An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOINBHINSIÚIN NA GINÉIVE (LEASÚ), 1998)

35 1998

AN tACHT UM CHOINBHINSIÚIN NA GINÉIVE (LEASÚ), 1998

AN SCEIDEAL

Sceidil atá le Cur Isteach sa Phríomh-Acht

Alt 7.

“AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

PRÓTACAL I

Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949, agus a bhaineann le hÍospartaigh Coinbhleachtaí Armtha Idirnáisiúnta a Choimirciú (Prótacal I)

BROLLACH

Tá na hArdpháirtithe Conarthacha,

Á Fhógairt Dóibh gur mór ab áil leo go bhfeicfí an tsíocháin i réim i measc pobal,

Á Mheabhrú Dóibh go bhfuil dualgas ar an uile Stát, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, staonadh ina chaidreamh idirnáisiúnta ón bhforneart a bhagairt nó a úsáid i gcoinne cheannasacht, shláine chríche nó neamhspleáchas polaitiúil aon Stáit, nó ar aon slí eile atá ar neamhréir le haidhmeanna na Náisiún Aontaithe,

Á Chreidiúint Dóibh gur gá, ar a shon sin, na forálacha a choimircíonn íospartaigh coinbhleachtaí armtha a athdhearbhú agus a fhorbairt agus cur le bearta chun a bhfeidhmiú a athneartú,

Á Léiriú Dóibh gurb é a dtuairim láidir nach féidir aon ní sa Phrótacal seo nó i gCoinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949 a fhorléiriú mar ní a thugann dlisteanacht nó údarás d'aon ghníomh ionsaithe nó d'aon úsáid eile fornirt atá ar neamhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe,

Á Athdhearbhú Dóibh de bhreis air sin nach mór forálacha Choinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949 agus an Phrótacail seo a chur chun feidhme go hiomlán i ngach uile chás maidir leis an uile dhuine atá coimircithe ag na hionstraimí sin, gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar nádúr nó bunús na coinbhleachta armtha nó ar na cúiseanna a dtaobhaíonn na Páirtithe sa choinbhleacht leo nó na cúiseanna a luaitear leis na Páirtithe sin,

Tar Éis Comhaontú ar an méid seo a leanas:

CUID I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1—Prionsabail ghinearálta agus raon feidhme

1. Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin an Prótacal seo a urramú agus deimhin a dhéanamh de go n-urramófar é i ngach uile chás.

2. I gcásanna nach gcumhdaítear leis an bPrótacal seo nó le comhaontuithe idirnáisiúnta eile, leanfaidh sibhialtaigh agus comhraiceoirí de bheith faoi choimirce agus faoi údarás phrionsabail an dlí idirnáisiúnta a thig ó ghnás bunaithe, ó phrionsabail na daonnachta agus ó aitheanta an choinsiasa phoiblí.

3. Beidh feidhm ag an bPrótacal seo, a dhéanann forlíonadh ar Choinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949, um íospartaigh chogaidh a choimirciú, sna cora dá dtagraítear in Airteagal 2 atá i ngach ceann de na Coinbhinsiúin sin.

4. Áirítear sna cora dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo coinbhleachtaí armtha ina bhfuil pobail ag troid i gcoinne ceannais choilínigh agus forghabhála eachtrannaí agus i gcoinne córas ciníoch i bhfeidhmiú a gcirt féinchinnidh, mar atá sé cumhdaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe agus sa Dearbhú ar Phrionsabail an Dlí Idirnáisiúnta a bhaineann le Comhcharadra agus Comhar i measc Stát de réir Chairt na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 2—Mínithe

Chun críocha an Phrótacail seo:

(a) ciallaíonn “an Chéad Choinbhinsiún”, “an Dara Coinbhinsiún”, “an Tríú Coinbhinsiún” agus “an Ceathrú Coinbhinsiún”, faoi seach, Coinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid an Lucht Créachtaithe agus an Lucht Breoite i bhFórsaí Armtha ar an Machaire den 12 Lúnasa, 1949; Coinbhinsiún na Ginéive le haghaidh Feabhsú Staid na gComhaltaí Créachtaithe, Breoite agus Longbhriste d'Fhórsaí Armtha ar Muir den 12 Lúnasa, 1949; Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh den 12 Lúnasa, 1949; Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Cosaint Daoine Sibhialta in Aimsir Chogaidh den 12 Lúnasa, 1949; ciallaíonn “na Coinbhinsiúin” ceithre Choinbhinsiún na Ginéive den 12 Lúnasa 1949 um íospartaigh chogaidh a choimirciú;

(b) ciallaíonn “rialacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha” na rialacha is infheidhme i gcoinbhleacht armtha agus atá leagtha amach i gcomhaontuithe idirnáisiúnta ar Páirtithe iontu na Páirtithe sa choinbhleacht agus prionsabail agus rialacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le coinbhleacht armtha agus a aithnítear go coitianta;

(c) ciallaíonn “Cumhacht Choimirceach” Stát neodrach nó Stát eile nach Páirtí sa choinbhleacht atá ainmnithe ag Páirtí sa choinbhleacht agus a bhfuil glactha ag an bPáirtí naimhdeach leis agus a chomhaontaigh na feidhmeanna a shanntar do Chumhacht Choimirceach faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo a chomhlíonadh;

(d) ciallaíonn “ionadach” eagraíocht atá ag gníomhú in áit Cumhachta Coimircí de réir Airteagal 5.

Airteagal 3—Tosach agus deireadh feidhme

Gan dochar do na forálacha is infheidhme gach uile thráth:

(a) beidh feidhm ag na Coinbhinsiúin agus ag an bPrótacal seo ó thosach aon choir dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal seo;

(b) scoirfidh na Coinbhinsiúin agus an Prótacal seo d'fheidhm a bheith acu, i gcríoch na bPáirtithe sa choinbhleacht, ar chríochnú ginearálta na n-oibríochtaí míleata agus, i gcás críoch faoi fhorghabháil, ar fhoirceannadh na forghabhála, seachas, i gceachtar cás, le haghaidh na ndaoine sin a dtarlaíonn a scaoileadh saor, a n-athdhúichiú nó a n-athshuíomh deireanach dá éis sin. Leanfaidh na daoine sin de thairbhe a bhaint as na forálacha iomchuí de na Coinbhinsiúin agus den Phrótacal seo go dtí a scaoileadh saor, a n-athdhúichiú nó a n-athshuíomh deireanach.

Airteagal 4—Stádas dlíthiúil na bPáirtithe sa choinbhleacht

Ní dhéanfaidh feidhm na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo, mar aon le tabhairt chun críche na gcomhaontuithe dá bhforáiltear iontu, difear do stádas dlíthiúil na bPáirtithe sa choinbhleacht. Ní dhéanfaidh forghabháil críche ná feidhm na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo difear do stádas dlíthiúil na críche áirithe sin.

Airteagal 5—Cumhachtaí Coimirceacha agus a n-ionadach a cheapadh

1. Is é dualgas na bPáirtithe i gcoinbhleacht, ó thosach na coinbhleachta sin, maoirseacht agus cur i ngníomh na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo a áirithiú trí chóras na gCumhachtaí Coimirceacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear inter alia na Cumhachtaí sin a ainmniú agus glacadh leo, de réir na míreanna seo a leanas. Beidh dualgas ar Chumhachtaí Coimirceacha leasanna na bPáirtithe sa choinbhleacht a chaomhnú.

2. Ó thosach coir dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht Cumhacht Choimirceach a ainmniú gan mhoill chun na Coinbhinsiúin agus an Prótacal seo a chur chun feidhme agus ceadóidh sé, ar an dóigh chéanna gan mhoill agus chun na críche céanna, gníomhaíochtaí Cumhachta Coimircí ar ghlac sé léi mar chumhacht den sórt sin tar éis a hainmnithe ag an bPáirtí naimhdeach.

3. Más rud é nár ainmníodh nó nár glacadh le Cumhacht Choimirceach ó thosach coir dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge a chuidiú a thairiscint do na Páirtithe sa choinbhleacht, gan dochar don cheart atá ag aon eagraíocht dhaonchairdiúil neamhchlaon eile déanamh amhlaidh, d'fhonn go ndéanfaí Cumhacht Choimirceach a dtoilíonn na Páirtithe sa choinbhleacht léi a ainmniú gan mhoill. Chun na críche sin, féadfaidh sé, inter alia, iarraidh ar gach Páirtí liosta a chur ar fáil dó de chúig Stát ar a laghad a mheasann an Páirtí sin a bheith inghlactha chun gníomhú mar Chumhacht Choimirceach thar a cheann i ndáil le Páirtí naimhdeach, agus iarraidh ar gach Páirtí naimhdeach liosta a chur ar fáil de chúig Stát ar a laghad a nglacfadh sé leo mar Chumhacht Choimirceach an chéad Pháirtí; cuirfear na liostaí sin in iúl don Choiste laistigh de dhá sheachtain tar éis an iarraidh a fháil; déanfaidh sé iad a chur i gcomparáid lena chéile agus comhaontú a lorg ar aon Stát molta a ainmnítear ar an dá liosta.

4. Más rud é, d'ainneoin an mhéid sin roimhe seo, nach bhfuil aon Chumhacht Choimirceach ann, glacfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht gan mhoill le tairiscint ó Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, nó ó aon eagraíocht eile a thugann gach ráthaíocht ar a neamhchlaontacht agus ar a héifeachtúlacht, tar éis comhchomhairliúchán cuí leis na Páirtithe sin agus tar éis toradh na gcomhchomhairliúchán sin a chur i gcuntas, chun gníomhú mar ionadach. Tá feidhmiú ionadaigh den sórt sin faoi réir thoiliú na bPáirtithe sa choinbhleacht; déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht gach iarracht chun oibríochtaí an ionadaigh i gcomhlíonadh a thascanna dó faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo a éascú.

5. De réir Airteagal 4, ní dhéanfaidh ainmniú agus glacadh Cumhachtaí Coimirceacha d'fhonn na Coinbhinsiúin agus an Prótacal seo a chur chun feidhme difear do stádas dlíthiúil na bPáirtithe sa choinbhleacht nó do stádas dlíthiúil aon chríche, lena n-áirítear críoch faoi fhorghabháil.

6. Ní bac ar ainmniú Cumhachtaí Coimirceacha d'fhonn na Coinbhinsiúin agus an Prótacal seo a chur chun feidhme é caidreamh taidhleoireachta a chothabháil idir na Páirtithe sa choinbhleacht nó coimirce leasanna Páirtí agus leasanna a náisiúnach a chur de chúram ar thríú Stát de réir rialacha an dlí idirnáisiúnta a bhaineann le caidreamh taidhleoireachta.

7. Aon tagairt dá éis seo sa Phrótacal seo do Chumhacht Choimirceach, folaíonn sí ionadach freisin.

Airteagal 6—Daoine cáilithe

1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha, in aimsir shíochána freisin, iarracht, le cabhair na gCumann náisiúnta den Chrois Dhearg (den Chorrán Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg) ar dhaoine cáilithe a oiliúint d'fhonn cur chun feidhme na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo, agus go háirithe gníomhaíochtaí na gCumhachtaí Coimirceacha, a éascú.

2. Is laistigh den dlínse intíre atá earcú agus oiliúint pearsanra den sórt sin.

3. Déanfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge na liostaí de dhaoine arna n-oiliúint amhlaidh a bheidh bunaithe ag na hArdpháirtithe Conarthacha agus a bheidh curtha ar aghaidh chuige chun na críche sin a choinneáil ar láimh na nArdpháirtithe Conarthacha.

4. Maidir leis na coinníollacha faoina rialaítear fostú pearsanra den sórt sin lasmuigh den chríoch náisiúnta beidh siad, i ngach cás, ina n-ábhar do chomhaontuithe speisialta idir na Páirtithe lena mbaineann.

Airteagal 7—Cruinnithe

Déanfaidh taiscí an Phrótacail seo cruinniú de na hArdpháirtithe Conarthacha a ghairm, ar iarraidh ó cheann amháin nó níos mó de na Páirtithe sin agus ar cheadú a fháil ó thromlach na bPáirtithe sin, chun fadhbanna ginearálta a bhaineann le cur chun feidhme na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail a bhreithniú.

CUID II

LUCHT CRÉACHTAITHE, BREOITE AGUS LONGBHRISTE

ALT I —COIMIRCE GHINEARÁLTA

Airteagal 8—Téarmaíocht

Chun críocha an Phrótacail seo:

(a) ciallaíonn “lucht créachtaithe” agus “lucht breoite” daoine, cibé acu míleata nó sibhialta, atá i ngá cabhrach nó aireachais liachta mar gheall ar thráma, galar nó mí-ordú nó míchumas eile coirp nó meabhrach agus a staonann ó aon ghníomh cogaíochta. Baineann na téarmaí sin freisin le cásanna máithreachais, naíonáin nuabheirthe agus daoine eile a bheidh i ngá cabhrach nó aireachais liachta láithrigh, ar nós daoine éiglí nó ban torrach, agus a staonann ó aon ghníomh cogaíochta;

(b) ciallaíonn “lucht longbhriste” daoine, cibé acu míleata nó sibhialta, atá i mbaol ar farraige nó ar aon uiscí eile de thoradh mí-ádha a bhaineann dóibh nó don soitheach nó don aerárthach atá á n-iompar agus a staonann ó aon ghníomh cogaíochta. Leanfaidh na daoine sin, ar choinníoll go staonann siad i gcónaí ó aon ghníomh cogaíochta, de bheith á meas mar lucht longbhriste le linn a dtarrthála go dtí go bhfaigheann siad stádas eile faoi na Coinbhinsiúin nó faoin bPrótacal seo;

(c) ciallaíonn “pearsanra liachta” na daoine sin a bheidh sannta, ag Páirtí sa choinbhleacht, go heisiach do na críocha liachta a áirítear faoi fhomhír (e) nó do riaradh aonad liachta nó d'oibriú nó do riaradh iompróirí liachta. Féadfaidh sannadh den sórt sin a bheith buan nó sealadach. Folaíonn an téarma:

(i) pearsanra liachta de chuid Páirtí sa choinbhleacht, cibé acu míleata nó sibhialta, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil a dtuairisc sa Chéad Choinbhinsiún agus sa Dara Coinbhinsiún, agus iad siúd a bheidh sannta d'eagraíochtaí cosanta sibhialta;

(ii) pearsanra liachta de chuid Cumann náisiúnta den Chrois Dhearg (den Chorrán Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg) agus de chuid cumann cabhrach saorálach náisiúnta eile arna n-aithint agus arna n-údarú go cuí ag Páirtí sa choinbhleacht;

(iii) pearsanra liachta de chuid aonad liachta nó iompróirí liachta a bhfuil a dtuairisc in Airteagal 9, mír 2;

(d) ciallaíonn “pearsanra eaglaise” daoine míleata nó sibhialta, ar nós séiplíneach, atá ag gabháil go heisiach d'obair a ministreachta agus atá ar ceangal:

(i) le fórsaí armtha de chuid Páirtí sa choinbhleacht;

(ii) le haonaid liachta nó le hiompróirí liachta de chuid Páirtí sa choinbhleacht;

(iii) le haonaid liachta nó le hiompróirí liachta a bhfuil a dtuairisc in Airteagal 9, mír 2; nó

(iv) le heagraíochtaí cosanta sibhialta de chuid Páirtí sa choinbhleacht.

Féadfaidh ceangal an phearsanra eaglaise a bheith buan nó sealadach, agus tá feidhm ag na forálacha cuí a luaitear faoi fhomhír (k) maidir leo;

(e) ciallaíonn “aonaid liachta” bunachais agus aonaid eile, cibé acu míleata nó sibhialta, arna n-eagrú chun críocha liachta, is é sin le rá, an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a lorg, a bhailiú, a iompar agus a fháthmheas agus cóireáil — lena n-áirítear cóireáil gharchabhrach — a chur orthu, nó chun galar a chosc. Folaíonn an téarma, mar shampla, ospidéil agus aonaid eile dá samhail, lárionaid fuilaistriúcháin, lárionaid agus institiúidí liachta réamhchoscaí, iostaí liachta agus stórais liachta agus cógaisíochta aonad den sórt sin. Féadfaidh aonaid liachta a bheith seasta nó soghluaiste, buan nó sealadach;

(f) ciallaíonn “iompar liachta” an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste, an pearsanra liachta, an pearsanra eaglaise, an trealamh liachta nó na soláthairtí liachta, a choimircítear leis na Coinbhinsiúin agus leis an bPrótacal seo, a iompar ar tír, ar uisce nó san aer;

(g) ciallaíonn “iompróirí liachta” aon chóir iompair, cibé acu míleata nó sibhialta, buan nó sealadach, a bheidh sannta go heisiach d'iompar liachta agus a bheidh faoi rialú údaráis inniúil de chuid Páirtí sa choinbhleacht;

(h) ciallaíonn “feithiclí liachta” aon iompróirí liachta ar tír;

(i) ciallaíonn “longa agus árthaí liachta” aon iompróirí liachta ar uisce;

(j) ciallaíonn “aerárthaí liachta” aon iompróirí liachta san aer;

(k) ciallaíonn “pearsanra liachta buan”, “aonaid liachta bhuana” agus “iompróirí liachta buana” iad sin a bheidh sannta go heisiach do chríocha liachta ar feadh tréimhse neamhchinntithe. Ciallaíonn “pearsanra liachta sealadach”, “aonaid liachta shealadacha” agus “iompróirí liachta sealadacha” iad sin a bheidh tiomnaithe go heisiach do chríocha liachta ar feadh tréimhsí teoranta le linn iomlán na dtréimhsí sin. Mura sonrófar a mhalairt, baineann na téarmaí “pearsanra liachta”, “aonaid liachta” agus “iompróirí liachta” leis na hearnálacha buana agus sealadacha araon;

(l) ciallaíonn “feathal ar leith” feathal ar leith na croise deirge, an chorráin dheirg nó an leoin dheirg agus na gréine deirge ar chúlra bán nuair a úsáidtear é chun aonaid agus iompróirí liachta, nó pearsanra, trealamh agus soláthairtí liachta nó eaglaise, a chosaint;

(m) ciallaíonn “sainchomhairc” aon chomhairc nó teachtaireacht a shonraítear le haghaidh aithint eisiach aonad nó iompróirí liachta i gCaibidil III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo.

Airteagal 9 — Réim Feidhme

1. Beidh feidhm ag an gCuid seo, arb é an cuspóir atá lena forálacha ná staid an lucht chréachtaithe, bhreoite agus longbhriste a fheabhsú, maidir leo siúd go léir a ndéanfaidh cor dá dtagraítear in Airteagal 1 difear dóibh, gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar chine, dath, gnéas, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitíochta nó tuairimí eile, bunadh náisiúnta nó sóisialta, rachmas, fréamhshliocht nó stádas eile, nó aon dálaí eile dá samhail.

2. Beidh feidhm ag na forálacha iomchuí d'Airteagail 27 agus 32 den Chéad Choinbhinsiún maidir le haonaid liachta bhuana agus le hiompróirí liachta buana (ar leith ó otharlonga, a bhfuil feidhm ag Airteagal 25 den Dara Coinbhinsiún maidir leo) agus maidir lena bpearsanra a bheidh curtha ar fáil do Pháirtí sa choinbhleacht chun críoch daonchairdiúil:

(a) ag Stát neodrach nó Stát eile nach Páirtí sa choinbhleacht;

(b) ag cumann cabhrach aitheanta agus údaraithe de chuid Stáit den sórt sin;

(c) ag eagraíocht dhaonchairdiúil idirnáisiúnta neamhchlaon.

