|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Tobhach ar Láithreáin Thréigthe) |
AN tACHT UM LÁITHREÁIN THRÉIGTHE, 1990
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID II Bearta chun Láithreáin Thréigthe a Chosc agus a Rialú | |
| [EN] |
Clár na láithreán tréigthe. |
8. —(1) Déanfaidh gach údarás áitiúil, laistigh de bhliain amháin tar éis thosach feidhme an Achta seo, clár a bhunú agus a chothabháil ina dhiaidh sin ar a dtabharfar “clár na láithreán tréigthe” agus dá ngairtear “an clár” san Acht seo agus taifeadfaidh siad ar an gclár— |
| [EN] | (a) mionsonraí i dtaobh aon talún ina limistéar feidhmiúcháin ar dóigh leo gur láithreán tréigthe é, | |
| [EN] | (b) ainm agus seoladh gach úinéara agus áititheora, i gcás gur féidir iad sin a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach, | |
| [EN] | (c) mionsonraí i dtaobh aon bheart a bheidh déanta ag an údarás áitiúil faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile i ndáil leis an láithreán, | |
| [EN] | (d) i gcás talún ar úinéireacht nó ar áitiú ag údarás áitiúil, mionsonraí i dtaobh na húsáide, más aon úsáid é, atá á baint as an talamh, agus mionsionraí i dtaobh aon críche a mbeartaítear an talamh a úsáid chuici, | |
| [EN] | (e) mionsonraí faoi mhargadhluach talún uirbí arna chinneadh ag an údarás áitiúil, nó ag an mBinse ar achomharc, de réir fhorálacha alt 22, agus | |
| [EN] | (f) cibé mionsonraí eile a fhorordófar. | |
| [EN] | (2) Sula ndéanfaidh siad aon iontráil ar an gclár i ndáil le haon talamh, tabharfaidh an t-údarás áitiúil d'aon úinéir agus áititheoir, i gcás gur féidir a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach cé hiad, fógra á rá go bhfuil ar intinn acu an iontráil sin a dhéanamh agus breithneoidh siad aon uiríll a dhéanfaidh aon úinéir nó áititheoir i scríbhinn laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus féadfaidh siad an iontráil a dhéanamh nó gan é a dhéanamh de réir mar a cheapann siad is cóir ag féachaint do na huiríll sin. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh údarás áitiúil iontráil a thógáil as an gclár i gcás go gceapann siad nach bhfuil an iontráil iomchuí níos mó. | |
| [EN] | (4) Tógfaidh údarás áitiúil iontráil as an gclár (agus taifeadfaidh siad sa chlár an dáta a dhéanfar é sin) i ndáil le láithreán tréigthe i gcás— | |
| [EN] | (a) go mbeidh fógra faoi alt 11 comhlíonta, nó | |
| [EN] | (b) go mbeidh bearta déanta faoi alt 11 (5) chun éifeacht a thabhairt do théarmaí fógra faoi alt 11, nó | |
| [EN] | (c) go mbeidh an talamh scortha ar shlí eile de bheith ina láithreán tréigthe. | |
| [EN] | (5) Coimeádfar an clár ag oifigí an údaráis áitiúil agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh ag oifigí an údaráis áitiúil le linn uaireanta oifige. | |
| [EN] | (6) Cuirfear cóip den chlár nó d'iontráil sa chlár chuig an Aire má iarrann sé é. | |
| [EN] | (7) Déanfaidh an t-údarás áitiúil fógra faoi iontráil sa chlár a sheirbheáil ar úinéir agus áititheoir láithreáin a mbeidh iontráil déanta sa chlár ina leith i gcás gur féidir a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach cé hiad na daoine sin. | |
| [EN] | (8) Gach doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é d'iontráil sa chlár agus a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar chóip dhílis den iontráil ag oifigeach d'údarás áitiúil, glacfar leis, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é a dheimhnigh é amhlaidh nó gurbh é an t-oifigeach sin é, mar fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den iontráil agus gur fianaise é ar théarmaí na hiontrála. | |
