|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Forálacha forlíontacha i ndáil lehÚDARÚ A CHÚLGHAIRM) |
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989
| [EN] | ||
| [EN] |
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Forálacha forlíontachta i ndáil le treoir ón mBanc Ceannais faoi Alt 40 | |
| Treoir ón mBanc Ceannais. | 1. Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a tugadh faoi alt 40 (2) a chúlghairm mura mbeidh ordú faoi mhír 3 déanta ag an gCúirt maidir leis an treoir. | |
2. Féadfaidh cumann foirgníochta dár tugadh treoir faoi alt 40 (2) iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú ag cur na treorach ar ceal agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a dheonú. | ||
3. Féadfaidh an Banc Ceannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú, agus féadfaidh an Chúirt ordú a dheonú, ag daingniú treorach, nó á daingniú agus, faoi réir mhír 5, ag síneadh a tréimhse oibríochta go ceann cibé tréimhse ama, nach faide ná an tréimhse 12 mhí ón dáta ar tháinig an treoir in éifeacht, a mheasfaidh an Chúirt is cuí, ag féachaint do na himthosca go léir. | ||
4. I dteannta nó in ionad ordú faoi mhír 3, féadfaidh an Chúirt cibé ordú eile a dhéanamh sa chás is dóigh léi is gá lena n-áirítear ordú ag ordú d'aon duine a shealbhaíonn airgead nó sócmhainní eile don chumann nó thar ceann an chumainn, nó do dhuine sonraithe, gan aon cheann de na sócmhainní sin a dhiúscairt ach amháin ar cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a bheidh sonraithe san ordú. | ||
5. Beidh críoch le treoir a bheidh daingnithe ag an gCúirt— | ||
(a) i ndeireadh na tréimhse oibríochta a bheidh sonraithe ag an gCúirt, | ||
(b) an tráth a dhéanfaidh an Chúirt ordú críochnaitheachta ar iarratas ón mBanc Ceannais, | ||
(c) an tráth a dhéanfar ordú foirceanta maidir leis an gcumann, nó | ||
(d) an tráth a dhéanfaidh an Chúirt ordú críochnaitheachta i gcás inar dóigh leis an gCúirt nach ann a thuilleadh do na himthosca ba bhun leis an treoir agus nach mbeadh sé ceart ná cóir gan an t-ordú a dhéanamh, | ||
cibé acu is túisce a tharlóidh. | ||
6. Más é tuairim an Bhainc Ceannais go bhfuil an cumann dár tugadh an treoir in ann freastal dá oibleagáidí i leith a scairshealbhóirí agus a chreidiúnaithe ach nach dócha go réiteofar na himthosca ba bhun leis an treoir, déanfaidh sé iarratas láithreach chun na Cúirte ar ordú, agus féadfaidh an Chúirt ordú a dheonú, ag ordú don chumann sin scéim chun a ghnó a fhoirceannadh go hordúil agus chun a dhliteanais i leith a scairshealbhóirí agus a thaisceoirí a urscaoileadh faoi mhaoirseacht an Bhainc a ullmhú, i gcomhairle leis an mBanc, agus a chur faoi bhráid na Cúirte, laistigh de 2 mhí, lena ceadú a fháil. | ||
7. Ní cheadóidh an Chúirt téarmaí scéime faoi mhír 6 gan éisteacht a thabhairt don Bhanc Ceannais agus, i gcás go mbeidh díospóid ann i dtaobh téarmaí na scéime, féadfaidh an Banc nó an cumann a iarraidh ar an gCúirt a breithiúnas a thabhairt ar an ábhar. | ||
8. Má mhainníonn an cumann déanamh de réir ordú ón gCúirt faoi mhír 6 nó má mhainníonn sé cloí leis an scéim a bheidh ceadaithe ag an gCúirt, féadfaidh an Banc Ceannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar cibé ordú breise, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú breise a dhéanamh, is dóigh léi is iomchuí, lena n-áirítear ordú cimithe nó ordú chun an cumann a fhoirceannadh ar an bhforas gur ceart agus gur cóir é a fhoirceannadh. | ||
9. Féadfaidh an Chúirt, le hordú, ordú (seachas ordú faoi mhír 5) a rinne sí faoin Sceideal seo a chúlghairm nó a leasú. | ||
10. I gcás ina dtabharfaidh an Banc Ceannais treoir de réir alt 40— | ||
(a) déanfaidh an cumann dár tugadh an treoir gach beart is gá chun a áirithiú nach ndéanfar aon laghdú ar a chuid sócmhainní, cibé áit a mbeidh siad á sealbhú gan údarú roimh ré ón mBanc; agus | ||
(b) féadfaidh an Banc a ordú do bhanc nó d'aon fhoras a bheidh díolmhaithe faoi alt 7 d'Acht 1971, agus a mbeidh cuntas de chuid an chumainn dár tugadh an treoir á shealbhú aige, íocaíochtaí as an gcuntas, gan údarú roimh ré ón mBanc, a fhionraí. |