An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Forálacha Sonracha maidir le Comhionannas Idir Mná agus Fir) Ar Aghaidh (CUID V An tÚdarás Comhionannais)

21 1998

AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1998

CUID IV

Forálacha Sonracha maidir le Comhionannas idir Earnálacha eile Daoine

Na comparadóirí.

28. —(1) Chun críche na Coda seo, seasann “C” agus “D” do 2 dhuine a bhfuil an difríocht seo a leanas eatarthu:

(a) i ndáil leis an bhforas stádais pósta, tá stádais phósta éagsúla ag C agus D;

(b) i ndáil leis an bhforas stádais teaghlaigh, tá stádas teaghlaigh ag C agus níl ag D, nó vice versa;

(c) i ndáil leis an bhforas gnéaschlaonta, tá gnéaschlaonta éagsúla ag C agus D;

(d) i ndáil leis an bhforas creidimh, tá creidimh éagsúla ag C agus D nó tá creideamh ag C agus níl ag D, nó vice versa;

(e) i ndáil leis an bhforas aoise, ní ionann aois do C agus D;

(f) i ndáil leis an bhforas míchumais, is duine faoi mhíchumas é nó í C agus ní hamhlaidh do D, nó vice versa, nó is daoine iad C agus D atá faoi mhíchumais éagsúla;

(g) i ndáil leis an bhforas cine, tá C agus D éagsúil i dtaca le cine, le dath, le náisiúntacht nó le bunadh eitneach nó náisiúnta nó i dtaca le haon teaglaim de na tosca sin;

(h) i ndáil leis an bhforas lucht siúil, is duine den lucht siúil é nó í C agus ní hamhlaidh do D, nó vice versa.

(2) Sna forálacha sin ina dhiaidh seo den Chuid seo, déileálfar le haon tagairt do C agus D nach mbaineann le foras idirdhealaitheach sonrach mar thagairt do C agus D i gcomhthéacs gach ceann de na forais idirdhealaitheacha (seachas an foras inscne) arna bhreithniú ar leithligh.

(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo do dhaoine a bhfuil an tsainghné iomchuí chéanna acu is atá ag C (nó is atá ag D) a fhorléiriú faoi threoir an fhorais idirdhealaithigh a bhfuil feidhm ag an tagairt i ndáil leis nó, de réir mar a bheidh, i ndáil le gach ceann de na forais idirdhealaitheacha (seachas an foras inscne) ar leithligh, sa dóigh—

(a) i ndáil leis an bhforas stádais pósta, gurb éard atá sa tsainghné iomchuí ná an stádas pósta céanna a bheith acu is atá ag C (nó, de réir mar a bheidh, is atá ag D), agus

(b) i ndáil leis an bhforas stádais teaghlaigh, gurb éard atá sa tsainghné iomchuí ná an stádas teaghlaigh céanna nó an easpa chéanna stádais teaghlaigh a bheith acu is atá ag C (nó, de réir mar a bheidh, is atá ag D),

agus mar sin de maidir le gach ceann de na forais idirdhealaitheacha eile.

Teideal chun luach saothair chomhionainn.

29. —(1) Beidh téarma sa chonradh faoina mbeidh C fostaithe á rá go mbeidh C tráth ar bith, faoi réir an Achta seo, i dteideal an ráta chéanna luach saothair, as an obair a bhfuil C fostaithe chun í a dhéanamh, is atá D, a bheidh, an tráth sin nó tráth iomchuí ar bith eile, fostaithe ag an bhfostóir céanna nó ag fostóir comhlachaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh.

(2) Chun críocha fho-alt (1), i ndáil le tráth áirithe, is éard is tráth iomchuí ann tráth ar bith (lena n-áirítear tráth thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh) le linn na 3 bliana a ghabhann roimh an tráth áirithe nó na 3 bliana a leanann é.

(3) Chun críocha na Coda seo, i gcás gur fostóir comhlachaithe de chuid fhostóir C é nó í fostóir D, ní mheasfar C agus D a bheith fostaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh mura mbeidh na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta atá acu araon mar an gcéanna nó réasúnta inchomórtais lena chéile.