(9) Féadfar fianaise ar iontráil sa chlár a thabhairt trí chóip de a thabhairt ar aird agus í deimhnithe de bhun an ailt seo agus ní call an clár féin a thabhairt ar aird. | ||
| [EN] |
Dualgas ginearálta úinéara agus áititheora talún. |
9. —Beidh de dhualgas ar gach úinéir agus áititheoir talún, lena n-áirítear comhlacht reachtúil agus údarás Stáit, gach beart réasúnach a dhéanamh lena chinntiú nach dtagann an talamh chun bheith nó nach leanann sé de bheith ina láithreán tréigthe. |
| [EN] |
Dualgas údaráis áitiúil. |
10. —Beidh sé de dhualgas ar údarás áitiúil gach beart réasúnach a dhéanamh (lena n-áirítear aon chumhachtaí reachtúla iomchuí a fheidhmiú) lena chinntiú nach dtagann aon talamh atá suite ina limistéar feidhmiúcháin chun bheith ná nach leanann sé de bheith ina láithreán tréigthe. |
| [EN] |
Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal bearta a dhéanamh i ndáil le láithreáin thréigthe. |
11. —(1) I gcás— |
| [EN] | (a) gurb é tuairim údaráis áitiúil gur gá déanamh amhlaidh, chun nach dtiocfaidh talamh atá suite ina limistéar feidhmiúcháin chun bheith nó nach leanfaidh sé de bheith ina láithreán tréigthe, nó | |
| [EN] | (b) go mbeidh ordaithe d'údarás áitiúil ag an Aire déanamh amhlaidh faoi alt 12, | |
| [EN] | seirbheálfaidh siad fógra i scríbhinn ar aon duine a bhfeictear dóibh gurb é úinéir nó áititheoir na talún a dúradh é. | |
| [EN] | (2) I bhfógra faoin alt seo— | |
| [EN] | (a) sonrófar na bearta a cheapann an t-údarás áitiúil nó an tAire, de réir mar a bheidh, is gá chun nach dtiocfaidh an talamh chun bheith nó nach leanfaidh sé de bheith ina láithreán tréigthe, | |
| [EN] | (b) ordófar don duine a bhfuil an fógra á sheirbheáil air cibé bearta a dhéanamh a bheidh sonraithe san fhógra, agus | |
| [EN] | (c) sonrófar tréimhse (nach lú ná mí amháin) a mbeidh na bearta sin le déanamh laistigh di; ar choinníoll, áfach, nach mbeidh éifeacht leis an bhfógra— | |
| [EN] | (i) go mbeidh ceithre lá dhéag caite ó dháta seirbheála an fhógra, nó | |
| [EN] | (ii) má dhéantar aon uiríll faoi fho-alt (3), go dtí an dáta a dtabharfaidh an t-údarás áitiúil fógra don duine a rinne na huiríll sin go bhfuil breithniú déanta acu ar na huiríll a dúradh. | |
| [EN] | (3) Aon duine is úinéir nó áititheoir talún a mbeidh fógra arna sheirbheáil faoin alt seo maidir leis, féadfaidh sé, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta seirbheála an fhógra, cibé uiríll i scríbhinn a dhéanamh is cuí leis chun an údaráis áitiúil i dtaobh théarmaí an fhógra agus féadfaidh an t-údarás sin, tar éis na huiríll sin a bhreithniú, an fógra a leasú nó a chúlghairm. | |
| [EN] | (4) Aon duine is úinéir nó áititheoir talún a mbeidh fógra arna sheirbheáil faoin alt seo maidir leis, comhlíonfaidh sé ceanglais an fhógra, nó, de réir mar a bheidh, an fhógra arna leasú, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra. | |
| [EN] | (5) Más rud é, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó san fhógra arna leasú, de réir mar a bheidh, nach gcomhlíonfaidh duine a mbeidh fógra faoin alt seo arna sheirbheáil air, ceanglais an fhógra, féadfaidh an t-údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra cibé bearta a dhéanamh (lena n-áirítear daoine údaraithe do dhul isteach ar an talamh de réir alt 30) a cheapann siad a bheith réasúnach agus riachtanach chun éifeacht a thabhairt do théarmaí an fhógra nó an fhógra arna leasú, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh siad aon chaiteachas a tabhaíodh amhlaidh a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ar ar seirbheáladh an fógra nó an fógra arna leasú, de réir mar a bheidh, agus arb é an t-úinéir nó an t-áititheoir é. | |
