An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Cearta Fostaíochta)

30 1998

AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998

CUID II

Saoire do Thuismitheoirí agus Saoire Force Majeure

Teideal chun saoire do thuismitheoirí.

6. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh fostaí is tuismitheoir nádúrtha nó tuismitheoir uchtaíoch linbh i dteideal saoire óna fhostaíocht nó óna fostaíocht, ar a dtabharfar agus dá ngairtear “saoire do thuismitheoirí” san Acht seo, go ceann tréimhse 14 sheachtain oibre chun a chumasú dó nó di aire a thabhairt don leanbh.

(2) Ní bheidh feidhm ag an teideal chun saoire do thuismitheoirí ach amháin i leith linbh a shaolaítear an 3ú lá de Mheitheamh, 1996, nó dá éis, nó i leith linbh a bhfuil ordú uchtála déanta ina chás nó ina cás ar an dáta sin nó dá éis.

(3) Críochnóidh tréimhse saoire do thuismitheoirí—

(a) tráth nach déanaí ná an lá a mbeidh 5 bliana d'aois slánaithe ag an leanbh lena mbaineann, nó

(b) i gcás linbh is ábhar d'ordú uchtála agus a raibh 3 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, ach nach raibh 8 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, ar dháta déanta an ordaithe sin nó roimhe, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse 2 bhliain dar tosach an dáta sin.

(4) Ní thosóidh tréimhse saoire do thuismitheoirí roimh thráth a mbeidh bliain amháin d'fhostaíocht leanúnach críochnaithe ag an bhfostaí lena mbaineann leis an bhfostóir a bhfuil an tsaoire á tógáil óna fhostaíocht nó óna fostaíocht.

(5) Faoi réir an Achta seo, beidh fostaí i dteideal saoire do thuismitheoirí in aghaidh gach linbh gur tuismitheoir nádúrtha nó tuismitheoir uchtaíoch é nó í ina leith.

(6) Faoi réir an Achta seo, beidh tuismitheoir uchtaíoch, ar tuismitheoir nádúrtha an linbh lena mbaineann é nó í freisin, i dteideal saoire do thuismitheoirí mar thuismitheoir nádúrtha, ach ní mar thuismitheoir uchtaíoch, i leith an linbh.

(7) I gcás go mbeidh beirt thuismitheoirí linbh i dteideal saoire do thuismitheoirí i leith an linbh, ní bheidh ceachtar de na tuismitheoirí i dteideal na saoire do thuismitheoirí de chuid an tuismitheora eile ná ní fhéadfaidh ceachtar acu aon chuid dá thréimhse nó dá tréimhse saoire do thuismitheoirí a aistriú chun an tuismitheora eile.

(8) D'ainneoin fho-alt (4), i gcás nach mbeidh bliain amháin d'fhostaíocht leanúnach críochnaithe ag fostaí lena fhostóir nó lena fostóir ar an lá is déanaí chun tréimhse saoire do thuismitheoirí a thosú, ag féachaint d'fho-alt (3), ach go mbeidh 3 mhí fostaíochta den sórt sin críochnaithe aige nó aici ar an lá is déanaí chun tréimhse saoire den sórt sin dá bhforáiltear leis an bhfo-alt seo a thosú, beidh an duine, faoi réir an Achta seo, i dteideal saoire do thuismitheoirí ar feadh tréimhse seachtaine amháin in aghaidh gach míosa d'fhostaíocht leanúnach a bheidh críochnaithe aige nó aici leis an bhfostóir tráth tosaithe na saoire.

(9) San alt seo ciallaíonn “tuismitheoir uchtaíoch”, i ndáil le leanbh, duine a mbeidh ordú uchtála i leith an linbh déanta ina fhabhar nó ina fabhar agus ar ordú é atá i bhfeidhm.

An modh ina bhféadfar saoire do thuismitheoirí a thógáil.

7. —(1) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh gurb é a bheidh i saoire do thuismitheoirí—

(a) tréimhse leanúnach 14 sheachtain, nó

(b) le comhaontú an fhostóra nó ionadaithe de chuid an fhostóra agus fostóirí eile agus an fhostaí nó ionadaithe de chuid an fhostaí agus fostaithe eile, líon tréimhsí a gcuimsíonn gach ceann acu—

(i) lá amháin nó níos mó ar a mbeadh an fostaí, murach an tsaoire, ag obair san fhostaíocht lena mbaineann,

(ii) uair an chloig nó níos mó a mbeadh an fostaí, murach an tsaoire, ag obair lena linn san fhostaíocht lena mbaineann, nó

(iii) aon tréimhsí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii), i dteannta a chéile.