(4) Más rud é, i gcás téarma i gconradh fostaíochta nó critéir a bhfuil feidhm aige maidir le fostaithe (lena n-áirítear C agus D)—

(a) go bhfuil feidhm aige maidir le fostaithe uile fostóra áirithe nó le haicme áirithe de na fostaithe sin (lena n-áirítear C agus D),

(b) gur de chineál é a fhágann nach ionann luach saothair na bhfostaithe sin a chomhlíonann an téarma nó an critéar agus luach saothair na bhfostaithe nach gcomhlíonann é,

(c) gur de chineál é a fhágann gur lú go mór an cion d'fhostaithe ar féidir leo an téarma nó an critéar a chomhlíonadh i gcás na bhfostaithe a bhfuil an tsainghné iomchuí chéanna le C acu i gcomparáid leis na fostaithe a bhfuil an tsainghné iomchuí chéanna le D acu, agus

(d) nach féidir é a chosaint mar ní réasúnach in imthosca uile an cháis,

ansin, chun críocha fho-alt (1), measfar go gcomhlíonann C agus D araon nó, de réir mar a bheidh, nach gcomhlíonann C agus D araon an téarma nó an critéar, cibé cás acu as a dtagann an luach saothair is airde.

(5) Faoi réir fho-alt (4), ní choiscfidh aon ní sa Chuid seo ar fhostóir rátaí éagsúla luach saothair a íoc, ar fhorais seachas na forais idirdhealaitheacha, le fostaithe éagsúla.

Clásal comhionannais a bhaineann le saincheisteanna nach saincheisteanna inscne.

30. —(1) Mura bhfuil agus a mhéid nach bhfuil clásal comhionannais neamh-idirdhealaitheach ar áireamh (go sainráite nó faoi threoir comhaontaithe chomhchoitinn nó ar shlí eile) i dtéarmaí conartha fostaíochta, measfar clásal den sórt sin a bheith iontu.

(2) Is éard is clásal comhionannais neamh-idirdhealaitheach ann foráil a bhaineann le téarmaí conartha fostaíochta, seachas téarma a bhaineann le luach saothair nó le cearta pinsin, a bhfuil d'éifeacht léi, i gcás—

(a) C a bheith fostaithe in imthosca nach bhfuil difríocht ábhartha idir an obair a dhéanann C agus an obair a dhéanann D san fhostaíocht chéanna, agus

(b) maidir le conradh fostaíochta C, gurb amhlaidh aon tráth (murach an clásal comhionannais neamhidirdhealaitheach)—

(i) go mbeadh téarma ann atá nó a thiocfaidh chun bheith ina théarma is lú fabhar do C ná téarma dá shamhail i gconradh fostaíochta D, nó

(ii) nach mbeadh téarma ann atá ar comhréir le téarma i gconradh fostaíochta D a théann chun sochair do D,

ansin go ndéileálfar le téarmaí chonradh fostaíochta C mar théarmaí a bheidh modhnaithe ionas nach lú fabhar do C an téarma áirithe sin nó, de réir mar a bheidh, ionas go bhfuil téarma dá shamhail iontu a théann chun sochair do C.

(3) Ní oibreoidh clásal comhionannais neamh-idirdhealaitheach i ndáil le difríocht idir conradh fostaíochta C agus conradh fostaíochta D má chruthaíonn an fostóir go bhfuil an difríocht bunaithe dáiríre ar fhorais nach bhfuil ar áireamh sna forais a shonraítear i míreanna (a) go (h) d'alt 28(1).

(4) Gan dochar do ghinearáltacht alt 8 (1), i gcás go dtairgfidh duine fostaíocht ar théarmaí áirithe do C agus, dá nglacfadh C leis an tairiscint ar na téarmaí sin, go mbeadh d'éifeacht leis an gclásal comhionannais neamh-idirdhealaitheach i gconradh fostaíochta C na téarmaí a mhodhnú i gceachtar slí de na slite a shonraítear i bhfo-alt (2), measfar gurb ionann an tairiscint a dhéanamh agus idirdhealú in aghaidh C i ndáil le coinníollacha fostaíochta C ar cibé ceann de na forais idirdhealaitheacha is iomchuí maidir leis an difríocht (nó leis na difríochtaí) idir C agus D.

Idirdhealú neamhdhíreach.

