuim a íocadh nó a caitheadh amhlaidh nó iomlán na suimeanna sin ná cúig oiread déag mhéid bliantúil an chíosa nó an chíosa is mó a forchoimeádadh leis an léas, cibé acu is lú. | |
| [EN] |
An cíos is mó faoi alt 10. [1958, a. 7 (3)] |
11. —Le linn an cíos is mó a forchoimeádadh le léas a bheith á chinneadh chun críocha alt 10 beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas: |
| [EN] | (a) i gcás cuid den chíos a fhuascailt trí íocaíocht chaipitiúil le linn ré léasa, measfar gurb é an cíos laghdaithe an cíos is mó a forchoimeádadh leis an léas; | |
| [EN] | (b) déanfar neamhshuim de phianchíos is iníoctha mar gheall ar aon sárú cúnaint agus d'aon chíos neamhghnách a forchoimeádadh go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná cúig bliana. | |
| [EN] |
Leathnú ar alt 10, coinníoll 7. [Nua] |
12. —Measfar go gcomhlíonann léas go ceann téarma nach giorra ná caoga bliain coinníoll 7 in alt 10 más rud é— |
| [EN] | (a) gur deonaíodh an léas go páirteach i gcomaoin gealltanas ón léasaí oibreacha sonraithe a dhéanamh ar an áitreabh a forléasaíodh leis an léas, | |
| [EN] | (b) nár sonraíodh an méid a bhí le caitheamh ar na hoibreacha, | |
| [EN] | (c) go ndearna an léasaí na hoibreacha, agus | |
| [EN] | (d) go gcruthófar nár lú costas réasúnach na n-oibreacha, leo féin nó i dteannta aon fhíneáil nó íocaíocht eile a luaitear sa choinníoll sin, ná cúig oiread déag mhéid bliantúil an chíosa nó an chíosa is mó a forchoimeádadh leis an léas, cibé acu is lú. | |
| [EN] |
Ceart léasaí faoi léas éagtha. [1958, a. 14; 1971, a. 9] |
13. —I gcás— |
| [EN] | (a) léas do dhul in éag laistigh de dheich mbliana roimh dháta thosach feidhme an Achta seo, agus | |
| [EN] | (b) an léasaí a bheith, ar an dáta tosach feidhme sin, i seilbh na talún a bhí cuimsithe sa léas éagtha faoi thionóntacht bhliantúil is tuigthe ó ghníomhartha na bpáirtithe a bheith ann nó atá ann faoi thionóntacht reachtúil faoi na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, nó mar thionónta ar thoil nó eile, gan tionóntacht nua a bheith faighte aige ón léasóir ná leas an léasóra sa talamh a bheith faighte aige, agus | |
| [EN] | (c) nach raibh aon duine i dteideal, díreach roimh an dáta tosach feidhme sin, go ndeonófaí léas dó faoi Acht 1958, | |
| [EN] | beidh ag an léasaí, ar feadh an dá mhí dhéag tar éis tosach feidhme an Achta seo, an ceart céanna an feo simplí a fháil a bheadh aige dá mbeadh a léas gan dul in éag. | |
| [EN] |
Léasanna páirtfhoirgnithe. [Nua i bpáirt. cf. 1958, a. 6] |
14. —(1) I gcás a sealbhaíonn duine talamh faoi léas (dá ngairtear léas páirt-fhoirgnithe san alt seo) a thabharfadh teideal dó an feo simplí a fháil mura mbeadh nach bhfuil an chuid den talamh nach bhfuil faoi na buanfhoirgnimh foghabhálach agus cumhalda, go hiomlán, do na foirgnimh sin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas den alt seo. |
| [EN] | (2) Measfar, chun críocha an Achta seo, go gcuimsíonn an léas páirtfhoirgnithe dhá léas ar leithligh, mar a leanas: | |