(2) (a) Maidir le saoire do thuismitheoirí a thógfaidh fostaí de bhun fho-alt (1) (b), is saoire a bheidh inti a fhágfaidh gurb ionann an líon uaireanta an chloig a mbeadh an fostaí, murach an tsaoire, ag obair lena linn san fhostaíocht lena mbaineann agus—

(i) an líon uaireanta an chloig ar oibrigh an fostaí lena linn san fhostaíocht lena mbaineann i cibé tréimhse leanúnach 14 sheachtain roimh thosach na saoire a chinnfidh an fostaí lena mbaineann agus an fostóir, nó

(ii) má mhainníonn an fostaí agus an fostóir tréimhse a chinneadh chun críocha fhomhír (i), 14 oiread an mheánlín uaireanta an chloig sa tseachtain ar oibrigh an fostaí lena linn san fhostaíocht i ngach ceann de na tréimhsí 14 sheachtain dar críoch díreach roimh thosach gach seachtaine ina dtógann sé nó sí aon chuid den tsaoire.

(b) Le linn tréimhse 14 sheachtain dá dtagraítear i mír (a) a chinneadh, déanfar laethanta saoire (lena n-áirítear laethanta saoire poiblí) atá an fostaí lena mbaineann ina dteideal, nó laethanta ar a bhfuil sé nó sí as láthair ón obair ar shaoire bhreoiteachta, ar shaoire mháithreachais, ar shaoire uchtaíoch, nó ar shaoire force majeure, a eisiamh agus áireofar líon comhréire laethanta díreach roimh thosach na tréimhse agus measfar gur am a chaith an fostaí ag obair san fhostaíocht lena mbaineann aon am a chaith sé nó sí ar shaoire do thuismitheoirí.

(3) I gcás go mbeidh fostaí i dteideal saoire do thuismitheoirí i leith níos mó ná leanbh amháin agus nach leanaí a rugadh in ilbhreith iad na leanaí lena mbaineann, ní mó, gan toiliú an fhostóra, an tréimhse saoire do thuismitheoirí a thógfaidh sé nó sí in aon tréimhse 12 mhí ná an tréimhse dá bhforáiltear i bhfo-alt (1).

(4) (a) I gcás aon lá saoire (seachas lá saoire poiblí), a bhfuil fostaí ina theideal, a bheith ann le linn tréimhse saoire do thuismitheoirí de chuid an fhostaí agus sin ar lá a mbeadh an fostaí (murach an tsaoire agus an lá saoire) ag obair san fhostaíocht lena mbaineann, tógfar an lá saoire cibé tráth eile a chinnfidh an fostóir lena mbaineann de bhun alt 20 den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997.

(b) I gcás aon lá saoire poiblí, a bhfuil fostaí ina theideal, a bheith ann le linn tréimhse saoire do thuismitheoirí de chuid an fhostaí agus sin ar lá a mbeadh an fostaí (murach an tsaoire agus an lá saoire) ag obair san fhostaíocht lena mbaineann, cuirfear lá leis an tréimhse saoire do thuismitheoirí atá an fostaí i dteideal a thógáil.

Fógra i dtaobh saoire do thuismitheoirí.

8. —(1) Nuair a bheartóidh fostaí saoire do thuismitheoirí a thógáil, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta le réasún ach tráth nach déanaí ná 6 sheachtain roimh thosach na saoire, fógra i scríbhinn faoina bhfuil beartaithe aige nó aici a thabhairt dá fhostóir nó dá fostóir.

(2) Sonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1) dáta tosaithe na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann mar aon lena fad agus an modh ina mbeartaítear í a thógáil agus déanfaidh an fostaí lena mbaineann an fógra a shíniú.

(3) Roimh dháta an doiciméid daingniúcháin lena mbaineann, féadfaidh fostaí, trí fhógra i scríbhinn arna shíniú aige nó aici agus arna thabhairt dá fhostóir nó dá fostóir, fógra a thug sé nó sí faoi fho-alt (1) a chúlghairm agus, má dhéanann an fostaí amhlaidh, ní bheidh sé nó sí i dteideal saoire do thuismitheoirí a thógáil an tráth a shonraítear san fhógra deiridh sin a luaitear.