| [EN] | (6) Is forbairt dhíolmhaithe chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, déanamh aon oibreacha de réir bhrí na nAchtanna sin atá sonraithe i bhfógra nó san fhógra arna leasú, de réir mar a bheidh, faoin alt seo. | |
| [EN] | (7) Aon duine ar a seirbheálfar fógra nó an fógra arna leasú, de réir mar a bheidh, faoin alt seo agus arb é úinéir na talún é a mbeidh fógra seirbheáilte ina leith, féadfaidh sé féin, agus a sheirbhísigh nó a ghníomhairí, dul isteach ar an talamh agus na bearta a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra a ghabháil de láimh. | |
| [EN] |
Cumhacht an Aire ordú a thabhairt. |
12. —Féadfaidh an tAire— |
| [EN] | (a) a ordú d'údarás áitiúil fógra a sheirbheáil faoi alt 11 (1), i ndáil le láithreán tréigthe atá ar áireamh sa chlár, nó | |
| [EN] | (b) a ordú d'údarás áitiúil cibé bearta a dhéanamh a cheapann an tAire a bheith réasúnach agus riachtanach chun éifeacht a thabhairt do théarmaí fógra a sheirbheáiltear faoi alt 11 (1), nó | |
| [EN] | (c) a ordú d'údarás áitiúil cibé bearta a dhéanamh a shonróidh sé chun nach dtiocfaidh aon talamh atá ar úinéireacht nó á áitiú acu chun bheith nó nach leanfaidh sé de bheith ina láithreán tréigthe, | |
| [EN] | agus beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil déanamh de réir an ordaithe laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire. | |
| [EN] |
Diúscairt láithreán a shealbhaíonn comhlachtaí reachtúla. |
13. —(1) Féadfaidh an tAire, i ndáil le haon láithreán tréigthe atá ar áireamh sa chlár agus a bhfuil leas ag comhlacht reachtúil ann, a ordú don chomhlacht sin cibé bearta a dhéanamh atá ar fáil aige chun an leas sin a dhiúscairt. |
| [EN] | (2) Sula dtabharfaidh sé ordú faoi fho-alt (1), rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire iomchuí agus tabharfaidh sé fógra don chomhlacht lena mbaineann go bhfuil beartaithe aige ordú den sórt sin a thabhairt agus breithneoidh sé aon agóidí a dhéanfaidh an comhlacht sin agus féadfaidh sé a thogra a mhodhnú ar cibé modh agus a mhéid is dóigh leis is cóir agus féadfaidh sé ordú a thabhairt dá réir sin. | |
| [EN] | (3) Ní thabharfaidh an tAire ordú faoin alt seo mura deimhin leis tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí nach bhfuil an talamh lena mbainfidh an t-ordú, má thugtar é, á úsáid ag an gcomhlacht reachtúil, ná nach bhfuil sé ná nach dóigh go mbeidh sé ag teastáil ón gcomhlacht sin, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | |
| [EN] | (4) Beidh de dhualgas ar chomhlacht reachtúil dá mbeidh ordú tugtha faoin alt seo déanamh de réir an ordaithe laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san ordú. | |
| [EN] |
Cumhacht láithreán tréigthe a fháil. |
14. —Féadfaidh údarás áitiúil aon láithreán tréigthe atá suite laistigh dá limistéar feidhmiúcháin a fháil trí chomhaontú nó go héigeantach. |
| [EN] |
Fógra go bhfuil sé ar intinn láithreán tréigthe a fháil go héigeantach. |
15. —(1) Déanfaidh údarás áitiúil a bhfuil sé ar intinn acu aon láithreán tréigthe a fháil go héigeantach faoin Acht seo— |
| [EN] | (a) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a léitear ina limistéar feidhmiúcháin agus déarfar san fhogra go bhfuil sé ar intinn acu an láithreán tréigthe a fháil go héigeantach faoin Acht seo, tabharfar tuairisc ar an talamh lena mbaineann sé, ainmneofar an áit ina bhfuil léarscáil den láithreán tréigthe taiscthe agus na hamanna ar féidir í a iniúchadh lena linn agus sonrófar an tréimhse ama (nach lú ná mí amháin) ar féidir agóidí in aghaidh fháil na talún a dhéanamh chuig an údarás áitiúil laistigh di agus an modh ar féidir déanamh amhlaidh, agus | |
