|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann) | Ar Aghaidh (CUID IV Caighdeáin Sábháilteachta Bia a Fhorfheidhmiú) |
AN tACHT UM ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III Bord, Coiste Eolaíochta, Coistí, Príomhfheidhmeannach agus Foireann an Údaráis | |
| [EN] |
Comhaltas Bhord an Údaráis agus téarma oifige na gcomhaltaí. |
31. —(1) Beidh Bord ann, ar a dtabharfar Bord Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, chun feidhmeanna an Údaráis a stiúradh agus a chur i gcrích de réir an Achta seo agus déanfaidh sé leordhóthanacht na gcóras a bheidh i bhfeidhm chun na críche sin a dheimhniú dó féin agus, thairis sin, déanfaidh sé oibriú an Údaráis a bhainistiú agus a athbhreithniú. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord. | |
| [EN] | (3) Beidh ar an mBord cathaoirleach agus 9 ngnáthchomhalta, a mbeidh cathaoirleach an Choiste Eolaíochta ar dhuine acu. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an tAire, nuair a bheidh gnáthchomhalta den Bhord á cheapadh nó á ceapadh aige nó aici, tréimhse comhaltais an chomhalta sin, ar tréimhse í nach faide ná 5 bliana, a shocrú agus, faoi réir an ailt seo, beidh an comhaltas ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire. | |
| [EN] | (5) Beidh ceathrar de ghnáthchomhaltaí an Bhoird a cheapfar faoi fho-alt (2) i seilbh oifige ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana ó dháta a gceaptha de réir mar a chinnfidh an tAire. | |
| [EN] | (6) Féadfaidh comhalta den Bhord, aon tráth, éirí as bheith ina chomhalta nó ina comhalta trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a shonrófar sa litir nó ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Bhord a chur as oifig mar chomhalta den Bhord más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe nó más dealraitheach don Aire gur gá é nó í a bhriseadh as comhaltas le go gcomhlíonfadh an tÚdarás feidhmeanna an Údaráis go héifeachtach. | |
| [EN] | (8) Scoirfidh comhalta den Bhord de bheith, agus beidh, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord sin más rud é, maidir leis an gcomhalta sin— | |
| [EN] | (a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í, | |
| [EN] | (b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, | |
| [EN] | (c) go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi, nó | |
| [EN] | (d) go ndícháileofar é nó í chun bheith, nó go srianfar é nó í ó bheith, ina stiúrthóir d'aon chuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990). | |
| [EN] | (9) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Bhord bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go scoirfidh sé nó sí, go dtiocfaidh sé nó sí faoi dhícháilíocht nó go gcuirfear as oifig é nó í, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Bhord ba chúis leis an gcorrfholúntas. Déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh laistigh de 2 mhí ón tráth a gcuirfear an folúntas in iúl don Aire. | |
| [EN] | (10) Beidh comhalta den Bhord a rachaidh a thréimhse nó a tréimhse comhaltais in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha mar chomhalta den Bhord. | |
| [EN] | (11) Déanfaidh an tAire, a mhéid is indéanta, cóimheá chothromasach idir fir agus mná a chinntiú i gcomhdhéanamh an Bhoird. | |
| [EN] |
Cathaoirleach an Bhoird. |
32. —(1) Is é 5 bliana téarma oifige Chathaoirleach an Bhoird. |
| [EN] | (2) Má scoireann cathaoirleach an Bhoird de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord scoirfidh sé nó sí freisin, air sin, de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an mBord. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird, aon tráth, éirí as a oifig nó as a hoifig mar chathaoirleach le litir a sheolfar chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as, mura dtarraingeofar siar roimhe sin i scríbhinn é, ag tosach an chéad chruinnithe den Bhord a bheidh ann tar éis don Aire an t-éirí as a chur in iúl don Bhord. | |