31. —(1) Más rud é, maidir le foráil (cibé acu is de chineál ceanglais, cleachtais nó eile í) a bhaineann le fostaíocht—

(a) go bhfuil feidhm aici maidir le fostaithe uile nó le fostaithe ionchasacha uile fostóra áirithe a bhfuil C agus D ina measc nó, de réir mar a bheidh, le haicme áirithe de na fostaithe sin nó de na fostaithe ionchasacha sin a mbaineann C agus D léi,

(b) gur míbhuntáiste í do C, i gcomparáid le D, i ndáil le haon cheann de na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (e) d'alt 8(1),

(c) gur lú go mór an cion d'fhostaithe nó d'fhostaithe ionchasacha a bhfuil an tsainghné iomchuí chéanna le C acu agus ar féidir leo go praiticiúil an fhoráil a chomhlíonadh i gcomparáid leis na fostaithe nó leis na fostaithe ionchasacha a bhfuil an tsainghné chéanna le D acu, agus

(d) nach féidir í a chosaint mar ní réasúnach in imthosca uile an cháis,

ansin, faoi réir fho-ailt (4) agus (5), chun críocha an Achta seo, measfar idirdhealú a bheith á dhéanamh ag an bhfostóir in aghaidh C, contrártha d'alt 8, ar cibé ceann de na forais idirdhealaitheacha is bun leis na sainghnéithe iomchuí dá dtagraítear i mír (c).

(2) Más rud é, maidir le foráil (cibé acu is de chineál ceanglais, cleachtais nó eile í) a bhaineann le comhaltas i gcomhlacht rialaitheach—

(a) go bhfuil feidhm aici maidir leis na daoine go léir atá nó a d'fhéadfadh a bheith ina gcomhaltaí nó le haicme áirithe de na daoine sin a mbaineann C agus D léi,

(b) gur míbhuntáiste í do C, i gcomparáid le D, i ndáil le haon cheann de na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (e) d'alt 8(1),

(c) gur lú go mór an cion de na daoine atá nó a d'fhéadfadh a bheith ina gcomhaltaí a bhfuil an tsainghné iomchuí chéanna le C acu agus ar féidir leo go praiticiúil an fhoráil a chomhlíonadh i gcomparáid leis na daoine atá nó a d'fhéadfadh a bheith ina gcomhaltaí agus a bhfuil an tsainghné chéanna le D acu, agus

(d) nach féidir í a chosaint mar ní réasúnach in imthosca uile an cháis,

ansin, faoi réir fho-alt (5), chun críocha an Achta seo, measfar idirdhealú a bheith á dhéanamh ag an gcomhlacht rialaitheach in aghaidh C, contrártha d'alt 13, ar cibé ceann de na forais idirdhealaitheacha is bun leis na sainghnéithe iomchuí dá dtagraítear i mír (c).

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (1), fara na modhnuithe is gá—

(a) i ndáil le haon seirbhísí de chuid gníomhaireachta fostaíochta den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'alt 11(1) a sholáthar,

(b) i ndáil le páirteachas in aon chúrsa nó saoráid den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 12(1).

(4) Tá feidhm ag fo-alt (3) d'alt 8 chun críocha fho-alt (1) agus, a mhéid a bhaineann sé le fostóir, chun críocha fho-alt (5) mar atá feidhm aige chun críocha fho-ailt (4) go (8) den alt sin.

(5) Más rud é, maidir le foráil, gur de chineál í go measfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, fostóir nó comhlacht rialaitheach—

(a) a bheith, de bhua fho-alt (1)(2), ag déanamh idirdhealú in aghaidh pearsan aonair ar an bhforas stádais pósta nó ar an bhforas stádais teaghlaigh, agus

(b) a bheith, de bhua alt 22 , ag déanamh idirdhealú freisin in aghaidh na pearsan aonair céanna ar an bhforas inscne,

ní mheasfar go bhfuil an fostóir nó an comhlacht rialaitheach ag déanamh idirdhealú in aghaidh na pearsan aonair sin de bhua fho-alt (1) nó, de réir mar a bheidh, de bhua fho-alt (2).

Ciapadh san áit oibre etc.

