|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V An t-iarÚdarás a Dhíscaoileadh) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Reachtaíocht Bia) |
AN tACHT UM ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VI Leasú ar an Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991. | |
| [EN] |
Leasú ar an Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991. |
65. —Leasaítear leis seo an tAcht um Chosaint Raideolaíoch, 1991— |
| [EN] | (a) in alt 28(1), trí “agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, tar éis dul i gcomhairle leis an Institiúid,” a chur isteach i ndiaidh “Institiúid”, | |
| [EN] | (b) in alt 31(1), trí “leis an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, leis an Aire Sláinte agus Leanaí, le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha, leis an Institiúid agus le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis an Aire Comhshaoil, leis an Aire Sláinte, le hAire na Mara agus leis an Institiúid”, | |
| [EN] | (c) in alt 32— | |
| [EN] | (i) trí “, leis an Institiúid agus le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “agus leis an Institiúid” gach áit a bhfuil sé, agus | |
| [EN] | (ii) trí “agus Leanaí” a chur isteach i ndiaidh “Sláinte” gach áit a bhfuil sé, | |
| [EN] | (d) in alt 33(1), trí “i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur isteach i ndiaidh “Talmhaíochta agus Bia” agus trí “leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis”, | |
| [EN] | (e) in alt 33(2), trí “i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur isteach i ndiaidh “Talmhaíochta agus Bia” agus trí “leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis”, | |
| [EN] | (f) in alt 33(3), trí “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “Aire na Mara” agus trí “le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha nó le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis”, | |
| [EN] | (g) in alt 33(4), trí “i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur isteach i ndiaidh “Airgeadais” agus trí “leis an Aire Airgeadais nó le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis”, | |
| [EN] | (h) in alt 41(6), trí “nó féadfaidh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, i leith ciona a dhéanfar tar éis a bhunaithe, más é Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann a cheap an cigire sin”, a chur isteach i ndiaidh “an tAire a cheap an cigire sin,” agus | |
| [EN] | (i) in alt 41, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6): | |
| [EN] | “(7) Féadfaidh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ionchúiseamh a dhéanamh i leith ciona achomair faoi rialachán arna dhéanamh faoi alt 32(1) den Acht seo, ar cion é a rinneadh tar éis bhunú Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.”. |