|
|||||
|
| [EN] | ||||||
Uimhir 26 de 1982 | ||||||
| [EN] |
AN tACHT UM CHEARDLANNA DEARTHÓIREACHTA CHILL CHAINNIGH TEORANTA, 1982 | |||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||
ACHT Á ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA A THÓGÁIL I gCEARDLANNA DEARTHÓIREACHTA CHILL CHAINNIGH TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SCAIRCHAIPITEAL NA CUIDEACHTA SIN A MHÉADÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [27 Nollaig, 1982] | ||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— | ||||
| [EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Ceardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh Teoranta; | |||||
| [EN] | ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982; | |||||
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Fuinnimh. | |||||
| [EN] |
Scairchaipiteal na Cuideachta. |
2. —D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, is é scairchaipiteal na Cuideachta milliún punt arna roinnt i scaireanna punt an ceann agus beidh cumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, siarain, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach. | ||||
| [EN] |
An tAire Airgeadais d'fháil scaireanna. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná milliún punt. | ||||
| [EN] | (2) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais tar éis dáta an Achta seo a rith faoi chomhair íocaíochtaí is gá dó a dhéanamh i leith aon scaireanna a thóg sé nó a fuair sé ar shlí eile. | |||||
| [EN] |
An tAire Airgeadais do shealbhú scaireanna. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna sa Chuideachta a thóg sé nó a fuair sé faoin Acht seo a shealbhú fad is cuí leis agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh sé, mar is cuí agus nuair is cuí leis, na scaireanna sin go léir nó aon chuid díobh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile. | ||||
| [EN] | (2) Déanfar na glanfháltais ó dhíol a rinne an tAire Airgeadais ar scaireanna sa Chuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste. | |||||
| [EN] |
An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhme ag sealbhóir scaireanna. |
5. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna sa Chuideachta a bheidh á sealbhú aige, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir na scaireanna sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhme trí aturnae, féadfaidh sé é a fheidhmiú trína aturnae. | ||||
| [EN] |
Díbhinní, etc. a íoc isteach sa Státchiste. |
6. —Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Chuideachta. | ||||
| [EN] |
Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais a athrú. |
7. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí chun meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú chun go mbeidh siad ar comhréir leis an Acht seo. | ||||
| [EN] |
Srian le meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais a athrú. |
8. —D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, ní bheidh athrú sa mheabhrán nó sna hairteagail sin bailí ná ní bheidh éifeacht leis mura ndéanfar é le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||||
| [EN] |
Srian le scaireanna a eisiúint. |
9. —Ní dhéanfar scaireanna sa Chuideachta a eisiúint mura mbeidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, i ndiaidh an eisiúint a údarú. | ||||
| [EN] |
An Chuideachta d'fháil iasachtaí. |
10. —Ní bhfaighidh an Chuideachta aon airgead ar iasacht gan ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais. | ||||
| [EN] |
Oibleagáid chun cláir chomhardaithe etc., a chur ar fáil. |
11. —(1) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na Cuideachta cuirfidh an Chuideachta ar fáil don Aire— | ||||
| [EN] | (a) clár comhardaithe amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta sin agus é iniúchta go cuí ag iniúchóir na Cuideachta, | |||||
| [EN] | (b) cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta sin agus é iniúchta go cuí ag iniúchóir na Cuideachta, agus | |||||
| [EN] | (c) cóip den tuarascáil ó stiúrthóirí na Cuideachta chuig scairshealbhóirí na Cuideachta don bhliain chuntasaíochta sin. | |||||
| [EN] | (2) Déanfar na cláir chomhardaithe agus na cuntais sochair agus dochair a chuirfear ar fáil de bhun fho-alt (1) den alt seo a tharraingt suas i cibé foirm a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | |||||
| [EN] | (3) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, gach cuntas sochair agus dochair agus gach tuarascáil a chuirfear ar fáil dó de bhun fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe sin, an cuntas sochair agus dochair sin agus an tuarascáil sin a chur ar fáil dó amhlaidh. | |||||
| [EN] | (4) Má iarrann an tAire uirthi é cuirfidh an Chuideachta ar fáil don Aire cibé faisnéis a éileoidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil a cheanglaítear a thabhairt le fo-alt (1) den alt seo nó i ndáil le beartas agus oibríochtaí na Cuideachta. | |||||
| [EN] |
Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na hEorpa. |
12. —(1) I gcás ina ndéanfar stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta. | ||||
| [EN] | (2) I gcás ina ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Chuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Cuideachta agus ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon luach saothair ná liúntais— | |||||
| [EN] | (a) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a cheaptha, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin, | |||||
| [EN] | (b) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin, de réir mar a bheidh, nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí. | |||||
| [EN] | (3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta. | |||||
| [EN] | (4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an gCuideachta le haghaidh aon sochair aoisliúntais. | |||||
| [EN] |
Coinníollacha seirbhíse, luach saothair, etc., phríomh-oifigeach, oifigigh agus seirbhísigh na Cuideachta. |
13. —(1) Sealbhóidh oifigeach (lena n-áirítear an príomh-oifigeach, cibé acu is Príomh-Fheidhmeannach nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin) agus seirbhíseach don Chuideachta a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chuideachta ó am go ham, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||||
| [EN] | (2) Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach agus le hoifigigh agus seirbhísigh don Chuideachta cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | |||||
| [EN] |
Táillí chathaoirleach agus stiúrthóirí na Cuideachta. |
14. —Íocfaidh an Chuideachta lena cathaoirleach agus lena stiúrthóirí cibé táillí (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an Chuideachta, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||||
| [EN] |
Aoisliúntas fhoireann na Cuideachta. |
15. —Ní ghlacfaidh aon athrú a dhéanfar ar na téarmaí a bheidh i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith do rialú pinsin, aiscí, liúntais nó íocaíochtaí eile a dheonú, ar chomhalta de bhuanfhoireann na Cuideachta, lena n-áirítear a príomh-oifigeach (cibé acu is Príomh-Fheidhmeannach nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin) d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, don chomhalta sin, nó don phríomh-oifigeach sin, nó ina leith, éifeacht, ná ní ghlacfaidh aon chomhshocraíocht eile do dhéanamh socrú le haghaidh sochair i dteannta na dtéarmaí dá dtagraítear thuas éifeacht, mura mbeidh an t-athrú nó an chomhshocraíocht ceadaithe ag an Aire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||||
| [EN] |
Forálacha lena mbeidh éifeacht in imthosca áirithe. |
16. —Beidh éifeacht le forálacha ailt 8 go 15 den Acht seo fad a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta á sealbhú ag an Aire Airgeadais. | ||||
| [EN] |
Caiteachais an Aire. |
17. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||
| [EN] |
Gearrtheideal. |
18. —Féadfar an tAcht um Cheardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh Teoranta, 1982 , a ghairm den Acht seo. | ||||
| ||||||