32. —(1) Más rud é, in áit ina bhfuil C fostaithe (dá ngairtear “an áit oibre” san alt seo), nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht C, go ndéanfaidh pearsa aonair eile (“E”) ciapadh ar C faoi threoir shainghné iomchuí C agus—

(a) go bhfuil C agus E araon fostaithe san áit sin nó ag an bhfostóir céanna,

(b) gur fostóir C atá in E, nó

(c) gur cliant, custaiméir nó teagmhálaí gnó eile de chuid fhostóir C atá in E agus gur de chineál iad imthosca an chiaptha gur chóir le réasún go mbeadh bearta déanta ag fostóir C chun é a chosc,

ansin, chun críocha an Achta seo, is é atá sa chiapadh idirdhealú ag fostóir C i ndáil le coinníollacha fostaíochta C ar cibé foras idirdhealaitheach is iomchuí maidir le daoine a bhfuil an tsainghné iomchuí chéanna le C acu.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) ina fheidhm i ndáil leis an áit oibre agus le cúrsa fhostaíocht C, más rud é, i gcás go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha i míreanna (a) go (c) den fho-alt sin—

(a) go ndéanann E ciapadh ar C faoi threoir shainghné iomchuí C, cibé acu san áit oibre nó nach ea nó i gcúrsa fhostaíocht C nó nach ea, agus

(b) go ndéileáiltear ar bhealach éagsúil le C san áit oibre nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht C, nó go bhféadfaí le réasún coinne a bheith leis go ndéileálfaí amhlaidh le C, de bhrí go ndiúltaíonn C don chiapadh nó de bhrí go nglacann sé nó sí leis,

ansin, chun críocha an Achta seo, is é atá sa chiapadh idirdhealú ag fostóir C i ndáil le coinníollacha fostaíochta C ar cibé foras idirdhealaitheach is iomchuí maidir le daoine a bhfuil an tsainghné iomchuí chéanna le C acu.

(3) Tá feidhm ag alt 23 (4) i ndáil le fo-alt (1)(c) ach tagairt do C a chur in ionad aon tagartha do A.

(4) Ní bhaineann sé le hábhar, chun críocha an ailt seo, cibé acu—

(a) a sheasann E mar D i ndáil le C, nó

(b) atá an tsainghné iomchuí chéanna ag E is atá ag C,

agus folaíonn aon tagairt san alt seo do shainghné iomchuí C (nó don tsainghné iomchuí chéanna le C) tagairt don tsainghné a gcreideann E gurb í sainghné iomchuí C í.

(5) Chun críocha an Achta seo, is ciapadh ag E ar C aon ghníomh nó iompar de chuid E (lena n-áirítear, gan dochar don ghinearáltacht, briathra béil, gothaí nó táirgeadh, taispeáint nó scaipeadh focal scríofa, pictiúr nó ábhair eile) más gníomh nó iompar eile é nach bhfáiltíonn C roimhe agus go bhféadfaí le réasún a mheas, i ndáil le sainghné iomchuí C, gur ábhar coil, uiríslithe nó imeaglaithe é do C.

(6) Más rud é, de bharr aon ghnímh nó iompair de chuid E, go ndéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a mheas de bhua fho-alt (1) idirdhealú a bheith á dhéanamh in aghaidh C ag duine eile (“F”) ar fostóir C é nó í, is cosaint é do F a chruthú gur ghlac F cibé bearta is indéanta le réasún—

(a) i gcás lena mbaineann fo-alt (2), chun féachaint chuige nach ndéileálfaí ar bhealach éagsúil le C san áit oibre nó thairis sin i gcúrsa fhostaíocht C agus, má déileáladh agus a mhéid a déileáladh amhlaidh leis nó léi, chun a cuid éifeachtaí a fhreaschur, agus

(b) i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (cibé acu a bhaineann fo-alt (2) leis freisin nó nach mbaineann), chun E a chosc ar chiapadh a dhéanamh ar C (nó ar aon aicme daoine ar duine díobh C).

(7) San alt seo folaíonn “fostaithe”, i ndáil le pearsa aonair—

(a) aon seirbhís a chuireann gníomhaireacht fostaíochta ar fáil a lorg nó a úsáid, agus

(b) a bheith páirteach in aon chúrsa nó saoráid den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 12(1),

agus, dá réir sin, folaíonn aon tagairt d'fhostóir na pearsan aonair tagairt don ghníomhaireacht fostaíochta a mbeidh an tseirbhís á cur ar fáil aici nó, de réir mar a bheidh, don duine a bheidh ag tairiscint an chúrsa nó na saoráide.