(4) D'ainneoin fho-alt (1), i gcás go ndéanfaidh fostaí, atá i dteideal saoire do thuismitheoirí ach nach bhfuil fo-alt (1) comhlíonta aige nó aici i ndáil leis an tsaoire, saoire a thógáil a airbheartóidh a bheith ina saoire do thuismitheoirí, féadfaidh an fostóir, dá rogha féin, an tsaoire a áireamh mar shaoire do thuismitheoirí agus beidh feidhm ag an Acht seo dá réir sin.

(5) Coinneoidh fostóir fógra a bheidh tugtha dó nó di faoin alt seo agus tabharfaidh sé nó sí cóip de don fhostaí lena mbaineann agus coinneoidh an fostaí í.

(6) Maidir le fostaí ag a mbeidh fógra tugtha dá fhostóir nó dá fostóir faoi fho-alt (1), déanfaidh sé nó sí, má iarrann an fostóir amhlaidh, cibé fianaise a theastóidh uaidh nó uaithi le réasún a thabhairt dó nó di—

(a) i gcás linbh a bhfuil ordú uchtála i bhfeidhm ina leith, i ndáil leis na tuismitheoirí uchtaíocha, i ndáil le dáta breithe an linbh agus le dáta déanta an ordaithe, agus

(b) i gcás aon linbh eile, i ndáil leis an bhfostaí is tuismitheoir an linbh agus le dáta breithe an linbh.

Saoire do thuismitheoirí a dhaingniú.

9. —(1) I gcás go mbeidh fógra faoi alt 8 (1) tugtha ag fostaí dá fhostóir nó dá fostóir, déanfaidh siad, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain roimh thosach na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann, doiciméad (dá ngairtear “doiciméad daingniúcháin” san Acht seo) ina sonrófar dáta tosaithe na saoire, fad na saoire agus an modh ina dtógfar í, a ullmhú agus a shíniú.

(2) I gcás go n-áireofar saoire mar shaoire do thuismitheoirí de bhun alt 8 (4), déanfaidh an fostóir agus an fostaí lena mbaineann, a luaithe is féidir, doiciméad daingniúcháin i ndáil leis an tsaoire a ullmhú agus a shíniú.

(3) Coinneoidh fostóir doiciméad daingniúcháin a bheidh sínithe aige nó aici agus tabharfaidh sé nó sí cóip de don fhostaí lena mbaineann agus coinneoidh an fostaí í.

Saoire do thuismitheoirí a iarchur, a chiorrú agus a athrú ag na páirtithe lena mbaineann.

10. —(1) Faoi réir an Achta seo, nuair a bheidh doiciméad daingniúcháin ullmhaithe agus sínithe de réir alt 9 , ní bheidh an fostaí lena mbaineann i dteideal oibriú san fhostaíocht lena mbaineann le linn na tréimhse saoire do thuismitheoirí a bheidh sonraithe sa doiciméad.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), más rud é, tar éis dáta doiciméid daingniúcháin (cibé acu a thosaigh nó nár thosaigh an tréimhse saoire do thuismitheoirí lena mbaineann sé), go gcomhaontóidh an fostóir lena mbaineann nó comharba an fhostóra sin agus an fostaí lena mbaineann amhlaidh, féadfar an tsaoire nó cuid di a iarchur go dtí cibé tráth ar a gcomhaontófar amhlaidh, féadfar tréimhse na saoire sin a chiorrú i cibé slí agus a mhéid ar a gcomhaontófar nó féadfar foirm na saoire a athrú i cibé slí ar a gcomhaontófar, agus i gcás den sórt sin leasófar an doiciméad daingniúcháin dá réir sin.

(3) I gcás go gciorrófar saoire do thuismitheoirí faoi fho-alt (2) nó faoi Chuid IV, féadfar an tsaoire do thuismitheoirí nach dtógtar de bhíthin an chiorraithe a thógáil cibé tráth eile ar a gcomhaontóidh na páirtithe lena mbaineann.

Saoire do thuismitheoirí a iarchur ag an bhfostóir.