Airteagal 10—Coimirce agus aireachas

1. Tabharfar urraim agus coimirce don lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste go léir, cibé acu Páirtí lena mbaineann siad.

2. I ngach uile chás cuirfear cóir dhaonnachtúil orthu agus gheobhaidh siad, a mhéid is féidir in aon chor é agus leis an moill is lú is féidir, an t-aireachas agus an t-aire liachta is gá de bharr a staide. Ní dhéanfar aon idirdhealú eatarthu mar gheall ar aon chúiseanna seachas cúiseanna liachta.

Airteagal 11—Daoine a choimirciú

1. Ní chuirfear sláinte agus iomláine coirp nó meabhrach daoine atá faoi urláimh an Pháirtí naimhdigh nó atá faoi imtheorannú nó faoi choinneáil nó a bhfuil a saoirse bainte díobh ar shlí eile de thoradh ar chor dá dtagraítear in Airteagal 1 i mbaol trí aon ghníomh nó neamhghníomh nach bhfuil údar leis. Dá réir sin, toirmisctear aon bheart liachta a dhéanamh ar na daoine a bhfuil a dtuairisc san Airteagal seo, ar beart é nach léir ó staid sláinte an duine lena mbaineann gá a bheith leis agus nach bhfuil de réir caighdeán liachta a bhfuil glacadh leo go coitianta agus a chuirfí chun feidhme faoi imthosca liachta dá samhail ar dhaoine ar náisiúnaigh iad de chuid an Pháirtí a bhfuil an beart á dhéanamh aige agus nach bhfuil a saoirse bainte díobh ar aon slí.

2. Maidir le daoine den sórt sin, toirmisctear, go háirithe:

(a) ciorruithe coirp;

(b) turgnaimh liachta nó eolaíochta;

(c) baint fíocháin nó orgán le haghaidh trasphlandú,

a dhéanamh orthu, fiú lena dtoiliú, ach amháin i gcás go bhfuil údar leis na gníomhartha sin de réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear i mír 1.

3. Féadfar eisceachtaí a dhéanamh ón toirmeasc i mír 2 (c) i gcás deonú fola le haghaidh fuilaistriúcháin nó deonú craicinn le haghaidh nódú agus sa chás sin amháin, ar choinníoll go dtugtar iad go deonach agus gan aon chomhéigean nó aslú, agus ansin chun críocha teiripeacha amháin, faoi imthosca atá de réir caighdeán liachta a bhfuil glacadh leo go coitianta agus faoi rialuithe arb é tairbhe an deontóra agus an fhaighteora araon is aidhm leo.

4. Is sárú tromchúiseach ar an bPrótacal seo aon ghníomh nó neamhghníomh toiliúil a chuireann i mbaol go tromchúiseach sláinte nó iomláine coirp nó meabhrach aon duine atá faoi urláimh Páirtí seachas an Páirtí ar a mbraitheann sé agus a bhriseann aon cheann de na toirmisc i míreanna 1 agus 2 nó nach gcomhlíonann ceanglais mhír 3.

5. Tá sé de cheart ag na daoine a bhfuil a dtuairisc i mír 1 aon obráid mháinliachta a dhiúltú. I gcás diúltaithe, déanfaidh pearsanra liachta iarracht ar ráiteas i scríbhinn á rá sin a fháil agus é sínithe nó admhaithe ag an othar.

6. Déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht taifead liachta a choinneáil ar gach deonú fola le haghaidh fuilaistriúcháin nó ar gach deonú craicinn le haghaidh nódú ag daoine dá dtagraítear i mír 1, má dhéantar an deonú sin faoi fhreagracht an Pháirtí sin. Chomh maith leis sin, déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht iarracht ar thaifead a choinneáil ar gach beart liachta a dhéantar maidir le haon duine atá faoi imtheorannú nó faoi choinneáil a bhfuil a shaoirse bainte de ar shlí eile de thoradh ar chor dá dtagraítear in Airteagal 1. Beidh na taifid sin ar fáil i gcónaí lena n-iniúchadh ag an gCumhacht Choimirceach.

Airteagal 12—Aonaid liachta a choimirciú

1. Tabharfar urraim agus coimirce d'aonaid liachta i gcónaí agus ní dhíreofar ionsaí orthu.

2. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haonaid liachta shibhialta, ar choinníoll:

(a) go mbaineann siad le ceann de na Páirtithe sa choinbhleacht;

(b) go bhfuil siad aitheanta agus údaraithe ag údarás inniúil ceann de na Páirtithe sa choinbhleacht; nó

(c) go bhfuil siad údaraithe de réir Airteagal 9, mír 2, den Phrótacal seo nó Airteagal 27 den Chéad Choinbhinsiún.

3. Tugtar cuireadh do na Páirtithe sa choinbhleacht fógra a thabhairt dá chéile faoi shuíomh a n-aonad liachta seasta. Ní dhéanfaidh easpa fógra den chineál sin aon cheann de na Páirtithe a dhíolmhú ón oibleagáid forálacha mhír 1 a chomhlíonadh.

4. Ní úsáidfear aonaid liachta in aon iarracht ar spriocanna míleata a sciathadh ar ionsaí in imthosca ar bith. Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a áirithiú, nuair is féidir é, go suitear aonaid liachta ar shlí nach gcuirfidh ionsaithe ar spriocanna míleata a sábháilteacht i gcontúirt.

Airteagal 13—Deireadh a chur le coimirciú aonad liachta sibhialta

1. Ní scoirfear den choimirce a dhlitear d'aonaid liachta shibhialta mura rud é go n-úsáidtear iad taobh amuigh dá bhfeidhm dhaonchairdiúil, chun gníomhartha ba dhíobháil don namhaid a dhéanamh. Ní cead, in aon chás, scor den choimirce ach amháin tar éis rabhadh a thabhairt ina socrófar, nuair is cuí, teorainn ama réasúnach agus tar éis neamhaird a bheith tugtha ar an rabhadh sin.

2. Ní áireofar an méid seo a leanas mar ghníomhartha ba dhíobháil don namhaid:

(a) armáin aonair éadroma a bheith ina dtrealamh ag pearsanra an aonaid chun iad féin, nó an lucht créachtaithe agus breoite atá faoina gcúram, a chosaint;

(b) an t-aonad a bheith á ghardáil ag picéad nó ag fairtheoirí nó ag lucht coimhdeachta;

(c) mionairm agus armlón a tógadh ón lucht créachtaithe agus breoite, agus nár tugadh suas fós don tseirbhís chuí, a fháil sna haonaid;

(d) comhaltaí de na fórsaí armtha nó comhraiceoirí eile a bheith san aonad ar chúiseanna liachta.

Airteagal 14—Teorainneacha le foréileamh ar aonaid liachta shibhialta

1. Tá an dualgas ar an gCumhacht Forghabhála a áirithiú go leanfar de riachtanais liachta an phobail shibhialta i gcríoch atá faoi fhorghabháil a shásamh.

2. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh an Chumhacht Forghabhála aonaid liachta shibhialta, a dtrealamh, a matériel nó seirbhísí a gcuid pearsanra a fhoréileamh, fad atá na hacmhainní sin riachtanach chun seirbhísí liachta leordhóthanacha a sholáthar don phobal sibhialta agus le haghaidh aireachais liachta leanúnaigh don lucht créachtaithe agus breoite atá faoi chóireáil cheana féin.

3. Ar choinníoll go leanfar den riail ghinearálta i mír 2 a urramú, féadfaidh an Chumhacht Forghabhála na hacmhainní sin a fhoréileamh, faoi réir na gcoinníollacha áirithe seo a leanas:

(a) go bhfuil na hacmhainní riachtanach le haghaidh chóireáil liachta leordhóthanach agus láithreach chomhaltaí créachtaithe agus breoite fhórsaí armtha na Cumhachta Forghabhála nó príosúnach cogaidh;

(b) nach leanfaidh an foréileamh ach le linn don riachtanas a bheith ann; agus

(c) go ndéanfar socruithe láithreach chun a áirithiú go leanfar de riachtanais liachta an phobail shibhialta, chomh maith le riachtanais aon lucht chréachtaithe agus bhreoite atá faoi chóireáil agus a ndéanann an foréileamh difear dóibh, a shásamh.

Airteagal 15—Pearsanra liachta agus eaglaise sibhialta a choimirciú

1. Déanfar pearsanra liachta sibhialta a urramú agus a choimirciú.

2. Más gá, déanfar gach cabhair atá ar fáil a thabhairt do phearsanra liachta sibhialta i limistéar ina gcuirtear isteach ar sheirbhísí liachta sibhialta de thoradh gníomhaíochta comhraic.

3. Tabharfaidh an Chumhacht Forghabhála gach cúnamh do phearsanra liachta sibhialta i gcríocha atá faoi fhorghabháil chun a chumasú dóibh a bhfeidhmeanna daonchairdiúla a chomhlíonadh go feadh a gcumais. Ní cead don Chumhacht Forghabhála a cheangal ar phearsanra den sórt sin, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, tosaíocht a thabhairt do chóireáil aon duine ach amháin ar chúiseanna liachta. Ní chuirfear iallach orthu aon tascanna a dhéanamh nach bhfuil ar comhréir lena misean daonchairdiúil.

4. Beidh rochtain ag pearsanra liachta sibhialta ar aon áit ina bhfuil a gcuid seirbhísí riachtanach, faoi réir cibé beart maoirseachta agus sábháilteachta a cheapfaidh an Páirtí cuí sa choinbhleacht is gá.

5. Déanfar pearsanra eaglaise sibhialta a urramú agus a choimirciú. Maidir leis na forálacha de na Coinbhinsiúin agus den Phrótacal seo a bhaineann le pearsanra liachta a choimirciú agus a aithint, beidh feidhm chomh maith céanna acu maidir le daoine den sórt sin.

Airteagal 16—Dualgais liachta a choimirciú i gcoitinne

1. Ní dhéanfar aon duine a phionósú, in imthosca ar bith, as gníomhaíochtaí liachta atá ar comhréir le heitic liachta a dhéanamh, is cuma cén duine a thairbheoidh de na gníomhaíochtaí sin.

2. Ní chuirfear iallach ar dhaoine atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí liachta gníomhartha nó obair a dhéanamh atá in aghaidh rialacha na heitice liachta nó in aghaidh rialacha liachta eile atá ceaptha ar mhaithe leis an lucht créachtaithe agus breoite nó in aghaidh fhorálacha na gCoinbhinsiún nó an Phrótacail seo, nó staonadh de ghníomhartha nó obair a dhéanamh a cheanglaítear leis na rialacha agus leis na forálacha sin.

3. Ní chuirfear iallach ar aon duine atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí liachta aon fhaisnéis a bhaineann leis an lucht créachtaithe agus breoite atá nó a bhí faoina chúram a thabhairt d'aon duine a bhaineann le Páirtí naimhdeach nó lena Pháirtí féin ach amháin mar a cheanglaítear le dlí an Pháirtí dheireanaigh sin, dá ndéanfadh an fhaisnéis sin díobháil, dar leis, do na hothair lena mbaineann nó dá dteaghlaigh. Déanfar rialacháin maidir le fógairt éigeantach galar tógálach a urramú, áfach.

Airteagal 17—Ról an phobail shibhialta agus cumann cabhrach

1. Déanfaidh an pobal sibhialta an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a urramú, fiú má bhaineann siad leis an bPáirtí naimhdeach, agus ní dhéanfaidh aon ghníomh foréigin ina n-aghaidh. Ceadófar don phobal sibhialta agus do chumainn chabhrach, ar nós Cumann náisiúnta den Chrois Dhearg (den Chorrán Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg), fiú ar a dtionscnamh féin, an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a bhailiú agus a aireachasú, fiú i limistéir faoi ionradh nó faoi fhorghabháil. Ní dhéanfar díobháil d'aon duine, ná ní ionchúiseofar, ní chiontófar ná ní phionósófar aon duine mar gheall ar ghníomhartha daonchairdiúla den sórt sin.

2. Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht a iarraidh ar an bpobal sibhialta agus ar na cumainn chabhrach dá dtagraítear i mír 1 an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a bhailiú agus a aireachasú agus na mairbh a lorg agus a suíomh a thuairisciú; tabharfaidh siad coimirce agus na saoráidí is gá dóibh siúd a dhéanfaidh amhlaidh. Má ghlacann nó má athghlacann an Páirtí naimhdeach ceannas ar an limistéar, tabharfaidh an Páirtí sin freisin an choimirce agus na saoráidí céanna fad a bheidh gá leo.

Airteagal 18—Aithint

1. Déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht iarracht a áirithiú go bhfuil pearsanra liachta agus eaglaise agus aonaid agus iompróirí liachta inaitheanta.

2. Déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht iarracht freisin modhanna agus nósanna imeachta a ghlacadh agus a chur i ngníomh a fhágfaidh gur féidir aonaid agus iompróirí liachta a úsáideann an feathal ar leith agus na sainchomhairceanna a aithint.

3. I gcríoch faoi fhorghabháil agus i limistéir ina bhfuil, nó inar dócha go mbeidh, troid ar siúl, ba cheart go mbeadh pearsanra liachta sibhialta agus pearsanra eaglaise sibhialta inaitheanta tríd an bhfeathal ar leith agus trí chárta aitheantais ag deimhniú a stádais.

4. Le toiliú an údaráis inniúil, déanfar aonaid agus iompróirí liachta a mharcáil leis an bhfeathal ar leith. Déanfar na longa agus na hárthaí dá dtagraítear in Airteagal 22 den Phrótacal seo a mharcáil de réir fhorálacha an Dara Coinbhinsiún.

5. I dteannta an fheathail ar leith, féadfaidh Páirtí sa choinbhleacht, mar a fhoráiltear i gCaibidil III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo, údarú a thabhairt sainchomhairceanna a úsáid chun aonaid agus iompróirí liachta a aithint. Go heisceachtúil, sna cásanna speisialta a mbaineann an Chaibidil sin leo, féadfaidh iompróirí liachta sainchomhairceanna a úsáid gan an feathal ar leith a bheith ar taispeáint.

6. Tá feidhm fhorálacha mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo faoi rialú Chaibidlí I go III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo. Ní dhéanfar comhairceanna, atá sainithe i gCaibidil III den Iarscríbhinn d'úsáid eisiach aonad agus iompróirí liachta, a úsáid chun aon chríche eile seachas chun na haonaid agus na hiompróirí liachta a shonraítear sa Chaibidil sin a aithint, ach amháin de réir mar a fhoráiltear sa Chaibidil sin.

7. Ní údaraíonn an tAirteagal seo aon úsáid níos leithne den fheathal ar leith in aimsir shíochána ná mar a fhorordaítear in Airteagal 44 den Chéad Choinbhinsiún.

8. Maidir leis na forálacha de na Coinbhinsiúin agus den Phrótacal seo a bhaineann le maoirseacht ar úsáid an fheathail ar leith, agus le haon mhí-úsáid a bhainfí as an bhfeathal sin a chosc agus a chur faoi chois, beidh siad infheidhme maidir le sainchomhairceanna.

Airteagal 19—Stáit neodracha agus Stáit eile nach Páirtithe sa choinbhleacht

Déanfaidh Stáit neodracha agus Stáit eile nach Páirtithe sa choinbhleacht forálacha iomchuí an Phrótacail seo a chur chun feidhme maidir le daoine a choimircítear leis an gCuid seo agus a ghlacfar nó a bheidh faoi imtheorannú laistigh dá gcríoch, agus maidir le haon mhairbh de chuid na bPáirtithe sa choinbhleacht a aimseoidh siad.

Airteagal 20—Bearta díoltais a thoirmeasc

Toirmisctear bearta díoltais a dhéanamh ar na daoine agus ar na nithe a choimircítear leis an gCuid seo.

ALT II — IOMPAR LIACHTA

Airteagal 21—Feithiclí liachta

Tabharfar urraim agus coimirce d'fheithiclí liachta ar an gcaoi chéanna le haonaid liachta shoghluaiste faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo.

Airteagal 22—Otharlonga agus árthaí tarrthála cósta

1. Beidh feidhm freisin ag na forálacha de na Coinbhinsiúin a bhaineann:

(a) le soithí a bhfuil a dtuairisc in Airteagail 22, 24, 25 agus 27 den Dara Coinbhinsiún,

(b) lena mbáid tarrthála agus lena n-árthaí beaga,

(c) lena bpearsanra agus lena bhfoirne, agus

(d) leis an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste atá ar bord,

má iompraíonn na soithí sin sibhialtaigh chréachtaithe, bhreoite agus longbhriste nach mbaineann le haon cheann de na hearnálacha a luaitear in Airteagal 13 den Dara Coinbhinsiún. Ní bheidh ar shibhialtaigh den sórt sin, áfach, géilleadh d'aon Pháirtí nach é a bPáirtí féin é, ná ní ghabhfar iad ar farraige. Má tharlaíonn dóibh a bheith faoi urláimh Páirtí sa choinbhleacht seachas a bPáirtí féin, bainfidh an Ceathrú Coinbhinsiún agus an Prótacal seo leo.

2. Bainfidh an choimirce a thugann na Coinbhinsiúin do shoithí a bhfuil a dtuairisc in Airteagal 25 den Dara Coinbhinsiún freisin le hotharlonga a bheidh curtha ar fáil do Pháirtí sa choinbhleacht chun críoch daonchairdiúil:

(a) ag Stát neodrach nó Stát eile nach Páirtí sa choinbhleacht sin; nó

(b) ag eagraíocht dhaonchairdiúil idirnáisiúnta neamhchlaon,

ar choinníoll, i gceachtar cás, go gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha amach san Airteagal sin.

3. Déanfar árthaí beaga a bhfuil a dtuairisc in Airteagal 27 den Dara Coinbhinsiún a choimirciú fiú mura bhfuil na sonraí curtha in iúl mar atá beartaithe leis an Airteagal sin. Iarrtar ar na Páirtithe sa choinbhleacht, mar sin féin, aon sonraí maidir le hárthaí den sórt sin, a d'éascódh iad a chéannú agus a aithint, a chur in iúl dá chéile.

Airteagal 23—Longa agus árthaí liachta eile

1. Tabharfar urraim agus coimirce do longa agus árthaí liachta ar leith ó na cinn dá dtagraítear in Airteagal 22 den Phrótacal seo agus in Airteagal 38 den Dara Coinbhinsiún, cibé acu ar farraige nó in uiscí eile dóibh, ar an gcaoi chéanna le haonaid liachta shoghluaiste faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo. Ós rud é nach féidir leis an gcoimirce sin a bheith éifeachtach ach amháin más féidir iad a chéannú agus a aithint mar longa nó árthaí liachta, ba chóir go mbeadh soithí den sórt sin marcáilte leis an bhfeathal ar leith agus go gcomhlíonfaidís, a mhéid is féidir, an dara mír d'Airteagal 43 den Dara Coinbhinsiún.

2. Leanfaidh na longa agus na hárthaí dá dtagraítear in mír 1 de bheith faoi réir dhlíthe an chogaidh. Féadfaidh aon long chogaidh ar an mbarr, a bhfuil ar a cumas a hordú a chur i bhfeidhm láithreach, a ordú dóibh stad, a ordú dóibh imeacht, nó a thabhairt orthu cúrsa áirithe a ghlacadh, agus géillfidh siad do gach ordú den sórt sin. Ní fhéadfar longa agus árthaí den sórt sin a chur dá misean liachta ar aon slí eile fad atá gá leo le haghaidh an lucht chréachtaithe, bhreoite agus longbhriste atá ar bord.

3. Ní scoirfear den choimirce a thugtar i mír 1 ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 34 agus 35 den Dara Coinbhinsiún. Beidh diúltú soiléir géilleadh d'ordú a thugtar de réir mhír 2 ina ghníomh ba dhíobháil don namhaid faoi Airteagal 34 den Dara Coinbhinsiún.

