An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V An Chuideachta Teileachumarsáide) Ar Aghaidh (CUID VII Feidhmeanna an Aire Poist agus Telegrafa)

24 1983

AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983

CUID VI

Banc Taisce an Phoist agus Seirbhísí Coigiltis eile

Mínithe.

102. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “cuideachta” an chuideachta poist;

ciallaíonn “Banc Taisce” Banc Taisce an Phoist a bunaíodh faoi na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958.

Banc Taisce an Phoist.

103. —(1) Féadfaidh an chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, rialacháin a dhéanamh le haghaidh rialú agus oibriú an Bhainc Thaisce de bhun na nAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958, agus an Achta seo.

(2) Aon rialacháin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin faoi na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958, i ndáil le hoibriú an Bhainc Thaisce, lena n-áirítear rialacháin lena mbaineann fo-alt (4), leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu agus beidh éifeacht leo, ar an lá dílseacháin agus dá éis, ionann is dá mba rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1) iad, ach tagairtí don chuideachta agus dá hoifigigh a chur in ionad tagairtí don Aire Poist agus Telegrafa nó don Ard-Mháistir Poist agus dá Roinn nó dá oifigigh, faoi seach, mura bhforáiltear a mhalairt sa Tríú nó sa Cheathrú Sceideal, agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le rialacháin faoin alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire agus leis an gcuideachta, a ordú don chuideachta rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) nó rialacháin a rinneadh faoin bhfo-alt sin nó a lean d'fheidhm a bheith acu faoi fho-alt (2) a leasú nó a chúlghairm agus déanfaidh an chuideachta de réir an ordacháin sin.

(4) Aon rialacháin a rinne an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, roimh thosach feidhme an ailt seo i bhfeidhmiú airbheartaithe cumhachtaí a thugtar leis na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958, nó le haon cheann de na hAchtanna sin, measfar gur bailí dóibh agus gur bhailí dóibh riamh d'ainneoin nach ar an modh a údaraítear leis na hAchtanna sin a rinneadh iad.

Gnó an Bhainc Thaisce.

104. —(1) Féadfaidh an chuideachta—

(a) cibé oifigí dá cuid a shonróidh sí a cheapadh le bheith ina n-oifigí Bainc Thaisce,

(b) a údarú d'aon oifigeach dá cuid gnó an Bhainc Thaisce a dhéanamh seachas in oifig Bainc Thaisce,

(c) a ordú cén uair a dhéanfar gnó an Bhainc Thaisce,

(d) a cheangal go dtabharfar suas agus go gcealófar leabhar taisce agus leabhar taisce ionaid a eisiúint,

(e) aon suim a íoc maidir le haon mhéid a bheidh ar taisce sa Bhanc Taisce gan leabhar taisce a bheith tugtha ar aird más deimhin léi go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal na híocaíochta, agus

(f) aon ainmniúchán a ghlacadh, nó diúltú é a ghlacadh, dá lánrogha féin.

(2)  (a)  Aon bharántas a eiseoidh an chuideachta de réir rialacháin lena mbaineann alt 103, is urscaoileadh bailí é don chuideachta i leith an mhéid a bhfuil feidhm ag an mbarántas maidir leis.

(b)  Aon aistriú a dhéanfaidh an chuideachta ar chuntas de réir rialacháin den sórt sin, oibreoidh sé mar urscaoileadh bailí ag an aistreoir don chuideachta i leith mhéid an aistrithe.

(3)  (a)  D'ainneoin aon ní sna hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, leis an gcuideachta agus leis an mBanc Ceannais, a údarú don chuideachta aon ghnó baincéireachta a ghabháil de láimh ar gnó é, i dtuairim an Aire Airgeadais, ar dóigh dó fearachas a spreagadh agus a bheidh ar acmhainn airgeadais an Bhainc Thaisce.

(b)  Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, leis an gcuideachta agus leis an mBanc Ceannais, cibé socrú a dhéanamh i dtaobh feidhmiú aon achtacháin i ndáil leis an ngnó sin is dóigh leis, tar éis dó dul i gcomhairle mar a dúradh agus le haon Aire iomchuí eile, is gá nó is inmhianaithe.

(c)  Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle mar a dúradh, ordú a rinneadh faoi mhír (b) a leasú nó a chúlghairm.