| [EN] | (4) Beidh cathaoirleach an Bhoird, mura n-éagfaidh sé nó sí roimhe sin nó mura scoirfidh sé nó sí ar shlí eile de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach de bhua fho-alt (2) nó (3), i seilbh oifige go dtí deireadh a thréimhse nó a tréimhse comhaltais den Bhord agus, má athcheaptar é nó í mar chomhalta den Bhord, beidh sé nó sí in-athcheaptha mar chathaoirleach ar an mBord. | |
| [EN] |
Cruinniú den Bhord. |
33. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an tAire, i gcomhairle le cathaoirleach an Bhoird, am an chéad chruinnithe den Bhord a shocrú. | |
| [EN] | (3) 4 is córam do chruinniú den Bhord. | |
| [EN] | (4) Ag cruinniú den Bhord— | |
| [EN] | (a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus | |
| [EN] | (b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá gcuid comhaltaí chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | |
| [EN] | (5) Ag cruinniú den Bhord, beidh vóta ag gach comhalta den Bhord a bheidh i láthair, lena n-áirítear an cathaoirleach, agus maidir le haon cheist ar gá vótáil ina leith chun tuairim an Bhoird ar an ní a shuíomh, déanfar í a chinneadh le tromlach vótaí chomhaltaí an Bhoird a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh dara vóta is vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | |
| [EN] | (6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí. | |
| [EN] | (7) Faoi réir an Achta seo, rialálfaidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird. | |
| [EN] |
An Coiste Eolaíochta. |
34. —(1) A luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, déanfaidh an Bord coiste (“an Coiste Eolaíochta”) a bhunú chun cúnamh agus comhairle a thabhairt don Bhord i ndáil le nithe de chineál eolaíoch a tharchuirfidh an Bord chuige agus chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an alt seo a chomhlíonadh. |
| [EN] | (2) 15 chomhalta ar a mhéad a bheidh sa Choiste Eolaíochta. | |
| [EN] | (3) Glacfaidh an Coiste Eolaíochta rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh stiúradh a chuid cruinnithe agus a ghníomhaíochtaí i gcoitinne agus cuirfidh sé na rialacha agus na nósanna imeachta sin faoi bhráid an Bhoird lena cheadú a fháil ina leith. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, comhaltaí an Choiste Eolaíochta (lena n-áirítear an cathaoirleach) a cheapadh. | |
| [EN] | (5) Déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an mBord, nuair a bheidh comhalta den Choiste Eolaíochta á cheapadh nó á ceapadh aige nó aici— | |
| [EN] | (a) tréimhse comhaltais comhalta den sórt sin a shocrú, | |
| [EN] | (b) téarmaí a chomhaltais nó a comhaltais a shocrú, | |
| [EN] | (c) aird a thabhairt ar an réimse cáilíochtaí agus taithí is gá chun feidhmeanna an Choiste Eolaíochta a chomhall go cuí agus go héifeachtach, agus go háirithe, aird a thabhairt ar cháilíochtaí agus ar thaithí den sórt sin i ndáil le sábháilteacht bia agus sláinteachas, agus | |
| [EN] | (d) a chinntiú, a mhéid is indéanta, go mbeidh cóimheá chothromasach idir fir agus mná in aon cheapacháin. | |
| [EN] | (6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), tabharfaidh an Coiste Eolaíochta comhairle don Bhord, i gcás ina n-iarrfaidh an Bord an chomhairle sin, i dtaobh nithe a bhaineann leis an méid seo a leanas— | |
| [EN] | (a) ceisteanna eolaíocha agus teicniúla a bhaineann le sábháilteacht bia agus sláinteachas, | |
| [EN] | (b) seirbhísí iniúchta bia a chur chun feidhme agus a riaradh, agus | |
