|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Saoire do Thuismitheoirí agus Saoire Force Majeure) | Ar Aghaidh (CUID IV Díospóidí a Réiteach) |
AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ, 1998
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III Cearta Fostaíochta | |
| [EN] |
Cearta fostaíochta a chosaint. |
14. —(1) Le linn d'fhostaí a bheith ar shaoire do thuismitheoirí, measfar, chun gach críche a bhaineann lena fhostaíocht nó lena fostaíocht (seachas a cheart nó a ceart chun luach saothair nó sochair aoisliúntais a fháil nó aon cheanglas ranníocaí a íoc san fhostaíocht nó i leith na fostaíochta), an fostaí a bheith ag obair fós san fhostaíocht agus ní dhéanfaidh an tsaoire difear d'aon cheart eile dá chuid nó dá cuid a bhaineann leis an bhfostaíocht. |
| [EN] | (2) Ní dhéileálfar le hasláithreacht fhostaí ó fhostaíocht, le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí, mar chuid d'aon saoire eile ón bhfostaíocht (lena n-áirítear saoire bhreoiteachta, saoire bhliantúil, saoire uchtaíoch, saoire mháithreachais agus saoire force majeure) a mbeidh an fostaí lena mbaineann ina teideal. | |
| [EN] | (3) Más rud é— | |
| [EN] | (a) go dtógfaidh fostaí saoire do thuismitheoirí, ar fostaí é nó í atá ar promhadh ina fhostaíocht nó ina fostaíocht nó atá faoi oiliúint i ndáil leis an bhfostaíocht sin nó atá ar fostú faoi chonradh printíseachta, agus | |
| [EN] | (b) go measfaidh a fhostóir nó a fostóir nach mbeadh asláithreacht an fhostaí ón bhfostaíocht le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí ag teacht le leanúnachas an phromhaidh, na hoiliúna nó na printíseachta, | |
| [EN] | féadfaidh an fostóir a cheangal go bhfionrófar an promhadh, an oiliúint nó an phrintíseacht le linn thréimhse na saoire do thuismitheoirí agus go gcríochnóidh an fostaí é no í i ndeireadh na tréimhse sin. | |
| [EN] | (4) Le linn d'fhostaí a bheith ar shaoire force majeure, measfar, chun gach críche a bhaineann lena fhostaíocht nó lena fostaíocht, an fostaí a bheith ag obair fós san fhostaíocht lena mbaineann agus ní dhéanfaidh an tsaoire difear d'aon cheart dá chuid nó dá cuid a bhaineann leis an bhfostaíocht. | |
| [EN] | (5) Ní dhéileálfar le hasláithreacht fhostaí ó fhostaíocht, le linn dó nó di a bheith ar shaoire force majeure, mar chuid d'aon saoire eile ón bhfostaíocht (lena n-áirítear saoire bhreoiteachta, saoire bhliantúil, saoire uchtaíoch, saoire mháithreachais agus saoire do thusimitheoirí) a mbeidh an fostaí lena mbaineann ina teideal. | |
| [EN] |
Dul ar ais ag obair. |
15. —(1) Ar éag do thréimhse saoire do thuismitheoirí (arb í, i gcás saoire do thuismitheoirí a bheith foirceanta faoi alt 12 , an tréimhse í a shonraítear sa doiciméad daingniúcháin lena mbaineann) (“an tréimhse”), beidh an fostaí lena mbaineann i dteideal dul ar ais ag obair— |
| [EN] | (a) leis an bhfostóir lena raibh sé nó sí ag obair díreach roimh thosach na tréimhse nó, más rud é, le linn don fhostaí a bheith as láthair ón obair, gur tharla athrú nó athruithe úinéireachta ar an ngnóthas ina raibh sé nó sí fostaithe díreach sula raibh sé nó sí as láthair, leis an úinéir ar éag don tréimhse (“an comharba”), | |
| [EN] | (b) sa phost a bhí ag an bhfostaí díreach roimh thosach na tréimhse, agus | |
| [EN] | (c) faoin gconradh fostaíochta a raibh an fostaí fostaithe faoi díreach roimh thosach na tréimhse nó, i gcás ar tharla athrú úinéireachta den sórt dá dtagraítear i mír (a), faoi chonradh fostaíochta leis an gcomharba is ionann agus an conradh a raibh an fostaí fostaithe faoi díreach roimh an tosach sin, agus (i gceachtar cás) faoi théarmaí nó coinníollacha nach lú fabhar don fhostaí ná na téarmaí agus na coinníollacha a bheadh infheidhme ina chás nó ina cás murach go raibh sé nó sí as láthair amhlaidh ón obair. | |
| [EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1) (b), más rud é nárbh é gnáthphost an fhostaí nó an post is iondúil a bhíodh ag an bhfostaí an post a bhí ag fostaí díreach roimh thosach tréimhse saoire do thuismitheoirí atá sé nó sí ina teideal, beidh sé nó sí i dteideal dul ar ais ag obair sa ghnáthphost nó sa phost is iondúil a bhíodh aige nó aici, nó sa phost sin, a luaithe is indéanta gan an fostaí nó an fostóir do shárú aon fhorála de reacht nó aon fhorála arna déanamh faoi reacht. | |
| [EN] | (3) Más rud é, mar gheall ar stopadh san obair nó scor d'obair in áit fostaíochta fostaí, a bheidh ann ar éag do thréimhse saoire do thuismitheoirí a bheidh tógtha ag an bhfostaí, gur míréasúnach a bheith ag súil go rachadh an fostaí ar ais ag obair ar an dul in éag sin, féadfaidh an fostaí, ina ionad sin, dul ar ais ag obair nuair a atosófar ar an obair san áit fostaíochta tar éis an stoptha nó an scoir, nó a luaithe is indéanta le réasún tar éis an atosaithe sin. | |
| [EN] |
Ceart chun fostaíochta eile. |
16. —(1) I gcás teideal a bheith ag fostaí dul ar ais ag obair de bhun alt 15 ach nach indéanta le réasún don fhostóir a cheadú don fhostaí dul ar ais ag obair de réir an ailt sin, beidh an fostaí i dteideal go ndéanfaidh a fhostóir nó a fostóir fostaíocht oiriúnach eile faoi chonradh nua fostaíochta a thairiscint dó nó di. |
| [EN] | (2) Is obair oiriúnach eile chun críocha an Achta seo obair faoi chonradh nua fostaíochta más rud é— | |
| [EN] | (a) gur obair í de shaghas atá oiriúnach i ndáil leis an bhfostaí lena mbaineann agus is iomchuí don fhostaí a dhéanamh sna himthosca, agus | |
| [EN] | (b) maidir le téarmaí nó coinníollacha an chonartha a bhaineann leis an áit ina gceanglaítear an obair faoi a dhéanamh, leis an gcáil ina bhfostófar an fostaí lena mbaineann agus le haon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta, nach lú fabhar go substaintiúil don fhostaí iad ná téarmaí agus coinníollacha a chonartha nó a conartha fostaíochta díreach roimh thosach na tréimhse a raibh sé nó sí as láthair ón obair le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí. |