Teorainn le dliteanas.

105. —Maidir le haon chaillteanas, damáiste nó díobháil a bhainfidh d'aon duine de dhroim aon íocaíochta nó gnímh a rinneadh de réir na nAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958, nó de réir an Achta seo nó rialachán faoin gcéanna—

(a) beidh an chuideachta díolmhaithe ó gach dliteanas ach amháin i leith airgead a dhlífidh an chuideachta a íoc leis faoin dlí, agus

(b) beidh oifigigh agus seirbhísigh na cuideachta díolmhaithe ó dhliteanas sibhialta ach amháin ar agra na cuideachta.

Seiceanna, barántais agus doiciméid eile Bhanc Taisce an Phoist.

106. —(1) Gach seic, barántas, ordú, cumhacht aturnae nó doiciméad eile a fhorghníomhóidh an chuideachta i ndáil le gnó an Bhainc Thaisce agus leis sin amháin, beidh sé saor ó dhleacht stampa.

(2) Aon dearbhuithe, leabhair thaisce, admhálacha, fógraí aistarraingthe, barántais agus na doiciméid agus an comhfhreagras go léir, a bhaineann le gnó an Bhainc Thaisce agus a ghabhann idir an chuideachta agus aon duine sa Stát nó a ghabhann ón gcuideachta chuig aon taisceoir leis an mBanc Taisce lasmuigh den Stát, féadfar iad a sheoladh saor ó aon mhuirear i leith postais.

(3) Beidh an chuideachta i dteideal go gcúiteofaí í as cistí an Bhainc Thaisce i leith an chaillteanais postais a thabhóidh sí mar gheall ar fho-alt (2).

Neamhnochtadh faisnéise i ndáil le taiscí.

107. —Ní bheidh feidhm ag alt 4 den Post Office Savings Bank Act, 1861 (a shrianann nochtadh faisnéise i ndáil le taiscí) maidir le faisnéis a nochtadh ar faisnéis í a bheidh ag teastáil chun críocha imeachtaí maidir le cion.

Díospóidí os comhair Chláraitheoir na gCara-Chumann.

108. —(1) Más rud é, ar an lá dílseacháin, go mbeidh imeachtaí ar feitheamh i leith aon tarchuir chun Chláraitheoir na gCara-Chumann maidir le díospóid a bhaineann le cuntas sa Bhanc Taisce, leanfar leis na himeachtaí ach an chuideachta a chur in ionad an Aire mar pháirtí sa tarchur.

(2) Más rud é, ar an lá dílseacháin, go mbeidh imeachtaí ar feitheamh os comhair Chláraitheoir na gCara-Chumann faoi alt 30 (3) den Acht Airgeadais, 1940 , i leith tarchuir a bhaineann le cairt choigiltis leanfar leis na himeachtaí ach an chuideachta a chur in ionad an Aire mar pháirtí sa tarchur.

An chuideachta a chúiteamh i leith an chostais a bhaineann le seirbhísí coigiltis a bhainistí.

109. —(1)  (a)  Íocfar suim iomchuí leis an gcuideachta i leith obair a dhéanann an chuideachta i bhfeidhmiú cumhachtaí a thugtar di leis an gCuid seo agus is mar a leanas a íocfar í—

(i) as airgead an Bhainc Thaisce, i leith obair a dhéantar maidir leis an mBanc Taisce, agus

(ii) as an Státchiste, i leith obair a dhéantar maidir le seirbhísí coigiltis eile de chuid an Rialtais.

(b) Is í an chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, a chinnfidh cad í an tsuim iomchuí is iníoctha leis an gcuideachta agus modh íoca na suime sin agus na hagaí aimsire ina mbeidh sí le híoc.

(2)  (a)  Íocfaidh an chuideachta go pras leis an Aire Airgeadais na méideanna a bheidh faighte ag an gcuideachta lena gcur ar taisce sa Bhanc Taisce nó i seirbhísí coigiltis eile de chuid an Rialtais.

(b)  Is é an tAire sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcuideachta, a chinnfidh an modh íoca agus na tréimhsí a mbeidh íocaíochtaí le déanamh ina leith.

(3) Soláthróidh an chuideachta cibé faisnéis a bheidh ag teastáil ón Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo.