|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
Uimhir 25 de 1982 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1982 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , I nGNÍOMH. [27 Nollaig, 1982] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
Buanú an Achta um Rialú Iomlaoide, 1954 . |
1. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 2 (2) den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , arna leasú le halt 2 den Acht um Rialú Iomlaoide (Buanú agus Leasú), 1978 : | ||||||
| [EN] | “(2) Leanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1986, agus éagfaidh sé ansin.”. | |||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1982 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1982, a ghairm de na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1978, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
| ||||||||