| [EN] | (a) léas amháin (dá ngairtear an léas foirgnithe san alt seo) a chuimsíonn an chuid sin den talamh a forléasaíodh leis an léas páirt-fhoirgnithe agus atá faoi na buanfhoirgnimh, mar aon leis an oiread sin den talamh atá foghabhálach agus cumhalda do na foirgnimh sin, agus | |
| [EN] | (b) an léas eile (dá ngairtear an léas folamh san alt seo) a chuimsíonn iarmhar na talún sin. | |
| [EN] | (3) Chun críocha roinnt a dhéanamh ar an léas páirt-fhoirgnithe, déanfar an chuid sin den chíos a forchoimeádadh leis an léas sin agus is inchurtha go cóir i leith na talún a chuimsítear sa léas foirgnithe a chionroinnt ar an léas foirgnithe agus déanfar an chuid eile den chíos sin a chionroinnt ar an léas folamh, agus déanfar na cúnaint ar thaobh an léasaí agus na coinníollacha sa léas páirtfhoirgnithe a chionroinnt mar an gcéanna ionas go mbainfidh siad go leithleach leis an talamh a chuimsítear sa léas foirgnithe agus leis an talamh a chuimsítear sa léas folamh. | |
| [EN] | (4) Is léas lena mbaineann an Chuid seo an léas foirgnithe. | |
Tionóntaí Bliantúla | ||
| [EN] |
Ceart tionónta bhliantúil. [Nua i bpáirt. cf. 1967, a. 3 (2) (d) (ii), (4) (b)] [Nua. cf. 1958, a. 6] [Nua. cf. 1958, a. 6] [Nua. cf. 1958, a. 6] [Nua. cf. 1958. a. 6] |
15. —(1) Baineann an Chuid seo freisin le duine a shealbhaíonn talamh sna himthosca seo a leanas— |
| [EN] | (a) go bhfuil an talamh, go hiomlán nó go páirteach, faoi bhuanfhoirgnimh agus gur talamh atá foghabhálach agus cumhalda do na foirgnimh sin aon talamh nach bhfuil faoi bhuanfhoirgnimh amhlaidh; | |
| [EN] | (b) go sealbhaítear an talamh faoi chonradh tionóntachta bliantúla nó faoi thionóntacht bhliantúil trí oibriú an dlí nó trí thátal ar léas do dhul in éag, nó faoi thionóntacht reachtúil is intuigthe ó mhaoin a róshealbhú ar léas do dhul in éag a fhorchoimeádann cíos bliantúil; | |
| [EN] | (c) an talamh a bheith sealbhaithe go leanúnach faoi aon tionóntacht nó tionóntachtaí dá dtagraítear i mír (b) (lena n-áirítear aon léas éagtha) ag an duine nó ag a réamhtheachtaithe i dteideal ar feadh tréimhse nár ghiorra ná cúig bliana is fiche roimh an dáta a sheirbheáil an duine fógra faoi alt 4 d'Acht 1967 go raibh rún aige an feo simplí a fháil nó dáta iarratais faoi Chuid III den Acht seo; | |
| [EN] | (d) gur lú an cíos bliantúil ná luacháil inrátaithe na maoine ar dháta an fhógra rúin sin, nó an iarratais sin, a sheirbheáil; | |
| [EN] | (e) nárbh é an léasóir is neasa ná aon uasléasóir ná aon réamhtheachtaithe i dteideal dá gcuid a thóg na buanfhoirgnimh, ar choinníoll, áfach, go dtoimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár tógadh na buanfhoirgnimh amhlaidh; | |
| [EN] | (f) nach éard é an conradh tionóntachta ligean a rinneadh agus a deir é a bheith déanta mar shaoráid shealadach don léasóir is neasa nó don duine a shealbhaíonn faoin gconradh agus, más tar éis Acht 1931 a rith a rinneadh an ligean, a insíonn cad é an cineál saoráide sealadaí é, agus | |