| [EN] | (c) luach cothaitheach nó cion cothaitheach bia. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an Bord tréimhse a shonrú ar laistigh di a thabharfaidh an Coiste Eolaíochta comhairle i dtaobh nithe a tharchuirfear chuig an gCoiste Eolaíochta. | |
| [EN] | (8) Ní ghníomhóidh an Bord i dtaobh aon ní a bheidh tarchurtha chuig an gCoiste Eolaíochta aige go dtí go mbeidh comhairle faighte ón gCoiste Eolaíochta ag an mBord i dtaobh an ní laistigh den tréimhse ama a shonróidh an Bord. | |
| [EN] | (9) Féadfaidh an Coiste Eolaíochta, tar éis na himpleachtaí buiséadacha agus na himpleachtaí eile ó thaobh acmhainní a shuíomh go feadh a chumais agus tar éis— | |
| [EN] | (a) comhairle a thabhairt don Bhord i dtaobh aon ní a tharchuirfidh an Bord chuige, cibé imscrúdú, measúnacht, taighde nó scrúdú eile nó breise is cuí leis an gCoiste Eolaíochta, i leith an ní, a ghabháil de láimh, nó | |
| [EN] | (b) scéala a thabhairt don Bhord ar dtús, imscrúdú, measúnacht nó scrúdú is cuí leis an gCoiste Eolaíochta, ar aon ní a bhaineann le sábháilteacht bia agus sláinteachas, a thionscnamh. | |
| [EN] | (10) I gcás go ndéanfaidh an Coiste Eolaíochta aon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (9) a ghabháil de láimh nó a thionscnamh, féadfaidh an Bord teorainn ama a leagan síos ar laistigh di a gheobhaidh sé comhairle an Choiste Eolaíochta agus ní dhéanfaidh an Bord aon bheart i leith an ábhair a ghabhfar de láimh nó a thionscnófar amhlaidh, nó i ndáil leis, go dtí go mbeidh an teorainn ama sin éagtha nó go mbeidh comhairle faighte, cibé acu is túisce a tharlóidh. | |
| [EN] | (11) I gcás nach mbeidh teorainn ama den sórt sin leagtha síos ag an mBord ar laistigh di a gheobhaidh sé comhairle an Choiste Eolaíochta ar aon ní a bheidh gafa de láimh nó tionscanta aige faoi fho-alt (9), féadfaidh an Bord, dá rogha féin, moill a chur ar aon bheart i leith an ábhair a bheidh gafa de láimh nó tionscanta, nó i ndáil leis, nó aon bheart den sórt sin a chur siar, go dtí go mbeidh comhairle ón gCoiste Eolaíochta tugtha dó. | |
| [EN] | (12) Tabharfaidh an Coiste Eolaíochta comhairle faoin alt seo don Bhord trí chathaoirleach an Choiste Eolaíochta. | |
| [EN] | (13) Féadfaidh an Bord an chomhairle a thabharfaidh an Coiste Eolaíochta faoin alt seo a fhoilsiú. | |
| [EN] |
Fochoistí. |
35. —(1) Féadfaidh an Bord nó, de réir mar is cuí, an Coiste Eolaíochta fochoistí a bhunú ó am go ham chun comhairle a thabhairt dó, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta daoine ag a bhfuil eolas agus taithí speisialta a bhaineann le críocha an fhochoiste a cheapadh ar fhochoiste a bhunófar faoin alt seo. | |
| [EN] | (3) Maidir le ceapadh duine ar fhochoiste a bhunófar faoin alt seo, beidh sé faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta, aon tráth, fochoiste a bhunóidh sé faoin alt seo a dhíscaoileadh. | |
| [EN] | (5) Maidir le gníomhartha fochoiste a bhunófar faoin alt seo, beidh siad faoi réir a ndaingnithe ag an mBord nó ag an gCoiste Eolaíochta, de réir mar is cuí, mura rud é go ligfidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta ar ceal an gá atá le daingniú. | |
| [EN] | (6) Féadfaidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta nós imeachta fochoiste a bhunófar faoin alt seo a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh fochoiste a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil. | |
| [EN] | (7) Déanfaidh an Bord nó, de réir mar a bheidh, an Coiste Eolaíochta, a chinntiú go mbeidh cóimheá chothromasach idir fir agus mná i gcomhdhéanamh fochoiste a bhunóidh sé faoin alt seo. | |
| [EN] |
Luach saothair agus liúntais. |
36. —Féadfar cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí an Bhoird (lena n-áirítear an cathaoirleach) agus le comhaltaí den Choiste Eolaíochta agus d'aon fhochoiste a bhunófar faoi alt 35 i leith caiteachas a thabhóidh siad. |