4. Féadfaidh Páirtí sa choinbhleacht ainm, tuairisc, am ionchasach seolta, cúrsa agus luas measta na loinge nó an árthaigh liachta a chur in iúl d'aon Pháirtí naimhdeach chomh fada roimh an seoladh agus is féidir, go háirithe i gcás long is mó ná 2,000 tonna mórmheáchain, agus féadfaidh sé aon fhaisnéis eile a chur ar fáil a d'éascódh an long nó an t-árthach a chéannú agus a aithint. Déanfaidh an Páirtí naimhdeach a admháil go bhfuarthas an fhaisnéis sin.

5. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 37 den Dara Coinbhinsiún maidir le pearsanra liachta agus eaglaise i longa agus in árthaí den sórt sin.

6. Beidh feidhm ag forálacha an Dara Coinbhinsiún maidir leis an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a bhaineann leis na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 13 den Dara Coinbhinsiún agus in Airteagal 44 den Phrótacal seo agus a bheidh ar bord long agus árthaí liachta den sórt sin. Maidir le sibhialtaigh chréachtaithe, bhreoite agus longbhriste nach mbaineann le haon cheann de na hearnálacha a luaitear in Airteagal 13 den Dara Coinbhinsiún, ní bheidh orthu, agus iad ar farraige, géilleadh d'aon Pháirtí nach é a bPáirtí féin é, ná aistriú as longa nó árthaí den sórt sin; má tharlaíonn dóibh a bheith faoi urláimh Páirtí sa choinbhleacht seachas a bPáirtí féin, bainfidh an Ceathrú Coinbhinsiún agus an Prótacal seo leo.

Airteagal 24—Aerárthaí liachta a choimirciú

Tabharfar urraim agus coimirce d'aerárthaí liachta, faoi réir fhorálacha na Coda seo.

Airteagal 25—Aerárthaí liachta i limistéir nach bhfuil faoi cheannas Páirtí naimhdigh

I limistéir thalún atá faoi cheannas go fisiceach ag fórsaí cairdiúla, agus os a gcionn sin, nó i limistéir farraige nach bhfuil faoi cheannas go fisiceach ag Páirtí naimhdeach, agus os a gcionn sin, níl an urraim agus an choimirce a thugtar d'aerárthach liachta de chuid Páirtí sa choinbhleacht ag brath ar aon chomhaontú le Páirtí naimhdeach. Ar mhaithe le breis sábháilteachta, áfach, féadfaidh Páirtí sa choinbhleacht atá ag oibriú a chuid aerárthach liachta sna limistéir sin fógra a thabhairt don Pháirtí naimhdeach, mar a fhoráiltear in Airteagal 29, go háirithe nuair atá eitiltí á ndéanamh ag aerárthaí den sórt sin a thugann iad laistigh de raon chórais armán dromchla go haer an Pháirtí naimhdigh.

Airteagal 26—Aerárthaí liachta i gcriosanna teagmhála nó i gcriosanna dá samhail

1. Ní féidir le coimirce d'aerárthaí liachta a bheith lánéifeachtach sna codanna sin den chrios teagmhála atá faoi cheannas go fisiceach ag fórsaí cairdiúla, agus os a gcionn sin, agus sna limistéir sin nach bhfuil an ceannas fisiceach orthu bunaithe go soiléir, agus os a gcionn sin, ach amháin trí chomhaontú roimh ré idir údaráis mhíleata inniúla na bPáirtithe sa choinbhleacht, mar a fhoráiltear in Airteagal 29. Cé gur ar a bpriacal féin a oibríonn aerárthaí liachta cheal comhaontú den sórt sin, tabharfar urraim dóibh mar sin féin tar éis dóibh a bheith aitheanta mar aerárthaí liachta.

2. Ciallaíonn “crios teagmhála” aon limistéar ar talamh ina bhfuil tulfheadhna fórsaí freasúracha i dteagmháil le chéile, go háirithe áit a bhfuil siad faoi lé lámhaigh dhírigh ón talamh.

Airteagal 27—Aerárthaí liachta i limistéir atá faoi cheannas Páirtí naimhdigh

1. Leanfaidh aerárthaí liachta Páirtí sa choinbhleacht de bheith coimircithe le linn dóibh a bheith ag eitilt thar limistéir thalún nó farraige atá faoi cheannas go fisiceach ag Páirtí naimhdeach, ar choinníoll go bhfuarthas comhaontú roimh ré maidir le heitiltí den sórt sin ó údarás inniúil an Pháirtí naimhdigh sin.

2. Aon aerárthach liachta a eitleoidh os cionn limistéir atá faoi cheannas go fisiceach ag Páirtí naimhdeach agus gan comhaontú dá bhforáiltear i mír 1 a bheith ann nó a chlaonann ó théarmaí comhaontaithe den sórt sin, cibé acu trí earráid loingseoireachta nó mar gheall ar éigeandáil a dhéanann difear do shábháilteacht na heitilte, déanfaidh sé gach iarracht a chéannacht agus na cúinsí a chur in iúl don Pháirtí naimhdeach. A luaithe a bheidh aerárthach liachta den sórt sin aitheanta ag an bPáirtí naimhdeach, déanfaidh an Páirtí sin gach iarracht réasúnach an t-ordú, dá dtagraítear in Airteagal 30, mír 1, a thabhairt chun tuirlingt ar thalamh nó ar uisce nó bearta eile a dhéanamh chun a leasanna féin a chaomhnú, agus, i gceachtar cás, am a thabhairt don aerárthach an t-ordú a chomhlíonadh, sula ndéanfaidh sé an t-aerárthach a ionsaí.

Airteagal 28—Srianta ar oibríochtaí aerárthaí liachta

1. Toirmisctear ar na Páirtithe sa choinbhleacht a n-aerárthaí liachta a úsáid in iarracht ar aon bhuntáiste míleata a bhreith ar Pháirtí naimhdeach. Ní bhainfear úsáid as aerárthaí liachta a bheith ar an láthair in iarracht chun spriocanna míleata a fhágáil saor ó ionsaí.

2. Ní úsáidfear aerárthaí liachta chun sonraí faisnéise a bhailiú nó a chraoladh agus ní iompróidh siad aon trealamh atá ceaptha chun críoch den sórt sin. Toirmisctear orthu aon daoine nó lasta nach bhfuil san áireamh sa mhíniú in Airteagal 8, fomhír (f), a iompar. Ní mheasfar mar ní atá toirmiscthe giúirléidí pearsanta na ndaoine atá san aerárthach nó trealamh atá ceaptha d'aon toisc chun loingseoireacht, cumarsáid nó aithint a éascú, a bheith á n-iompar ar bord.

3. Ní iompróidh aerárthaí liachta aon armáil seachas mionairm agus armlón a tógadh ón lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste atá ar bord agus nár tugadh suas fós don tseirbhís chuí, agus cibé armáin aonair éadroma is gá chun a chumasú don phearsanra liachta atá ar bord iad féin, agus an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste atá faoina gcúram, a chosaint.

4. Le linn d'aerárthaí liachta na heitiltí dá dtagraítear in Airteagail 26 agus 27 a dhéanamh, ní úsáidfear iad chun an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a lorg, ach amháin trí chomhaontú roimh ré leis an bPáirtí naimhdeach.

Airteagal 29—Fógraí agus comhaontuithe a bhaineann le haerárthaí liachta

1. Luafar i bhfógraí faoi Airteagal 25, nó in iarrataí ar chomhaontú roimh ré faoi Airteagail 26, 27, 28 (mír 4), nó 31, an líon aerárthach liachta atá beartaithe, a bpleananna eitilte agus a modhanna aitheantais, agus tuigfear go gciallaíonn siad go ndéanfar gach eitilt de réir Airteagal 28.

2. Déanfaidh aon Pháirtí a fhaigheann fógra a thugtar faoi Airteagal 25 a admháil láithreach go bhfuarthas an fógra sin.

3. Déanfaidh aon Pháirtí a fhaigheann iarraidh ar chomhaontú roimh ré faoi Airteagail 26, 27, 28 (mír 4), nó 31, fógra a thabhairt chomh tapa agus is féidir don Pháirtí iarrthach:

(a) á rá go n-aontaítear leis an iarraidh;

(b) á rá go ndiúltaítear an iarraidh; nó

(c) i dtaobh moltaí réasúnacha mar mhalairt ar an iarraidh. Féadfaidh sé freisin toirmeasc nó srian ar eitiltí eile sa limistéar le linn an ama atá i gceist a mholadh. Má ghlacann an Páirtí a rinne an iarraidh leis na moltaí malartacha, cuirfidh sé an glacadh sin in iúl don Pháirtí eile.

4. Déanfaidh na Páirtithe na bearta is gá chun a áirithiú gur féidir fógraí a thabhairt agus comhaontuithe a dhéanamh go tapa.

5. Déanfaidh na Páirtithe freisin na bearta is gá chun ábhar aon fhógraí agus comhaontuithe den sórt sin a leathadh go tapa ar na haonaid mhíleata lena mbaineann agus déanfaidh siad na haonaid sin a theagasc maidir leis na modhanna aitheantais a úsáidfidh na haerárthaí liachta atá i gceist.

Airteagal 30—Tuirlingt agus scrúdú aerárthaí liachta

1. Féadfar a ordú d'aerárthaí liachta a eitlíonn os cionn limistéar atá faoi cheannas go fisiceach ag Páirtí naimhdeach, nó os cionn limistéar nach bhfuil an ceannas fisiceach orthu bunaithe go soiléir, tuirlingt ar thalamh nó ar uisce, de réir mar is cuí, chun go ndéanfaí iad a scrúdú de réir na míreanna seo a leanas. Géillfidh aerárthaí liachta d'aon ordú den sórt sin.

2. Má dhéanann aerárthach den sórt sin tuirlingt ar thalamh nó ar uisce, cibé acu a ordaíodh dó déanamh amhlaidh nó ar chúiseanna eile, féadfar scrúdú a dhéanamh air chun na nithe dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chinneadh agus chuige sin amháin. Déanfar aon scrúdú den sórt sin a thosú gan mhoill agus déanfar é a sheoladh go dlúsúil. Ní cheanglóidh an Páirtí scrúdaitheach go n-aistreofar an lucht créachtaithe agus breoite as an aerárthach mura bhfuil a n-aistriú riachtanach don scrúdú. Déanfaidh an Páirtí sin a áirithiú, ar aon nós, nach ndéanfaidh an scrúdú nó an t-aistriú dochar do staid an lucht chréachtaithe agus bhreoite.

3. á thaispeánann an scrúdú:

(a) gur aerárthach liachta an t-aerárthach de réir bhrí Airteagal 8, fomhír (j),

(b) nach bhfuil an t-aerárthach ag sárú na gcoinníollacha a fhorordaítear in Airteagal 28, agus

(c) nár eitil an t-aerárthach gan chomhaontú roimh ré nó de shárú ar chomhaontú roimh ré i gcás gur gá comhaontú den sórt sin,

údarófar don aerárthach agus do na daoine sin atá san aerthárthach agus a bhaineann leis an bPáirtí naimhdeach nó le Stát neodrach nó Stát eile nach Páirtí sa choinbhleacht leanúint den eitilt gan mhoill.

4. Má thaispeánann an scrúdú:

(a) nach aerárthach liachta an t-aerárthach de réir bhrí Airteagal 8, fomhír (j),

(b) go bhfuil an t-aerárthach ag sárú na gcoinníollacha a fhorordaítear in Airteagal 28, nó

(c) gur eitil an t-aerárthach gan chomhaontú roimh ré nó de shárú ar chomhaontú roimh ré i gcás gur gá comhaontú den sórt sin,

féadfar an t-aerárthach a urghabháil. Déileálfar leis na daoine atá san aerárthach i gcomhréir leis na forálacha iomchuí de na Coinbhinsiúin agus den Phrótacal seo. Ní fhéadfar aon aerárthach a urghabhfar agus a bhí sannta mar aerárthach liachta buan a úsáid ina dhiaidh sin ach amháin mar aerárthach liachta.

Airteagal 31—Stáit neodracha nó Stáit eile nach Páirtithe sa choinbhleacht

1. Ach amháin le comhaontú roimh ré, ní eitleoidh aerárthaí liachta os cionn críche Stáit neodraigh nó Stáit eile nach Páirtí sa choinbhleacht ná ní thuirlingeoidh siad inti. Agus comhaontú den sórt sin acu, áfach, tabharfar urraim dóibh ar feadh a n-eitilte agus freisin le linn aon ghlaonna sa chríoch. Géillfidh siad, mar sin féin, d'aon fhógra chun tuirlingt ar thalamh nó ar uisce, de réir mar is cuí.

2. Má eitlíonn aerárthach liachta os cionn críche Stáit neodraigh nó Stáit eile nach Páirtí sa choinbhleacht, agus gan comhaontú a bheith ann nó má chlaonann sé ó théarmaí comhaontaithe atá ann, cibé acu trí earráid loingseoireachta nó mar gheall ar éigeandáil a dhéanann difear do shábháilteacht na heitilte, déanfaidh sé gach iarracht fógra a thabhairt faoin eitilt agus a chéannacht a chur in iúl. A luaithe a aithnítear aerárthach liachta den sórt sin, déanfaidh an Stát sin gach iarracht réasúnach an t-ordú, dá dtagraítear in Airteagal 30, mír 1, a thabhairt chun tuirlingt ar thalamh nó ar uisce nó bearta eile a dhéanamh chun a leasanna féin a chaomhnú, agus, i gceachtar cás, am a thabhairt don aerárthach an t-ordú a chomhlíonadh, sula ndéanfaidh sé an t-aerárthach a ionsaí.

3. Má dhéanann aerárthach liachta, le comhaontú nó sna cúinsí a luaitear i mír 2, tuirlingt ar thalamh nó ar uisce i gcríoch Stáit neodraigh nó Stáit eile nach Páirtí sa choinbhleacht, cibé acu a ordaíodh dó déanamh amhlaidh nó ar chúiseanna eile, féadfar scrúdú a dhéanamh ar an aerárthach chun a chinneadh an aerárthach liachta é iarbhír. Déanfar an scrúdú a thosú gan mhoill agus déanfar é a sheoladh go dlúsúil. Ní cheanglóidh an Páirtí scrúdaitheach go ndéanfar an lucht créachtaithe agus breoite de chuid an Pháirtí atá ag oibriú an aerárthaigh a aistriú as an aerárthach mura bhfuil a n-aistriú riachtanach don scrúdú. Déanfaidh an Páirtí scrúdaitheach a áirithiú, ar aon nós, nach ndéanfaidh an scrúdú nó an t-aistriú dochar do staid an lucht chréachtaithe agus bhreoite. Má thaispeánann an scrúdú gur aerárthach liachta iarbhír an t-aerárthach, ligfear don aerárthach mar aon leis na daoine atá san aerárthach, ar leith uathu siúd nach foláir a choinneáil de réir rialacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha, atosú ar a eitilt, agus tabharfar saoráidí réasúnacha chun leanúint den eitilt. Má thaispeánann an scrúdú nach aerárthach liachta an t-aerárthach, déanfar é a urghabháil agus déileálfar leis na daoine atá san aerárthach de réir mhír 4.

4. Maidir leis an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a chuirfear, ar shlí seachas go sealadach, ó bhord aerárthaigh liachta le toiliú na n-údarás áitiúil i gcríoch Stáit neodraigh nó Stáit eile nach Páirtí sa choinbhleacht, déanfar, mura gcomhaontófar a mhalairt idir an Stát sin agus na Páirtithe sa choinbhleacht, iad a choinneáil ag an Stát sin má cheanglaítear amhlaidh le rialacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha, ar shlí a fhágfaidh nach féidir leo páirt a ghlacadh sa chogaíocht arís. Is é an Stát lena mbaineann na daoine sin a íocfaidh costas cóireála ospidéil agus costas imtheorannaithe.

5. Déanfaidh Stáit neodracha nó Stáit eile nach Páirtithe sa choinbhleacht aon choinníollacha agus srianta ar ghluaiseacht aerárthaí liachta os cionn a gcríche, nó ar thuirlingt aerárthaí liachta ina gcríoch, a chur chun feidhme go cothrom maidir leis na Páirtithe go léir sa choinbhleacht.

ALT III —DAOINE ATÁ AR IARRAIDH AGUS DAOINE MARBHA

Airteagal 32—Prionsabal ginearálta

Le linn an tAlt seo a chur i ngníomh, is é an ceart atá ag teaghlaigh eolas a fháil ar ar tharla dá ngaolta is mó a bheidh mar spreagadh le gníomhaíochtaí na nArdpháirtithe Conarthacha, na bPáirtithe sa choinbhleacht agus na n-eagraíochtaí daonchairdiúla idirnáisiúnta a luaitear sna Coinbhinsiúin agus sa Phrótacal seo.

Airteagal 33—Daoine atá ar iarraidh

1. A luaithe is indéanta sna himthosca, agus ó dheireadh na cogaíochta gníomhaí ar a dhéanaí, déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht daoine a thuairiscigh Páirtí naimhdeach iad a bheith ar iarraidh a lorg. Déanfaidh Páirtí naimhdeach den sórt sin gach eolas iomchuí maidir le daoine den sórt sin a chur ar aghaidh d'fhonn lorg den sórt sin a éascú.

2. D'fhonn bailiú eolais de bhun na míre sin roimhe seo a éascú, déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht, maidir le daoine nach gcaithfí ar shlí níos fabhraí leo faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo:

(a) an t-eolas a shonraítear in Airteagal 138 den Cheathrú Sceideal a thaifeadadh maidir le daoine den sórt sin atá arna gcoinneáil, arna bpríosúnú nó arna gcoimeád ar shlí eile i mbraighdeanas ar feadh níos mó ná dhá sheachtain de thoradh cogaíochta nó forghabhála, nó a fuair bás le linn aon tréimhse coinneála;

(b) a mhéid is indéanta in aon chor é, lorg daoine den sórt sin agus taifeadadh eolais maidir leo, má fuair siad bás in imthosca eile de thoradh cogaíochta nó forghabhála, a éascú agus, más gá, a thabhairt i gcrích.

3. Déanfar eolas maidir le daoine a thuairiscítear a bheith ar iarraidh de bhun mhír 1 agus iarrataí ar eolas den sórt sin a chur ar aghaidh go díreach nó tríd an gCumhacht Choimirceach nó trí Lár-Ghníomhaireacht Lorgaireachta Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge nó trí Chumainn náisiúnta den Chrois Dhearg (den Chorrán Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg). I gcás nach gcuirtear an t-eolas ar aghaidh trí Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus trína Lár-Ghníomhaireacht Lorgaireachta, déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht a áirithiú go soláthrófar an t-eolas sin don Lár-Ghníomhaireacht Lorgaireachta freisin.

4. Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht iarracht comhaontú ar shocruithe maidir le foirne chun na mairbh a lorg, a aithint agus a aisghabháil ó limistéir an mhachaire catha, lena n-áirítear socruithe, más cuí, chun go ndéanfadh pearsanra de chuid an Pháirtí naimhdigh foirne den sórt sin a thionlacan le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh na misean sin i limistéir atá faoi cheannas an Pháirtí naimhdigh. Tabharfar urraim agus coimirce do phearsanra foirne den sórt sin le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh na ndualgas sin go heisiach.