| [EN] | (g) nach éard é an conradh tionóntachta ligean a rinneadh chun go leanfadh an duine a shealbhaíonn faoin gconradh air in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán nó a bhraitheann ar an duine sin do leanúint amhlaidh. | |
| [EN] | (2) I gcás arbh éard é talamh (dá ngairtear gabháltas páirt-fhoirgnithe san alt seo) talamh a mbainfeadh an t-alt seo leis mura mbeadh nach bhfuil an chuid den talamh nach bhfuil faoi na buanfhoirgnimh foghabhálach agus cumhalda, go hiomlán, do na foirgnimh sin, beidh éifeacht le fo-ailt (3), (4) agus (5). | |
| [EN] | (3) Measfar, chun críocha na Coda seo, go gcuimsíonn an gabháltas páirtfhoirgnithe dhá ghabháltas ar leithligh mar a leanas: | |
| [EN] | (a) gabháltas amháin (dá ngairtear an gabháltas foirgnithe san alt seo) a chuimsíonn an chuid sin den talamh atá faoi na buanfhoirgnimh, mar aon leis an oiread sin den talamh atá foghabhálach agus cumhalda do na foirgnimh sin, agus | |
| [EN] | (b) an gabháltas eile (dá ngairtear an gabháltas folamh san alt seo) a chuimsíonn iarmhar na talún. | |
| [EN] | (4) Chun críocha roinnt a dhéanamh ar an ngabháltas páirtfhoirgnithe, déanfar an chuid sin de chíos an ghabháltais is inchurtha go cóir i leith na talún a chuimsítear sa ghabháltas foirgnithe a chionroinnt ar an ngabháltas foirgnithe agus déanfar an chuid eile den chíos a chionroinnt ar an ngabháltas folamh, agus déanfar na cúnaint ar thaobh an duine a shealbhaíonn an talamh agus na coinníollacha a ghabhann le tionóntacht an ghabháltais pháirtfhoirgnithe a chionroinnt mar an gcéanna ionas go mbainfidh siad go leithleach leis an talamh a chuimsítear sa ghabháltas foirgnithe agus leis an talamh a chuimsítear sa ghabháltas folamh. | |
| [EN] | (5) Is talamh lena mbaincann an t-alt seo an gabháltas foirgnithe. | |
Srianta | ||
| [EN] |
Srianta ar an gceart chun feo simplí a fháil. [1967, a. 3 (3) (4) (a)] |
16. —(1) Ní bhaineann alt 8, i ndáil le haon talamh, le duine a bhfuil dearbhaithe de bhua alt 15 (1) d'Acht 1958 nach bhfuil sé i dteideal léasa frithdhílse ar an talamh faoin Acht sin agus atá i seilbh na talún faoi léas nó faoi thionóntacht nó de bhua fho-alt (2) den alt sin 15. |
| [EN] | (2) Ní bheidh duine i dteideal an feo simplí a fháil faoin gCuid seo más éard é an léas ar a bhfuil an ceart sin bunaithe— | |
| [EN] | (a) léas ar thalamh a úsáidtear chun críocha gnó nó a fholaíonn foirgneamh atá roinnte i gcuid nach lú ná ceithre árasán leithleacha lánscartha, is léas ina bhfuil forálacaha á chumasú méid an chíosa a fhorchoimeádtar leis an léas a athrú laistigh de shé bliana is fiche ó thosach feidhme an léasa (nach forálacha á chumasú an cíos sin a athrú uair amháin, agus gan ach uair amháin, agus laistigh de chúig bliana ón tosach feidhme sin nó ar aon fhoirgnimh a thógáil tar éis an tosach feidhme sin ar an talamh nó ar chúnant sa léas a shárú). nó | |
