|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Sceideal D Iarscríbhinn) | Ar Aghaidh (Sceideal F Aonad Cuntais) |
AN tACHT UM AN gCOMHCHISTE IDIRNÁISIÚNTA DO THRÁCHTEARRAÍ, 1982
|
Sceideal E Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a Thoghadh | ||
| [EN] | 1. Déanfar na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus a malartaigh a thoghadh trí bhallóid na Rialtóirí. | |
| [EN] | 2. Is le haghaidh iarrthóireachtaí a bheidh ballóid ann. Duine a ainmneoidh Comhalta mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus duine a ainmneoidh an Comhalta céanna nó Comhalta eile mar mhalartach a bheidh i ngach iarrthóireacht. Ní gá gur den náisiúntacht chéanna an bheirt i ngach iarrthóireacht. | |
3. Déanfaidh gach Rialtóir na vótaí uile, a bhfuil teideal ag an gComhalta a cheap an Rialtóir sin chucu faoi Sceideal D, a chaitheamh d'aon iarrthóireacht amháin. | ||
4. Is iad na 28 n-iarrthóireacht is mó a gheobhaidh vótaí a thoghfar, ar choinníoll nach bhfuair aon iarrthóireacht níos lú ná 2.5 faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála. | ||
5. Mura dtoghfar 28 n-iarrthóireacht ar an gcéad bhallóid tógfar an dara ballóid agus ní vótálfaidh ach: | ||
(a) Na Rialtóirí sin a vótáil sa chéad bhallóid d'iarrthóireacht nár toghadh; | ||
(b) Na Rialtóirí sin a measfar faoi mhír 6 den sceideal seo go ndearna na vótaí a chaitheadar d'iarrthóireacht a toghadh na vótaí don iarrthóireacht sin a mhéadú thar 3.5 faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála. | ||
6. Le linn bheith á chinneadh an mbeidh sé le meas go ndearna na vótaí a chaith Rialtóir iomlán aon iarrthóireachta a mhéadú thar 3.5 faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála, measfar go n-eisiann an céatadán, sa chéad áit, vótaí an Rialtóra is lú a chaith vótaí don iarrthóireacht sin, ansin vótaí an Rialtóra a chaith an dara méid is lú, agus mar sin de go sroichfear 3.5 faoin gcéad nó uimhir faoi bhun 3.5 faoin gcéad ach os cionn 2.5 faoin gcéad; ach amháin, maidir le haon Rialtóir nach mór a vótaí a chomhaireamh chun iomlán vótaí aon iarrthóireachta a mhéadú thar 2.5 faoin gcéad, go measfar gur chaith sé a vótaí uile don iarrthóireacht sin bíodh gur mó dá chionn sin iomlán na vótaí don iarrthóireacht sin ná 3.5 faoin gcéad. | ||
7. Más rud é, ar aon bhallóid, gur vótáil dhá Rialtóir nó níos mó a bhfuil líon comhionann vótaí acu don iarrthóireacht chéanna agus go mbeadh sé le meas go ndearna vótaí Rialtóra amháin nó níos mó díobh sin, ach ní vótaí na Rialtóirí uile, iomlán na vótaí a mhéadú thar 3.5 faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála, déanfar cibé duine ina measc atá i dteideal vótáil ar an gcéad bhallóid eile, más gá ballóid eile, a chinneadh trí chrannchur. | ||
8. Chun a chinneadh ar toghadh iarrthóireacht ag an dara ballóid, agus cé hiad na Rialtóirí a mbeidh sé le meas go ndearna a gcuid vótaí an iarrthóireacht sin a thoghadh, beidh feidhm ag na céatadáin íosta agus uasta a shonraítear i míreanna 4 agus 5 (b) den sceideal seo agus ag na nósanna imeachta a thuairiscítear i míreanna 6 agus 7 den sceideal seo. | ||
9. Mura mbeidh 28 n-iarrthóireacht tofa tar éis an dara ballóid, tógfar ballóidí eile de réir na bprionsabal céanna go dtí go mbeidh 27 n-iarrthóireacht tofa. Ina dhiaidh sin, déanfar an t-ochtú iarrthóireacht is fiche a thoghadh trí ghnáth-thromlach na vótaí a bheidh fágtha. | ||
10. I gcás ina vótálfaidh Rialtóir d'iarrthóireacht nár éirigh leis sa bhallóid dheiridh a tógadh, féadfaidh an Rialtóir sin iarrthóireacht ar éirigh leis a ainmniú, má aontaíonn an iarrthóireacht dheiridh sin leis, chun bheith ina ionadaí ar an mBord Feidhmiúcháin don Chomhalta a cheap an Rialtóir sin. Sa chás sin ní bheidh feidhm leis an uasteorainn 3.5 faoin gcéad a shonraítear i mír 5 (b) den sceideal seo maidir leis an iarrthóireacht a bheidh ainmnithe amhlaidh. | ||
11. Nuair a dhéanfaidh Stát aontachas leis an gComhaontú seo sa tréimhse idir toghcháin na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, féadfaidh sé aon duine de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a ainmniú, má aontaíonn na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin deiridh sin leis, chun bheith ina ionadaí dó ar an mBord Feidhmiúcháin. Sa chás sin ní bheidh feidhm leis an uasteorainn 3.5 faoin gcéad a shonraítear i mír 5 (b) den sceideal seo. |