Airteagal 34—Taisí éagach

1. Tabharfar urraim do thaisí daoine a fuair bás de dheasca cúiseanna a bhaineann le forghabháil nó a fuair bás agus iad faoi choinneáil de dhroim forghabhála nó cogaíochta agus do thaisí daoine nach náisiúnaigh de chuid na tíre ina bhfuair siad bás de thoradh cogaíochta, agus tabharfar urraim do láithreacha uaigheanna gach aon duine den sórt sin agus déanfar iad a choimeád i dtreo ceart agus a mharcáil mar a fhoráiltear in Airteagal 130 den Cheathrú Coinbhinsiún, i gcás nach gcaithfí ar shlí níos fabhraí lena dtaisí agus le láithreacha a n-uaigheanna faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo.

2. A luaithe is indéanta sna himthosca agus ag féachaint don chaidreamh idir na Páirtithe sa choinbhleacht, déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha ar ina gcríocha atá uaigheanna agus, de réir mar a bheidh, suímh eile taisí daoine a fuair bás de thoradh cogaíochta nó le linn forghabhála, nó a fuair bás agus iad faoi choinneáil, comhaontuithe a chur i gcrích:

(a) d'fhonn a éascú do ghaolta, agus d'ionadaithe ó sheirbhísí oifigiúla cláraithe uaigheanna, rochtain a fháil ar láithreacha uaigheanna agus d'fhonn socruithe praiticiúla maidir le rochtain den sórt sin a rialáil;

(b) d'fhonn láithreacha uaigheanna den sórt sin a choimirciú agus a choimeád i dtreo ceart go buan;

(c) d'fhonn seachadadh thaisí na n-éagach agus giúirléidí pearsanta ar ais chuig an tír dhúchais ar iarraidh uaithi, nó mura gcuireann an tír sin ina choinne, ar iarraidh ó na neasghaolta, a éascú.

3. Cheal na gcomhaontuithe dá bhforáiltear i mír 2 (b) nó (c) agus mura bhfuil tír dhúchais na n-éagach sin toilteanach socrú a dhéanamh ar a costas féin láithreacha uaigheanna den sórt sin a choimeád i dtreo ceart, féadfaidh an tArdpháirtí Conarthach ar ina chríoch atá na láithreacha uaigheanna a thairiscint seachadadh thaisí na n-éagach ar ais chuig an tír dhúchais a éascú. Más rud é nár glacadh le tairiscint den sórt sin féadfaidh an tArdpháirtí Conarthach, tar éis cúig bliana a bheith caite ó dháta na tairisceana agus ar fhógra cuí a thabhairt don tír dhúchais, na socruithe atá leagtha síos ina dhlíthe féin maidir le reiligí agus uaigheanna a ghlacadh.

4. Ní cheadófar d'Ardpháirtí Conarthach ar ina chríoch atá na láithreacha uaigheanna dá dtagraítear san Airteagal seo na taisí a dhí-adhlacadh ach amháin:

(a) de réir mhíreanna 2 (c) agus 3, nó

(b) más ábhar lena mbaineann riachtanas poiblí sáraitheach an dí-adhlacadh, lena n-áirítear cásanna riachtanais liachta agus imscrúdaithe, agus sa chás sin tabharfaidh an tArdpháirtí Conarthach urraim do na taisí i gcónaí, agus tabharfaidh sé fógra don tír dhúchais i dtaobh é a bheith ar intinn aige na taisí a dhí-adhlacadh mar aon le sonraí faoin áit a mbeartaítear iad a ath-adhlacadh.

CUID III

MODHANNA AGUS SÁSANNA COGAIDH STÁDAS COMHRAICEOIRÍ AGUS PRÍOSÚNACH COGAIDH

ALT 1 — MODHANNA AGUS SÁSANNA COGAIDH

Airteagal 35—Bunrialacha

1. In aon choinbhleacht armtha, níl an ceart atá ag na Páirtithe sa choinbhleacht chun modhanna nó sásanna cogaidh a roghnú neamhtheoranta.

2. Toirmisctear úsáid a bhaint as armáin, teilgeáin agus ábhar agus modhanna cogaidh de chineál a bheadh ina gcúis le gortú iomarcach nó le fulaingt neamhriachtanach.

3. Toirmisctear úsáid a bhaint as modhanna nó sásanna cogaidh arb é is cuspóir leo mórdhamáiste fadtéarmach forleathan a dhéanamh don timpeallacht nádúrtha, nó ar dóigh dóibh déanamh amhlaidh.

Airteagal 36—Armáin nua

Le linn staidéar nó forbairt a dhéanamh ar armán, sás nó modh cogaidh nua nó le linn é a fháil nó a ghlacadh, tá Ardpháirtí Conarthach faoi oibleagáid a chinneadh an mbeadh a úsáid toirmiscthe, in imthosca éigin nó i ngach imthoisc, leis an bPrótacal seo nó le haon riail eile den dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis an Ardpháirtí Conarthach.

Airteagal 37—Feall a thoirmeasc

1. Toismisctear namhaid a mharú, a ghortú nó a ghabháil trí dul i muinín fill. Is feall iad gníomhartha a dhéantar chun iontaoibh namhad a mhealladh lena chreidiúint go bhfuil sé i dteideal coimirce, nó go bhfuil sé faoi oibleagáid coimirce a thabhairt, faoi rialacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha, le hintinn fealladh ar an iontaoibh sin. Is samplaí den fheall iad na gníomhartha seo a leanas:

(a) rún caibidlíochta faoi bhratach sosa cogaidh nó géilleadh a chur i gcéill;

(b) éagumas trí chréachtaí nó breoiteacht a chur i gcéill;

(c) stádas sibhialta neamhchomhraiceach a chur i gcéill; agus

(d) stádas coimircithe a chur i gcéill trí chomharthaí, feathail nó éidí na Náisiún Aontaithe nó Stát neodrach nó Stát eile nach Páirtithe sa choinbhleacht a úsáid.

2. Ní thoirmisctear cleasa cogaidh. Is éard iad na cleasa sin gníomhartha atá ceaptha chun namhaid a chur ar míthreoir nó chun tabhairt air gníomhú go meargánta ach nach sáraíonn aon riail den dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha agus nach bhfuil fealltach de bhrí nach ndéanann siad iontaoibh an namhad a mhealladh maidir le coimirce faoin dlí sin. Samplaí de chleasa den sórt sin is ea an méid seo a leanas: úsáid duaithníochta, cluana, bréagoibríochtaí agus mí-eolais.

Airteagal 38—Feathail aitheanta

1. Toirmisctear úsáid mhíchuí a bhaint as feathal ar leith na croise deirge nó an chorráin dheirg nó an leoin dheirg agus na gréine deirge nó as feathail, comharthaí nó comhairceanna eile dá bhforáiltear leis na Coinbhinsiúin nó leis an bPrótacal seo. Toirmisctear freisin feathail, comharthaí nó comhairceanna coimirceacha eile a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear an bratach sosa cogaidh, agus an feathal coimirceach do mhaoin chultúir, a mhí-úsáid d'aon ghnó i gcoinbhleacht armtha.

2. Toirmisctear úsáid a bhaint as feathal ar leith na Náisiún Aontaithe, ach amháin de réir mar a údaraíonn an Eagraíocht sin.

Airteagal 39—Feathail náisiúntachta

1. Toirmisctear úsáid a bhaint, i gcoinbhleacht armtha, as bratacha nó as feathail mhíleata, inchomharthaí míleata nó éidí míleata Stát neodrach nó Stát eile nach Páirtithe sa choinbhleacht.

2. Toirmisctear úsáid a bhaint as bratacha nó as feathail mhíleata, inchomharthaí míleata nó éidí míleata Páirtithe naimhdeacha le linn ionsaithe a dhéanamh nó chun oibríochtaí míleata a sciathadh, a choimirciú nó a bhac nó chun buntáiste a thabhairt d'oibríochtaí míleata.

3. Ní dhéanfaidh aon ní san Airteagal seo nó in Airteagal 37, mír 1 (d), difear do rialacha láithreacha an dlí idirnáisiúnta a aithnítear go coitianta agus is infheidhme maidir le spiaireacht nó maidir le húsáid bratach i seoladh coinbhleachta armtha ar farraige.

Airteagal 40—Anacal

Toirmisctear a ordú gan aon mharthanóirí a bheith ann, é sin a bhagairt ar namhaid nó cogaíocht a sheoladh ar an mbonn sin.

Airteagal 41—Caomhnú namhad atá hors de combat

1. Ní dhéanfar ionsaí ar dhuine a aithnítear, nó is cóir sna himthosca a aithint, mar dhuine atá hors de combat.

2. Tá duine hors de combat más rud é:

(a) go bhfuil sé faoi urláimh Páirtí naimhdigh;

(b) go gcuireann sé in iúl go soiléir go bhfuil ar intinn aige géilleadh; nó

(c) gur fágadh gan mheabhair gan arann é nó go bhfuil sé éagumasaithe ar shlí eile ag créachtaí nó breoiteacht, agus nach bhfuil ar a chumas, dá bhrí sin, é féin a chosaint;

ar choinníoll, in aon chás acu sin, go staonann sé ó aon ghníomh naimhdeach agus nach ndéanann sé iarracht éalú.

3. Maidir le daoine atá i dteideal coimirce mar phríosúnaigh chogaidh agus atá tar éis titim faoi urláimh Páirtí naimhdigh faoi dhálaí neamhghnácha comhraic a choisceann a n-aslonnú de réir mar a fhoráiltear i gCuid III, Alt I, den Tríú Coinbhinsiún, déanfar iad a scaoileadh saor agus glacfar gach réamhchúram is indéanta chun a sábháilteacht a áirithiú.

Airteagal 42—Daoine in aerárthaí

1. Aon duine a dhéanfaidh paraisiútáil as aerárthach atá i nguais, ní dhéanfar ionsaí air le linn dó teacht anuas.

2. Ar shroicheadh na talún dó i gcríoch atá faoi cheannas Páirtí naimhdigh, tabharfar deis do dhuine a rinne paraisiútáil as aerárthach atá i nguais géilleadh sula ndéanfar ionsaí air, mura dealraitheach go bhfuil sé ag gabháil do ghníomh naimhdeach.

3. Ní thugann an tAirteagal seo coimirce do thrúpaí aerbheirthe.

ALT II —STÁDAS COMHRAICEOIRÍ AGUS

PRÍOSÚNACH COGAIDH

Airteagal 43—Fórsaí armtha

1. Is é atá i bhfórsaí armtha Páirtí i gcoinbhleacht na fórsaí, na grúpaí agus na haonaid armtha eagraithe uile atá faoi cheannasaíocht atá freagrach don Pháirtí sin as iompar a híochtarán, fiú más rialtas nó údarás nach bhfuil aitheanta ag Páirtí naimhdeach atá ina ionadaí don chéad Pháirtí a luaitear. Beidh fórsaí armtha den sórt sin faoi réir córais araíonachta inmheánaigh a dhéanfaidh, inter alia, comhlíonadh rialacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha a chur i bhfeidhm.

2. Is comhraiceoirí iad comhaltaí d'fhórsaí armtha Páirtí i gcoinbhleacht (seachas pearsanra liachta agus séiplínigh a mbaineann Airteagal 33 den Tríú Coinbhinsiún leo), is é sin le rá, tá de cheart acu páirt dhíreach a ghlacadh i gcogaíocht.

3. Aon uair a dhéanfaidh Páirtí i gcoinbhleacht gníomhaireacht pharamíleata nó gníomhaireacht armtha um fheidhmiú an dlí a chorprú isteach ina fhórsaí armtha, tabharfaidh sé fógra faoi sin do na Páirtithe eile sa choinbhleacht.

Airteagal 44—Comhraiceoirí agus príosúnaigh chogaidh

1. Beidh aon chomhraiceoir, de réir mar a mhínítear in Airteagal 43, a thitfidh faoi urláimh Páirtí naimhdigh ina phríosúnach cogaidh.

2. Cé go bhfuil d'oibleagáid ar gach comhraiceoir rialacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha a chomhlíonadh, ní bhainfear de chomhraiceoir, mar gheall ar sháruithe ar na rialacha sin, a cheart chun bheith ina chomhraiceoir nó, má thiteann sé faoi urláimh Páirtí naimhdigh, a cheart chun bheith ina phríosúnach cogaidh, ach amháin mar a fhoráiltear i míreanna 3 agus 4.

3. D'fhonn coimirciú an phobail shibhialta ar iarsmaí na cogaíochta a chur chun cinn, tá d'oibleagáid ar chomhraiceoirí iad féin a idirdhealú ón bpobal sibhialta le linn dóibh a bheith ag gabháil d'ionsaí nó d'oibríocht mhíleata mar ullmhú le haghaidh ionsaithe. De bhrí go n-aithnítear, áfach, go mbíonn cora ann i gcoinbhleachtaí armtha nuair nach féidir le comhraiceoir, de bharr nádúr na cogaíochta, é féin a idirdhealú amhlaidh, coinneoidh sé a stádas mar chomhraiceoir ar choinníoll go ndéanfaidh sé, i gcora den sórt sin, a airm a iompar go hoscailte:

(a) le linn gach gleice comhraic míleata, agus

(b) i gcaitheamh an ama a bheidh sé infheicthe ag an namhaid le linn dó a bheith ag gabháil d'imscaradh míleata sula scaoilfear ionsaí a bhfuil sé le bheith páirteach ann.

Ní mheasfar gníomhartha a chomhlíonann ceanglais na míre seo a bheith ina ngníomhartha fealltacha de réir bhrí Airteagal 37, mír 1(c).

4. Maidir le comhraiceoir a thitfidh faoi urláimh Páirtí naimhdigh agus é ag mainneachtain na ceanglais atá leagtha amach sa dara habairt de mhír 3 a chomhlíonadh, caillfidh sé a cheart chun bheith ina phríosúnach cogaidh, ach, ar a shon sin, tabharfar coimircí dó is ionann ar gach slí agus iad sin a thugtar do phríosúnaigh chogaidh leis an Tríú Coinbhinsiún agus leis an bPrótacal seo. Folaíonn an choimirce sin coimircí is ionann agus iad sin a thugtar do phríosúnaigh chogaidh leis an Tríú Coinbhinsiún i gcás ina ndearnadh duine den sórt sin a thriail agus a phionósú mar gheall ar aon chionta a rinne sé.

5. Maidir le haon chomhraiceoir a thitfidh faoi urláimh Páirtí naimhdigh nuair nach mbeidh sé ag gabháil d'ionsaí nó d'oibríocht mhíleata mar ullmhú le haghaidh ionsaithe, ní chaillfidh sé a chearta chun bheith ina chomhraiceoir agus ina phríosúnach cogaidh de bhua a ghníomhaíochtaí roimhe sin.

6. Ní dochar an tAirteagal seo do cheart aon duine a bheith ina phríosúnach cogaidh de bhun Airteagal 4 den Tríú Coinbhinsiún.

7. Ní cuspóir don Airteagal seo athrú a dhéanamh ar an gcleachtas atá ag Stáit, agus a bhfuil glacadh leis i gcoitinne, maidir le caitheamh na héide ag comhraiceoirí atá sannta do na haonaid armtha éidithe rialta de chuid Páirtí sa choinbhleacht.

8. I dteannta na n-earnálacha daoine a luaitear in Airteagal 13 den Chéad Choinbhinsiún agus den Dara Coinbhinsiún, beidh gach comhalta d'fhórsaí armtha Páirtí sa choinbhleacht, mar a mhínítear in Airteagal 43 den Phrótacal seo, i dteideal coimirce faoi na Coinbhinsiúin sin má tá siad créachtaithe nó breoite nó, i gcás an Dara Coinbhinsiún, má tá siad longbhriste ar farraige nó in uiscí eile.

Airteagal 45—Daoine a ghlac páirt i gcogaíocht a choimirciú

1. Maidir le duine a ghlacfaidh páirt i gcogaíocht agus a thitfidh faoi urláimh Páirtí naimhdigh, toimhdeofar gur príosúnach cogaidh é, agus dá bhrí sin coimirceofar leis an Tríú Coinbhinsiún é, má éilíonn sé stádas príosúnaigh cogaidh nó más dealraitheach é a bheith i dteideal an stádais sin, nó má éilíonn an Páirtí ar a mbraitheann sé an stádas sin thar a cheann trí fhógra a thabhairt don Chumhacht choinneála nó don Chumhacht Choimirceach. Má bhíonn aon amhras ann i dtaobh aon duine den sórt sin a bheith i dteideal stádais príosúnaigh cogaidh, leanfaidh sé den stádas sin a bheith aige agus, dá bhrí sin, de bheith coimircithe leis an Tríú Coinbhinsiún agus leis an bPrótacal seo go dtí cibé uair a chinnfidh binse inniúil a stádas.

2. Mura ndéanfar duine a bheidh tar éis titim faoi urláimh Páirtí naimhdigh a choimeád mar phríosúnach cogaidh agus má tá sé le cur faoi thriail ag an bPáirtí sin mar gheall ar chion a éiríonn as an gcogaíocht, beidh de cheart aige a theideal chun stádais príosúnaigh cogaidh a dhearbhú os comhair binse bhreithiúnaigh agus go ndéanfar breithniú ar an gceist sin. Aon uair is féidir faoin nós imeachta is infheidhme, déanfar an breithniú sin roimh an triail mar gheall ar an gcion. Beidh ionadaithe na Cumhachta Coimircí i dteideal freastal ar na himeachtaí ina mbreithnítear an cheist sin, mura rud é, ar bhonn eisceachtúil, go ndéantar na himeachtaí a sheoladh i gcúirt iata ar mhaithe le slándáil Stáit. I gcás den sórt sin cuirfidh an Chumhacht choinneála scéala dá réir sin chuig an gCumhacht Choimirceach.

3. Maidir le haon duine a ghlac páirt i gcogaíocht agus nach bhfuil i dteideal stádais príosúnaigh cogaidh agus nach dtairbhíonn de chóireáil níos fabhraí de réir an Cheathrú Coinbhinsiún, beidh ceart aige i gcónaí chun coimirce Airteagal 75 den Phrótacal seo. I gcríoch faoi fhorghabháil, beidh aon duine den sórt sin, mura bhfuil sé á choimeád mar spiaire, i dteideal, d'ainneoin Airteagal 5 den Cheathrú Coinbhinsiún, a cheart cumarsáide faoin gCoinbhinsiún sin.

Airteagal 46—Spiairí

1. D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na gCoinbhinsiún nó an Phrótacail seo, ní bheidh ceart chun stádais príosúnaigh cogaidh ag aon chomhalta d'fhórsaí armtha Páirtí sa choinbhleacht a thitfidh faoi urláimh Páirtí naimhdigh le linn dó a bheith ag gabháil do spiaireacht agus féadfar déileáil leis mar spiaire.

2. Maidir le comhalta d'fhórsaí armtha Páirtí sa choinbhleacht a bhaileoidh eolas nó a dhéanfaidh iarracht eolas a bhailiú thar ceann an Pháirtí sin agus i gcríoch atá faoi cheannas Páirtí naimhdigh, ní mheasfar go bhfuil sé ag gabháil do spiaireacht más rud é, le linn dó gníomhú amhlaidh, go bhfuil sé faoi éide a fhórsaí armtha.

3. Maidir le comhalta d'fhórsaí armtha Páirtí sa choinbhleacht ar cónaitheoir é i gcríoch atá faoi fhorghabháil ag Páirtí naimhdeach agus a bhaileoidh eolas a bhfuil luach míleata leis nó a dhéanfaidh iarracht eolas den sórt sin a bhailiú laistigh den chríoch sin thar ceann an Pháirtí ar a mbraitheann sé, ní mheasfar go bhfuil sé ag gabháil do spiaireacht mura rud é go ndéanann sé amhlaidh trí ghníomh dúmais bréige nó d'aon toisc ar mhodh folaitheach. Ina theannta sin, ní chaillfidh cónaitheoir den sórt sin a cheart chun stádais príosúnaigh cogaidh agus ní fhéadfar déileáil leis mar spiaire mura rud é go ngabhtar é le linn dó a bheith ag gabháil do spiaireacht.