| [EN] |
Príomhfheidhmeannach an Údaráis. |
37. —(1) Beidh príomhoifigeach ar an Údarás ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an príomhfheidhmeannach. |
| [EN] | (2) Is é an Bord a cheapfaidh an príomhfheidhmeannach agus féadfaidh an Bord é nó í a chur as oifig aon tráth ar chúiseanna sonraithe le toiliú an Aire. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an Bord. | |
| [EN] | (4) Beidh an príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ar feadh cibé téarma agus de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a chinnfidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an mBord agus le toiliú an Aire Airgeadais agus íocfar é nó í as airgead a bheidh ar láimh ag an Údarás de réir alt 24 . | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach tograí a chur faoi bhráid an Bhoird i dtaobh aon ní a bhaineann le gníomhaíochtaí an Údaráis. | |
| [EN] | (6) Ní bheidh an príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ná poist ar bith eile ná ní sheolfaidh sé nó sí gnó ar bith gan toiliú an Bhoird. | |
| [EN] | (7) Ní bheidh an príomhfheidhmeannach ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord ná den Choiste Eolaíochta ná d'fhochoiste a bhunófar faoi alt 35 , ach féadfaidh sé nó sí, de réir nósanna imeachta a bhunóidh an Bord, freastal ar chruinnithe den Bhord, den Choiste Eolaíochta nó d'aon fhochoistí den sórt sin agus beidh sé nó sí i dteideal labhairt agus comhairle a thabhairt don chruinniú iomchuí. | |
| [EN] |
Foireann an Údaráis. |
38. —(1) Féadfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Údaráis. |
| [EN] | (2) Is é an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a chinnfidh na gráid d'fhoireann an Údaráis agus an líon foirne i ngach grád agus an leibhéal cuí luach saothair le haghaidh gach gráid. | |
| [EN] | (3) Maidir le comhalta d'fhoireann an Údaráis— | |
| [EN] | (a) íocfar leis nó léi, as airgead a dhéanfar a airleacan don Údarás de réir alt 24 , cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé nó sí de réir mar a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, agus | |
| [EN] | (b) beidh sé nó sí i seilbh oifige nó fostaíochta ar feadh cibé téarma agus de réir agus faoi réir cibé coinníollacha eile (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a chinnfidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an mBord agus le toiliú an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (4) Gach duine is comhalta d'fhoireann an iar-Údaráis díreach roimh an lá bunaithe, déanfar, an lá sin, é nó í a aistriú chuig foireann an Údaráis agus beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis. | |
| [EN] | (5) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, fad a bheidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) i seirbhís an Údaráis, ní lú an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le seilbh oifige) a gcuirfear é nó í faoina réir ná an scála pá a raibh sé nó sí ina theideal agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá bunaithe. | |
| [EN] | (6) Féadfar comhalta d'fhoireann gníomhaireachta oifigiúla, ar duine é nó í, nó ar d'aicme daoine é nó í, a bheidh ainmnithe chun na críche ag an Aire den Rialtas nó ag duine eile ar a bhfuil freagracht sa ghníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, agus faoi réir fho-alt (7) i gcoitinne agus faoi réir thoiliú an Aire den Rialtas ar a bhfuil freagracht sa ghníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, a aistriú chuig an Údarás. | |
