|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
Uimhir 28 de 1982 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM AN ACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956 (BUANÚ), 1982 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT d'FHADÚ NA TRÉIMHSE A BHEIDH AN tACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956, I bhFEIDHM. [27 Nollaig, 1982] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, a bhuanú. |
1. —(1) Leanfaidh an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1983, agus rachaidh sé in éag ansin. | ||||||
| [EN] | (2) Aisghairtear leis seo an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1977, ach amháin alt 2. | |||||||
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1982, a ghairm den Acht seo. | ||||||
| ||||||||