|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||
Uimhir 9 de 1983 | ||||||||||
| [EN] |
ACHT NA mBANNAÍ TALÚN, 1983 | |||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||
ACHT DO LEASÚ ACHT NA mBANNAÍ TALMHAN, 1934 . | ||||||||||
[31 Márta, 1983] | ||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 6 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 . |
1. —Déantar leis seo alt 6 (arna leasú le hAcht na mBannaí Talún, 1980 ) d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 , a chuireann teorainneacha le bunú agus eisiúint bannaí talún, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | ||||||||
| [EN] | “(1) Ní rachaidh méid iomlán na mbannaí talún a bhunófar agus a eiseofar faoin Acht seo thar chéad is tríocha milliún punt.”. | |||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus lua. |
2. —(1) Féadfar Acht na mBannaí Talún, 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
| [EN] | (2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna Talamh-Cheannaigh a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar é a lua i dteannta na nAchtanna sin. | |||||||||
| ||||||||||