| [EN] | (7) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn agus comhlachais aitheanta lena mbaineann agus leis an ngníomhaireacht oifigiúil iomchuí lena mbaineann, agus le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, fad a bheidh comhalta d'fhoireann gníomhaireachta oifigiúla a aistreofar chuig foireann an Údaráis faoi fho-alt (6) i seirbhís an Údaráis, ní lú an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le seilbh oifige) a gcuirfear é nó í faoina réir ná an scála pá a raibh sé nó sí ina theideal agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach sular aistríodh é nó í. | |
| [EN] |
Aoisliúntas. |
39. —(1) Déanfaidh an tÚdarás scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí d'fhoireann an Údaráis, nó i leith cibé comhaltaí d'fhoireann an Údaráis, is cuí leis. |
| [EN] | (2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníochta leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine. | |
| [EN] | (3) Féadfar gach scéim den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le scéim iardain a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo. | |
| [EN] | (4) Maidir le scéim a chuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, déanfaidh an Bord í a chur i gcrích de réir a téarmaí. | |
| [EN] | (5) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoi scéimeanna faoin alt seo do dhaoine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina gcomhaltaí d'fhoireann an iar-Údaráis, agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú an fabhar a bhainfidh leo do na daoine sin ná iad sin a raibh siad ina dteideal díreach roimh an lá sin. | |
| [EN] | (6) Ní dheonóidh an tÚdarás sochar aoisliúntais ar bith ná ní dhéanfaidh an tÚdarás comhshocraíochtaí ar bith eile chun sochar den sórt sin a chur ar fáil do chomhalta d'fhoireann an Údaráis ná i leith comhalta d'fhoireann an Údaráis ar dhóigh seachas de réir scéime faoin alt seo nó le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (7) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, nó i dtaobh mhéid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean nó sise chun an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (8) Más rud é, sa tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch díreach roimh thosach feidhme scéime faoin alt seo, go mbeidh sochar aoisliúntais le híoc le duine a aistríodh chuig foireann an Údaráis faoi alt 38 , nó i leith duine den sórt sin, déanfaidh an tÚdarás an sochar a ríomh de réir cibé scéime, nó cibé achtacháin i ndáil le haoisliúntas, a raibh feidhm aici nó acu maidir leis an duine díreach roimh an lá bunaithe agus, chun na críche sin, déanfar a sheirbhís inphinsin nó a seirbhís inphinsin leis an Údarás a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin agus íocfaidh an tÚdarás an sochar aoisliúntais sin. | |
| [EN] | (9) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
| [EN] |
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa, d'údarás áitiúil nó de bhord sláinte. |
40. —(1) I gcás, maidir le comhalta den Bhord— |
| [EN] | (a) go ndéanfar é nó í a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
| [EN] | (b) go ndéanfar é nó í a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, | |
| [EN] | (c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | (d) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil, nó | |
| [EN] | (e) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord boird sláinte, | |
| [EN] | scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord. | |
| [EN] | (2) I gcás, maidir le comhalta d'fhoireann an Údaráis— | |
| [EN] | (a) go ndéanfar é nó í a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, | |
| [EN] | (b) go ndéanfar é nó í a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó | |
