|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL AN COMHAONTÚ CHUN AN COMHCHISTE DO THRÁCHTEARRAÍ A BHUNÚ) |
| [EN] | ||
Uimhir 7 de 1982 | ||
| [EN] |
AN tACHT UM AN gCOMHCHISTE IDIRNÁISIÚNTA DO THRÁCHTEARRAÍ, 1982 | |
[An tiontú oifigiúil] | ||
ACHT DO CHEADÚ TÉARMAÍ CHOMHAONTÚ IDIRNÁISIÚNTA CHUN CISTE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN COMHCHISTE DO THRÁCHTEARRAÍ AGUS A SÍNÍODH THAR CEANN AN STÁIT AN 24ú LÁ D'FHEABHRA, 1981, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE (LENA nÁIRÍTEAR ÍOCAÍOCHTAÍ) A BHAINEANN LEIS AN gCOMHAONTÚ SIN [22 Bealtaine, 1982] | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an Comhaontú” an comhaontú idirnáisiúnta a rinneadh sa Ghinéiv an 27ú lá de Mheitheamh, 1980, chun ciste a bhunú ar a dtabharfar an Comhchiste do Thráchtearraí agus a síníodh thar ceann an Stáit an 24ú lá d'Fheabhra, 1981, agus a bhfuil an téacs de leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Ciste” an Ciste atá le bunú leis an gComhaontú; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais. | |
| [EN] |
Téarmaí an Chomhaontaithe a cheadú. |
2. —Ceadaítear leis seo téarmaí an Chomhaontaithe. |
| [EN] |
Forálacha airgeadais agus forálacha eile. |
3. —(1) Tiocfaidh na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh an lá a thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm, de bhun Airteagal 57 den Chomhaontú sin. |
| [EN] | (2) Íocfaidh an tAire as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, mar shuibscríobh le haghaidh scaireanna sa Chiste a eiseofar faoi Airteagal 10, 11 nó 12 den Chomhaontú, méid nach mó, nó méideanna nach mó san iomlán, ná £1,000,000. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire as airgead a sholáthróidh an tOireachtas— | |
| [EN] | (a) ranníoc tosaigh de cibé méid is cuí leis a dhéanamh faoi Airteagal 13 den Chomhaontú leis an gcuntas, agus chun a úsáide sa chuntas, dá ngairtear an “Dara Cuntas” sa Chomhaontú, | |
| [EN] | (b) tar éis féachaint don athbhreithniú deireanach a rinneadh de bhun agus de réir an Airteagail sin 13, rannaíocaí de cibé méideanna is cuí leis a dhéanamh ó am go ham leis an gcuntas sin, agus chun a n-úsáide sa chuntas sin. | |
| [EN] | (4) (a) Féadfaidh an tAire le hordú ráthaíochtaí a thabhairt a cheanglaítear a thabhairt le hAirteagal 14 den Chomhaontú mar gheall ar gur comhalta an Stát d'eagraíocht idirnáisiúnta tráchtearraí atá comhlachaithe leis an gCiste. | |
| [EN] | (b) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis airgead a cheanglaítear ar an Aire a íoc faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige ar scór ráthaíochta a thabharfar le hordú faoin bhfo-alt seo. | |
| [EN] | (c) I gcás nach mbeidh iomlán an airgid nó aon chuid den airgead a airleacfar faoin bhfo-alt seo aisíoctha leis an Aire laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta an airleacain, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
| [EN] | (5) Chun críocha íocaíochtaí faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, de réir Airteagal 11 (3) den Chomhaontú, nótaí gealltanais neamhúsmhara de chuid an Stáit a bhunú agus a eisiúint chun an Chiste agus déanfar aon íocaíochtaí thar ceann an Stáit i leith nótaí den sórt sin a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. | |
| [EN] | (6) I gcás ina mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh. | |
| [EN] |
Airgead a gheobhaidh an Stát faoin gComhaontú a dhiúscairt. |
4. —Déanfar aon airgead a gheobhaidh an Stát ón gCiste de réir na socruithe atá leagtha amach sa Chomhaontú a íoc leis an Aire agus a chur chun tairbhe don Státchiste de réir mar a ordóidh an tAire. |
| [EN] |
Caiteachas. |
5. —Déanfar an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, faoi réir cheadú an Aire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
6. —Féadfar an tAcht um an gComhchiste Idirnáisiúnta do Thráchtearraí, 1982 , a ghairm den Acht seo. |