4. Maidir le comhalta d'fhórsaí armtha Páirtí sa choinbhleacht nach cónaitheoir é i gcríoch atá faoi fhorghabháil ag Páirtí naimhdeach agus a bhí ag gabháil do spiaireacht sa chríoch sin, ní chaillfidh sé a cheart chun stádais príosúnaigh cogaidh agus ní fhéadfar déileáil leis mar spiaire mura rud é go ngabhtar é sula bhfilleann sé ar na fórsaí armtha lena mbaineann sé.

Airteagal 47—Amhais

1. Ní bheidh ceart ag amhas chun bheith ina chomhraiceoir nó ina phríosúnach cogaidh.

2. Is amhas é aon duine:

(a) a earcaítear go speisialta go háitiúil nó ar an gcoigríoch chun troid i gcoinbhleacht armtha;

(b) a ghlacann páirt iarbhír go díreach sa chogaíocht;

(c) arb í an dúil sa ghnóchan príobháideach go bunúsach a spreagann é chun páirt a ghlacadh sa chogaíocht agus a ngeallann Páirtí sa choinbhleacht dó iarbhír, nó a ngealltar dó iarbhír thar ceann Páirtí sa choinbhleacht, cúiteamh ábhartha de bhreis go mór ar an gcúiteamh a ghealltar do chomhraiceoirí, nó a íoctar le comhraiceoirí, a bhfuil gráid agus feidhmeanna den sórt céanna acu i bhfórsaí armtha an Pháirtí sin;

(d) nach náisiúnach de chuid Páirtí sa choinbhleacht ná cónaitheoir i gcríoch atá faoi cheannas Páirtí sa choinbhleacht;

(e) nach comhalta d'fhórsaí armtha Páirtí sa choinbhleacht; agus

(f) nár chuir Stát nach Páirtí sa choinbhleacht ar dualgas oifigiúil é mar chomhalta dá fhórsaí armtha.

CUID IV

AN POBAL SIBHIALTA

ALT I —COIMIRCIÚ GINEARÁLTA AR IARSMAÍ COGAÍOCHTA

CAIBIDIL I—BUNRIAIL AGUS RÉIM FEIDHME

Airteagal 48—Bunriail

D'fhonn urraim agus coimirciú don phobal sibhialta agus do nithe sibhialta a áirithiú, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht idirdhealú i gcónaí idir an pobal sibhialta agus comhraiceoirí agus idir nithe sibhialta agus spriocanna míleata agus dá réir sin ní dhíreoidh siad a n-oibríochtaí ach amháin i gcoinne spriocanna míleata.

Airteagal 49—Míniú ar ionsaithe agus raon feidhme

1. Ciallaíonn “ionsaithe” gníomhartha foréigin i gcoinne an namhad, cibé acu mar fhogha nó mar chosaint.

2. Beidh feidhm ag na forálacha den Phrótacal seo a bhaineann le hionsaithe maidir le gach ionsaí, cibé críoch ina ndéantar é, lena n-áirítear an chríoch náisiúnta ar le Páirtí sa choinbhleacht í ach atá faoi cheannas Páirtí naimhdigh.

3. Beidh feidhm ag forálacha an Ailt seo maidir le haon chogadh ar talamh, san aer nó ar farraige a d'fhéadfadh fearadh ar an bpobal sibhialta, ar shibhialtaigh aonair nó ar nithe sibhialta ar talamh. Beidh feidhm acu freisin maidir leis an uile ionsaí ón bhfarraige nó ón aer i gcoinne spriocanna ar talamh ach ní dhéanann siad difear ar aon slí eile do rialacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha ar farraige nó san aer.

4. Tá forálacha an Ailt seo de bhreis ar na rialacha maidir le coimirce dhaonchairdiúil atá sa Cheathrú Coinbhinsiún, go háirithe i gCuid II den Choinbhinsiún sin, agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta eile atá ina gceangal ar na hArdpháirtithe Conarthacha, chomh maith le rialacha eile an dlí idirnáisiúnta a bhaineann le sibhialtaigh agus nithe sibhialta ar talamh, ar farraige nó san aer a choimirciú ar iarsmaí cogaíochta.

CAIBIDIL II—SIBHIALTAIGH AGUS POBAL SIBHIALTA

Airteagal 50—Míniú ar shibhialtaigh agus ar phobal sibhialta

1. Is sibhialtach aon duine nach mbaineann le haon cheann de na hearnálacha daoine dá dtagraítear in Airteagal 4A(1), (2), (3) agus (6) den Tríú Coinbhinsiún agus in Airteagal 43 den Phrótacal seo. I gcás amhrais i dtaobh duine a bheith ina shibhialtach, measfar gur sibhialtach an duine sin.

2. Is é atá sa phobal sibhialta ná na daoine go léir ar sibhialtaigh iad.

3. Ní ionann daoine aonair nach dtagann faoi réim an mhínithe ar shibhialtaigh a bheith i láthair i measc an phobail shibhialta agus sainghné shibhialta an phobail sin a bhaint de.

Airteagal 51—An pobal sibhialta a choimirciú

1. Beidh coimirce ghinearálta ag an bpobal sibhialta agus ag sibhialtaigh aonair ar chontúirtí ó oibríochtaí míleata. D'fhonn éifeacht a thabhairt don choimirce seo, déanfar na rialacha seo a leanas, ar rialacha iad de bhreis ar rialacha infheidhme eile an dlí idirnáisiúnta, a chomhall i ngach uile chás.

2. Ní dhéanfar ionsaí ar an bpobal sibhialta mar phobal, ná ar shibhialtaigh aonair. Toirmisctear gníomhartha nó bagairtí foréigin arb é an príomhchuspóir atá leo ná sceimhle a leathadh i measc an phobail shibhialta.

3. Beidh an choimirce a thugtar leis an Alt seo ag sibhialtaigh, ach amháin i gcás go nglacann siad, agus le linn an ama a ghlacann siad, páirt dhíreach i gcogaíocht.

4. Toirmisctear ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha. Is é is ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ann:

(a) ionsaithe nach bhfuil dírithe ar sprioc mhíleata shonrach;

(b) ionsaithe a bhaineann leas as modh nó sás comhraic nach féidir a dhíriú ar sprioc mhíleata shonrach; nó

(c) ionsaithe a bhaineann leas as modh nó sás comhraic nach féidir na hiarsmaí a bhaineann leis a theorannú de réir mar a cheanglaíonn an Prótacal seo;

agus ar de chineál iad, dá bhrí sin, i ngach cás den sórt sin, a bhuailfidh spriocanna míleata agus sibhialtaigh nó nithe sibhialta gan idirdhealú.

5. I measc cineálacha eile, measfar na cineálacha ionsaithe seo a leanas a bheith ina n-ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha:

(a) ionsaí trí bhombardú le haon mhodhanna nó sásanna trína ndéileáiltear le líon de spriocanna míleata, ar léir iad a bheith deighilte óna chéile agus ar leith óna chéile, agus atá suite i gcathair, i mbaile, i sráidbhaile nó i limistéar eile ina bhfuil comhchruinniú dá shamhail de shibhialtaigh nó de nithe sibhialta, amhail is dá mba sprioc mhíleata aonair iad; agus

(b) ionsaí ar dóigh dó a bheith ina chúis le caillteanas teagmhasach beatha sibhialtach, le gortú do shibhialtaigh, le damáiste do nithe sibhialta, nó le teaglaim díobh sin, a bheadh iomarcach i gcoibhneas leis an mbuntáiste míleata díreach agus coincréiteach a bhfuil coinne leis.

6. Toirmisctear ionsaithe ar an bpobal sibhialta nó ar shibhialtaigh mar bhearta díoltais.

7. Ní úsáidfear láithreachas nó gluaiseachtaí an phobail shibhialta nó sibhialtach aonair chun pointí nó limistéir áirithe a dhíolmhú ó oibríochtaí míleata, go háirithe in iarrachtaí ar spriocanna míleata a sciathadh ar ionsaithe nó chun oibríochtaí míleata a sciathadh nó a bhac nó chun buntáiste a thabhairt d'oibríochtaí míleata. Ní dhéanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht gluaiseacht an phobail shibhialta nó sibhialtach aonair a dhíriú d'fhonn iarracht a dhéanamh ar spriocanna míleata a sciathadh ar ionsaithe nó ar oibríochtaí míleata a sciathadh.

8. Ní dhéanfaidh aon sárú ar na toirmisc sin na Páirtithe sa choinbhleacht a fhuascailt óna n-oibleagáidí dlíthiúla maidir leis an bpobal sibhialta agus le sibhialtaigh, lena n-áirítear an oibleagáid chun na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 57 a dhéanamh.

CAIBIDIL III—NITHE SIBHIALTA

Airteagal 52—Coimirciú ginearálta nithe sibhialta

1. Ní dhéanfar ionsaí ná bearta díoltais ar nithe sibhialta. Is é is nithe sibhialta ann gach ní nach sprioc mhíleata é mar a mhínítear i mír 2.

2. Ní dhéanfar ionsaithe ach ar spriocanna míleata agus orthu sin amháin. A mhéid a bhaineann le nithe, ní spriocanna míleata iad nithe ar bith seachas na nithe sin a chuidíonn go héifeachtach, trína nádúr, trína suíomh, trína gcuspóir nó trína n-úsáid, le beart míleata agus ar féidir buntáiste míleata cinnte a bhaint as iad a scriosadh, a ghabháil nó a neodrú go hiomlán nó go páirteach sna cúinsí atá i réim ag an am.

3. I gcás amhrais i dtaobh ní a bhíonn tiomnaithe de ghnáth do chuspóirí sibhialta, ar nós ionaid adhartha, teach nó teaghais eile nó scoil, a bheith á úsáid chun cuidiú go héifeachtach le beart míleata, toimhdeofar nach bhfuil sé á úsáid amhlaidh.

Airteagal 53—Nithe cultúrtha agus ionaid adhartha a choimirciú

Gan dochar d'fhorálacha Choinbhinsiún na Háige chun Maoin Chultúrtha a Choimirciú i gCás Coinbhleachta Armtha den 14 Bealtaine, 1954, agus ionstraimí idirnáisiúnta iomchuí eile, toirmisctear:

(a) aon ghníomhartha cogaíochta a dhéanamh atá dírithe ar shéadchomharthaí stairiúla, ar shaothair ealaíne nó ar ionaid adhartha arb iad oidhreacht chultúrtha nó spioradálta pobal iad;

(b) nithe den sórt sin a úsáid mar thacaíocht leis an iarracht mhíleata;

(c) bearta díoltais a dhéanamh ar nithe den sórt sin.

Airteagal 54—Coimirciú nithe nach féidir leis an bpobal sibhialta maireachtáil dá n-éagmais

1. Toirmisctear sibhialtaigh a chur i ngorta mar mhodh cogaidh.

2. Toirmisctear nithe nach féidir leis an bpobal sibhialta maireachtáil dá n-éagmais, ar nós earraí bia, limistéir thalmhaíochta le haghaidh táirgeadh earraí bia, barra, beostoc, suiteálacha agus soláthairtí uisce óil agus oibreacha uiscithe, a ionsaí, a scriosadh, a aistriú nó a chur ó mhaith, má dhéantar sin go sonrach chun a luach cothaithe a cheilt ar an bpobal sibhialta nó ar Pháirtí naimhdeach, cibé tucaid atá leis, cibé acu chun sibhialtaigh a chur faoi ghéilleadh le gorta, chun tabhairt orthu imeacht ó áit, nó ar mhaithe le haon tucaid eile.

3. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 2 maidir le cibé ní de na nithe sin a mbaineann sí leo agus a úsáideann Páirtí naimhdeach:

(a) mar chothú do chomhaltaí a fhórsaí armtha agus chuige sin amháin; nó

(b) mura mar chothú, ansin mar thacaíocht dhíreach le beart míleata, ar choinníoll, áfach, nach ndéanfar, i gcás ar bith, bearta i gcoinne na nithe sin ar dóigh dóibh an pobal sibhialta a fhágáil i muinín bia nó uisce atá chomh neamhdhóthanach sin go mbeidh sé ina chúis ghorta dó nó go dtabharfaidh sé air imeacht.

4. Ní dhéanfar bearta díoltais ar na nithe sin.

5. Mar aitheantas ar riachtanais rí-thábhachtacha aon Pháirtí sa choinbhleacht agus a chríoch náisiúnta á cosaint aige ar ionradh, féadfaidh Páirtí sa choinbhleacht maolú a dhéanamh ar na toirmisc atá i mír 2 laistigh de chríoch den sórt sin atá faoina cheannas féin nuair is gá sin mar gheall ar dhianriachtanas míleata.

Airteagal 55—An timpeallacht nádúrtha a choimirciú

1. Tabharfar aire le linn cogaidh chun an timpeallacht nádúrtha a choimirciú ar mhórdhamáiste forleathan fadtéarmach. Folaíonn an choimirce seo toirmeasc ar úsáid modhanna nó sásanna cogaidh arb é is cuspóir leo, nó ar dóigh dóibh, damáiste den sórt sin a dhéanamh don timpeallacht nádúrtha agus ar an tslí sin dochar a dhéanamh do shláinte nó do mharthanas an phobail.

2. Toirmisctear ionsaithe ar an timpeallacht nádúrtha mar bhearta díoltais.

Airteagal 56—Oibreacha agus suiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha a choimirciú

1. Ní dhéanfar ionsaí ar oibreacha nó suiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha, is é sin le rá, dambaí, díoga agus stáisiúin ghiniúna leictreachais núicléacha, fiú nuair is spriocanna míleata iad na nithe sin, más rud é go bhféadfadh go mbeadh mar thoradh ar ionsaí den sórt sin go scaoilfí fórsaí contúirteacha agus go dtarlódh caillteanais throma i measc an phobail shibhialta dá bharr sin. Ní dhéanfar ionsaí ar spriocanna míleata eile atá suite ag na hoibreacha nó ag na suiteálacha sin, nó ina gcóngar, más rud é go bhféadfadh go mbeadh mar thoradh ar ionsaí den sórt sin go scaoilfí fórsaí contúirteacha as na hoibreacha nó na suiteálacha agus go dtarlódh caillteanais throma i measc an phobail shibhialta dá bharr sin.

2. Ní scoirfidh an choimirce speisialta ar ionsaí a fhoráiltear le mír 1:

(a) do dhamba nó do dhíog ach amháin, má úsáidtear é nó í i gcomhair feidhme seachas a ghnáthfheidhm nó a gnáthfheidhm agus mar thacaíocht rialta, shuntasach agus dhíreach le hoibríochtaí míleata agus más rud é nach féidir deireadh a chur le tacaíocht den sórt sin ach amháin le hionsaí den sórt sin;

(b) do stáisiún giniúna leictreachais núicléach, ach amháin má sholáthraíonn sé cumhacht leictreachais mar thacaíocht rialta, shuntasach agus dhíreach le hoibríochtaí míleata agus más rud é nach féidir deireadh a chur le tacaíocht den sórt sin ach amháin le hionsaí den sórt sin;

(c) do spriocanna míleata eile atá suite ag na hoibreacha nó ag na suiteálacha sin, nó ina gcóngar, ach amháin má úsáidtear iad mar thacaíocht rialta, shuntasach agus dhíreach le hoibríochtaí míleata agus más rud é nach féidir deireadh a chur le tacaíocht den sórt sin ach amháin le hionsaí den sórt sin.

3. I ngach cás, leanfaidh an pobal sibhialta agus sibhialtaigh aonair de bheith i dteideal na coimirce ar fad a thugtar dóibh leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear coimirce na mbeart réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 57. Má scoireann an choimirce agus má dhéantar ionsaí ar aon cheann de na hoibreacha, na suiteálacha nó na spriocanna míleata a luaitear i mír 1, glacfar gach réamhchúram praiticiúil chun scaoileadh fórsaí contúirteacha a sheachaint.

4. Toirmisctear bearta díoltais a dhéanamh ar aon cheann de na hoibreacha, de na suiteálacha nó de na spriocanna míleata a luaitear i mír 1.

5. Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht iarracht gan aon spriocanna míleata a shuíomh i gcóngar na n-oibreacha nó na suiteálacha a luaitear i mír 1. Ar a shon sin, ceadaítear suiteálacha a thógtar d'aon toisc chun na hoibreacha nó na suiteálacha coimircithe a chosaint ar ionsaí agus ní dhéanfar ionsaí orthu, ar choinníoll nach n-úsáidtear iad i gcogaíocht ach amháin le haghaidh bearta cosanta is gá chun freagairt d'ionsaithe ar na hoibreacha nó ar na suiteálacha coimircithe agus go bhfuil a n-armáil teoranta d'armáin nach bhfuil ar a gcumas ach beart naimhdeach i gcoinne na n-oibreacha nó na suiteálacha coimircithe a dhiongbháil.

6. Áitítear ar na hArdpháirtithe Conarthacha agus ar na Páirtithe sa choinbhleacht tuilleadh comhaontuithe a dhéanamh eatarthu féin chun coimirce bhreise a chur ar fáil do nithe ina bhfuil fórsaí contúirteacha.

7. D'fhonn aithint na nithe a choimircítear leis an Airteagal seo a éascú, féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht iad a mharcáil le comhartha speisialta arb éard a bheidh ann ná grúpa de thrí chiorcal gheal-fhlannbhuí suite ar an ais chéanna, mar a shonraítear in Airteagal 16 d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo. Ní dhéanfaidh easpa marcála den sórt sin aon Pháirtí sa choinbhleacht a fhuascailt ar aon slí óna oibleagáidí faoin Airteagal seo.

Nóta: tá an tagairt sa mhír seo d'Airteagal 16 d'Iarscríbhinn I le léamh mar thagairt d'Airteagal 17 den Iarscríbhinn sin, tar éis do na leasuithe ar Iarscríbhinn I arna ndéanamh faoi Airteagal 98 teacht i bhfeidhm ar 1 Márta 1994.

CAIBIDIL IV—BEARTA RÉAMHCHÚRAIM

Airteagal 57—Réamhchúraimí i gcás ionsaithe

1. Agus oibríochtaí míleata á seoladh, glacfar cúram i gcónaí chun go dtiocfaidh an pobal sibhialta, sibhialtaigh agus nithe sibhialta slán.

2. Maidir le hionsaithe, glacfar na réamhchúraimí seo a leanas:

(a) déanfaidh siad siúd a phleanálann ionsaí nó a chinneann ar ionsaí:

(i) gach is féidir chun a fhíorú nach sibhialtaigh ná nithe sibhialta iad na spriocanna atá le hionsaí agus nach bhfuil siad faoi réir coimirce speisialta ach gur spriocanna míleata iad de réir bhrí mhír 2 d'Airteagal 52 agus nach dtoirmisctear le forálacha an Phrótacail seo iad a ionsaí;

(ii) gach réamhchúram is féidir a ghlacadh le linn sásanna agus modhanna ionsaithe a roghnú, d'fhonn caillteanas teagmhasach beatha sibhialtach, gortú do shibhialtaigh agus damáiste do nithe sibhialta a sheachaint, agus in aon chás iad a mhaolú;

(iii) staonadh ó chinneadh a dhéanamh ionsaí a scaoileadh ar dóigh dó a bheith ina chúis le caillteanas teagmhasach beatha sibhialtach, le gortú do shibhialtaigh, le damáiste do nithe sibhialta, nó le teaglaim díobh sin, a bheadh iomarcach i gcoibhneas leis an mbuntáiste míleata díreach agus coincréiteach a bhfuil coinne leis;

(b) déanfar ionsaí a chur ar ceal nó ar fionraí má thagann sé chun a bheith dealraitheach, maidir leis an sprioc, nach sprioc mhíleata í nó go bhfuil sí faoi réir coimirce speisialta nó gur dóigh don ionsaí a bheith ina chúis le caillteanas teagmhasach beatha sibhialtach, le gortú do shibhialtaigh, le damáiste do nithe sibhialta, nó le teaglaim díobh sin, a bheadh iomarcach i gcoibhneas leis an mbuntáiste míleata díreach agus coincréiteach a bhfuil coinne leis;

(c) tabharfar rabhadh éifeachtach roimh ré faoi ionsaithe a d'fhéadfadh fearadh ar an bpobal sibhialta, mura féidir é sna himthosca.