| [EN] | (c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | beidh sé nó sí air sin ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht leis an Údarás agus ní íocfaidh an tÚdarás leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás, luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an t-ainmniú nó an toghadh sin, nó an tráth a measfar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh), agus dar críoch an tráth a mbeidh scortha aige nó aici de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach sin nó de bheith ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint sin. | |
| [EN] | (3) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó a bheidh ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal nó ina chomhalta nó ina comhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord, nó ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis. | |
| [EN] | (4) Aon duine is comhalta d'údarás áitiúil nó de bhord boird sláinte, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord. | |
| [EN] | (5) Ní dhéanfaidh an tÚdarás duine ar bith a bheadh dícháilithe thairis sin faoin alt seo chun teacht chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord a fhostú nó a áirithiú in aon cháil ach amháin le ceadú an Bhoird. | |
| [EN] | (6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar ní a thoirmiscfidh, i measc nithe eile, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a áireamh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon sochar aoisliúntais. | |
| [EN] |
Dearbhú leasanna. |
41. —(1) Ar é nó í a bheith ceaptha, déanfaidh an príomhfheidhmeannach, gach comhalta den Bhord agus gach comhalta den Choiste Eolaíochta dearbhú i scríbhinn ar a leasanna a thabhairt don Aire i cibé foirm a shonróidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais. |
| [EN] | (2) Ar é nó í a bheith ceaptha, déanfaidh gach sainchomhairleoir agus gach fostaí de chuid an Údaráis ag grád nó ag leibhéal a shonrófar roimh an gceapadh ag an mBord, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, agus déanfaidh gach comhalta d'aon fhochoiste a bhunófar faoi alt 35 agus a ainmneoidh an Bord i dtaca leis sin, dearbhú ar a leasanna a thabhairt i scríbhinn do chathaoirleach an Bhoird agus, laistigh de 3 mhí ó thráth an dearbhaithe sin, déanfaidh an cathaoirleach leasanna dearbhaithe agus ainmneacha na ndaoine a thabharfaidh na dearbhuithe a chur in iúl don Bhord agus don Aire. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh duine lena mbaineann fo-alt (1) nó (2), fad a bheidh sé nó sí i seilbh a cheapacháin nó a ceapacháin, a dhearbhuithe leasanna nó a dearbhuithe leasanna a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar a cheanglóidh an tAire nó an Bord, de réir mar a bheidh, i dtaca le haon athrú sna leasanna a bheidh ar teachtadh ag an duine. | |
| [EN] | (4) (a) Déanfar ráiteas ar na leasanna a dhearbhófar faoi fho-alt (1) a chur san áireamh sa chéad tuarascáil eile a ullmhófar de réir alt 25 (1) tar éis an dearbhú a dhéanamh agus déanfar aon athrú ina dhiaidh sin i ndearbhú a chur san áireamh freisin i ráiteas sa chéad tuarascáil eile a bheidh ar fáil. | |
| [EN] | (b) Comhaontóidh an cathaoirleach, an tAire agus an tAire Airgeadais foirm agus comhthéacs an ráitis a bheidh le cur san áireamh sa tuarascáil sin. | |
| [EN] | (c) D'ainneoin fhorálacha mhír (b), ní gá méid ná luach airgid aon leasa, ná luach saothair ó aon trádáil, gairm nó fostaíocht a bheidh san áireamh sa ráiteas, a shonrú i ráiteas sa tuarascáil sin. | |
| [EN] | (5) I gcás go mainneoidh duine lena mbaineann fo-alt (1) dearbhú a thabhairt de réir an fho-ailt sin, cinnfidh an tAire an gníomh cuí (lena n-áirítear cur as oifig) a bheidh le déanamh. | |
| [EN] | (6) I gcás go mainneoidh duine lena mbaineann fo-alt (2) dearbhú a thabhairt de réir an fho-ailt sin, cinnfidh an Bord an gníomh cuí (lena n-áirítear cur as oifig nó conradh a fhoirceannadh) a bheidh le déanamh. | |
