|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Achomhairc) | Ar Aghaidh (CUID VII Leasuithe Ilghnéitheacha) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1990
| [EN] | ||||||||||||||||||||
| [EN] |
CUID VI Ciste na nDíobhálacha Ceirde agus an Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí a Dhíscaoileadh agus Airgead a Aistriú as na Cistí sin go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Ciste na nDíobhálacha Ceirde a dhíscaoileadh. |
23. —(1) Aisghairtear leis seo alt 67 den Phríomh-Acht. | ||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo gach foráil den Phríomh-Acht atá luaite i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ar an modh atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin os comhair lua na forála sin i gcolún (1). | |||||||||||||||||||
| [EN] | AN TÁBLA | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| [EN] |
Airgead a aistriú go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh. |
24. —(1) An t-airgead go léir a bheidh chun creidiúna do Chiste na nDíobhálacha Ceirde faoi alt 67 den Phríomh-Acht an 30ú lá d'Aibreán, 1990, aistreofar é go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh an 1ú lá de Bhealtaine, 1990. | ||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Gach infheistíocht a dhéanfaidh an tAire Airgeadais faoi alt 67 (5) den Phríomh-Acht agus a bheidh chun creidiúna do Chiste na nDíobhálacha Ceirde an 30ú lá d'Aibreán, 1990, aistreofar é go dtí cuntas infheistíochta an Chiste Árachais Shóisialaigh an 1ú lá de Bhealtaine, 1990. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Aon ioncam a gheofar an 1ú lá de Bhealtaine, 1990, nó ina dhiaidh sin, a éiríonn as infheistíocht a rinne an tAire Airgeadais roimh an lá sin faoi alt 67 (5) den Phríomh-Acht as airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta Chiste na nDíobhálacha Ceirde aistreofar é go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (4) An t-airgead go léir a bheidh chun creidiúna don Chiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí faoi alt 26 d'Acht 1967 (arna leathnú le halt 2 d'Acht 1984) an 30ú lá d'Aibreán, 1990, aistreofar é go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh an 1ú lá de Bhealtaine, 1990. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Aon ioncam a gheofar an 1ú la de Bhealtaine, 1990, nó ina dhiaidh sin, a éiríonn as infheistíocht a rinne an tAire Airgeadais roimh an lá sin faoi alt 26 (6) d'Acht 1967 as airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta an Chiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí aistreofar é go dtí an Ciste Árachais Shóisialaigh. | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 6 den Acht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 . |
25. —Leasaítear leis seo alt 6 den Acht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) (a cuireadh isteach le halt 27 d'Acht 1988): | ||||||||||||||||||
| [EN] | “(6) Íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an Aire Leasa Shóisialaigh gach airgead a íoctar i leith an ranníoca fostaíochta fostóra agus déanfar airgead a gheobhaidh an tAire sin amhlaidh a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.”. | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar Acht 1967. |
26. —Leasaítear leis seo Acht 1967— | ||||||||||||||||||
| [EN] | (a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach in alt 2 i ndiaidh an mhínithe ar “ ‘tinneas’ nó ‘breoiteacht’ ”: | |||||||||||||||||||
| [EN] | “ciallaíonn ‘an Ciste Árachais Shóisialaigh’ an Ciste Árachais Shóisialaigh a bunaíodh faoi alt 39 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus a leanann ar marthain faoi alt 122 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;”, | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 27 (arna leasú le halt 2 d'Acht 1979): | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) trí “Ciste Árachais Shóisialaigh” a chur in ionad “Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí” (arna leathnú le halt 2 d'Acht 1984) gach áit a bhfuil sé sna forálacha atá luaite sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus | |||||||||||||||||||
| [EN] | (d) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 43: | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| [EN] | AN TÁBLA | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 15 d'Acht 1971. |
27. —Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1971 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||||||||||||||||||
| [EN] | “(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, údarás a thabhairt ó am go ham airgead a aistriú as an gCiste Árachais Shóisialaigh isteach in aon chiste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta, agus beidh aon airgead a aistreofar faoin bhfo-alt seo inaisíoctha leis an gCiste Árachais Shóisialaigh ar cibé téarmaí (lena n-áirítear téarmaí maidir le hús) a chinnfidh an tAire Airgeadais.”. | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar Acht 1984. |
28. —Leasaítear leis seo Acht 1984— | ||||||||||||||||||
| [EN] | (a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach in alt 1 tar éis an mhínithe ar “oifigeach iomchuí”: | |||||||||||||||||||
| [EN] | “ciallaíonn ‘an Ciste Árachais Shóisialaigh’ an Ciste Árachais Shóisialaigh a bunaíodh faoi alt 39 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus a leanann ar marthain faoi alt 122 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;”, agus | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) trí “Ciste Árachais Shóisialaigh” a chur in ionad “Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí” in ailt 6 (1), 6 (3), 7 (1), 10 (4) agus 17 (2). | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Aisghairm. |
29. —Aisghairtear leis seo alt 26 agus fo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1979) d'alt 28 d'Acht 1967. | ||||||||||||||||||
| [EN] |
Mínithe (Cuid VI). |
30. —Sa Chuid seo— | ||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 ; | |||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971 ; | |||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979 ; | |||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 . | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Tosach feidhme Chuid VI. |
31. —Tiocfaidh an Chuíd seo (seachas alt 24) i ngníomh an 1ú lá de Bhealtaine, 1990. |