11. —(1) Faoi réir an ailt seo, i gcás go mbeidh fógra faoi alt 8 (1) tugtha ag fostaí dá fhostóir nó dá fostóir agus gur deimhin leis an bhfostóir, i gcás go dtógfaí an tsaoire do thuismitheoirí an tráth a shonraítear san fhógra, go ndéanfaí mórdhochar d'oibriú ghnó, ghairm nó shlí bheatha an fhostóra de bhíthin athruithe séasúracha ar mhéid na hoibre lena mbaineann, de bhíthin gan duine a bheith ar fáil chun dualgais an fhostaí san fhostaíocht a chomhlíonadh, de bhíthin chineál na ndualgas sin, de bhíthin líon na bhfostaithe san fhostaíocht nó de bhíthin líon na bhfostaithe ar laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra sin a bheidh a dtréimhsí, nó codanna dá dtréimhsí, saoire do thuismitheoirí nó de bhíthin aon nithe iomchuí eile, féadfaidh an fostóir, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don fhostaí tráth nach déanaí ná 4 sheachtain roimh thosach beartaithe na saoire, tosach na saoire a iarchur go dtí cibé tráth, nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta tosaithe a shonraítear san fhógra iomchuí faoi alt 8 (1), ar a gcomhaontóidh an fostóir agus an fostaí.

(2) Sula dtabharfaidh fostóir fógra faoin alt seo d'fhostaí, rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an bhfostaí i ndáil le hiarchur beartaithe na saoire do thuismitheoirí.

(3) I bhfógra faoi fho-alt (1), beidh ráiteas i bhfoirm achomair maidir leis na forais chun tosach na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann a iarchur.

(4) Ní fhéadfar tosach na saoire do thuismitheoirí i leith linbh áirithe a iarchur níos mó ná uair amháin faoin alt seo mura foras leis an iarchur a dhéanamh athrú séasúrach ar mhéid na hoibre lena mbaineann; agus, i gcás gur foras é sin leis an iarchur a dhéanamh, ní fhéadfar an tosach sin i leith linbh áirithe a iarchur níos mó ná dhá uair.

(5) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le saoire do thuismitheoirí ar shínigh na páirtithe lena mbaineann doiciméad daingniúcháin i ndáil léi.

(6) Más rud é, de bharr tosach na saoire do thuismitheoirí a iarchur faoin alt seo agus dá bharr sin amháin—

(a) go mbeidh 5 bliana d'aois slánaithe ag an leanbh lena mbaineann, nó

(b) i gcás linbh is ábhar d'ordú uchtála agus a raibh 3 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, ach nach raibh 8 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, ar dháta déanta an ordaithe sin nó roimhe, go rachaidh an tréimhse 2 bhliain dar tosach an dáta sin in éag le linn na tréimhse saoire do thuismitheoirí a mbeidh an fostaí lena mbaineann ina teideal,

ansin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur tharla an slánú nó, de réir mar a bheidh, an dul in éag réamhráite tar éis dheireadh na tréimhse saoire do thuismitheoirí réamhráite.

(7) Coinneoidh fostóir cóip d'fhógra faoin alt seo a bheidh tugtha aige nó aici d'fhostaí dá chuid nó dá cuid agus coinneoidh an fostaí an fógra.

(8) San alt seo, folaíonn tagairtí do shaoire do thuismitheoirí tagairtí do thréimhse saoire do thuismitheoirí a shonraítear in alt 7 (1)(b).

Saoire do thuismitheoirí a mhí-úsáid.

12. —(1) Tugtar teideal chun saoire do thuismitheoirí faoi réir an choinníll go n-úsáidfear í chun aire a thabhairt don leanbh lena mbaineann.

(2) I gcás go mbeidh forais réasúnacha ag fostóir chun a chreidiúint nach bhfuil fostaí dá chuid nó dá cuid atá ar shaoire do thuismitheoirí ag úsáid na saoire chun aire a thabhairt don leanbh lena mbaineann, féadfaidh an fostóir, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt don fhostaí, an tsaoire a fhoirceannadh agus beidh ráiteas i bhfoirm achomair san fhógra maidir leis na forais chun an tsaoire a fhoirceannadh agus déanfar an lá a shonrú ann (is lá nach déanaí ná dáta dheireadh thréimhse na saoire a shonraítear sa doiciméad daingniúcháin lena mbaineann ná, faoi réir an cheanglais sin roimhe seo, nach luaithe ná 7 lá tar éis dháta fála an fhógra ag an bhfostaí lena mbaineann).

(3) I gcás go ndéanfar saoire do thuismitheoirí a fhoirceannadh faoi fho-alt (2), fillfidh an fostaí lena mbaineann ar a fhostaíocht nó ar a fostaíocht ar an lá a shonrófar san fhógra faoin bhfo-alt sin lena mbaineann agus measfar nach saoire do thuismitheoirí aon tréimhse idir dáta an fhillte sin agus dáta dheireadh thréimhse na saoire a shonraítear sa doiciméad daingniúcháin lena mbaineann.