3. Nuair is féidir rogha a dhéanamh idir spriocanna míleata éagsúla chun buntáiste míleata comhchosúil a ghnóthú, is í an sprioc a roghnófar ná an sprioc ar dóigh don ionsaí uirthi a bheith ina chúis leis an gcontúirt is lú do bheatha sibhialtach agus do nithe sibhialta.

4. Agus oibríochtaí míleata á seoladh ar farraige nó san aer, déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht, i gcomhréir lena chearta agus lena dhualgais faoi rialacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha, gach réamhchúram réasúnach a ghlacadh chun caillteanais bheatha sibhialtach agus damáiste do nithe sibhialta a sheachaint.

5. Ní fhéadfar aon fhoráil den Airteagal seo a fhorléiriú mar fhoráil a údaraíonn aon ionsaithe ar an bpobal sibhialta, ar shibhialtaigh nó ar nithe sibhialta.

Airteagal 58—Réamhchúraimí in aghaidh iarsmaí ionsaithe

Maidir leis na Páirtithe sa choinbhleacht, a mhéid ar fad is féidir:

(a) déanfaidh siad iarracht, gan dochar d'Airteagal 49 den Cheathrú Coinbhinsiún, an pobal sibhialta, sibhialtaigh aonair agus nithe sibhialta atá faoina gceannas a aistriú as cóngar na spriocanna míleata;

(b) seachnóidh siad spriocanna míleata a shuíomh laistigh de limistéir dhlúthdhaonra nó gar dóibh;

(c) glacfaidh siad na réamhchúraimí eile is gá chun an pobal sibhialta, sibhialtaigh aonair agus nithe sibhialta atá faoina gceannas a choimirciú ar na contúirtí a thig d'oibríochtaí míleata.

CAIBIDIL V—CEANTAIR AGUS CRIOSANNA FAOI CHOIMIRCE SPEISIALTA

Airteagal 59—Ceantair neamhchosanta

1. Toirmisctear ar na Páirtithe sa choinbhleacht ionsaí a dhéanamh, ar aon mhodh, ar cheantair neamhchosanta.

2. Féadfaidh na húdaráis chuí de chuid Páirtí sa choinbhleacht a dhearbhú gur ceantar neamhchosanta é aon áit atá áitrithe agus atá gar do chrios, nó i gcrios, ina bhfuil fórsaí armtha i dteagmháil agus atá oscailte d'fhorghabháil ag Páirtí naimhdeach. Déanfaidh ceantar den sórt sin na coinníollacha seo a leanas a chomhall:

(a) ní foláir gach comhraiceoir, chomh maith le harmáin shoghluaiste agus trealamh míleata soghluaiste, a bheith aslonnaithe;

(b) ní bhainfear aon úsáid naimhdeach as suiteálacha míleata seasta nó as bunachais mhíleata sheasta;

(c) ní dhéanfaidh na húdaráis ná an pobal aon ghníomhartha cogaíochta; agus

(d) ní dhéanfar aon ghníomhaíochtaí mar thacaíocht le hoibríochtaí míleata.

3. Níl sé contrártha do na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2, daoine a choimircítear go speisialta faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo, agus fórsaí póilíneachta atá arna gcoimeád d'aon toisc chun dlí agus ordúlacht a chothabháil, a bheith sa cheantar.

4. Is chuig an bPáirtí naimhdeach a bheidh an dearbhú a dhéanfar faoi mhír 2 dírithe agus déanfar teorainneacha an cheantair neamhchosanta a shainiú agus a thuairisciú chomh cruinn agus is féidir ann. Déanfaidh an Páirtí sa choinbhleacht a bhfuil an dearbhú dírithe chuige a admháil go bhfuarthas é agus déileálfaidh sé leis an gceantar mar cheantar neamhchosanta ach amháin i gcás nach gcomhalltar iarbhír na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2, agus sa chás sin déanfaidh sé é sin a chur in iúl láithreach don Pháirtí a dhéanann an dearbhú. Fiú mura gcomhalltar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2, leanfaidh an ceantar den choimirce dá bhforáiltear le forálacha eile an Phrótacail seo agus le rialacha eile an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha a bheith aige.

5. Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht comhaontú ar cheantair neamhchosanta a bhunú fiú mura gcomhallann na ceantair sin na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2. Ba chóir go ndéanfaí sa chomhaontú teorainneacha an cheantair neamhchosanta a shainiú agus a thuairisciú chomh cruinn agus is féidir; más gá, féadfar na modhanna maoirseachta a leagan síos ann.

6. Déanfaidh an Páirtí atá i gceannas ar cheantar atá faoi rialú comhaontaithe den sórt sin é a mharcáil, a mhéid is féidir, le cibé comharthaí ar a gcomhaontófar leis an bPáirtí eile, agus déanfar iad a thaispeáint mar a mbeidh siad infheicthe go soiléir, go háirithe ar a imlíne agus ar a theorainneacha agus ar mhórbhealaí.

7. Cailleann ceantar a stádas mar cheantar neamhchosanta nuair a scoireann sé de bheith ag comhall na gcoinníollacha atá leagtha síos i mír 2 nó sa chomhaontú dá dtagraítear i mír 5. I gcás den sórt sin, leanfaidh an ceantar den choimirce dá bhforáiltear le forálacha eile an Phrótacail seo agus le rialacha eile an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha a bheith aige.

Airteagal 60—Criosanna dímhíleataithe

1. Toirmisctear ar na Páirtithe sa choinbhleacht a n-oibríochtaí míleata a leathnú chuig criosanna ar thug siad, trí chomhaontú, stádas creasa dhímhíleataithe dóibh más rud é go bhfuil an leathnú sin contrártha do théarmaí an chomhaontaithe sin.

2. Is comhaontú sainráite a bheidh sa chomhaontú, féadfar é a dhéanamh de bhriathra béil nó i scríbhinn, go díreach nó trí Chumhacht Choimirceach nó trí aon eagraíocht dhaonchairdiúil neamhchlaon, agus féadfaidh sé gurb é a bheidh ann ná dearbhuithe cómhalartacha agus comhaontacha. Féadfar an comhaontú a dhéanamh in aimsir shíochána agus tar éis do chogaíocht tosú freisin, agus ba chóir go ndéanfaí teorainneacha an chreasa dhímhíleataithe a shainiú agus a thuairisciú chomh cruinn agus is féidir ann, agus, más gá, go ndéanfaí na modhanna maoirseachta a leagan síos ann.

3. Is é a bheidh ina ábhar do chomhaontú den sórt sin de ghnáth ná aon chrios a dhéanfaidh na coinníollacha seo a leanas a chomhall:

(a) ní foláir gach comhraiceoir, chomh maith le harmáin shoghluaiste agus trealamh míleata soghluaiste, a bheith aslonnaithe;

(b) ní bhainfear aon úsáid naimhdeach as suiteálacha míleata seasta nó as bunachais mhíleata sheasta;

(c) ní dhéanfaidh na húdaráis ná an pobal aon ghníomhartha cogaíochta; agus

(d) ní foláir deireadh a bheith curtha le haon ghníomhaíocht a bhaineann leis an iarracht mhíleata.

Comhaontóidh na Páirtithe sa choinbhleacht ar an léiriú a dhéanfar ar an gcoinníoll atá leagtha síos i bhfomhír (d) agus ar na daoine a ligfear isteach sa chrios dímhíleataithe seachas iad siúd a luaitear i mír 4.

4. Níl sé contrártha do na coinníollacha atá leagtha síos i mír 3 daoine a choimircítear go speisialta faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo, agus fórsaí póilíneachta atá arna gcoimeád d'aon toisc chun dlí agus ordúlacht a chothabháil, a bheith sa chrios sin.

5. Déanfaidh an Páirtí atá i gceannas ar chrios den sórt sin é a mharcáil, a mhéid is féidir, le cibé comharthaí ar a gcomhaontófar leis an bPáirtí eile, agus déanfar iad a thaispeáint mar a mbeidh siad infheicthe go soiléir, go háirithe ar a imlíne agus ar a theorainneacha agus ar mhórbhealaí.

6. Má tharlaíonn an troid a bheith ag teannadh le crios dímhíleataithe, agus más rud é gur chomhaontaigh na Páirtithe sa choinbhleacht amhlaidh, ní fhéadfaidh ceachtar díobh an crios a úsáid le haghaidh cuspóirí a bhaineann le seoladh oibríochtaí míleata nó a stádas a chúlghairm go haontaobhach.

7. Má dhéanann ceann de na Páirtithe sa choinbhleacht sárú ábhartha ar fhorálacha mhíreanna 3 nó 6, beidh an Páirtí eile fuascailte óna oibleagáidí faoin gcomhaontú a thugann stádas creasa dhímhíleataithe don chrios. I gcás den sórt sin, cailleann an crios a stádas ach leanfaidh sé den choimirce dá bhforáiltear le forálacha eile an Phrótacail seo agus le rialacha eile an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleacht armtha a bheith aige.

CAIBIDIL VI—COSAINT SHIBHIALTA

Airteagal 61—Mínithe agus raon

Chun críocha an Phrótacail seo:

(a) ciallaíonn “cosaint shibhialta” cuid de na tascanna daonchairdiúla a luaitear anseo thíos, nó iad go léir, a chomhlíonadh, ar tascanna iad a bhfuil de chuspóir leo an pobal sibhialta a choimirciú ar chontúirtí cogaíochta nó tubaistí, agus chun cabhrú leis téarnamh ó iarsmaí láithreacha cogaíochta nó tubaistí agus chun na dálaí is gá chun go mairfidh an pobal sibhialta a sholáthar. Is éard iad na tascanna sin:

(i) rabhadh a thabhairt;

(ii) aslonnú a dhéanamh;

(iii) scáthláin a bhainistiú;

(iv) bearta lándorchaithe a bhainistiú;

(v) tarrtháil a dhéanamh;

(vi) seirbhísí liachta, lena n-áirítear garchabhair, agus cúnamh eaglaise;

(vii) comhrac dóiteáin;

(viii) limistéir chontúirteacha a aimsiú agus a mharcáil;

(ix) díthruailliú agus bearta coimirce dá shamhail;

(x) cóiríocht agus soláthairtí éigeandála a chur ar fáil;

(xi) cúnamh éigeandála chun ordúlacht a athbhunú agus a chothabháil i limistéir ghátaracha;

(xii) deisiú éigeandála ar fhóntais phoiblí nach féidir déanamh dá n-éagmais;

(xiii) diúscairt éigeandála ar na mairbh;

(xiv) cúnamh chun nithe atá riachtanach le go mairfidh daoine a choimeád slán;

(xv) gníomhaíochtaí comhlántacha is gá chun aon cheann de na tascanna a luaitear thuas a dhéanamh, lena n-áirítear pleanáil agus eagrúchán, gan a bheith teoranta dóibh sin;

(b) ciallaíonn “eagraíochtaí cosanta sibhialta” na bunachais agus na haonaid eile sin atá eagraithe agus údaraithe ag na húdaráis inniúla de chuid Páirtí sa choinbhleacht chun aon cheann de na tascanna a luaitear faoi fhomhír (a) a chomhlíonadh, agus atá sannta agus tiomnaithe go heisiach do thascanna den sórt sin;

(c) ciallaíonn “pearsanra” de chuid eagraíochtaí cosanta sibhialta na daoine sin atá sannta ag Páirtí sa choinbhleacht go heisiach do chomhlíonadh na dtascanna a luaitear faoi fhomhír (a), lena n-áirítear pearsanra atá sannta ag údarás inniúil an Pháirtí sin go heisiach do riarachán na n-eagraíochtaí sin;

(d) ciallaíonn “matériel” de chuid eagraíochtaí cosanta sibhialta trealamh, soláthairtí agus iompróirí a úsáideann na heagraíochtaí sin chun na tascanna a luaitear faoi fhomhír (a) a chomhlíonadh.

Airteagal 62—Coimirce ghinearálta

1. Tabharfar urraim agus coimirce d'eagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta agus dá bpearsanra, faoi réir fhorálacha an Phrótacail seo, go háirithe forálacha an Ailt seo. Beidh siad i dteideal a dtascanna cosanta sibhialta a chomhlíonadh ach amháin i gcás dianriachtanais mhíleata.

2. Beidh feidhm ag forálacha mhír 1 freisin maidir le sibhialtaigh a fhreagraíonn d'achainí ó na húdaráis inniúla agus a chomhlíonann tascanna cosanta sibhialta faoina gceannas sin, cé nach comhaltaí d'eagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta iad.

3. Baineann Airteagal 52 le foirgnimh agus le matériel a úsáidtear chun críoch cosanta sibhialta agus le scáthláin a chuirtear ar fáil don phobal sibhialta. Ní fhéadfaidh ach an Páirtí ar leis iad nithe a úsáidtear chun críoch cosanta sibhialta a scriosadh nó a úsáid chun críoch seachas na críocha is cuí dóibh.

Airteagal 63—Cosaint shibhialta i gcríocha faoi fhorghabháil

1. I gcríocha faoi fhorghabháil, gheobhaidh eagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta na saoráidí is gá chun a dtascanna a chomhlíonadh ó na húdaráis. Ní chuirfear iallach, in imthosca ar bith, ar a bpearsanra gníomhaíochtaí a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar chomhlíonadh cuí na dtascanna sin. Ní dhéanfaidh an Chumhacht Forghabhála struchtúr nó pearsanra eagraíochtaí den sórt sin a athrú ar aon slí a d'fhéadfadh comhlíonadh éifeachtach a misin a chur i mbaol. Ní cheanglófar ar na heagraíochtaí seo tosaíocht a thabhairt do náisiúnaigh nó do leasanna an Pháirtí sin.

2. Ní dhéanfaidh an Chumhacht Forghabhála eagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta a chomhéigniú nó a aslú chun a dtascanna a chomhlíonadh ar aon mhodh a dhéanfadh dochar do leasanna an phobail shibhialta ná ní chuirfidh sí iallach orthu déanamh amhlaidh.

3. Féadfaidh an Chumhacht Forghabhála pearsanra cosanta sibhialta a dhí-armáil ar chúiseanna slándála.

4. Ní dhéanfaidh an Chumhacht Forghabhála foirgnimh nó matériel ar le heagraíochtaí cosanta sibhialta iad nó a mbaineann siad úsáid astu a úsáid chun críoch seachas na críocha is cuí dóibh ná iad a fhoréileamh más rud é go ndéanfaí díobháil don phobal sibhialta dá ndéanfaí iad a úsáid chun críoch eile nó a fhoréileamh ar an tslí sin.

5. Ar choinníoll go leantar den riail ghinearálta i mír 4 a chomhall, féadfaidh an Chumhacht Forghabhála na hacmhainní sin a úsáid chun críoch eile nó a fhoréileamh, faoi réir na gcoinníollacha áirithe seo a leanas:

(a) go bhfuil gá leis na foirgnimh nó leis an matériel ar mhaithe le riachtanais eile de chuid an phobail shibhialta; agus

(b) nach leanfaidh an foréileamh nó an úsáid chun críoch eile ach le linn don ghá sin a bheith ann.

6. Ní dhéanfaidh an Chumhacht Forghabhála scáthláin a chuirtear ar fáil lena n-úsáid ag an bpobal sibhialta nó a bhfuil gá ag an bpobal sin leo a úsáid chun críoch eile ná a fhoréileamh.

Airteagal 64—Eagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta de chuid Stát neodrach nó Stát eile nach Páirtithe sa choinbhleacht agus eagraíochtaí comhordaithe idirnáisiúnta

1. Beidh feidhm ag Airteagail 62, 63, 65 agus 66 freisin maidir le pearsanra agus matériel eagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta de chuid Stát neodrach nó Stát eile nach Páirtithe sa choinbhleacht a chomhlíonann tascanna cosanta sibhialta a luaitear in Airteagal 61 i gcríoch de chuid Páirtí sa choinbhleacht, le toiliú agus faoi cheannas an Pháirtí sin. Tabharfar fógra faoi chúnamh den sórt sin, a luaithe is féidir, d'aon Pháirtí naimhdeach lena mbaineann. Ní mheasfar, in imthosca ar bith, gur cur isteach ar an gcoinbhleacht an ghníomhaíocht sin. Ba cheart an ghníomhaíocht sin a dhéanamh, áfach, le haird chuí ar leasanna slándála na bPáirtithe sa choinbhleacht lena mbaineann.

2. Ba cheart go ndéanfadh na Páirtithe sa choinbhleacht a fhaigheann an cúnamh dá dtagraítear i mír 1 agus na hArdpháirtithe Conarthacha a dheonaíonn é comhordú idirnáisiúnta ar na bearta cosanta sibhialta sin a éascú nuair is cuí. I gcásanna den sórt sin baineann forálacha na Caibidle seo leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí.

3. I gcríoch faoi fhorghabháil, ní fhéadfaidh an Chumhacht Forghabhála gníomhaíochtaí eagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta de chuid Stát neodrach nó Stát eile nach Páirtithe sa choinbhleacht agus gníomhaíochtaí eagraíochtaí comhordaithe idirnáisiúnta a eisiamh nó a shrianadh ach amháin más féidir leis comhlíonadh dóthanach tascanna cosanta sibhialta as a acmhainní féin nó as acmhainní na críche faoi fhorghabháil a áirithiú.

Airteagal 65—Coimirce a scor

1. Ní scoirfear den choimirce a dhlitear d'eagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta, dá bpearsanra, dá bhfoirgnimh, dá scáthláin agus dá matériel mura rud é go ndéanann siad gníomhartha ba dhíobháil don namhaid, nó go n-úsáidtear iad chun gníomhartha ba dhíobháil don namhaid a dhéanamh, taobh amuigh dá dtascanna cuí. Ní cead, in aon chás, scor den choimirce ach amháin tar éis rabhadh a thabhairt ina socrófar, nuair is cuí, teorainn ama réasúnach agus tar éis neamhaird a bheith tugtha ar an rabhadh sin.

2. Ní áireofar an méid seo a leanas mar ghníomhartha ba dhíobháil don namhaid:

(a) go ndéantar tascanna cosanta sibhialta faoi stiúradh nó faoi cheannas údarás míleata;

(b) go ndéanann pearsanra sibhialtach cosanta sibhialta comhoibriú le pearsanra míleata le linn dóibh tascanna cosanta sibhialta a chomhlíonadh, nó go bhfuil pearsanra míleata áirithe ag gabháil leis na heagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta;

(c) go bhféadfadh sé, mar thoradh ar chomhlíonadh tascanna cosanta sibhialta, go ndéanfaí tairbhe go teagmhasach d'íospartaigh mhíleata, go háirithe dóibh siúd atá hors de combat.