| [EN] | (7) San alt seo: | |
| [EN] | folaíonn “fostaíocht”— | |
| [EN] | (a) fostaíocht lánaimseartha, | |
| [EN] | (b) fostaíocht pháirtaimseartha íoctha, i gcás go mbeidh an fhostaíocht sin ar siúl i mbliain an cheaptha nó go n-éiríonn sí i mblianta ina dhiaidh sin, | |
| [EN] | (c) fostaíocht shealadach íoctha, ar fostaíocht í ar feadh tréimhse 16 seachtaine nó níos mó i mbliain an cheaptha nó i mblianta ina dhiaidh sin, nó | |
| [EN] | (d) a bheith ar áirithiú faoi chonradh, go díreach nó go neamhdhíreach, in aon cháil mar chomhairleoir, sainchomhairleoir nó brústocaire, nó chun seirbhísí a chur ar fáil; | |
| [EN] | ag gnó bia nó i ngnó bia; | |
| [EN] | folaíonn “gnó bia”— | |
| [EN] | (a) aon ghnó a dhíolann bia go díreach leis an bpobal, a dháileann bia go díreach ar an bpobal nó a mhargaíonn bia go díreach don phobal (lena n-áirítear lónadóirí agus miondíoltóirí), | |
| [EN] | (b) aon ghnó a ghabhann do bhia a dháileadh, a iompar, a allmhairiú, a onnmhairiú, a stóráil nó a mhórdhíol, nó | |
| [EN] | (c) bia a phróiseáil agus a phacáistiú, | |
| [EN] | agus measfar gur gnó bia é i gcás gur trian, ar a laghad, de láimhdeachas an ghnó atá sa ghníomhaíocht i ndáil le bia; | |
| [EN] | folaíonn “leasanna”— | |
| [EN] | (a) fostaíocht leo seo a leanas nó thar a gceann— | |
| [EN] | (i) gnó bia, | |
| [EN] | (ii) aon eagraíocht atá ionadaitheach do ghnóthaí bia, nó | |
| [EN] | (iii) aon eagraíocht atá ionadaitheach do tháirgeoirí bia, | |
| [EN] | (b) úinéireacht gnó bia, | |
| [EN] | (c) úinéireacht talún talmhaíochta a úsáideann an páirtí lena mbaineann le haghaidh bia a tháirgeadh lena dhíol, go díreach nó trí pháirtí eile, leis an tomhaltóir, nó i dtaca leis sin, | |
| [EN] | (d) scaireanna i ngnó bia, bannaí nó bintiúir de chuid gnó bia nó infheistíochtaí eile dá samhail i ngnó bia, i gcás gur mó ná £7,000 comhiomlán na sealúchas sin, | |
| [EN] | (e) stiúrthóireacht nó stiúrthóireacht fholaitheach (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990) i ngnó bia, atá ar teachtadh i láthair na huaire nó a bhí ar teachtadh i rith an dá bhliain roimhe sin, nó | |
| [EN] | (f) bronntanais taistil, laethanta saoire, iompair, airgid (de bhreis ar £500) nó sochair eile, lena n-áirítear sochair ó aon leas tairbhiúil i ngnó bia nó i dtalamh talmhaíochta nó i dtaca leis an gcéanna, i rith an dá bhliain roimhe sin, a fuair an duine atá á cheapadh nó á ceapadh nó a fuair céile an duine sin; | |
| [EN] | folaíonn “úinéireacht”— | |
| [EN] | (a) aon leas dílseánaigh i dtalamh talmhaíochta nó i ngnó bia, cibé acu is leas ruílse, léasach nó tairbhiúil an leas, agus beidh feidhm aige, | |
| [EN] | (b) i gcás nach mbeidh an leas ar teachtadh ach ag an duine a bheidh á cheapadh nó á ceapadh nó go mbeidh an leas ar teachtadh i bpáirt le duine amháin eile nó níos mó, agus | |
| [EN] | (c) i gcás inar £15,000 nó níos mó luach an leasa tráth an cheaptha. | |
| [EN] |
Nochtadh leasanna. |
42. —(1) I gcás go mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile in aon ní, nó atá ábhartha le haon ní, a bheidh le breithniú ag an mBord, ag an gCoiste Eolaíochta nó ag fochoiste arna bhunú faoin Acht seo, de réir mar a bheidh, ag an bpríomhfheidhmeannach, ag comhalta den Bhord, ag comhalta d'fhoireann an Údaráis, ag comhalta den Choiste Eolaíochta nó d'fhochoiste arna bhunú faoi alt 35 , nó ag sainchomhairleoir, comhairleoir nó duine eile a bheidh ar fostú ag an Údarás— |
| [EN] | (a) déanfaidh sé nó sí an cineál leasa atá aige nó aici a nochtadh don Bhord, don Choiste Eolaíochta nó don fhochoiste, de réir mar a bheidh, sula ndéanfar an ní a bhreithniú in aon slí, | |
