|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
Uimhir 16 de 1983 | ||||||||
| [EN] |
ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1983 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ ACHTANNA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935 GO 1980. [21 Meitheamh, 1983] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla. |
1. —Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1980 , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná trí mhíle is cúig chéad milliún punt iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear in alt 4 (3) d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 . | ||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1983, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1980, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
| ||||||||