3. Ní áireofar mar ghníomh ba dhíobháil don namhaid, ach an oiread, go ndéanann pearsanra sibhialtach cosanta sibhialta armáin aonair éadroma a iompar chun ordúlacht a chothabháil nó le haghaidh féinchosanta. I limistéir ina bhfuil, nó inar dócha go mbeidh, troid ar siúl ar thalamh, áfach, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht na bearta cuí a ghabháil de láimh le nach mbeidh i gceist sna harmáin sin ach gunnaí láimhe, mar phiostail nó gunnáin, chun cabhrú leis an idirdhealú idir pearsanra cosanta sibhialta agus comhraiceoirí. Fiú agus armáin aonair éadroma eile á n-iompar ag pearsanra cosanta sibhialta i limistéir den sórt sin, tabharfar urraim agus coimirce dóibh, ar a shon sin, a luaithe a aithnítear mar phearsanra cosanta sibhialta iad.

4. Ní dhéanfar an choimirce a thugann an Chaibidil seo d'eagraíochtaí sibhialtach cosanta sibhialta a bhaint díobh ach oiread toisc iad a bheith foirmithe ar bhealaí míleata agus toisc seirbhís iontu a bheith éigeantach.

Airteagal 66—Aithint

1. Déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht iarracht lena áirithiú go bhfuil a chuid eagraíochtaí cosanta sibhialta, a bpearsanra, a bhfoirgnimh agus a matériel, inaitheanta le linn dóibh a bheith tiomnaithe go heisiach do chomhlíonadh tascanna cosanta sibhialta. Ba cheart scáthláin a chuirtear ar fáil don phobal sibhialta a bheith inaitheanta ar an gcuma chéanna.

2. Déanfaidh gach Páirtí sa choinbhleacht iarracht freisin modhanna agus nósanna imeachta a ghlacadh agus a chur i ngníomh a fhágfaidh gur féidir scáthláin shibhialta chomh maith le pearsanra, foirgnimh agus matériel cosanta sibhialta ar a dtaispeántar an sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta a aithint.

3. I gcríocha faoi fhorghabháil agus i limistéir ina bhfuil, nó inar dócha go mbeidh, troid ar siúl, ba cheart go mbeadh pearsanra sibhialtach cosanta sibhialta inaitheanta tríd an sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta agus trí chárta aitheantais ag deimhniú a stádais.

4. Is éard atá sa sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta ná triantán gorm comhshleasach ar chúlra flannbhuí nuair a úsáidtear é chun eagraíochtaí cosanta sibhialta, a bpearsanra, a bhfoirgnimh agus a matériel a choimirciú agus le haghaidh scáthlán sibhialta.

5. I dteannta an tsainchomhartha, féadfaidh Páirtithe sa choinbhleacht comhaontú ar chomhairceanna ar leith a úsáid chun críocha aitheantais cosanta sibhialta.

6. Tá feidhm fhorálacha mhíreanna 1 go 4 faoi rialú Chaibidil V d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo.

7. In aimsir shíochána, féadfar, le toiliú na n-údarás náisiúnta inniúil, an comhartha a bhfuil a thuairisc i mír 4 a úsáid chun críocha aitheantais cosanta sibhialta.

8. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus na Páirtithe sa choinbhleacht na bearta is gá chun maoirsiú a dhéanamh ar an gcaoi a dtaispeántar an sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta agus chun aon mhí-úsáid a bhainfí as a chosc agus a chur faoi chois.

9. Tá aithint pearsanra liachta agus eaglaise cosanta sibhialta, aonad liachta agus iompróirí liachta faoi rialú Airteagal 18 freisin.

Airteagal 67—Comhaltaí de na fórsaí armtha agus aonaid mhíleata a bheidh sannta d'eagraíochtaí cosanta sibhialta

1. Tabharfar urraim agus coimirce do chomhaltaí de na fórsaí armtha agus d'aonaid mhíleata a bheidh sannta d'eagraíochtaí cosanta sibhialta, ar choinníoll:

(a) go mbeidh an pearsanra sin agus na haonaid sin sannta go buan agus tiomnaithe go heisiach d'aon tascanna díobh sin a luaitear in Airteagal 61 a chomhlíonadh;

(b) má tá siad sannta amhlaidh, nach gcomhlíonfaidh an pearsanra sin aon dualgais mhíleata eile le linn na coinbhleachta;

(c) go mbeidh an pearsanra sin in-idirdhealaithe go soiléir ó chomhaltaí eile na bhfórsaí armtha tríd an sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta, a bheidh chomh mór agus is cuí, a bheith ar taispeáint go feiceálach, agus go dtabharfar don phearsanra sin an cárta aitheantais, dá dtagraítear i gCaibidil V d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo, ag deimhniú a stádais;

(d) nach mbeidh ina dtrealamh ag an bpearsanra sin agus ag na haonaid sin ach armáin aonair éadroma chun ordúlacht a chothabháil nó le haghaidh féinchosanta. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 65, mír 3 freisin sa chás seo;

(e) nach nglacfaidh an pearsanra sin páirt dhíreach i gcogaíocht, agus nach ndéanfaidh siad gníomhartha ba dhíobháil don namhaid, nó nach n-úsáidfear iad chun gníomhartha ba dhíobháil don namhaid a dhéanamh, taobh amuigh dá dtascanna cosanta sibhialta;

(f) gur laistigh de chríoch náisiúnta a bpáirtí féin amháin a chomhlíonfaidh an pearsanra sin agus na haonaid sin a dtascanna cosanta sibhialta.

Toirmisctear ar aon chomhalta de na fórsaí armtha atá faoi cheangal ag na coinníollacha a fhorordaítear in (a) agus (b) thuas gan urraim a thabhairt do na coinníollacha a luaitear in (e) thuas.

2. Beidh pearsanra míleata, a bheidh ag fónamh laistigh d'eagraíochtaí cosanta sibhialta, ina bpríosúnaigh chogaidh má thiteann siad faoi urláimh Páirtí naimhdigh. I gcríoch faoi fhorghabháil féadfar iad a fhostú ar thascanna cosanta sibhialta a mhéid a bheidh gá leis sin, ach sin ar mhaithe le leas phobal sibhialta na críche sin amháin, ar choinníoll, áfach, má tá obair den sórt sin contúirteach, go dtairgeann siad iad féin le haghaidh tascanna den sórt sin.

3. Déanfar foirgnimh, baill mhóra trealaimh agus iompróirí na n-aonad míleata a bheidh sannta d'eagraíochtaí cosanta sibhialta a mharcáil go soiléir leis an sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta. Beidh an sainchomhartha sin chomh mór agus is cuí.

4. Maidir le matériel agus foirgnimh na n-aonad míleata a bheidh sannta go buan d'eagraíochtaí cosanta sibhialta agus tiomnaithe go heisiach do chomhlíonadh tascanna cosanta sibhialta, má thiteann siad faoi urláimh Páirtí naimhdigh, leanfaidh siad de bheith faoi réir dhlíthe an chogaidh. Ní fhéadfar iad a úsáid chun críche seachas a gcríoch chosanta sibhialta fad a bheidh siad ag teastáil chun tascanna cosanta sibhialta a chomhlíonadh, ach amháin i gcás dianriachtanais mhíleata, mura rud é go ndearnadh comhshocraíochtaí roimh ré le haghaidh soláthair leordhóthanaigh do riachtanais an phobail shibhialta.

ALT II —FÓIRITHINT I bhFABHAR AN PHOBAIL SHIBHIALTA

Airteagal 68—Réim feidhme

Tá feidhm ag forálacha an Ailt seo maidir leis an bpobal sibhialta mar a mhínítear sa Phrótacal seo agus tá siad forlíontach ar Airteagail 23, 55, 59, 60, 61 agus 62 agus ar fhorálacha iomchuí eile de chuid an Cheathrú Coinbhinsiún.

Airteagal 69—Bunriachtanais i gcríocha faoi fhorghabháil

1. I dteannta na ndualgas a shonraítear in Airteagal 55 den Cheathrú Coinbhinsiún a bhaineann le soláthairtí bia agus cógas leighis, áiritheoidh an Chumhacht Forghabhála, go feadh a hacmhainne air agus gan aon idirdhealú leatromach, go ndéanfar éadaí, leapachas, sásanna dídine, soláthairtí eile atá riachtanach chun go mairfidh pobal sibhialta na críche faoi fhorghabháil agus nithe is gá le haghaidh adhartha reiligiúnaigh a chur ar fáil.

2. Tá bearta fóirithinte ar mhaithe leis an bpobal sibhialta i gcríocha faoi fhorghabháil faoi rialú Airteagail 59, 60, 61, 62, 108, 109, 110 agus 111 den Cheathrú Coinbhinsiún, agus faoi rialú Airteagal 71 den Phrótacal seo, agus déanfar iad a chur i ngníomh gan mhoill.

Airteagal 70—Bearta fóirithinte

1. Más rud é nach ndéantar na soláthairtí a luaitear in Airteagal 69 a chur ar fáil ar bhonn leordhóthanach do phobal sibhialta aon chríche atá faoi cheannas Páirtí sa choinbhleacht, seachas críoch faoi fhorghabháil, déanfar bearta fóirithinte atá daonchairdiúil agus neamhchlaon ó cháilíocht agus a sheolfar gan aon idirdhealú leatromach a ghabháil de láimh faoi réir chomhaontú na bPáirtithe atá i gceist sna bearta fóirithinte sin. Ní mheasfar gur cur isteach ar an gcoinbhleacht armtha nó gníomhartha eascairdiúla iad tairiscintí ar fhóirithint den sórt sin. Le linn coinsíneachtaí fóirithinte a bheith á ndáileadh, tabharfar tosaíocht do na daoine sin, ar nós leanaí, mná atá ag iompar clainne, cásanna máithreachais, agus máithreacha atá ag tál ar a leanaí, ar daoine iad a bhfuil cóireáil phribhléideach le cur orthu nó coimirce speisialta le tabhairt dóibh faoin gCeathrú Coinbhinsiún nó faoin bPrótacal seo.

2. Ceadóidh agus éascóidh na Páirtithe sa choinbhleacht agus gach Ardpháirtí Conarthach gluaiseacht mhear gan bhac na gcoinsíneachtaí fóirithinte, an trealaimh agus an phearsanra go léir a chuirtear ar fáil de réir an Ailt seo, fiú más chuig pobal sibhialta an Pháirtí naimhdigh atá cúnamh den sórt sin ag dul.

3. Maidir leis na Páirtithe sa choinbhleacht agus gach Ardpháirtí Conarthach a cheadaíonn gluaiseacht coinsíneachtaí fóirithinte, trealaimh agus pearsanra de réir mhír 2:

(a) beidh de cheart acu na comhshocraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear cuardach, faoina gceadaítear an ghluaiseacht sin a fhorordú;

(b) féadfaidh siad a chur faoi deara go dtabharfar an cead sin ar choinníoll go ndéanfar an cúnamh sin a dháileadh faoi mhaoirseacht áitiúil Cumhachta Coimircí;

(c) ní dhéanfaidh siad, ar bhealach ar bith, coinsíneachtaí fóirithinte a úsáid chun críche eile seachas an chríoch a bhí ar intinn dóibh ná moill a chur lena dtarchur, ach amháin i gcásanna lena ngabhann práinn agus riachtanas ar mhaithe leis an bpobal sibhialta lena mbaineann.

4. Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht coinsíneachtaí fóirithinte a choimirciú agus a ndáileadh mear a éascú.

5. Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht agus gach Ardpháirtí Conarthach lena mbaineann comhordú éifeachtach idirnáisiúnta ar na bearta fóirithinte dá dtagraítear i mír 1 a spreagadh agus a éascú.

Airteagal 71—Pearsanra a ghlacann páirt i mbearta fóirithinte

1. Nuair is gá, féadfaidh pearsanra fóirithinte a bheith mar chuid den chúnamh a chuirtear ar fáil in aon bheart fóirithinte, go háirithe chun coinsíneachtaí fóirithinte a iompar agus a dháileadh; beidh páirtíocht pearsanra den sórt sin faoi réir cheadú an Pháirtí ar ina chríoch a dhéanfaidh siad a ndualgais.

2. Tabharfar urraim agus coimirce do phearsanra den sórt sin.

3. Déanfaidh gach Páirtí a fhaigheann coinsíneachtaí fóirithinte, a mhéid is féidir in aon chor é, cabhair a thabhairt don phearsanra fóirithinte dá dtagraítear i mír 1 chun a misean fóirithinte a chomhlíonadh. Is i gcás dianriachtanais mhíleata amháin a fhéadfar gníomhaíochtaí an phearsanra fóirithinte a theorannú nó a ngluaiseachtaí a shrianadh go sealadach.

4. Ní ceadmhach do phearsanra fóirithinte, in imthosca ar bith, gabháil thar théarmaí a misin faoin bPrótacal seo. Go háirithe déanfaidh siad riachtanais slándála an Pháirtí ar ina chríoch atá a ndualgais á gcomhlíonadh acu a chur i gcuntas. Féadfar misean aon duine den phearsanra nach n-urramóidh na coinníollacha seo a fhoirceannadh.

ALT III —CÓIREÁIL DAOINE ATÁ FAOI URLÁIMH PÁIRTÍ SA CHOINBHLEACHT

CAIBIDIL I—RÉIM FEIDHME AGUS COIMIRCIÚ DAOINE AGUS NITHE

Airteagal 72—Réim feidhme

Tá forálacha an Ailt seo de bhreis ar na rialacha maidir le coimirciú daonchairdiúil sibhialtach agus nithe sibhialta atá faoi urláimh Páirtí sa choinbhleacht, ar rialacha iad atá sa Cheathrú Coinbhinsiún, go háirithe i gCodanna I agus III den Choinbhinsiún sin, agus ar rialacha infheidhme eile an dlí idirnáisiúnta a bhaineann le cearta bunúsacha an duine a choimirciú le linn coinbhleachta armtha idirnáisiúnta.

Airteagal 73—Dídeanaithe agus daoine gan stát

Maidir le daoine a measadh, roimh thosach na cogaíochta, a bheith ina ndaoine gan stát nó ina ndídeanaithe faoi na hionstraimí idirnáisiúnta iomchuí a bhfuil glactha leo ag na Páirtithe lena mbaineann nó faoi reachtaíocht náisiúnta an Stáit dídine nó an Stáit cónaithe, is daoine coimircithe de réir bhrí Chodanna I agus III den Cheathrú Coinbhinsiún a bheidh iontu, i ngach uile chás agus gan aon idirdhealú leatromach.

Airteagal 74—Athaontú teaghlach scaipthe

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus na Páirtithe sa choinbhleacht athaontú teaghlach a scaipeadh de thoradh ar choinbhleachtaí armtha a éascú ar gach bealach is féidir agus spreagfaidh siad go háirithe obair na n-eagraíochtaí daonchairdiúla atá ag gabháil don tasc seo de réir fhorálacha na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo agus i gcomhréir lena rialacháin slándála faoi seach.

Airteagal 75—Ráthaíochtaí bunúsacha

1. Maidir le daoine atá faoi urláimh Páirtí sa choinbhleacht agus nach dtairbhíonn de chóireáil níos fabhraí faoi na Coinbhinsiúin nó faoin bPrótacal seo, a mhéid a dhéanann cor dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal seo difear dóibh, cuirfear cóir dhaonnachtúil orthu i ngach uile chás agus gheobhaidh siad, ar a laghad, an choimirce dá bhforáiltear leis an Airteagal seo gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar chine, dath, gnéas, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitíochta nó tuairimí eile, bunadh náisiúnta nó sóisialta, rachmas, fréamhshliocht nó stádas eile, nó aon dálaí eile dá samhail. Urramóidh gach Páirtí pearsa, onóir, áitiúis agus cleachtais chreidimh an uile dhuine den sórt sin.

2. Tá, agus beidh, na gníomhartha seo a leanas toirmiscthe, gach tráth agus gach áit, cibé acu is gníomhairí sibhialta nó míleata a dhéanfaidh iad:

(a) foréigean ar bheatha, ar shláinte nó ar dhea-bhail coirp nó meabhrach daoine, go háirithe:

(i) dúnmharú;

(ii) céastóireacht de gach sórt, cibé acu céastóireacht coirp nó meabhrach í;

(iii) pionós coirp; agus

(iv) ciorrú;

(b) anfhorlann ar dhínit duine, go háirithe uirísliú agus táirchéimniú, meirdreachas ainneonach agus ionsaí mígheanasach d'aon chineál;

(c) gialla a thógáil;

(d) pionóis chomhchoitianta; agus

(e) bagairtí aon cheann de na gníomhartha roimhe seo a dhéanamh.

3. Maidir le haon duine a ghabhtar, a choinnítear nó a chuirtear faoi imtheorannú as gníomhartha a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha, cuirfear in iúl dó go haibéil, i dteanga a thuigeann sé, cé na cúiseanna a ndearnadh na bearta seo. Ach amháin i gcásanna gabhála nó coinneála as cionta pionósacha, scaoilfear na daoine sin saor leis an moill is lú is féidir agus in aon chás a luaithe a bhíonn deireadh leis na himthosca ba shiocair leis an ngabháil, leis an gcoinneáil nó leis an imtheorannú.

4. Ní fhéadfar aon phianbhreith a ghearradh agus ní fhéadfar aon phionós a fhorghníomhú ar dhuine a fuarthas ciontach i gcion pionósach a bhain leis an gcoinbleacht armtha ach amháin de bhun ciontaithe arna fhógairt ag cúirt atá neamhchlaon agus a bunaíodh go rialta agus a urramaíonn prionsabail an nóis imeachta bhreithiúnaigh rialta a aithnítear go coitianta, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) forálfar leis an nós imeachta go gcuirfear sonraí an chiona atá á líomhaint ar an gcúisí in iúl dó gan mhoill agus go dtabharfar gach ceart agus modh cosanta is gá don chúisí roimh a thriail agus lena linn;

(b) ní chiontófar aon duine i gcion ach amháin ar fhoras fhreagracht phionósach an duine aonair;

(c) ní chúiseofar ná ní chiontófar aon duine i gcion coiriúil mar gheall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta a raibh sé faoina réir an tráth a rinneadh é; ná ní ghearrfar pionós níos troime ná an pionós ab infheidhme an tráth a rinneadh an cion coiriúil; más rud é, tar éis an cion a dhéanamh, go ndéantar foráil le dlí chun pionós níos éadroime a ghearradh, tairbheoidh an ciontóir den fhoráil sin;

(d) measfar aon duine a chúisítear i gcion a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é a bheith ciontach de réir dlí;

(e) beidh de cheart ag aon duine a chúisítear i gcion go dtriailfear é ina láthair féin;

(f) ní chuirfear iallach ar aon duine fianaise a thabhairt ina choinne féin nó ciontacht a admháil;

(g) beidh ceart ag aon duine a chúisítear i gcion chun na finnéithe ina choinne a cheistiú nó a chur á gceistiú, agus chun a chur faoi deara finnéithe ar a shon a bheith i láthair agus a cheistiú faoi na coinníollacha céanna le finnéithe ina choinne;

(h) ní dhéanfaidh an Páirtí céanna aon duine a ionchúiseamh nó a phionósú i gcion a mbeidh breithiúnas críochnaitheach ag éigiontú nó ag ciontú an duine sin fógartha roimhe sin faoin dlí agus faoin nós imeachta breithiúnach céanna;

(i) beidh de cheart ag aon duine a ionchúisítear i gcion go ndéanfar an breithiúnas a fhógairt go poiblí; agus

(j) cuirfear comhairle ar dhuine ciontaithe, ar é a chiontú, maidir leis na leigheasanna breithiúnacha agus eile atá aige agus maidir leis na teorainneacha ama ar laistigh díobh is féidir iad a fheidhmiú.

