|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1990) | Ar Aghaidh (CUID II Méaduithe) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I Réamhráiteach | |
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1990 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989, agus an tAcht seo (seachas alt 15 agus ailt 25 go 30 den Acht seo agus fo-ailt (3), (4) agus (5) den alt seo) le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1990, a ghairm díobh le chéile. | |
| [EN] | (3) Féadfar na hAchtanna um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 go 1990, a ghairm d'alt 25 den Acht seo agus de na hAchtanna um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 agus 1988, le chéile. | |
| [EN] | (4) Féadfar na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1990, a ghairm d'ailt 26, 27 agus 29 den Acht seo agus de na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, le chéile. | |
| [EN] | (5) Féadfar na hAchtanna um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 agus 1990, a ghairm d'alt 28 den Acht seo agus den Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 , le chéile. | |
| [EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1982 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1988 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1989” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1989 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 . |