|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
Uimhir 19 de 1982 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚCRA (LEASÚ), 1982 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA DÉANTÓIREACHTA SIÚCRA, 1933 GO 1973. [21 Iúil, 1982] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Déantóireachta Siúcra (Leasú), 1962 ; | |||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Déantóireachta Siúcra (Leasú), 1973 . | |||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 2 d'Acht 1962. |
2. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1962 trí “go dtí seachtó is cúig mhilliún punt san iomlán arna roinnt ina sheachtó is cúig mhilliún scair” a chur in ionad “go dtí deich milliún punt san iomlán arna roinnt ina dheich milliún scair” (a cuireadh isteach le hAcht 1973), agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| [EN] | AN TÁBLA | |||||||
| [EN] | 2.—D'ainneoin aon ní contrártha dó atá sa Phríomh-Acht, nó i Meabhrán Comhlachais nó in Airteagail Chomhlachais na Cuideachta, is dleathach don Chuideachta a scair-chaipiteal a mhéadú go dtí seachtó is cúig mhilliún punt san iomlán arna roinnt ina sheachtó is cúig mhilliún scair de phunt an ceann agus chuige sin cibé athruithe is gá a dhéanamh ar Mheabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta. | |||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 3 d'Acht 1962. |
3. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1962 trí “sheachtó is cúig mhilliún punt” a chur in ionad “ocht milliún cúig chéad míle punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1973), agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| [EN] | AN TÁBLA | |||||||
| [EN] | 3.—Féadfaidh an tAire ó am go ham aon aicme nó aicmí scaireanna leis an gCuideachta nó le fo-chuideachta cheadaithe a fháil ó am go ham trí shuibscríobhadh nó ceannach, ach ní rachaidh méid iomlán na scaireanna a bheidh arna bhfáil amhlaidh aon tráth áirithe thar sheachtó is cúig mhilliún punt (luach ainmniúil). | |||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 7 d'Acht 1962. |
4. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1962 trí “sheachtó is cúig mhilliún punt” a chur in ionad “dheich milliún punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1973), agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| [EN] | AN TÁBLA | |||||||
| [EN] | 7.—Ní rachaidh a gcomhshuim seo a leanas, is é sin— | |||||||
| [EN] | (a) airleacain faoi alt 4 den Acht seo nach mbeidh aisíoctha, | |||||||
| [EN] | (b) príomhshuim a mbeidh an tAire faoi dhliteanas í a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi alt 5 den Acht seo, agus | |||||||
| [EN] | (c) príomhshuim a bheidh an tAire tar éis a íoc roimhe sin ar aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta nó ag an bhfo-chuideachta cheadaithe (de réir mar a bheidh), | |||||||
| [EN] | thar sheachtó is cúig mhilliún punt aon tráth áirithe. | |||||||
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Déantóireachta Siúcra (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Déantóireachta Siúcra, 1933 go 1982, a ghairm de na hAchtanna Déantóireachta Siúcra, 1933 go 1973, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |||||||
| ||||||||