|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Bord, Coiste Eolaíochta, Coistí, Príomhfheidhmeannach agus Foireann an Údaráis) | Ar Aghaidh (CUID V An t-iarÚdarás a Dhíscaoileadh) |
AN tACHT UM ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV Caighdeáin Sábháilteachta Bia a Fhorfheidhmiú | |
| [EN] |
Tosach feidhme Chuid IV. |
44. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. |
| [EN] |
Cumhacht an Údaráis caighdeáin sábháilteachta bia i reachtaíocht bia a fhorfheidhmiú. |
45. —Faoi réir alt 57 , in aon reachtaíocht bia a rithfear nó a dhéanfar roimh an lá bunaithe, measfar gur feidhm de chuid an Údaráis aon fheidhmeanna de chuid gníomhaireachta oifigiúla i ndáil le forfheidhmiú na reachtaíochta. |
| [EN] |
Iniúchtaí, etc. ar bhia. |
46. —Chun críocha alt 11 , cuirfidh an tÚdarás an méid seo a leanas i gcrích nó socróidh sé go gcuirfear an méid seo a leanas i gcrích thar a cheann faoi alt 48 : |
| [EN] | (a) áitreabh agus trealamh, lena n-áirítear áitreabh nó trealamh a úsáidtear i dtaca le monarú, próiseáil, diúscairt, iompar agus stóráil bia, a iniúchadh, a cheadú, a cheadúnú nó a chlárú, | |
| [EN] | (b) bia, lena n-áirítear comhábhair bia, a iniúchadh, a shampláil agus a anailísiú, agus | |
| [EN] | (c) lipéadú bia a iniúchadh agus a anailísiú, | |
chun comhlíonadh reachtaíochta bia a chinneadh. | ||
| [EN] |
Iniúchtaí breise. |
47. —Chun críocha alt 11 , agus i dteannta na gcumhachtaí iniúchta faoi reachtaíocht bia nó faoi alt 46 , féadfaidh an tÚdarás, i gcás cúinse áirithe a shainaithneoidh oifigeach údaraithe agus ar cúinse é atá ar mhaithe le sábháilteacht bia agus sláinteachas, cibé iniúchtaí breise a mheasfaidh sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhall faoin Acht seo a chur i gcrích nó féadfaidh sé socrú a dhéanamh go gcuirfear iniúchtaí den sórt sin i gcrích agus, a mhéid is indéanta, déanfaidh an tÚdarás aon iniúchtaí den sórt sin a chur i gcrích, nó cuirfear i gcrích iad thar ceann an Údaráis, i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis. |
| [EN] |
Conarthaí seirbhíse. |
48. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, chun a fheidhmeanna faoi alt 46 a chur i gcrích, conradh a dhéanamh (“conradh seirbhíse”)— |
| [EN] | (a) i gcás aon reachtaíochta bia a luaitear sa Chéad Sceideal tráth an Achta seo a rith, leis an ngníomhaireacht oifigiúil a bheidh freagrach díreach roimh thosach feidhme alt 45 i bhforfheidhmiú na gcaighdeán sin sa reachtaíocht sin, | |
| [EN] | (b) i gcás aon reachtaíochta bia a luaitear sa Chéad Sceideal agus a chuirfear isteach le hordú faoi alt 5 tar éis an tAcht seo a rith, leis an ngníomhaireacht oifigiúil a bheidh freagrach díreach roimh an ordú a dhéanamh (nó, i gcás go mbeidh foráil maidir le tosach feidhme san ordú, díreach roimh a thosach feidhme) i bhforfheidhmiú na gcaighdeán sin sa reachtaíocht sin, nó | |
| [EN] | (c) leis an ngníomhaireacht oifigiúil iomchuí i ndáil le haon reachtaíocht bia a rithfear nó a dhéanfar tar éis an lae bunaithe agus a measfar gur reachtaíocht bia í chun críocha an Achta seo. | |
| [EN] | (2) Aon ghníomhaireacht oifigiúil a bheidh ag comhlíonadh feidhmeanna faoi chonradh seirbhíse, beidh sí ag gníomhú thar ceann an Údaráis agus mar ghníomhaire don Údarás. | |
| [EN] | (3) Sonróidh an tÚdarás na nithe seo a leanas do ghníomhaireacht oifigiúil a mbeartaíonn sé conradh seirbhíse a dhéanamh léi— | |
| [EN] | (a) na cuspóirí agus na spriocanna i leith iniúchtaí bia ar mian leis go mbainfeadh an ghníomhaireacht oifigiúil amach iad, ag féachaint do na hacmhainní atá ar fáil don ghníomhaireacht oifigiúil, | |
| [EN] | (b) an tréimhse ama ar laistigh di is mian leis go mbainfear na spriocanna agus na cuspóirí amach, agus | |
| [EN] | (c) aon ní eile a mheasfaidh an tÚdarás is gá. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh gníomhaireacht oifigiúil a bheartaíonn conradh seirbhíse a dhéanamh leis an Údarás na meáin trína mbeartaíonn sí na spriocanna agus na cuspóirí sin a bhaint amach, lena n-áirítear na hacmhainní a mbeartaíonn sí leas a bhaint astu le linn an conradh seirbhíse a chomhlíonadh, a chur in iúl don Údarás. | |
| [EN] | (5) Beidh conradh seirbhíse i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach lú ná 3 bliana agus féadfar, ar iarraidh ó cheachtar páirtí, é a chur faoi réir athbhreithnithe i rith na tréimhse sin. | |
| [EN] | (6) Foilseoidh an tÚdarás aon chonradh seirbhíse laistigh de 3 mhí ó thráth a dhéanta. | |
| [EN] | (7) Foilseoidh an tÚdarás, laistigh de 3 mhí, na hathruithe ar chonradh, agus na cúiseanna leis na hathruithe sin, ar athruithe iad a éireoidh as aon athbhreithniú a chuirfear i gcrích de réir fho-alt (5). | |