| [EN] | (b) léas a deonaíodh roimh thosach feidhme Acht 1967 ar thalamh a úsáidtear chun críocha gnó, is léas ina bhfuil forálacha á cheangal ar an léasaí gnó a sheoladh ar an talamh agus de shrian leis, go hiomlán nó go páirteach, gur in earraí a tháirg nó a sholáthraigh an léasóir a dhéileálfar, nó | |
| [EN] | (c) léas ar thalamh ina bhfuil cúnant ón léasaí foirgneamh nó foirgnimh a thógáil nó forbairt a dhéanamh ar an talamh mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cúnant comhlíonta go substaintiúil. nó | |
| [EN] | (d) léas a thug Coimisinéirí Soilse na hÉireann, nó | |
| [EN] | (e) léas a thug údarás cuain, de réir brí an Achta Cuanta, 1946 , roimh dháta an Achta sin a rith nó dá éis sin. | |
Praghas Ceannaigh | ||
| [EN] |
Praghas ceannaigh a chinneadh trí eadráin. [Nua i bpáirt. cf. 1967, a. 18] |
17. —(1) Baineann an t-alt seo le praghas ceannaigh an fheo shimplí nó aon leasa eile a chinneadh trí eadráin faoi Acht 1967 lena n-áirítear eadráin a sheolfaidh Cláraitheoir na dTeideal de bhun alt 21 den Acht seo. |
| [EN] | (2) Is é an praghas ceannaigh, faoi réir fho-ailt (3), (4) agus (6), an tsuim is dóigh leis an eadránaí a thabharfadh ceannaitheoir toilteanach agus a ghlacfadh díoltóir toilteanach ar an bhfeo simplí nó ar an leas eile agus aird aige ar na nithe seo a leanas— | |
| [EN] | (a) an cíos is iníoctha ar an talamh ag an duine a gheobhaidh an feo simplí, | |
| [EN] | (b) i gcás an talamh a shealbhú ar léas atá éagtha ag an duine a gheobhaidh an feo simplí nó a shealbhú aige ar léas a éagfaidh laistigh de chúig bliana déag tar éis dáta an fhógra faoi alt 4 d'Acht 1967 a sheirbheáil nó dáta an iarratais faoi Chuid III den Acht seo, an cíos a d'fhorchoimeádfaí, i dtuairim an eadránaí, le léas frithdhílse faoi Acht 1958 ar an talamh a dheonófaí go ceann téarma dar tosach dáta éaga an léasa chéadluaite, | |
| [EN] | (c) na torthaí reatha úis ar urrúis de chuid an Rialtais a eisíodh le suibscríobh sa Stát, | |
| [EN] | (d) má úsáidtear an talamh chun críocha gnó nó más mó ná acra d'achar atá ann agus nach n-úsáidtear chun críocha gnó é, achar agus cineál na talún, a shuíomh agus a úsáid agus bailriocht aon fhoirgneamh nó déanmhas air, | |
| [EN] | (e) an praghas a íocadh ar an bhfeo simplí nó ar aon leas eile sa talamh ar dhíol a rinneadh an 22ú lá de Bhealtaine, 1964, nó dá éis, | |
| [EN] | (f) aon mhorgáiste nó muirear eile ar an leas sa talamh de chuid aon duine óna sealbhaíonn sé an talamh, go meánach nó go neasach, ag an duine atá ag fáil an fheo shimplí, | |
| [EN] | (g) na costais agus na caiteachais is dóigh leis an eadránaí a thabhódh na daoine óna sealbhaítear an talamh, go meánach nó go neasach, ag an duine atá ag fáil an fheo shimplí, ag infheistiú an airgid cheannaigh is iníoctha i leith an feo simplí a fháil, | |
| [EN] | (h) na costais agus na caiteachais is dóigh leis an eadránaí a thabhaigh duine a ghcobhaidh an feo simplí agus a shealbhaíonn an talamh ar léas mar gheall ar mhainncachtain an léasóra aon taitneamhachtaí a chothabháil atá de cheangal air a chothabháil faoi chúnant sa léas. | |