| [EN] | (b) fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar gach úinéir, léasaí agus áititheoir (seachas tionóntaí ar feadh míosa nó tréimhse is lú ná mí) ar an talamh agus déarfar san fhógra go bhfuil sé ar intinn acu an láithreán tréigthe a fháil go héigeantach faoin Acht seo, tabharfar tuairisc ar an láithreán tréigthe lena mbaineann sé, ainmneofar an áit ina bhfuil léarscáil den láithreán tréigthe taiscthe agus na hamanna ar féidir í a iniúchadh lena linn agus sonrófar an tréimhse ama (nach lú ná mí amháin) ar féidir agóidí i gcoinne fháil an láithreáin thréigthe a dhéanamh chuig an údarás áitiúil laistigh di agus an modh ar féidir déanamh amhlaidh. | |
| [EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “úinéir” i ndáil le talamh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá i dteideal de thuras na huaire feo simplí na talún a dhiúscairt, cibé acu i seilbh nó i bhfrithdhílse agus folaíonn sé freisin duine a shealbhaíonn cíosanna agus brabúis na talún, nó a bhfuil teideal aige chucu, faoi léas nó comhaontú, agus ar faide ná trí bliana an téarma de atá gan chaitheamh. | |
| [EN] |
Agóid i gcoinne láithreáin thréigthe a fháil go héigeantach. |
16. —(1) Aon duine de na daoine a mbeidh fógraí seirbheáilte orthu maidir le fáil éigeantach a bheidh beartaithe ar láithreán tréigthe, féadfaidh sé laistigh den tréimhse, agus ar an modh, a shonraítear sna fógraí, agóid a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil i gcoinne na fála éigeantaí a bheidh beartaithe dá dtagraítear san fhógra. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an duine a rinne agóid i gcoinne fála éigeantaí a bheidh beartaithe ar láithreán tréigthe ar bith an agóid sin a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a chur chuig an údarás áitiúil. | |
| [EN] | (3) Más rud é, i ndáil le fáil éigeantach a bheidh beartaithe ar láithreán tréigthe ar bith ag údarás áitiúil, go ndéanfar agóid chuig an údarás áitiúil de réir fho-alt (1) agus nach dtarraingeofar siar í, ní bhfaighidh an t-údarás áitiúil an láithreán tréigthe go héigeantach gan toiliú an Aire. | |
| [EN] | (4) Aon iarratas ó údarás áitiúil ar thoiliú an Aire a fháil chun aon láithreán tréigthe a fháil go héigeantach faoin Acht seo déanfar é laistigh de mhí amháin tar éis don tréimhse ama ar laistigh di is féidir agóid a dhéanamh i gcoinne na fála a bheidh beartaithe a bheith caite, agus beidh an méid seo ag gabháil leis an iarratas: an léarscáil iomchuí, an agóid a rinneadh go cuí chun an údaráis áitiúil de bhun an ailt seo i ndáil leis an bhfáil a bheidh beartaithe agus nach mbeidh tarraingthe siar ina dhiaidh sin, tráchtaí an údaráis (más ann) ar an agóid agus cibé doiciméid agus mionsonraí eile a bheidh forordaithe. | |
| [EN] | (5) Ar thráchtaí an údaráis (más ann) dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a fháil, déanfaidh an tAire, trí fhógra a sheirbheálfar ar an duine a rinne an agóid, cóip de na tráchtaí sin a chur chuig an duine sin agus féadfaidh seisean a bharúlacha a chur in iúl don Aire i ndáil leis na tráchtaí sin, laistigh de lá is fiche ó dháta seirbheála an fhógra. | |
| [EN] | (6) Ar iarratas a fháil faoi fho-alt (4), i ndáil le haon láithreán tréigthe dá dtagraítear i bhfógra a fhoilseoidh údarás áitiúil faoi alt 15, féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis, a thoiliú a dheonú nó a dhiúltú chun an láithreán tréigthe go léir nó cuid de a fháil go héigeantach. | |
| [EN] |
Ordú dílseacháin. |
17. —(1) Más rud é, i ndáil le haon láithreán tréigthe a mbeidh forálacha alt 15 comhlíonta ina leith ag údarás áitiúil— |