| [EN] | (8) Déanfaidh an ghníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, laistigh de 3 mhí ó dheireadh gach bliana den chonradh, tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil don Údarás, nó ar iarraidh ón Údarás, tuarascálacha níos minice ná sin, i dtaobh chur i bhfeidhm an chonartha seirbhíse agus féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis é, tuarascálacha den sórt sin a fhoilsiú. | |
| [EN] | (9) Déanfaidh an tÚdarás cibé bearta is cuí leis chun a chinneadh an bhfuil iniúchtaí á gcur i gcrích go leormhaith ag gníomhaireacht oifigiúil faoi chonradh seirbhíse. | |
| [EN] | (10) Déanfaidh gníomhaireacht oifigiúil a chuirfidh in iúl don Údarás nach mian léi conradh seirbhíse a dhéanamh nó a athnuachan leis an Údarás an tAire a chur ar an eolas a luaithe is féidir, tríd an Aire den Rialtas nó trí dhuine eile ar a bhfuil freagracht sa ghníomhaireacht oifigiúil, á rá go bhfuil curtha in iúl aici amhlaidh agus tabharfaidh sí cúiseanna lena sonrú. | |
| [EN] | (11) Soláthróidh gníomhaireacht oifigiúil, a dhéanfaidh conradh seirbhíse, na hacmhainní is gá chun an conradh a chomhlíonadh. | |
| [EN] | (12) I gcás go mainneoidh gníomhaireacht oifigiúil conradh seirbhíse a dhéanamh nó, gurb é tuairim an Údaráis nach bhfuil gníomhaireacht oifigiúil tar éis a cuid oibleagáidí go léir nó cuid shuntasach nó cuid ábhartha dá cuid oibleagáidí faoi chonradh seirbhíse a chomhlíonadh, déanfaidh an tÚdarás, gan mhoill agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire den Rialtas nó le duine eile ar a bhfuil freagracht sa ghníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, cibé socruithe a chur ar bun a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun ábhar an chonartha seirbhíse a bheidh i gceist a chomhlíonadh. | |
| [EN] | (13) Féadfaidh an tÚdarás tuarascáil speisialta a thabhairt don Aire i gcásanna ina dtarlaíonn neamhchomhlíonadh iomlán nó neamhchomhlíonadh suntasach conartha seirbhíse agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de thuarascáil den sórt sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] |
Oifigigh údaraithe. |
49. —(1) Féadfaidh an Bord nó an príomhfheidhmeannach daoine a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an Bord nó an príomhfheidhmeannach aon duine a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina oifigeach údaraithe nó ina hoifigeach údaraithe ar feadh tréimhse socraithe chun críocha fhorálacha uile nó aon cheann d'fhorálacha an Achta seo. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh gníomhaireacht oifigiúil, i gcás conradh seirbhíse a bheith déanta aici leis an mBord, daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críche an chonartha sin agus déanfaidh sí, a luaithe is féidir, aon cheapachán den sórt sin a chur in iúl don Údarás agus beidh na cumhachtaí go léir atá ar fáil d'oifigigh údaraithe faoin Acht seo ag na daoine sin le linn conradh seirbhíse a bheith á chomhlíonadh acu. | |
| [EN] | (4) Déanfaidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht oifigiúil, de réir mar a bheidh, barántas a cheaptha nó a ceaptha mar oifigeach údaraithe a thabhairt do gach oifigeach údaraithe a cheapfar faoin alt seo, agus nuair a bheidh aon chumhacht a thugtar dó nó di leis an alt seo mar oifigeach údaraithe á feidhmiú aige nó aici déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéantar difear dó nó di amhlaidh, an barántas nó cóip de a thabhairt ar aird don duine sin. | |
| [EN] | (5) Scoirfidh ceapachán faoin alt seo mar oifigeach údaraithe— | |
| [EN] | (a) i gcás ceapacháin a dhéanfaidh an Bord nó an príomhfheidhmeannach, má dhéanann an Bord nó an príomhfheidhmeannach, de réir mar a bheidh, an ceapachán a chúlghairm, | |
| [EN] | (b) i gcás ceapacháin a dhéanfaidh gníomhaireacht oifigiúil, má fhoirceanntar an conradh seirbhíse iomchuí, | |
| [EN] | (c) más i gcomhair tréimhse socraithe é, ar éag don tréimhse sin, nó | |
| [EN] | (d) más oifigeach de chuid gníomhaireachta oifigiúla nó oifigeach de chuid an Údaráis an duine a cheapfar, ar scor dó nó di de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach den sórt sin. | |
| [EN] |
Cumhachtaí oifigeach údaraithe. |
50. —(1) Gan dochar d'fhorálacha aon reachtaíochta bia, féadfaidh oifigeach údaraithe, chun aon fhaisnéis a fháil is gá chun a chumasú don Údarás a fheidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo nó do ghníomhaireacht oifigiúil a feidhmeanna a fheidhmiú faoi chonradh seirbhíse— |
| [EN] | (a) a cheangal ar aon fhostaí de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla, ar iarfhostaí de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla nó ar aon duine ar áirithiú ar shlí eile ag gníomhaireacht oifigiúil ar bhonn reatha nó san am atá caite, nó ar aon duine a sheolann nó a sheol aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht lena mbaineann an tAcht seo nó ar aon duine ar fostú ar bhonn reatha nó san am atá caite i dtaca leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin cibé taifid a thabhairt ar aird dó nó di, agus i gcás faisnéis den sórt sin a bheith i bhfoirm neamh-inléite, í a atáirgeadh i mbuanfhoirm inléite, nó cibé faisnéis a thabhairt dó nó di a theastóidh ón oifigeach le réasún i ndáil le haon iontrálacha sna taifid sin, | |