(8) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (7) i ndáil le C, beidh éifeacht le fo-alt (1) amhail is dá gcuirfí “contrártha d'alt 11 nó, de réir mar a bheidh, d'alt 12” in ionad na bhfocal “i ndáil le coinníollacha fostaíochta C”.

Gníomhaíocht dhearfach a cheadú.

33. —(1) Ní choiscfidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II cibé bearta a dhéanamh a shonraítear i bhfo-alt (2) chun lánpháirtiú isteach i bhfostaíocht a éascú, cibé acu i gcoitinne nó i réimsí áirithe nó in áit oibre áirithe—

(a) le haghaidh daoine a bhfuil 50 bliain d'aois slánaithe acu,

(b) le haghaidh daoine faoi mhíchumas nó le haghaidh aon aicme nó tuairisce daoine den sórt sin, nó

(c) le haghaidh daoine den lucht siúil.

(2) Is iad na bearta a luaitear i bhfo-alt (1) na bearta atá ceaptha éifeachtaí an idirdhealaithe in aghaidh aon duine de na daoine dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) den fho-alt sin a laghdú nó deireadh a chur leo.

(3) Ní fhágfaidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II gur neamhdhleathach oiliúint nó taithí oibre a sholáthar, ag an Stát nó thar a cheann, do ghrúpa daoine faoi mhíbhuntáiste má dheimhníonn an tAire gur dócha, mura mbeadh an soláthar áirithe sin ann, nach bhfaigheadh an grúpa sin faoi mhíbhuntáiste oiliúint nó taithí oibre dá samhail.

Cosaintí agus eisceachtaí a bhaineann leis an teaghlach, le haois nó le míchumas.

34. —(1) Maidir leis na forais idirdhealaitheacha a shonraítear i míreanna (a) go (h) d'alt 28(1), ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II neamhdhleathach é d'fhostóir—

(a) sochar a chur ar fáil d'fhostaí i leith teagmhas a bhaineann le daoine de theaghlach an fhostaí nó le haon tuairisc daoine den sórt sin,

(b) sochar a chur ar fáil do dhuine nó i leith duine mar dhuine de theaghlach fostaí,

(c) sochar a chur ar fáil d'fhostaí, ar theagmhas tarlú, nó faoi threoir teagmhais, is cionsiocair le hathrú ar stádas pósta an fhostaí, nó

(d) sochar a chur ar fáil d'fhostaí a bhfuil stádas teaghlaigh aige nó aici, ar sochar é a bhfuil sé ceaptha é a úsáid chun cúram a thabhairt go díreach, nó cabhrú chun cúram a thabhairt, le linn uaireanta oibre, do dhuine a bhfuil freagracht ar an bhfostaí ina leith mar a luaitear i míreanna (a) agus (b) den mhíniú ar “stádas teaghlaigh” in alt 2 (1).

(2) I bhfo-alt (1) folaíonn “fostóir” gníomhaireacht fostaíochta, duine a thairgeann cúrsa gairmoiliúna mar a luaitear in alt 12 (1) agus comhlacht rialaitheach; agus dá réir sin folaíonn tagairtí d'fhostaí—

(a) duine a bhfuil aon seirbhís a chuireann an ghníomhaireacht fostaíochta ar fáil á lorg nó á húsáid aige nó aici,

(b) duine atá páirteach in aon chúrsa nó saoráid den sórt dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 12(1) agus

(c) duine is comhalta den chomhlacht rialaitheach.

(3) Ní fhágfaidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II gur neamhdhleathach idirdhealú a dhéanamh ar an bhforas aoise nó ar an bhforas míchumais in imthosca ina suífear go bhfuil fianaise shoiléir achtúireach nó eile ann go mbeadh costais a bheadh méadaithe go suntasach i gceist mura gceadófaí an t-idirdhealú sna himthosca sin.

(4) Gan dochar d'fho-alt (3), ní idirdhealú ar an bhforas aoise é aoiseanna éagsúla a shocrú le haghaidh fostaithe nó aon aicme nó tuairisc fostaithe do scor (cibé acu go saorálach nó go héigeantach).

