|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
Uimhir 5 de 1983 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT ÁRACHAIS, 1983 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1981. [31 Márta, 1983] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 2 den Acht Árachais, 1953 . |
1. —Cuirtear, leis seo, an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Árachais, 1953 : | ||||||
| [EN] | “(1) (a) Chun onnmhairiú earraí a spreagadh agus chun cibé seirbhísí a bheidh sonraithe ó am go ham le hordú ón Aire a sholáthar, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhshocraíochtaí a dhéanamh chun go dtabharfar do dhaoine, nó ar mhaithe le daoine, a bhfuil gnó nó gairm ar siúl acu sa Stát, ráthaíochtaí i ndáil le honnmhairiú, monarú, cóireáil nó imdháil earraí, i ndáil le seirbhísí a sholáthar nó i ndáil le haon ní eile is dóigh leis an Aire ba chabhair chun na críche sin. | |||||||
| [EN] | (b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.”. | |||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Árachais, 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1981, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
| ||||||||