(4) I gcás go dtabharfaidh fostaí fógra faoi alt 8 (1) dá fhostóir nó dá fostóir agus go mbeidh forais réasúnacha ag an bhfostóir chun a chreidiúint nach bhfuil an fostaí i dteideal na saoire do thuismitheoirí lena mbaineann, féadfaidh an fostóir, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt don fhostaí, diúltú an tsaoire a dheonú don fhostaí agus, má dhéanann an fostóir amhlaidh, ní bheidh an fostaí i dteideal an tsaoire do thuismitheoirí lena mbaineann a thógáil.

(5) I bhfógra faoi fho-alt (4) beidh ráiteas i bhfoirm achomair maidir leis na forais chun diúltú an tsaoire do thuismitheoirí lena mbaineann a dheonú.

(6) I gcás go mbeartóidh fostóir fógra faoi fho-alt (2)(4) a thabhairt d'fhostaí dá chuid nó dá cuid, déanfaidh an fostóir, sula dtabharfaidh sé nó sí an fógra, fógra i scríbhinn faoina bhfuil beartaithe aige nó aici a thabhairt don fhostaí agus beidh ráiteas i bhfoirm achomair san fhógra maidir leis na forais chun an tsaoire do thuismitheoirí lena mbaineann a fhoirceannadh, nó, de réir mar a bheidh, chun diúltú í a dheonú, mar aon le ráiteas go bhféadfaidh an fostaí, laistigh de 7 lá tar éis an fógra a fháil, uiríoll a dhéanamh chun an fhostóra i ndáil lena bhfuil beartaithe; agus déanfaidh an fostóir aon uiríll den sórt sin a dhéanfaidh fostaí chun fostóra laistigh den tréimhse réamhráite a bhreithniú sula gcinnfidh sé nó sí an dtabharfaidh sé nó sí fógra faoi fho-alt (2), nó de réir mar a bheidh, faoi fho-alt (4) don fhostaí.

(7) Coinneoidh duine fógra faoin alt seo a bheidh tugtha dó nó di agus cóip d'fhógra faoin alt seo a bheidh tugtha aige nó aici.

Saoire ar fhorais force majeure.

13. —(1) Beidh fostaí i dteideal saoire le pá óna fhostaíocht nó óna fostaíocht, ar a dtabharfar agus dá ngairtear “saoire force majeure” san Acht seo, más rud é, ar chúiseanna práinneacha teaghlaigh, de dheasca díobhála do dhuine nó breoiteachta duine a shonraítear i bhfo-alt (2), nach féidir déanamh gan an fostaí a bheith láithreach san áit a bhfuil an duine, cibé acu ina theach nó ina teach féin nó in áit eile.

(2) Is iad na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) duine arb é nó arb í an fostaí a thuismitheoir nó a tuismitheoir nó a thuismitheoir uchtaíoch nó a tuismitheoir uchtaíoch,

(b) céile an fhostaí nó duine lena bhfuil an fostaí in aontíos mar fhearchéile nó mar bhanchéile,

(c) duine dá bhfuil an fostaí in loco parentis,

(d) deartháir nó deirfiúr don fhostaí,

(e) tuismitheoir, seanathair nó seanmháthair de chuid an fhostaí, agus

(f) daoine de cibé aicme nó aicmí eile (más ann) a fhorordófar.

(3) Nuair a thógann fostaí saoire force majeure, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta le réasún ina dhiaidh sin, trí fhógra san fhoirm fhorordaithe arna thabhairt dá fhostóir nó dá fostóir, a dhearbhú go bhfuil saoire den sórt sin tógtha aige nó aici agus sonrófar san fhógra na dátaí ar ar tógadh í agus beidh ráiteas ann maidir leis na fíorais a thugann teideal chun saoire force majeure don fhostaí.

(4) Is é a bheidh i saoire force majeure lá amháin nó níos mó ar a mbeadh an fostaí, murach an tsaoire, ag obair san fhostaíocht lena mbaineann ach ní mó í ná 3 lá in aon tréimhse 12 mhí chomhleanúnacha nó 5 lá in aon tréimhse 36 mhí chomhleanúnacha.

(5) Measfar, chun críocha fho-alt (4), maidir le lá nach mbeidh fostaí as láthair ón obair ar shaoire force majeure i bhfostaíocht ach ar feadh cuid den tréimhse a gceanglaítear air nó uirthi oibriú san fhostaíocht lena linn an lá sin, gur lá amháin de shaoire force majeure é an lá sin.