|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
Uimhir 4 de 1982 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA) (BUANÚ), 1982 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE A mBEIDH ÉIFEACHT AR A FEADH LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1981 . [12 Aibreán, 1982] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
1. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 2 den Acht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha), 1981 (a cuireadh isteach leis an Acht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha) (Buanú), 1981 ): | |||||||
| [EN] | “2. Beidh éifeacht leis an Acht seo go dtí an 25ú lá d'lúil, 1982, nó go dtí dáta thosach feidhme Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982 , cibé acu is túisce a tharlóidh, agus rachaidh sé in éag ansin.”. | |||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha) (Buanú), 1982 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 go 1982, a ghairm de na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 go 1981, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
| ||||||||