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), ní idirdhealú ar an bhforas aoise é aois uasta d'earcaíocht a shocrú, i ndáil le aon phost, a chuirfidh san áireamh—

(a) aon chostas nó tréimhse ama a ghabhann le hearcach a oiliúint go dtí caighdeán ag a mbeidh an t-earcach éifeachtach sa phost sin, agus

(b) gur gá go mbeadh tréimhse réasúnach ama ann roimh aois scoir ina mbeidh an t-earcach éifeachtach sa phost sin.

(6) Más rud é, díreach roimh an lá iomchuí, go bhfuil socruithe i bhfeidhm maidir le luach saothair aois-choibhneasa in aon fhostaíocht, is leorchomhlíonadh ar an gCuid seo agus ar Chuid II é deireadh a bheith curtha leis na socruithe sin laistigh den tréimhse 3 bliana dar tosach an lá iomchuí.

(7) Ní idirdhealú ar an bhforas aoise é fostóir do chur na nithe seo a leanas ar fáil do dhaoine éagsúla—

(a) rátaí éagsúla luach saothair, nó

(b) téarmaí agus coinníollacha fostaíochta éagsúla,

má bhíonn an difríocht bunaithe ar a sinsireacht (nó ar a bhfad seirbhíse) faoi seach i bpost nó i bhfostaíocht áirithe.

(8) San alt seo ciallaíonn “an lá iomchuí” an lá a cheapfar le haghaidh theacht i ngníomh alt 29 .

Forálacha speisialta maidir le daoine faoi mhíchumas.

35. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II neamhdhleathach é d'fhostóir ráta áirithe luach saothair a chur ar fáil d'fhostaí faoi mhíchumas as obair de thuairisc áirithe a dhéanamh más rud é, mar gheall ar an míchumas sin, go bhfuil an fostaí srianta ina chumas nó ina cumas chun an méid céanna oibre a dhéanamh (nó chun na huaireanta céanna oibre a dhéanamh) le duine atá fostaithe chun obair den tuairisc sin a dhéanamh ach nach bhfuil faoin míchumas sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II neamhdhleathach é d'fhostóir nó d'aon duine eile cóir speisialta nó saoráidí speisialta a chur ar fáil do dhuine faoi mhíchumas más rud é maidir leis an an gcóir nó na saoráidí sin a chur ar fáil—

(a) go gcuireann sé ar chumas an duine sin nó go gcabhraíonn sé leis nó léi dul faoi ghairmoiliúint, a bheith páirteach i bpróiseas roghnóireachta nó obair a dhéanamh, nó

(b) go gcuireann sé timpeallacht oiliúna nó oibre ar fáil don duine sin a bheidh in oiriúint don mhíchumas, nó

(c) go gcabhraíonn sé ar shlí eile leis an duine sin i ndáil le gairmoiliúint nó le hobair.

(3) Más rud é, de bhua fho-alt (1)(2), go bhfaigheann D, mar dhuine faoi mhíchumas, ráta áirithe luach saothair nó, de réir mar a bheidh, cóir speisialta nó saoráidí speisialta, ní bheidh C, mar dhuine nach bhfuil faoi mhíchumas, nó atá faoi mhíchumas eile, i dteideal an ráta luach saothair sin, na córa sin nó na saoráidí sin faoin Acht seo.

Is dleathach ceanglais áirithe a fhorchur.

36. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II neamhdhleathach é aon fhoráil (cibé acu is de chineál ceanglais, cleachtais nó eile í) den sórt a luaiter i bhfo-alt (2) a chur i bhfeidhm—

(a) maidir le hoifig a shealbhú faoin Stát nó i seirbhís an Stáit (lena n-áirítear an Garda Síochána agus Óglaigh na hÉireann) nó ar shlí eile mar státseirbhíseach, de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 , nó

(b) maidir le hoifigigh nó seirbhísigh d'údarás áitiúil, chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , d'údarás cuain, do bhord sláinte nó do choiste gairmoideachais.