| [EN] | (b) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh, faoi réir fho-alt (2), a mbeidh foras réasúnach ann chun a chreidiúint ina leith go seoltar nó gur seoladh aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht ann i dtaca le táirgeadh, próiseáil, diúscairt, monarú, onnmhairiú, allmhairiú, stóráil, dáileadh nó díol bia, nó go gcoimeádtar taifid ann i ndáil le trádáil, gnó nó gníomhaíocht den sórt, agus an t-áitreabh, agus aon taifid san áitreabh nó air, a chuardach agus a iniúchadh, | |
| [EN] | (c) aon áitreabh nó aon chuid d'aon áitreabh den sórt sin ina gcoimeádtar taifid den sórt sin nó a bhfuil foras réasúnach ann chun a chreidiúint go gcoimeádtar taifid den sórt sin ann a dhaingniú lena iniúchadh ina dhiaidh sin, | |
| [EN] | (d) aon taifid den sórt sin a iniúchadh, cóipeanna a thógáil díobh nó sleachta a thógáil astu (lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóip den fhaisnéis sin, nó sliocht as an bhfaisnéis sin, i mbuanfhoirm inléite), | |
| [EN] | (e) na taifid sin a thabhairt chun siúil agus a choimeád ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach lena scrúdú tuilleadh, | |
| [EN] | (f) a cheangal ar dhuine dá dtagraítear i mír (a) aon fhaisnéis a thabhairt don oifigeach a theastóidh ón oifigeach le réasún maidir leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht nó maidir leis na daoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht nó atá ar fostú i dtaca leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin, | |
| [EN] | (g) a cheangal ar aon duine dá dtagraítear i mír (a) a úsáideann nó a d'úsáid trealamh sonraí, nó a n-úsáidtear nó ar úsáideadh trealamh sonraí thar a cheann nó thar a ceann, i ndáil le gnó de réir bhrí mhír (b) nó ar aon duine atá i bhfeighil trealaimh sonraí nó aon ghairis nó ábhair ghaolmhair nó a mbeidh baint aige nó aici ar shlí eile le hoibriú an chéanna, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach i ndáil lena úsáid ina leith sin, | |
| [EN] | (h) aon duine eile is fostaí, nó ab fhostaí, de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla nó atá nó a bhí ar áirithiú ag an Údarás nó ag gníomhaireacht oifigiúil nó atá nó a bhí fostaithe i dtaca leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht atá faoi scrúdú ag an Údarás nó ag a ghníomhaire, de bhua conartha seirbhíse, a thoghairm aon tráth réasúnach chun aon fhaisnéis a éileoidh an t-oifigeach le réasún maidir leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin a thabhairt don oifigeach agus aon taifid a bheidh i gcumhacht nó faoi urláimh an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach. | |
| [EN] | (2) Ní rachaidh oifigeach údaraithe, seachas le toiliú an áititheora, isteach i dteaghais phríobháideach mura mbeidh barántas faighte aige nó aici ón gCúirt Dúiche faoi fho-alt (4) lena n-údarófar dul isteach amhlaidh. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh oifigeach údaraithe, má mheasann sé nó sí é a bheith riachtanach, a cheangal ar chomhalta den Gharda Síochána cabhrú leis nó léi agus le linn aon chumhachtaí a chomhlíonadh a thugtar d'oifigeach údaraithe leis an Acht seo ar cumhacht í lena ngabhann briseadh isteach in áitreabh nó aon ghníomh eile a fhágfaidh gur gá forneart a úsáid ina leith agus gur dleathach forneart a úsáid ina leith, agus déanfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána a gceanglófar amhlaidh air nó uirthi, ach amháin i gcás go mbeidh leithscéal réasúnach aige nó aici, an ceanglas a chomhlíonadh. | |
| [EN] | (4) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann i dtaobh faisnéis a theastaíonn ó oifigeach údaraithe faoin alt seo a bheith á coimeád in aon áitreabh, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú d'oifigeach údaraithe, agus oifigigh údaraithe eile nó comhalta den Gharda Síochána in éineacht leis nó léi más cuí, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ón dáta a eiseofar an barántas, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh air nó uirthi é, dul isteach san áitreabh sin, le forneart réasúnach más gá, agus gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach údaraithe faoin alt seo a fheidhmiú. | |
| [EN] | (5) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ceanglas (seachas ceanglas faoi fho-alt (3)) a dhéanfaidh oifigeach údaraithe faoin Acht seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
| [EN] | (6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (5), dlífear— | |
| [EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
