|
|||||
|
| [EN] | ||||||
Uimhir 25 de 1981 | ||||||
| [EN] |
AN tACHT UM AN gCISTE RÁTHAÍOCHTA FOSTAÍOCHTA (LEASÚ), 1981 | |||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN gCISTE RÁTHAÍOCHTA FOSTAÍOCHTA, 1980 . [25 Iúil, 1981] | ||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
| [EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht um an gCiste Ráthaíochta Fostaíochta, 1980 . | ||||
| [EN] |
Leasú ar alt 4 (1) d'Acht 1980. |
2. —Leasaítear leis seo alt 4 (1) d'Acht 1980 trí “£20,000,000” a chur in ionad “£10,000,000” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||
| ||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 7 d'Acht 1980. |
3. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1980 trí “£30,000,000” a chur in ionad “£20,000,000” gach áit a bhfuil sé, agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||
| ||||||
| [EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht um an gCiste Ráthaíochta Fostaíochta (Leasú), 1981 , a ghairm den Acht seo. | ||||
| ||||||