(2) Is iad na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) na forálacha sin a bhaineann le gach ceann nó le haon cheann díobh seo a leanas:

(a) cónaí;

(b) saoránacht;

(c) inniúlacht sa Ghaeilge.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II neamhdhleathach é aon fhoráil (cibé acu is de chineál ceanglais, cleachtais nó eile í) a chur i bhfeidhm i ndáil le hinniúlacht sa Ghaeilge i leith múinteoirí i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II neamhdhleathach é a cheangal, i ndáil le post áirithe—

(a) go mbeidh cáilíocht shonraithe oideachais, theicniúil nó ghairmiúil ag duine, ar cáilíocht í a nglactar go ginearálta léi sa Stát le haghaidh post den tuairisc sin, nó

(b) go ndéanfar faisnéis maidir le haon cháilíocht seachas cáilíocht shonraithe den sórt sin a thabhairt ar aird agus a mheas.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II neamhdhleathach é do chomhlacht a rialaíonn dul le gairm, gairm bheatha nó slí bheatha, nó seoladh gairme, gairme beatha nó slí beatha, a cheangal ar dhuine a bheidh ag seoladh na gairme, na gairme beatha nó na slí beatha sin nó ar mian leis nó léi dul leis an ngairm, leis an ngairm bheatha nó leis an tslí bheatha sin cáilíocht shonraithe oideachais, theicniúil nó eile is cuí sna himthosca a bheith aige nó aici.

(6) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo gur dleathach idirdhealú a dhéanamh ar an bhforas inscne.

Idirdhealú ar fhorais ar leith i bhfostaíochtaí áirithe a eisiamh.

37. —(1) Maidir le foras creidimh, oideachais nó leighis atá faoi rialú nó faoi urláimh comhlachta arna bhunú chun críocha creidimh nó a n-áirítear ina chuspóirí seirbhísí a sholáthar i dtimpeallacht a chuireann luachanna áirithe creidimh chun cinn, ní mheasfar idirdhealú a bheith á dhéanamh aige in aghaidh duine chun críocha na Coda seo nó Chuid II más rud é—

(a) go ndéileálann sé ar bhealach níos fabhraí, ar an bhforas creidimh, le fostaí nó le fostaí ionchasach ná mar a dhéileálann sé leis an duine sin i gcás gur réasúnach sin a dhéanamh d'fhonn aetas creidimh an fhorais a chothú, nó

(b) go ndéanann sé aon bheart is gá le réasún chun a chosc ar fhostaí nó ar fhostaí ionchasach an bonn a bhaint ó aetas creidimh an fhorais.

(2) Níl feidhm ag aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II maidir le hidirdhealú in aghaidh C i leith fostaíochta i bpost áirithe más idirdhealú é a thig as tosaíocht a thabhairt do D ar an bhforas gur cáilíocht ghairme nó gurb ionann agus cáilíocht ghairme í sainghné iomchuí D le haghaidh an phoist áirithe sin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), maidir le hidirdhealú ar an bhforas aoise, ar an bhforas míchumais nó ar an bhforas cine, measfar gur cáilíocht ghairme le haghaidh poist í sainghné iomchuí D más rud é, ar fhorais fiseolaíochta nó ar fhorais fíre chun críche siamsaíochta—

(a) go gceanglaíonn nádúr an phoist duine a bheith ann a bhfuil an tsainghné iomchuí chéanna le D aige nó aici, agus

(b) go mbeadh difríocht ábhartha i nádúr an phoist dá mba dhuine nach bhfuil an tsainghné iomchuí sin aige nó aici a líonfadh é.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), maidir le hidirdhealú ar an bhforas creidimh nó ar an bhforas cine, measfar gur cáilíocht ghairme le haghaidh poist í sainghné iomchuí D i gcás gur gá gur ag D a bheadh an post mar gur dóigh go mbeadh i gceist leis an bpost sin dualgais a chomhlíonadh lasmuigh den Stát in áit arb amhlaidh do na dlíthe nó do na gnásanna ann nach bhféadfadh, le réasún, duine nach bhfuil an tsainghné iomchuí sin aige nó aici nó, de réir mar is gá sa chás, duine a bhfuil sainghné iomchuí de chuid C aige nó aici, na dualgais sin a chomhlíonadh.

(5) Maidir leis na forais idirdhealaitheacha a shonraítear i míreanna (a) go (h) d'alt 28(1), níl feidhm ag aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II maidir le fostú aon duine chun críocha teaghlaigh phríobháidigh.

(6) Maidir le hidirdhealú ar an bhforas aoise nó ar an bhforas míchumais, níl feidhm ag aon ní sa Chuid seo nó i gCuid II maidir le fostaíocht—

(a) in Óglaigh na hÉireann,

(b) sa Gharda Síochána, nó

(c) sa tseirbhís príosún.