| [EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
| [EN] | (7) I gcás go leanfaidh duine, tar éis a chiontaithe nó a ciontaithe i gcion faoi fho-alt (5), den fhoráil sin a shárú, beidh sé nó sí ciontach i gcion ar gach uile lá a leanfaidh an sárú sin agus maidir le gach cion den sórt sin— | |
| [EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air nó uirthi, nó | |
| [EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £15,000 a chur air nó uirthi. | |
| [EN] | (8) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe agus é nó í ag feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin Acht seo nó a thabharfaidh faisnéis d'oifigeach údaraithe is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
| [EN] |
Samplaí a thógáil. |
51. —(1) Chun críocha iniúchtaí bia a bheidh le déanamh ag an Údarás nó thar ceann an Údaráis, agus gan dochar do sholáthar aon reachtaíochta bia a bhaineann le sampláil agus anailísiú bia, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás— |
| [EN] | (a) rialacháin a dhéanamh— | |
| [EN] | (i) maidir le samplaí a ghlacadh de bhia nó d'ábhair nó d'earraí a úsáidtear nó a bheartaítear lena n-úsáid le linn bia nó earraí is seachtháirgí de mhonarú bia a ullmhú nó a mhonarú (lena n-áirítear pacáistiú agus innealra), agus | |
| [EN] | (ii) chun a chumasú tástálacha, scrúduithe agus anailísithe a dhéanamh ar na samplaí sin, | |
| [EN] | (b) tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíochta— | |
| [EN] | (i) an deimhniú nó an fhianaise eile a bheidh le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúdaithe nó anailísithe a dhéanfar de réir na rialachán sin, agus | |
| [EN] | (ii) na daoine nó na haicmí daoine ag a mbeidh agus dá mbeidh an deimhniú nó an fhianaise sin le tabhairt, | |
| [EN] | a fhorordú. | |
| [EN] | (2) Maidir le haon deimhniú nó le haon fhianaise eile a chuirfear ar fáil de réir rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (1) nó de réir reachtaíochta iomchuí bia, is fianaise prima facie é nó í i leith thoradh aon tástála, scrúdaithe nó anailísithe ar shampla agus, go dtí go suífear a mhalairt, glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis an deimhniú nó leis an bhfianaise sin, maidir leis na samplaí sin, mar fhianaise ar thoradh na tástála, an scrúdaithe nó an anailísithe sin agus go ndearnadh an tástáil, an scrúdú nó an t-anailísiú sin faoi réim agus de réir an Achta seo nó aon reachtaíochta bia eile. | |
(3) Aon duine a chuirfidh bac ar dhuine a bheidh údaraithe ag an Údarás chun samplaí a ghlacadh faoi rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi. | ||
| [EN] |
Fógraí agus orduithe feabhsúcháin. |
52. —(1) Más é tuairim oifigigh údaraithe— |
| [EN] | (a) maidir le haon ghníomhaíocht ag aon áitreabh (nó cuid d'áitreabh agus lena n-áirítear aon áitreabh ar thailte atá tadhlach leis an áitreabh nó le hais an áitribh) ar gníomhaíocht í lena ngabhann láimhsiú, ullmhú, próiseáil, monarú, dáileadh, stóráil nó díol bia, nó | |
| [EN] | (b) maidir leis an mbail atá ar aon áitreabh (nó ar chuid d'áitreabh agus lena n-áirítear aon áitreabh nó tailte atá tadhlach leis an áitreabh nó le hais an áitribh) a bhfuil na gníomhaíochtaí sin á gcur i gcrích aige, ann nó air, | |
| [EN] | gur de chineál í, má leanann sí ar aghaidh, go gcuirfidh sí sláinte an phobail i mbaol nó gur dóigh di sláinte an phobail a chur i mbaol, féadfaidh an t-oifigeach, tar éis dul i gcomhairle leis an bpríomhfheidhmeannach nó le cibé oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, fógra (“fógra feabhsúcháin”) a bheidh sínithe ag an oifigeach nó ag an bpríomhfheidhmeannach nó ag an oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, agus ina luafar gurb é sin a thuairim nó a tuairim, a sheirbheáil ar an dílseánach nó ar an duine atá i bhfeighil, nó féadfaidh sé nó sí socrú a dhéanamh go seirbheálfar amhlaidh é, agus maidir leis an bhfógra— | |
| [EN] | (i) sainaithneofar ann an ghníomhaíocht nó an fabht san áitreabh (nó sa chuid den áitreabh) is cúis leis an mbaol, | |
| [EN] | (ii) ceanglófar leis go ndéanfar gníomh feabhais agus, más cuí, sonrófar ann cineál nó sonraí an ghnímh feabhais sin, | |
| [EN] | (iii) sonrófar ann teorainn ama ar laistigh di a bheidh an gníomh feabhais le críochnú nó le cur i ngníomh, agus | |
| [EN] | (iv) beidh ar áireamh ann aon cheanglais eile a measfaidh an t-oifigeach údaraithe gur gá iad sna himthosca áirithe. | |
| [EN] | (2) Seirbheálfar fógra feabhsúcháin ar an dílseánach nó ar an duine atá i bhfeighil an áitribh agus beidh éifeacht leis láithreach nó, de réir mar is cuí, ó dháta a shonrófar san fhógra agus cuirfear aon seirbheáil den sórt sin in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach nó comhalta d'fhoireann an Údaráis nó comhalta den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord i dtaca leis seo fógra feabhsúcháin arna dhéanamh de réir an ailt seo a chúlghairm nó a athrú, ar chúiseanna sonraithe, agus cuirfear aon chúlghairm nó athrú den sórt sin, agus na cúiseanna leis, in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil. | |
