|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
Uimhir 4 de 1983 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1983 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 GO 1980. | ||||||||
[31 Márta, 1983] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
1. —Cuirtear, leis seo, an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 : | |||||||
| [EN] | “(1) (a) Is é dualgas an Bhoird onnmhairiú earraí agus soláthar cibé seirbhísí a bheidh sonraithe ó am go ham le hordú ón Aire a spreagadh, a chur chun cinn agus a fhorbairt in aon slí a mheasfaidh an Bord is gá nó is inmhianaithe. | |||||||
| [EN] | (b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.”. | |||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1983, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1980, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
| ||||||||