An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Taifid Údarás Poiblí a Úsáid chun Críocha Staidrimh) Ar Aghaidh (CUID VI Cionta, Pionóis agus Fianaise)

21 1993

AN tACHT STAIDRIMH, 1993

CUID V

Faisnéis a Chosaint

Srianta ar úsáid faisnéise.

32. —Maidir leis an bhfaisnéis go léir a thabharfaidh duine, gnóthas nó údarás poiblí faoin Acht seo, ní úsáidfear í ach amháin chun staidreamh a thiomsú agus a anailísiú.

Toirmeasc ar nochtadh faisnéise.

33. —(1) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a gheofar in aon slí faoin Acht seo ná faoi na hachtacháin aisghairthe, ar faisnéis í is féidir a chur i mbaint le duine nó le gnóthas inaitheanta, a scaipeadh, a thaispeáint ná a chur in iúl d'aon duine ná d'aon chomhlacht, seachas le toiliú i scríbhinn ón duine sin nó ón ngnóthas sin nó ó ionadaí pearsanta nó neasghaol duine éagtha, ach amháin mar a leanas—

(a) chun críocha ionchúisimh i leith ciona faoin Acht seo;

(b) d'oifigigh staidrimh i gcúrsa a ndualgas faoin Acht seo;

(c) d'fhonn aon fhaisnéis den sórt sin a thaifeadadh chun úsáid na hOifige, agus chuige sin amháin, i cibé foirm agus modh dá bhforálfar le conradh i scríbhinn arna dhéanamh ag an Ard-Stiúrthóir, ar conradh é a chosnaíonn rúndacht na faisnéise chun a shástachta.

(2) Féadfaidh an Oifig, chun críocha staidrimh agus chuige sin amháin, cóid a shannadh a gheofar ó fhaisnéis arna bailiú faoin Acht seo chun gnóthais atá liostaithe i gcórais riaracháin údarás poiblí eile a aicmiú de réir earnálacha gníomhaíochta eacnamaíochta agus méide (daoine atá gafa).

(3) Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, cibé toirmisc bhreise a fhorordú ar nochtadh taifead nó faisnéise inaitheanta a gheofar faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe go ceann cibé tréimhsí a fhorordófar.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine ná gnóthas faisnéis a sholáthar i ndáil le ní ar lorgaíodh faisnéis maidir leis in imthosca a thabharfadh teideal don duine nó don ghnóthas diúltú an fhaisnéis a thabhairt uaidh in imeacht sibhialta in aon chúirt nó ar fhorais phribhléide.

Faisnéis nach inaitheanta a úsáid chun staidreamh a anailísiú.

34. —Féadfaidh an Oifig, chun críocha staidrimh agus chuige sin amháin, faisnéis a gheofar in aon slí faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe a sholáthar, i cibé foirm a fhágfaidh nach féidir í a chur i mbaint go díreach nó go neamhdhíreach le duine nó le gnóthas inaitheanta, do cibé daoine agus faoi réir cibé muirear, coinníollacha agus srianta a chinnfidh an tArd-Stiúrthóir.

Rochtain ar thaifid Daonáirimh tar éis 100 bliain.

35. —I gcás Daonáirimh a ghabhfar de láimh faoin Acht seo nó faoi na hachtacháin aisghairthe, scoirfidh srianta ailt 32 agus 33 den Acht seo d'fheidhm a bheith acu 100 bliain tar éis dáta an Daonáirimh iomchuí.