| [EN] | (4) I gcás nach gcomhlíonfar fógra feabhsúcháin nó nach gcomhlíonfar é chun sástacht oifigigh údaraithe, féadfaidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht oifigiúil ordú (“ordú feabhsúcháin”) a lorg ón gCúirt Dúiche a dhíreofar chuig an dílseánach nó chuig an duine atá i bhfeighil, á ordú dó nó di an fógra feabhsúcháin a chomhlíonadh agus sonrófar ann— | |
| [EN] | (a) an obair feabhais a bheidh le déanamh, | |
| [EN] | (b) an teorainn ama chun an obair feabhais a chríochnú nó a chur i ngníomh, agus | |
| [EN] | (c) cibé ceanglas eile, más ann, a mheasfaidh an Chúirt is cuí. | |
| [EN] | (5) Forálfar le hordú feabhsúcháin go bhféadfaidh an tÚdarás nó an ghíomhaireacht oifigiúil ordú dúnta a sheirbheáil— | |
| [EN] | (a) i gcás nach gcomhlíonfar an t-ordú feabhsúcháin laistigh den am a shonrófar san ordú feabhsúcháin, nó | |
| [EN] | (b) i gcás imthosca a bheith ann a bheidh sonraithe san ordú feabhsúcháin agus a éireoidh roimh dheireadh na teorann ama a bheidh sonraithe san ordú feabhsúcháin, ar imthosca iad a fhágann gur ceart ordú dúnta a sheirbheáil. | |
| [EN] | (6) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an Údarás ná ar an ngníomhaireacht oifigiúil ordú dúnta a sheirbheáil aon tráth i leith aon áitribh a bheidh faoi réir fógra feabhsúcháin más rud é, i dtuairim oifigigh údaraithe, go n-éilíonn na himthosca ordú dúnta a sheirbheáil. | |
| [EN] |
Orduithe dúnta. |
53. —(1) Más é tuairim oifigigh údaraithe go bhfuil contúirt thromaí láithreach ann, nó gur dóigh go mbeidh contúirt thromaí láithreach ann, do shláinte an phobail ag aon áitreabh nó ag aon chuid d'áitreabh den sórt sin, nó ann nó air, nó i gcás nach féidir leis an oifigeach údaraithe, mar gheall ar aon bhac, leibhéal aon chontúirte den sórt sin, más ann, nó a mhéid atá contúirt den sórt sin ann, a shuíomh chun a shástachta nó chun a sástachta, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dul i gcomhairle leis an bpríomhfheidhmeannach nó le cibé oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin fógra (“ordú dúnta”) a bheidh sínithe ag an oifigeach nó ag an bpríomhfheidhmeannach nó ag an oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, agus ina luafar gurb é sin a thuairim nó a tuairim, a sheirbheáil ar an dílseánach nó ar an duine atá i bhfeighil an áitribh, nó féadfaidh sé nó sí socrú a dhéanamh go seirbheálfar amhlaidh é agus, de réir mar is cuí— |
| [EN] | (a) luafar san ordú gurb é tuairim an oifigigh údaraithe gur ceart an t-áitreabh, nó an chuid den áitreabh lena mbaineann an t-ordú, a dhúnadh, | |
| [EN] | (b) sonrófar san ordú na nithe arb é a thuairim nó a tuairim ina leith gurb iad is cúis leis an mbaol sin nó, de réir mar a bheidh, gur dóigh gurb iad is cúis leis an mbaol sin, | |
| [EN] | (c) i gcás gurb é a thuairim nó a tuairim go bhfuil sárú nó, de réir mar a bheidh, go mbeidh sárú ar aon chuid den reachtaíocht bia i gceist leis na nithe sin, luafar san ordú gurb é sin a thuairim nó a tuairim, sonrófar ann an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige nó aici ina leith, agus tabharfar ann sonraí na gcúiseanna go bhfuil an tuairim sin aige nó aici, agus | |
| [EN] | (d) ordófar leis an ordú go ndúnfar an t-áitreabh mura ndéanfar, agus go dtí go ndéanfar, na nithe a bheidh sonraithe san ordú de bhun mhír (b), agus aon sárú gaolmhar ar fhorálacha a bheidh sonraithe amhlaidh de bhun mhír (c), a leigheas. | |
| [EN] | (2) Cuirfear seirbheáil ordaithe dúnta in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil. | |
| [EN] | (3) Beidh éifeacht le hordú dúnta— | |
| [EN] | (a) i gcás go ndearbhófar amhlaidh leis an ordú, láithreach tar éis don duine ar a seirbheálfar an t-ordú dúnta é a fháil, | |
| [EN] | (b) in aon chás eile— | |
| [EN] | (i) i gcás nach ndéanfar achomharc i gcoinne an ordaithe dúnta, ag deireadh na tréimhse a bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh lena linn nó an lá a sonrófar san ordú dúnta gurb é an lá é a thiocfaidh sé in éifeacht, cibé acu is déanaí, nó | |
| [EN] | (ii) i gcás go ndéanfar achomharc den sórt sin, an lá díreach tar éis an lae a ndaingneofar an t-ordú dúnta ar achomharc nó a dtarraingeofar siar an t-achomharc nó an lá a sonrófar san ordú dúnta gurb é an lá é a bhfuil sé le teacht in éifeacht, cibé acu is déanaí. | |