| [EN] | (a) nach gcuirfear aon agóid faoi bhráid an údaráis áitiúil de réir alt 16, nó | |
| [EN] | (b) go ndéanfar aon agóid a chuirfear faoi bhráid an údaráis áitiúil mar a dúradh a tharraingt siar dá éis sin, nó | |
| [EN] | (c) go dtoilíonn an tAire leis an údarás áitiúil d'fháil an láithreáin go héigeantach, | |
| [EN] | féadfaidh an t-údarás áitiúil an láithreán tréigthe a fháil le hordú (dá ngairtear ordú dílseacháin san Acht seo). | |
| [EN] | (2) I gcás go dtagann údarás áitiúil, sula ndéanann siad ordú dílseacháin, ar an eolas go bhfuil an láithreán tréigthe atá le fáil leis an ordú faoi réir (go haonarach nó i dteannta talún eile) aon bhlianachta nó íocaíochta eile a íoctar le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an t-údarás áitiúil in iúl láithreach do Choimisiún Talún na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go bhfuil ar intinn acu an t-ordú a dhéanamh. | |
| [EN] | (3) Aon uair a dhéanfaidh údarás áitiúil ordú dílseacháin faoin alt seo, déanfaidh siad laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an t-ordú a dhéanamh— | |
| [EN] | (a) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a léitear laistigh dá limistéar feidhmiúcháin ina ndéarfar go ndearnadh an t-ordú, ina dtabharfar tuairisc ar an láithreán tréigthe lena mbaineann sé agus ina n-ainmneofar áit inar féidir cóip den ordú agus den léarscáil a ghabhann leis a fheiceáil gach tráth réasúnach, agus | |
| [EN] | (b) fógra a sheirbheáil ar gach duine ar dóigh leo leas a bheith aige sa láithreán tréigthe lena mbaineann an t-ordú, á rá go ndearnadh an t-ordú agus cad é éifeacht an ordaithe. | |
| [EN] |
Foirm agus éifeacht ordaithe dílseacháin agus clárú teidil a gheofar faoin ordú sin. |
18. —(1) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach ordú dílseacháin lena bhfaighidh údarás áitiúil aon láithreán tréigthe faoin Acht seo agus beidh léarscáil ag gabháil leis ar a dtaispeánfar an talamh lena mbaineann sé. |
| [EN] | (2) Beidh ordú dílseacháin sainráite agus oibreoidh sé chun an láithreán tréigthe lena mbaineann sé a dhílsiú don údarás áitiúil i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas d'aon chineál ar bith ar dháta sonraithe (dá ngairtear an dáta dílseacháin san Acht seo) tráth nach luaithe ná lá is fiche tar éis an t-ordú a dhéanamh. | |
| [EN] | (3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2), i gcás go mbeidh údarás áitiúil tar éis láithreán tréigthe a fháil le hordú dílseacháin is láithreán tréigthe a bheidh, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach cíos faoi chonradh tionóntachta, go huile, a bheidh inti) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann, nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an t-údarás chun bheith, agus beidh siad, amhail ón dáta a ndílseofar an láithreán tréigthe dóibh leis an ordú dílseacháin, faoi dhliteanas an tsuim bhliantúil, nó cibé cuid den chéanna a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, i leith an láíthreáin thréigthe amhail is dá mbeadh an láithreán tréigthe aistrithe ag úinéir an láithreáin chuig an údarás ar an dáta sin. | |
| [EN] | (4) Nuair a dhéanfaidh an t-údarás áitiúil ordú dílseacháin i ndáil le haon láithreán tréigthe, cuirfidh siad an t-ordú chuig an údarás clárúcháin agus air sin cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an t-údarás áitiúil a chlárú mar úinéir ar an talamh de réir an ordaithe. | |
| [EN] | (5) (a) Más rud é gur deimhin le húdarás áitiúil, ar iarratas ó aon duine leasmhar, go bhfuil earráid nó dearmad in ordú dílseacháin, cibé acu is iad an t-údarás áitiúil a rinne an t-ordú dílseacháin sin faoi deara é nó nach iad, féadfaidh an t-údarás áitiúil an t-ordú dílseacháin sin a leasú, le hordú, ar choinníoll go bhféadfar an earráid nó an dearmad sin a cheartú gan éagóir a dhéanamh ar aon duine. | |