| [EN] | (b) ní dhéanfaidh sé nó sí tionchar a imirt, ná ní fhéachfaidh le tionchar a imirt, ar chinneadh i ndáil leis an ní, | |
| [EN] | (c) ní ghlacfaidh sé nó sí páirt ar bith in aon bhreithniú ar an ní, | |
| [EN] | (d) más príomhfheidhmeannach, nó comhalta den Bhord, d'fhoireann an Údaráis, den Choiste Eolaíochta nó d'fhochoiste arna bhunú faoin Acht seo é nó í, tarraingeoidh sé nó sí siar ón gcruinniú fad a bheidh an ní á phlé nó á bhreithniú ag an mBord, ag an gCoiste Eolaíochta nó ag fochoiste arna bhunú faoin Acht seo, de réir mar a bheidh, agus ní vótálfaidh sé nó sí ná ní ghníomhóidh sé nó sí mar phríomhfheidhmeannach nó comhalta den sórt sin i ndáil leis an ní. | |
| [EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine más rud é— | |
| [EN] | (a) gur comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní dá dtagraítear san fho-alt sin, nó ag a bhfuil leas tairbhiúil atá ábhartha le ní dá dtagraítear san fho-alt sin, é nó í nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach, nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá cuid nó de chuid aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach, | |
| [EN] | (b) go bhfuil sé nó sí nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach i gcomhpháirtíocht le duine nó ar fostú ag duine ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní den sórt sin, nó ag a bhfuil leas tairbhiúil atá ábhartha le ní den sórt sin, | |
| [EN] | (c) gur páirtí é nó í nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (cibé acu infheidhmithe nó nach ea) maidir le talamh lena mbaineann ní den sórt sin, nó | |
| [EN] | (d) go bhfuil leas tairbhiúil ag aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach i ní den sórt sin nó leas táirbhiúil atá ábhartha le ní den sórt sin. | |
| [EN] | (3) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ní, nó leas atá ábhartha le haon ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht eile nó duine eile dá dtagraítear i bhfo-alt (2) atá chomh cianda nó chomh beagthábhachtach sin agus nach féidir a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine agus é nó í ag breithniú nó ag plé aon cheiste i leith an ní nó ag vótáil ar aon cheist i leith an ní, nó ag comhlíonadh aon fheidhme i ndáil leis an ní sin. | |
| [EN] | (4) I gcás ina n-éireoidh ceist i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe ag duine, dá ndéanfadh sé nó sí dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, is é an Bord a chinnfidh an cheist agus déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann. | |
| [EN] | (5) I gcás go ndéanfar nochtadh don Bhord, don Choiste Eolaíochta nó d'fhochoiste de bhun fho-alt (1), déanfar sonraí an nochta a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann. | |
| [EN] | (6) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi. | |
| [EN] |
Nochtadh faisnéise. |
43. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní dhéanfaidh duine, gan toiliú an Bhoird, faisnéis ar bith a gheobhaidh sé nó sí agus é nó í ag comhlíonadh dualgas (nó de thoradh dualgais a bheith comhlíonta aige nó aici)— |
| [EN] | (a) mar chomhalta den Bhord, | |
| [EN] | (b) mar chomhalta d'fhoireann an Údaráis (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach), | |
| [EN] | (c) mar chomhalta den Choiste Eolaíochta, nó d'fhochoiste arna bhunú faoi alt 35 , nó | |
| [EN] | (d) mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don Údarás, | |
| [EN] | ná a gheofar ag comhlíonadh conartha seirbhíse, a nochtadh. | |
| [EN] | (2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi. | |
| [EN] | (3) Ní chuirfidh aon ní i bhfo-alt (1) cosc le nochtadh faisnéise i dtuarascáil a thabharfar don Bhord nó a thabharfaidh an tÚdarás, nó a thabharfar thar ceann an Údaráis, don Aire. |