|
|||||
|
| [EN] | ||||||
Uimhir 35 de 1981 | ||||||
| [EN] |
AN tACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA) (BUANÚ), 1981 | |||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||
ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE A mBEIDH ÉIFEACHT AR A FEADH LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1981 . [23 Nollaig, 1981] | ||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
| [EN] |
1. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 2 den Acht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha), 1981 : | |||||
| [EN] | “2. Beidh éifeacht leis an Acht seo go dtí an 25ú lá d'Aibreán, 1982, agus rachaidh sé in éag ansin.”. | |||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha) (Buanú), 1981 , a ghairm den Acht seo. | ||||
| [EN] | (2) Folóidh an comhlua, na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 go 1981, an tAcht seo. | |||||
| ||||||