|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||
Uimhir 12 de 1982 | ||||||||||
| [EN] |
AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1982 | |||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA IASCAIGH MHARA, 1952 GO 1974. [7 Iúil, 1982] | ||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
| [EN] |
Méadú ar an teorainn le, hairleacain chun an Bhord Iascaigh Mhara. |
1. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Acht Iascaigh Mhara, 1952 , a leasú trí “£40,000,000” a chur in ionad “cúig mhilliún déag punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Iascaigh Mhara (Leasú), 1974 ), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||
| ||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1982, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1974, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||
| ||||||||||