| [EN] | (i) praghas reatha leas an léasóra is neasa i dtalamh a shealbhaítear ar léasanna nó ar thionóntachtaí bliantúla cosúil leis an léas nó an tionóntacht bhliantúil, cibé acu é, ar a bhfuil an talamh á shealbhú ag an duine a ghcobhaidh an feo simplí, agus | |
| [EN] | (j) cibé ábhair eile is dóigh leis an eadránaí is iomchuí maidir leis an bpraghas ceannaigh a chinneadh. | |
| [EN] | (3) Más rud é— | |
| [EN] | (a) nach n-úsáidtear an talamh chun críocha gnó. | |
| [EN] | (b) go sealbhaíonn an duine a gheobhaidh an feo simplí an talamh faoi thionóntacht bhliantúil, faoi thionóntacht reachtúil is intuigthe ó mhaoin a róshealbhú ar léas do dhul in éag a d'fhorchoimeád cíos bliantúil nó faoi léas nach n-éagfaidh laistigh de chúig bliana déag tar éis dáta an fhógra faoi alt 4 d'Acht 1967 a sheirbheáil nó dáta iarratais faoi Chuid III den Acht seo, agus | |
| [EN] | (c) nach mó ná acra achar na talún. | |
| [EN] | ansin, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, ní rachaidh an praghas ceannaigh thar an méid a bhéarfadh go bliantúil, dá n-infheisteofaí é ar dháta na dámhachtana san urrús de chuid an Rialtais a eisíodh go deiridh roimh an dáta sin le suibscríobh sa Stát agus is infhuascailte tráth nach luaithe ná cúig bliana déag tar éis dáta a eisiúna, an oiread úis san iomlán is comhionann le méid an chíosa is iníoctha faoin léas nó faoin tionóntacht bhliantúil, cibé acu é, ar feadh na bliana díreach roimh dháta an fhógra sin a sheirbheáil nó roimh dháta an iarratais sin. | |
| [EN] | (4) I gcás ina bhfuil costas múchta cíosa as talamh, nó muirir ar thalamh, a bhfuil an feo simplí ann á fháil faoin Acht seo nó faoi Acht 1967 socair le reacht, déanfar lamháltas i leith an chostais sin le linn praghas ceannaigh an fheo shimplí a bheith á chinneadh faoin alt seo. | |
| [EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i gcás léas a bhfuil foráil ann do chíos méadaithe is iníoctha aon tráth laistigh de chúig bliana déag tar éis dáta an fhógra faoi alt 4 d'Acht 1967 a sheirbheáil nó tar éis dáta an iarratais faoi Chuid III den Acht seo. | |
| [EN] | (6) Más rud é— | |
| [EN] | (a) nach n-úsáidtear an talamh chun críocha gnó, | |
| [EN] | (b) go sealbhaíonn an duine a gheobhaidh an feo simplí an talamh faoi léas a éagfaidh laistigh de chúig bliana déag tar éis dáta an fhógra faoi alt 4 d'Acht 1967 a sheirbheáil nó tar éis dáta an iarratais faoi Chuid III den Acht seo, agus | |
| [EN] | (c) nach mó ná acra achar na talún, | |
| [EN] | ní rachaidh an praghas ceannaigh thar an méid a chinnfí faoi fho-alt (3) dá mba thalamh lenar bhain an fo-alt sin an talamh, agus, ina theannta sin, maidir le gach bliain a mbeidh téarma neamhéagtha an léasa faoi bhun cúig bliana déag, an cúigiú cuid déag den difríocht idir an praghas sin agus an praghas a chinnfí ar bhonn cíosa fhrithdhílse reatha. | |
| [EN] | (7) Sonróidh an t-eadránaí, má iarrann páirtí san eadráin air é, na nithe (más ann) ar a raibh aird aige faoi fho-alt (2) (j). |