| [EN] | (4) Ní bheidh de thoradh ar achomharc a dhéanamh i gcoinne ordaithe dúnta a bheidh le teacht in éifeacht de réir fho-alt (3) (a) oibriú an ordaithe dúnta a fhionraí, ach féadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt lena chur faoi deara oibriú an ordaithe dúnta a fhionraí go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh agus, ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, a ordú go bhfionrófar oibriú an ordaithe go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh. | |
| [EN] | (5) (a) Aon duine arb éagóir leis nó léi ordú dúnta, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse 7 lá dar tosach an lá a seirbheálfar an t-ordú dúnta air nó uirthi, achomharc i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an t-ordú sa tslí fhorordaithe agus le linn an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an breitheamh— | |
| [EN] | (i) más deimhin leis nó léi gur réasúnach déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an t-ordú dúnta a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó | |
| [EN] | (ii) an t-ordú dúnta a chealú. | |
| [EN] | (b) Más rud é, ar achomharc a éisteacht faoin alt seo, go ndaingneofar ordú dúnta, féadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-achomharc, ar iarratas ón achomharcóir, oibriú an ordaithe dúnta a fhionraí, d'ainneoin fho-alt (4), ar feadh cibé tréimhse is cuí leis an mbreitheamh dúiche in imthosca an cháis. | |
| [EN] | (6) Aon duine a dhéanfaidh achomharc i gcoinne ordaithe dúnta nó a dhéanfaidh iarratas ar ordachán chun feidhmiú an ordaithe dúnta faoi fho-alt (4) a fhionraí, déanfaidh sé nó sí, san am céanna, an t-achomharc nó an t-iarratas agus na forais ar a ndéantar an t-achomharc nó an t-iarratas a chur in iúl don Údarás nó don ghníomhaireacht oifigiúil agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht oifigiúil i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc nó ar an iarratas a éisteacht. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach nó duine eile ar fostaí de chuid an Údaráis nó comhalta den Bhord é nó í, arna údarú nó arna húdarú ag an mBord i dtaca leis seo, ordú dúnta a dhéanfar de réir an ailt seo a chúlghairm nó a athrú, ar chúiseanna sonraithe, agus cuirfear aon chúlghairm nó athrú den sórt sin, agus na cúiseanna atá leis an gcéanna, in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil. | |
| [EN] | (8) (a) I gcás go mbeidh ordú dúnta seirbheáilte agus go seolfar gníomhaíochtaí de shárú ar an ordú, féadfaidh an Ard-Chúirt le hordú, ar iarratas ó oifigeach údaraithe, toirmeasc a chur ar leanúint de na gníomhaíochtaí agus a ordú go ndúnfar an t-áitreabh. | |
| [EN] | (b) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt ar ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an Chúirt, nuair a bheidh sí ag breithniú an ní, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) is cuí léi a dhéanamh agus féadfar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) is cuí leis an gCúirt, maidir le costais a íoc, a chur san ordú lena gcinnfear iarratas faoin bhfo-alt seo. | |
| [EN] | (9) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, ar mhaithe le sláinte an phobail agus le cosaint an tomhaltóra, cibé socruithe a mheasfaidh sé nó sí is cuí nó is gá chun aird an phobail a tharraingt ar ábhar ordaithe dúnta. | |
| [EN] |
Táirgí bia a tharraingt siar. |
54. —(1) Más rud é, maidir le haon ghníomhaíochtaí a bhainfidh le láimhsiú, próiseáil, diúscairt, monarú, stóráil, dáileadh nó díol bia lena mbaineann an t-alt seo, gurb é tuairim oifigigh údaraithe go bhfuil baol tromaí do shláinte an phobail i gceist leis na gníomhaíochtaí, nó gur dóigh go mbeidh baol tromaí do shláinte an phobail i gceist leo, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dul i gcomhairle leis an bpríomhfheidhmeannach nó le cibé oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, fógra (“ordú toirmisc”) a bheidh sínithe ag an oifigeach nó ag an bpríomhfheidhmeannach nó ag an oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, agus ina luafar gurb é sin a thuairim nó a tuairim, a sheirbheáil ar an dílseánach nó ar an duine atá i bhfeighil an bhia a bheidh i gceist, nó féadfaidh sé nó sí socrú a dhéanamh go seirbheálfar amhlaidh é, agus maidir leis an ordú toirmisc— |
| [EN] | (a) luafar ann gurb é tuairim an oifigigh údaraithe gur ceart go n-éireofaí as coinsíneacht, aicme, baisc nó mír áirithe bia a dhíol (cibé acu atá nó nach bhfuil an táirge ar an margadh lena dhíol sa Stát nó in áit eile), | |
| [EN] | (b) sonrófar ann na nithe arb é tuairim an oifigigh ina leith gurb iad is cúis leis an mbaol sin nó, de réir mar a bheidh, gur dóigh gurb iad is cúis leis, | |
| [EN] | (c) i gcás gurb é tuairim an oifigigh go bhfuil sárú nó, de réir mar a bheidh, go mbeidh sárú ar aon chuid den reachtaíocht bia i gceist leis na nithe sin, luafar ann gurb é sin a thuairim nó a tuairim, agus sonrófar ann an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige nó aici ina leith, agus tabharfar ann sonraí na gcúiseanna go bhfuil an tuairim sin aige nó aici, agus | |
