|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
Uimhir 24 de 1982 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1982 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978 AGUS 1979. [27 Nollaig, 1982] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||||
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978 , | |||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1979 . | |||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1979): | ||||||
| [EN] | “(1) Faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh an Chorparáid airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a chruinniú nó a fháil ar iasacht ar aon mhodh is oiriúnach léi ach ní rachaidh an méid airgid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe thar £800,000,000.”. | |||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht. |
3. —Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1979): | ||||||
| [EN] | “(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú i slí gur mó ná £800,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta an méid (más aon mhéid é) príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh íoctha ag an gCorparáid leis an Aire.”. | |||||||
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1982 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1978 agus 1979, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1978 go 1982, a ghairm díobh le chéile. | |||||||
| ||||||||