An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998) Ar Aghaidh (CUID II Saoire do Thuismitheoirí agus Saoire Force Majeure)

30 1998

AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 3ú lá de Nollaig, 1998.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9 den Acht Uchtála, 1952 ;

tá le “doiciméad daingniúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 9;

ciallaíonn “conradh fostaíochta”—

(a) conradh seirbhíse nó printíseachta, nó

(b) aon chonradh eile trína gcomhaontaíonn pearsa aonair le duine eile, a bhfuil gnó gníomhaireachta fostaíochta de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta, 1971 , á sheoladh aige nó aici agus atá ag gníomhú i gcúrsa an ghnó sin, aon obair nó seirbhís a dhéanamh nó a chomhlíonadh go pearsanta do thríú duine (bíodh nó ná bíodh an tríú duine ina pháirtí nó ina páirtí sa chonradh),

cibé acu is conradh sainráite nó intuigthe é agus, i gcás é a bheith sainráite, cibé acu is conradh ó bhéal nó i scríbhinn é;

ciallaíonn “dáta”, i ndáil le doiciméad daingniúcháin, an dáta a síneoidh na páirtithe ann é nó an dáta is déanaí de na dátaí a síneofar amhlaidh é;

ciallaíonn “fostaí” duine d'aois ar bith a rinne conradh fostaíochta nó a oibríonn faoi chonradh fostaíochta (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, a rinne conradh fostaíochta nó a d'oibrigh faoi chonradh fostaíochta), agus déanfar tagairtí, i ndáil le fostóir, d'fhostaí a fhorléiriú mar thagairtí d'fhostaí atá ar fostú ag an bhfostóir sin; agus, chun críocha an Achta seo, measfar duine a shealbhaíonn oifig faoin Stát nó i seirbhís an Stáit (lena n-áirítear comhalta den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann nó státseirbhíseach de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ) a bheith ina fhostaí nó ina fostaí atá ar fostú ag ceann (de réir bhrí an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 ) an chomhlachta phoiblí (de réir na brí a dúradh) ina bhfuil sé nó sí ar fostú agus measfar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil, chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , nó d'údarás cuain, do bhord sláinte nó do choiste gairmoideachais a bheith ina fhostaí nó ina fostaí atá ar fostú ag an údarás, ag an mbord nó ag an gcoiste, de réir mar a bheidh;

maidir le “fostóir”—

(a) ciallaíonn sé, i ndáil le fostaí, an duine lena bhfuil conradh fostaíochta déanta ag an bhfostaí nó dá n-oibríonn an fostaí faoi chonradh fostaíochta (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, lena raibh conradh fostaíochta déanta ag an bhfostaí nó dár oibrigh an fostaí faoi chonradh fostaíochta), faoi réir an agúis go measfar gurb é nó gurb í fostóir na pearsan aonair an duine a dhlíonn, faoi chonradh fostaíochta dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar “conradh fostaíochta”, luach saothair na pearsan aonair lena mbaineann a íoc i leith na hoibre nó na seirbhíse lena mbaineann, agus

(b) folaíonn sé, i ndáil le fostaí, más cuí, comharba an fhostóra nó fostóir comhlachaithe de chuid an fhostóra;

déanfar “saoire force majeure” a fhorléiriú de réir alt 13 (1);

ciallaíonn “post”, i ndáil le fostaí, an cineál oibre a bhfuil an fostaí ar fostú lena dhéanamh de réir a chonartha nó a conartha fostaíochta agus an cháil agus an áit ina bhfuil sé nó sí ar fostú;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

déanfar “saoire do thuismitheoirí” a fhorléiriú de réir alt 6 (1);

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin;

déanfar “comharba”, i ndáil le fostóir, a fhorléiriú de réir alt 15 (1);

ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta.

(2) Chun críocha an Achta seo, measfar beirt fhostóirí a bheith comhlachaithe más comhlacht corpraithe é ceann acu a bhfuil rialú ag an gceann eile air (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) nó más comhlachtaí corpraithe iad araon a bhfuil rialú ag tríú duine orthu (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) agus déanfar “fostóir comhlachaithe” a fhorléiriú dá réir sin.

(3) San Acht seo—

(a) aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis, le haon achtachán nó faoi aon achtachán dá éis.

(4) Beidh le focal nó abairt a úsáidtear san Acht seo agus a úsáidtear freisin i dTreoir 96/34/CE an 3 Meitheamh, 1996, ón gComhairle, an bhrí chéanna san Acht seo atá leis nó léi sa Treoir sin.

Rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) le rialacháin, foráil a dhéanamh le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú, agus

(b) rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun éifeacht a thabhairt don Acht seo agus, más rud é go dtarlóidh aon deacracht ar aon bhealach i rith na tréimhse dhá bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo maidir leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní a dhéanamh a ndealraíonn sé gur gá nó gur fóirsteanach é chun a chumasú lánéifeacht a bheith leis an Acht seo.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire rialachán faoin Acht seo, rachaidh sé nó sí i gcomhairle le daoine a mheasann sé nó sí a bheith ionadaitheach d'fhostóirí i gcoitinne agus le daoine a mheasann sé nó sí a bheith ionadaitheach d'fhostaithe i gcoitinne i ndáil leis an rialachán.

(3) Féadfaidh cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus coimhdeacha a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach a bheith i rialachán faoin Acht seo.

(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Forálacha áirithe i gcomhaontuithe a bheith ar neamhní nó a mhodhnú.

4. —(1) Is foráil ar neamhní foráil in aon chomhaontú a mhéid a airbheartaíonn sí feidhm aon fhorála den Acht seo a eisiamh nó a theorannú, nó a mhéid atá sí ar neamhréir le haon fhoráil den Acht seo.

(2) Maidir le foráil in aon chomhaontú ar foráil í is lú fabhar nó a thiocfaidh chun bheith ina foráil is lú fabhar i ndáil le fostaí ná teideal den tsamhail chéanna nó teideal comhréire a thugtar don fhostaí leis an Acht seo, measfar í a bheith modhnaithe ar shlí nach lú fabhar í.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a thoirmisceann foráil is mó fabhar d'fhostaí ná aon fhoráil i gCodanna II go V a bheith i gcomhaontú.

(4) Aon tagairtí san alt seo do chomhaontú is tagairtí iad d'aon chomhaontú, cibé acu is conradh fostaíochta é nó nach ea agus cibé acu a rinneadh é roimh an Acht seo a rith nó dá éis.

Caiteachais.

5. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire nó an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.