| [EN] | (d) i leith aon cheann nó gach ceann acu seo a leanas, ordófar leis don duine ar a seirbheálfar an t-ordú toirmisc a chinntiú— | |
| [EN] | (i) nach n-úsáidfear an bia lena chaitheamh ag daoine, | |
| [EN] | (ii) go ngairfear an bia ar ais óna dhíol nó óna dháileadh (cibé acu atá nó nach bhfuil an bia ar díol nó á dháileadh nó dáilte lena dhíol sa Stát nó in áit eile), | |
| [EN] | (iii) de réir mar is cuí ar mhaithe le sláinte an phobail, go gcuirfear an bia i riocht sábháilte lena chaitheamh ag daoine nó go gcoinneofar nó go ndíothófar é i slí a fhorordóidh an t-oifigeach údaraithe, | |
| [EN] | agus, i gcás neamhchomhlíonadh nó moill ag an duine ar a mbeidh an fógra seirbheáilte, déanfaidh oifigeach údaraithe de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla, tar éis dul i gcomhairle leis an bpríomhfheidhmeannach nó leis an oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, cibé bearta a mheastar a bheith riachtanach chun a chinntiú go gcomhlíonfar an t-ordachán a thabharfar faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh urghabháil agus díothú na dtáirgí a bheidh i gceist nó déanamh aon socruithe maidir le hurghabháil nó díothú den sórt sin, nó iad araon, a bheith san áireamh sna bearta sin. | |
| [EN] | (2) Tabharfar fógra don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil á rá gur seirbheáladh ordú toirmisc. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, ar mhaithe le sláinte an phobail agus cosaint tomhaltóirí, cibé socruithe a mheasfaidh sé nó sí a bheith riachtanach nó cuí— | |
| [EN] | (a) chun aird an phobail a tharraingt ar an ní is cúis leis an bhfógra toirmisc, | |
| [EN] | (b) chun fógra faoin ordú toirmisc a thabhairt do na húdaráis inniúla rialaitheacha (trí aon sásra a bheidh comhaontaithe chun é sin a dhéanamh, i gcás go mbeidh sásra den sórt sin ann) i dtíortha eile ina bhfuil an bia ar díol nó ina ndáiltear nó inar dáileadh an bia lena dhíol. | |
| [EN] | (4) Beidh éifeacht le hordú toirmisc— | |
| [EN] | (a) i gcás go ndearbhófar amhlaidh leis an ordú, láithreach tar éis don duine ar a seirbheálfar an fógra é a fháil, | |
| [EN] | (b) in aon chás eile— | |
| [EN] | (i) i gcás nach ndéanfar achomharc i gcoinne an ordaithe toirmisc, ar éag don tréimhse a bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh lena linn nó an lá a sonrófar san ordú toirmisc gurb é an lá é a bhfuil sé le teacht in éifeacht, cibé acu is déanaí, nó | |
| [EN] | (ii) i gcás go ndéanfar achomharc den sórt sin, ar an lá díreach tar éis an lae a ndaingneofar an t-ordú toirmisc ar achomharc nó a dtarraingeofar siar an t-achomharc nó an lá a sonrófar san ordú toirmisc gurb é an lá é a bhfuil sé le teacht in éifeacht, cibé acu is déanaí. | |
| [EN] | (5) Ní bheidh de thoradh ar achomharc a dhéanamh i gcoinne ordaithe toirmisc atá le teacht in éifeacht de réir fho-alt (4) (a) go bhfionrófar oibriú an ordaithe toirmisc, ach féadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh ar an gCúirt go bhfionrófar oibriú an ordaithe toirmisc go dtí go ndéanfar an t-achomharc a chur de láimh agus, ar an iarratas sin a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, a ordú go bhfionrófar oibriú an ordaithe toirmisc go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh. | |
| [EN] | (6) (a) Aon duine arb éagóir leis nó léi ordú toirmisc, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse 7 lá dar tosach an lá a seirbheálfar an t-ordú toirmisc air nó uirthi, achomharc i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an t-ordú toirmisc sa tslí fhorordaithe agus le linn an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an breitheamh— | |
| [EN] | (i) más deimhin leis nó léi go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an t-ordú toirmisc a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó | |
| [EN] | (ii) an t-ordú toirmisc a chealú. | |
| [EN] | (a) Más rud é, ar achomharc a éisteacht faoin alt seo, go ndaingneofar ordú toirmisc, féadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-achomharc, ar iarratas ón achomharcóir, oibriú an ordaithe toirmisc a fhionraí, d'ainneoin fho-alt (4), ar feadh cibé treimhse is cuí leis an mbreitheamh dúiche in imthosca an cháis. | |
| [EN] | (7) Aon duine a dhéanfaidh achomharc i gcoinne ordaithe toirmisc nó a dhéanfaidh iarratas ar ordachán chun feidhmiú an ordaithe toirmisc a fhionraí faoi fho-alt (5), déanfaidh sé nó sí, san am céanna, an t-achomharc nó an t-iarratas agus na forais don achomharc nó don iarratas a chur in iúl don Údarás nó don ghníomhaireacht oifigiúil agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht oifigiúil i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc nó ar an iarratas a éisteacht. | |