| [EN] | (b) Má dhéanann údarás áitiúil ordú faoin bhfo-alt seo ag leasú ordú dílseacháin, déanfaidh an t-údarás clárúcháin, ar chóip den ordú leasaitheach sin a thaisceadh leo, an clár a cheartú ar cibé modh is gá chun go mbeidh an clár sin de réir an ordaithe leasaithigh sin. | |
| [EN] |
Cúiteamh. |
19. —(1) Más rud é, díreach sula ndéanfar ordú dílseacháin, go mbeidh aon eastát nó leas ag aon duine sa láithreán tréigthe a gheofar leis an ordú, nó aon cheart aige maidir leis an láithreán sin, féadfaidh an duine tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an t-ordú a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chun an údaráis áitiúil ar chúiteamh maidir leis an eastát, leis an leas nó leis an gceart, agus, faoi réir fho-alt (3), íocfaidh an t-údarás áitiúil air sin leis an duine ar mhodh cúitimh méid is comhionann le luach (más aon luach é) an eastáit, an leasa, nó an chirt. |
| [EN] | (2) Déanfar an cúiteamh a bheidh le híoc ag údarás áitiúil faoin alt seo maidir le haon eastát nó leas sa láithreán tréigthe nó le haon cheart maidir leis, a chinneadh, cheal comhaontaithe, trí eadráin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919. | |
| [EN] | (3) Más rud é, tar éis d'údarás áitiúil ordú dílseacháin a dhéanamh faoin Acht seo i ndáil le haon láithreán tréigthe, go mbeidh aon suim (lena n-áirítear aon suim i leith costas) dlite fós don údarás áitiúil ó dhuine ar bith ar mhodh tobhaigh ar láithreáin thréigthe nó ar scór ordú ó aon chúirt maidir le méid a íoc a bheidh dlite don údarás áitiúil faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile— | |
| [EN] | (a) más lú an tsuim réamhráite ná méid an chúitimh is iníoctha leis an duine faoin alt seo, laghdófar méid an chúitimh de mhéid na suime, agus | |
| [EN] | (b) mura lú an tsuim réamhráite ná méid an chúitimh réamhráite, ní bheidh an cúiteamh iníoctha. | |
| [EN] | (4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna n-oiriúnú leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, nó faoin Sceideal sin nó le haon Acht eile nó faoi, i ndáil le cúiteamh a bheidh le híoc ag údarás áitiúil faoin alt seo amhail is dá mba phraghas nó cúiteamh faoin Acht sin arna leasú amhlaidh an cúiteamh sin. | |
| [EN] | (5) Más rud é go n-íocfaidh an t-údarás áitiúil airgead isteach i gCúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna chur chun feidhme leis an alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an údarás sin le haon duine maidir le haon imeachtaí i leith an t-airgead sin a infheistiú, ioncam ar an airgead sin a íoc nó caipiteal an airgid sin a íoc. | |
| [EN] |
Úsáid láithreáin thréigthe a gheofar faoin Acht seo nó faoi achtachán eile. |
20. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil aon láithreán tréigthe a gheobhaidh siad faoin Acht seo, faoin Acht um Láithreáin Tréigthe, 1961 , nó faoin Acht um Láithreáin Tréigthe do Thógaint, 1940 , a úsáid chun aon críche a bhaineann lena bhfeidhmeanna. |
| [EN] | (2) Má tharlaíonn, aon tráth, nach mbeidh an t-iomlán, nó aon chuid, de láithreán tréigthe a gheofar faoin Acht seo, faoin Acht um Láithreáin Tréigthe, 1961 , nó faoin Acht um Láithreáin Tréigthe do Thógaint, 1940 , ag teastáil ón údarás áitiúil a gheobhaidh é, féadfaidh an t-údarás áitiúil, faoi réir aon rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, an t-iomlán, nó an chuid sin (de réir mar a bheidh), den láithreán tréigthe a dhíol, a ligean, a aistriú nó a mhalartú. |