| [EN] | (8) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach nó duine eile ar fostaí de chuid an Údaráis nó comhalta den Bhord é nó í, arna údarú nó arna húdarú ag an mBord i dtaca leis sin, ar chúiseanna sonraithe, ordú toirmisc arna dhéanamh de réir an ailt seo a chúlghairm nó a athrú agus cuirfear aon chúlghairm nó athrú den sórt sin, agus na cúiseanna leis an gcéanna, in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil. | |
| [EN] | (9) (a) I gcás go mbeidh ordú toirmisc seirbheáilte agus go seolfar gníomhaíochtaí de shárú ar an ordú toirmisc, féadfaidh an Ard-Chúirt le hordú, ar iarratas ó oifigeach údaraithe, toirmeasc a chur ar leanúint de na gníomhaíochtaí. | |
| [EN] | (b) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt ar ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an Chúirt, nuair a bheidh sí ag breithniú an ní, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) is cuí léi a dhéanamh agus féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) is cuí leis an gcúirt, maidir le costais a íoc, a bheith ar áireamh san ordú lena gcinnfear iarratas faoin bhfo-alt seo. | |
| [EN] |
Oifigigh údaraithe, etc. a shlánú. |
55. —(1) I gcás gur deimhin leis an mBord go bhfuil oifigeach údaraithe, nó aon chomhalta eile d'fhoireann an Údaráis, tar éis a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh de bhun fheidhmeanna an Údaráis ar shlí bona fide, slánóidh an Bord an t-oifigeach údaraithe, nó an comhalta sin d'fhoireann an Údaráis, in aghaidh gach caingne agus éileamh, cibé slí ina n-éireoidh siad, i leith é nó í do chomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas. |
| [EN] | (2) Ní bheidh comhalta den Gharda Síochána faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó damáiste a tharlóidh mar gheall ar chúnamh a thabhairt d'oifigeach údaraithe de réir alt 50 (3) nó le linn cúnamh a thabhairt amhlaidh. | |
| [EN] |
Fógraí a sheirbheáil, etc. |
56. —(1) Déanfar aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil nó a thabhairt leis an gCuid seo nó fúithi a dhíriú chuig an duine lena mbaineann agus a sheirbheáil nó a thabhairt ar cheann de na slite seo a leanas— |
| [EN] | (a) trína dhíriú chuig an duine faoina ainm nó faoina hainm agus trína sheachadadh air nó uirthi, | |
| [EN] | (b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ag a seolann sé nó sí gnó, | |
| [EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi nó ag a seolann sé nó sí gnó, | |
| [EN] | (d) más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil fógraí tugtha ag an duine, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige nó chuici, chuig an seoladh sin, | |
| [EN] | (e) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine, nó ag a seolann sé nó sí gnó, a fháil amach le fiosrú réasúnach agus go gceanglaítear fógra a sheirbheáil air nó uirthi, nó a thabhairt dó nó di, i leith aon áitribh, trína sheachadadh ar dhuine os cionn 16 bliana d'aois a bhfuil cónaí air nó uirthi san áitreabh nó atá fostaithe ar an áitreabh, nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an áitreabh nó gar dó, nó | |
| [EN] | (f) i gcás go mbeidh saoráid ann chun macasamhail den fhógra a fháil trí mheán leictreonach ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ag a seolann sé nó sí gnó, trí mhacasamhail den fhógra a tharchur tríd an meán sin chuig an seoladh sin, ar choinníoll go ndéanfar an fógra a sheirbheáil nó a thabhairt freisin ar aon cheann de na slite eile dá dtagraítear san fho-alt seo. | |
| [EN] | (2) I gcás nach féidir ainm an duine lena mbaineann a fháil amach le fiosrú réasúnach, féadfar fógra faoin Acht seo a dhíriú chuig “an t-áititheoir”, “an t-úinéir” nó “an duine i gceannas”, de réir mar a bheidh. | |
| [EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta arna clárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó. | |
| [EN] | (4) Ní dhéanfaidh duine, aon tráth, i rith na tréimhse 3 mhí tar éis fógra a ghreamú faoi fho-alt (1) (e) an fógra a thabhairt chun siúil, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach. | |
| [EN] | (5) Beidh aon duine a sháróidh fo-alt (4) ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air nó uirthi, agus i gcás ciona leanúnaigh, dlífear fíneáil bhreise nach mó ná £25 a chur air nó uirthi in aghaidh gach lae a leanfar den chion. | |
| [EN] |
Cionta achoimre faoi reachtaíocht bia a ionchúiseamh. |
57. —(1) Féadfaidh an ghníomhaireacht oifigiúil a raibh freagracht uirthi, díreach roimh thosach feidhme alt 45 , i bhforfheidhmiú na reachtaíochta bia lena mbaineann, leanúint d'imeachtaí, a bhaineann le cion achomair faoi aon reachtaíocht bia, a thionscnamh agus a ionchúiseamh. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tÚdarás freisin imeachtaí a bhaineann le cion achomair faoi aon reachtaíocht bia, a dhéanfar tar éis thosach feidhme alt 45 , a thionscnamh agus a ionchúiseamh. |