5. Déanfar mná ar srianadh a saoirse ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha a choimeád i gceathrúna atá ar deighilt ó cheathrúna fear. Beidh siad faoi mhaoirseacht dhíreach ag mná. Ar a shon sin, i gcásanna ina ndéantar teaghlaigh a choinneáil nó a imtheorannú, déanfar iad a choimeád, nuair is féidir sin, san áit chéanna agus tabharfar cóiríocht dóibh mar aonaid teaghlaigh.

6. Beidh an choimirce dá bhforáiltear leis an Airteagal seo ag daoine a ghabhtar, a choinnítear nó a chuirtear faoi imtheorannú ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha go dtí a scaoileadh saor, a n-athdhúichiú nó a n-athshuíomh deireanach, fiú tar éis dheireadh na coinbhleachta armtha.

7. D'fhonn aon amhras maidir le hionchúiseamh agus triail daoine a chúisítear i gcoireanna cogaidh nó i gcoireanna in aghaidh na daonnachta a sheachaint, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a) ba cheart daoine a chúisítear i gcoireanna den sórt sin a thabhairt suas chun críche ionchúisimh agus trialach de réir rialacha infheidhme an dlí idirnáisiúnta; agus

(b) maidir le haon daoine den sórt sin nach dtairbhíonn de chóireáil níos fabhraí faoi na Coinbhinsiúin nó faoin bPrótacal seo, cuirfear an chóireáil dá bhforáiltear leis an Airteagal seo orthu, cibé acu is sáruithe tromchúiseacha ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal seo iad na coireanna ina gcúisítear iad nó nach ea.

8. Ní fhéadfar aon fhoráil de chuid an Airteagail seo a fhorléiriú mar ní a theorannaíonn nó a sháraíonn aon fhoráil eile atá níos fabhraí agus a dheonaíonn coimirce níos mó, faoi aon rialacha infheidhme eile den dlí idirnáisiúnta, do dhaoine lena mbaineann mír 1.

CAIBIDIL II—BEARTA I bhFABHAR BAN AGUS LEANAÍ

Airteagal 76—Mná a choimirciú

1. Déanfar urraim speisialta a thabhairt do mhná agus coimirceofar iad go háirithe ar éigniú, ar mheirdreachas ainneonach agus ar ionsaí mígheanasach d'aon chineál.

2. Maidir le mná torracha, agus le máithreacha a bhfuil naíonáin chleithiúnacha acu, a ghabhtar, a choinnítear nó a chuirtear faoi imtheorannú ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha, déanfar a gcásanna a bhreithniú ar bhonn na lántosaíochta.

3. Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht, a mhéid ar fad is féidir, iarracht ar fhógairt phionós an bháis ar mhná torracha, nó ar mháithreacha a bhfuil naíonáin chleithiúnacha acu, as cion a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha, a sheachaint. Ní dhéanfar pionós an bháis as cionta den sórt sin a fhorghníomhú i gcás na mban sin.

Airteagal 77—Leanaí a choimirciú

1. Déanfar urraim speisialta a thabhairt do leanaí agus coimirceofar iad go háirithe ar ionsaí mígheanasach d'aon chineál. Tabharfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht an t-aireachas agus an chabhair dóibh a mbeidh gá acu leo, de bharr a n-aoise nó ar aon chúis eile.

2. Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht gach beart is féidir ionas nach nglacfaidh leanaí nach bhfuil cúig bliana déag d'aois slánaithe acu páirt dhíreach i gcogaíocht agus, go háirithe, staonfaidh siad ó iad a earcú isteach ina bhfórsaí armtha. Le linn earcaíochta a dhéanamh i measc na ndaoine sin a bhfuil cúig bliana déag d'aois slánaithe acu ach nach bhfuil ocht mbliana déag d'aois slánaithe acu, déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht iarracht ar thosaíocht a thabhairt dóibh sin is sine.

3. Más rud é, i gcásanna eisceachtúla, d'ainneoin fhorálacha mhír 2, go nglacann leanaí nach bhfuil cúig bliana déag d'aois slánaithe acu páirt dhíreach i gcogaíocht agus go dtiteann siad faoi urláimh Páirtí naimhdigh, leanfaidh siad de thairbhe a bhaint as an gcoimirce speisialta a thugtar leis an Airteagal seo, cibé acu is príosúnaigh chogaidh iad nó nach ea.

4. Má dhéantar leanaí a ghabháil, a choinneáil nó a imtheorannú ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha, coimeádfar iad i gceathrúna atá ar deighilt ó cheathrúna daoine aosaithe, ach amháin mar a dtugtar cóiríocht do theaghlaigh mar aonaid teaghlaigh mar a fhoráiltear in Airteagal 75, mír 5.

5. Ní dhéanfar pionós an bháis as cion a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha a fhorghníomhú i gcás daoine nach raibh ocht mbliana déag d'aois slánaithe acu an tráth a rinneadh an cion.

Airteagal 78—Leanaí a aslonnú

1. Ní dhéanfaidh aon Pháirtí sa choinbhleacht aslonnú leanaí, ar leith óna náisiúnaigh féin, chuig tír choigríche a shocrú, seachas aslonnú sealadach nuair is gá déanamh amhlaidh ar chúiseanna dosháraithe a bhaineann le sláinte na leanaí nó le cóireáil liachta a chur ar na leanaí nó, seachas i gcríoch faoi fhorghabháil, lena sábháilteacht. I gcás gur féidir na tuismitheoirí nó na caomhnóirí dlíthiúla a fháil, is gá a dtoiliú le haslonnú den sórt sin a fháil i scríbhinn. Mura féidir na daoine sin a fháil, is gá toiliú le haslonnú den sórt sin a fháil i scríbhinn ó na daoine atá freagrach go príomha, de réir dlí nó nóis, as aireachas na leanaí. Déanfaidh an Chumhacht Choimirceach aon aslonnú den sórt sin a mhaoirsiú i gcomhaontú leis na Páirtithe lena mbaineann, is é sin le rá, an Páirtí a shocraíonn an t-aslonnú, an Páirtí atá ag glacadh leis na leanaí agus aon Pháirtithe a bhfuil a náisiúnaigh á n-aslonnú. I ngach cás, glacfaidh na Páirtithe uile sa choinbhleacht na réamhchúraimí go léir is féidir le nach gcuirfí an t-aslonnú i gcontúirt.

2. Aon uair a tharlaíonn aslonnú de bhun mhír 1, déanfar oideachas gach linbh, lena n-áirítear a oideachas creidimh agus morálta de réir mar is mian lena thuismitheoirí, a sholáthar ar an mbonn is leanúnaí is féidir le linn dó a bheith ar shiúl.

3. D'fhonn filleadh leanaí, a aslonnaítear de bhun an Airteagail seo, ar a dteaghlaigh agus ar a dtír a éascú, déanfaidh údaráis an Pháirtí a shocraíonn an t-aslonnú agus, de réir mar is cuí, údaráis na tíre glactha, cárta ar a mbeidh grianghraif a bhunú le haghaidh gach linbh, agus seolfaidh siad an cárta sin chuig Lár-Ghníomhaireacht Lorgaireachta Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar gach cárta, nuair is féidir sin, agus nuair nach bhfuil aon bhaol díobhála don leanbh i gceist leis sin:

(a) sloinne nó sloinnte an linbh;

(b) céad-ainm nó céad-ainmneacha an linbh;

(c) gnéas an linbh;

(d) an áit bhreithe agus an dáta breithe (nó, mura bhfuil an dáta sin ar eolas, an aois go garbh);

(e) ainm iomlán an athar;

(f) ainm iomlán na máthar agus a hainm roimh phósadh;

(g) neasghaolta an linbh;

(h) náisiúntacht an linbh;

(i) teanga dhúchais an linbh, agus aon teangacha eile atá aige;

(j) seoladh theaghlach an linbh;

(k) aon uimhir aitheantais le haghaidh an linbh;

(l) bail sláinte an linbh;

(m) fuilghrúpa an linbh;

(n) aon sainghnéithe;

(o) an dáta agus an áit a bhfuarthas an leanbh;

(p) an dáta ar ar fhág agus an áit ónar fhág an leanbh an tír;

(q) reiligiún an linbh, más ann;

(r) seoladh láithreach an linbh sa tír ghlactha;

(s) más rud é go n-éagann an leanbh roimh fhilleadh dó, dáta, áit agus imthosca an bháis agus an t-ionad adhlactha.

CAIBIDIL III—IRISEOIRÍ

Airteagal 79—Bearta chun iriseoirí a choimirciú

1. Maidir le hiriseoirí atá ag gabháil do mhisin ghairmiúla chontúirteacha i limistéir coinbhleachta armtha, measfar gur sibhialtaigh iad de réir bhrí Airteagal 50, mír 1.

2. Tabharfar coimirce dóibh mar shibhialtaigh faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo, ar choinníoll nach ndéanfaidh siad aon bheart a dhéanfaidh dochar dá stádas mar shibhialtaigh, agus gan dochar do cheart tuairisceoirí cogaidh, arna gcreidiúnú do na fórsaí armtha, chun an stádais dá bhforáiltear in Airteagal 4A(4) den Tríú Coinbhinsiún.

3. Féadfaidh siad cárta aitheantais atá cosúil leis an múnla in Iarscríbhinn II den Phrótacal seo a fháil. Déanfaidh an cárta sin, a eiseoidh rialtas an Stáit ar náisiúnach dá chuid an t-iriseoir nó ar ina chríoch atá cónaí air nó ina bhfuil an meán nuachta a fhostaíonn é suite, a stádas mar iriseoir a fhianú.

CUID V

FORGHNÍOMHÚ NA gCOINBHINSIÚN AGUS AN PHRÓTACAIL SEO

ALT I —FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 80—Bearta forghníomhaithe

1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus na Páirtithe sa choinbhleacht gach beart is gá gan mhoill chun a n-oibleagáidí faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo a fhorghníomhú.

2. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus na Páirtithe sa choinbhleacht orduithe agus treoracha a thabhairt chun a áirithiú go gcomhallfar na Coinbhinsiúin agus an Prótacal seo, agus déanfaidh siad maoirsiú ar a bhforghníomhú.

Airteagal 81—Gníomhaíochtaí na Croise Deirge agus eagraíochtaí daonchairdiúla eile

1. Déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht na saoráidi go léir atá faoi réim a gcumhachta a dheonú do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge chun a chumasú dó na feidhmeanna daonchairdiúla a shanntar dó leis na Coinbhinsiúin agus leis an bPrótacal seo a chur i gcrích d'fhonn coimirce agus cúnamh a áirithiú d'íospartaigh choinbhleachtaí; féadfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge aon ghníomhaíochtaí daonchairdiúla eile i bhfabhar na n-íospartach sin a chur i gcrích freisin faoi réir thoiliú na bPáirtithe sa choinbhleacht lena mbaineann.

2. Deonóidh na Páirtithe sa choinbhleacht dá n-eagraíochtaí faoi seach den Chrois Dhearg (den Chorrán Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg) na saoráidí is gá chun a ngníomhaíochtaí daonchairdiúla i bhfabhar íospartaigh na coinbhleachta a chur i gcrích de réir fhorálacha na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo agus de réir phrionsabail bhunúsacha na Croise Deirge mar atá foirmlithe ag Comhdhálacha Idirnáisiúnta na Croise Deirge.

3. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus na Páirtithe sa choinbhleacht an cúnamh a thugann eagraíochtaí den Chrois Dhearg (den Chorrán Dearg, den Leon Dearg agus den Ghrian Dhearg) agus Conradh Chumainn na Croise Deirge d'íospartaigh choinbhleachtaí, de réir fhorálacha na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo agus de réir phrionsabail bhunúsacha na Croise Deirge mar atá foirmlithe ag Comhdhálacha Idirnáisiúnta na Croise Deirge, a éascú ar gach slí is féidir.

4. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus na Páirtithe sa choinbhleacht, a mhéid is féidir, saoráidí atá cosúil leo sin a luaitear i míreanna 2 agus 3 a chur ar fáil do na heagraíochtaí daonchairdiúla eile dá dtagraítear sna Coinbhinsiúin agus sa Phrótacal seo agus atá arna n-údarú go cuí ag na Páirtithe faoi seach sa choinbhleacht agus a dhéanann a ngníomhaíochtaí daonchairdiúla de réir fhorálacha na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo.

Airteagal 82—Comhairleoirí dlí i bhfórsaí armtha

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha i gcónaí, agus déanfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht tráth coinbhleachta armtha, a áirithiú go bhfuil comhairleoirí dlí ar fáil, nuair is gá, chun comhairle a chur ar cheannasaithe míleata ag an leibhéal cuí maidir le feidhm na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo agus maidir leis an teagasc cuí a thabharfar do na fórsaí armtha san ábhar seo.

Airteagal 83—Craobhscaoileadh

1. Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin, in aimsir shíochána agus in aimsir coinbhleachta armtha, na Coinbhinsiúin agus an Prótacal seo a chraobhscaoileadh chomh forleathan agus is féidir ina dtíortha faoi seach agus, go háirithe, staidéar orthu a chur san áireamh ina gcláir teagaisc mhíleata agus a bpobal sibhialta a spreagadh chun staidéar a dhéanamh orthu, chun go mbeidh na hionstraimí sin ar eolas ag na fórsaí armtha agus ag an bpobal sibhialta.

2. Maidir le haon údaráis mhíleata nó shibhialta a dhéanann freagrachtaí a ghabháil chucu féin, in aimsir coinbhleachta armtha, maidir le cur chun feidhme na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo, beidh eolas iomlán acu ar théacs na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo.

Airteagal 84—Rialacha feidhme

Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha a dtiontuithe oifigiúla ar an bPrótacal seo, mar aon leis na dlíthe agus na rialacháin a ghlacfaidh siad chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é, a chur chuig a chéile, a luaithe is féidir, tríd an taiscí agus, de réir mar is cuí, trí na Cumhachtaí Coimirceacha.

ALT II —SÁRUITHE AR NA COINBHINSIÚIN AGUS AR AN bPRÓTACAL SEO A CHUR FAOI CHOIS

Airteagal 85—Sáruithe ar an bPrótacal seo a chur faoi chois

1. Maidir leis na forálacha de na Coinbhinsiúin a bhaineann le sáruithe agus sáruithe tromchúiseacha a chur faoi chois, arna bhforlíonadh leis an Alt seo, beidh feidhm acu maidir le sáruithe agus sáruithe tromchúiseacha ar an bPrótacal seo a chur faoi chois.

2. Maidir le haon ghníomhartha a thuairiscítear a bheith ina sáruithe tromchúiseacha sna Coinbhinsiúin, is sáruithe tromchúiseacha ar an bPrótacal seo iad, más rud é go ndéantar iad i gcoinne daoine atá faoi urláimh Páirtí naimhdigh agus a choimircítear le hAirteagail 44, 45 agus 73 den Phrótacal seo, nó i gcoinne lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste an Pháirtí naimhdigh a choimircítear leis an bPrótacal seo, nó i gcoinne an phearsanra liachta nó eaglaise sin, na n-aonad liachta sin nó na n-iompróirí liachta sin atá faoi cheannas an Pháirtí naimhdigh agus a choimircítear leis an bPrótacal seo.

3. I dteannta na sáruithe tromchúiseacha a mhínítear in Airteagal 11, measfar gur sáruithe tromchúiseacha ar an bPrótacal seo iad na gníomhartha seo a leanas, nuair a dhéantar iad go toiliúil, de shárú ar na forálacha iomchuí den Phrótacal seo, agus nuair is cúis iad le bás nó le mórghortú don chorp nó don tsláinte:

(a) ionsaí a dhéanamh ar an bpobal sibhialta nó ar shibhialtaigh aonair;

(b) ionsaí neamh-idirdhealaitheach a scaoileadh a fhearann ar an bpobal sibhialta nó ar nithe sibhialta agus é ar eolas go mbeidh an t-ionsaí sin ina chúis le caillteanas iomarcach beatha, le gortú do shibhialtaigh nó le damáiste do nithe sibhialta, mar a mhínítear in Airteagal 57, mír 2 (a) (iii);

(c) ionsaí a scaoileadh i gcoinne oibreacha nó suiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha agus é ar eolas go mbeidh an t-ionsaí sin ina chúis le caillteanas iomarcach beatha, le gortú do shibhialtaigh nó le damáiste do nithe sibhialta, mar a mhínítear in Airteagal 57, mír 2 (a) (iii);

(d) ionsaí a dhéanamh ar cheantair neamhchosanta agus ar chriosanna dímhíleataithe;

(e) ionsaí a dhéanamh ar dhuine agus é ar eolas go bhfuil sé hors de combat;

(f) úsáid fhealltach a bhaint, de shárú ar Airteagal 37, as feathal ar leith na croise deirge, an chorráin dheirg nó an leoin dheirg agus na gréine deirge nó as comharthaí coimirceacha eile a aithnítear leis na Coinbhinsiúin nó leis an bPrótacal seo.

4. I dteannta na sáruithe tromchúiseacha a mhínítear sna míreanna roimhe seo agus sna Coinbhinsiúin, measfar gur sáruithe tromchúiseacha ar an bPrótacal seo an méid seo a leanas, nuair a dhéantar iad go toiliúil agus de shárú ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal:

(a) an Chumhacht Forghabhála d'aistriú codanna dá pobal sibhialta féin isteach sa chríoch atá faoi fhorghabháil aici, nó pobal iomlán na críche atá faoi fhorghabháil, nó codanna den phobal sin, a dhíbirt nó a aistriú laistigh nó lasmuigh den chríoch sin, de shárú ar Airteagal 49 den Cheathrú Coinbhinsiún;

(b) moill dholeithscéil in athdhúichiú príosúnach cogaidh nó sibhialtach;

(c) cleachtais apartheid agus cleachtais mhídhaonna tháireacha eile a bhfuil anfhorlann ar dhínit duine i gceist iontu, agus atá bunaithe ar idirdhealú ciníoch;

(d) ionsaí a dhéanamh, agus scrios fairsing a dhéanamh dá dheasca, ar na séadchomharthaí stairiúla, na saothair ealaíne nó na hionaid adhartha a aithnítear go soiléir agus arb iad oidhreacht chultúrtha nó spioradálta pobal iad agus a bhfuil coimirce speisialta tugtha dóibh le comhshocraíocht speisialta, mar shampla, laistigh de chreatlach eagraíochta idirnáisiúnta inniúla, i gcás nach ann d'aon fhianaise go ndearna an Páirtí naimhdeach sárú ar Airteagal 53, fomhír (b), agus nuair nach bhfuil na séadchomharthaí stairiúla, na saothair ealaíne agus na hionaid adhartha sin suite i bhfíorghaobhar do spriocanna míleata;

(e) na cearta chun trialach atá cóir agus rialta a bhaint de dhuine a choimircítear leis na Coinbhinsiúin nó de dhuine dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

5. Gan dochar d'fheidhm na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo, measfar gur coireanna cogaidh iad sáruithe tromchúiseacha ar na hionstraimí seo.

Airteagal 86—Mainneachtain gníomhú

1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus na Páirtithe sa choinbhleacht sáruithe tromchúiseacha ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal seo a chur faoi chois, agus déanfaidh siad bearta riachtanacha chun deireadh a chur le gach sárú eile ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal seo, a thig ó mhainneachtain gníomhú nuair atá dualgas ann sin a dhéanamh.

2. Sa chás gurbh íochtarán a rinne sárú ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal seo, ní scaoiltear dá thoisc sin a chuid uachtarán ó fhreagracht phionósach nó araíonachta, de réir mar a bheidh, más rud é go raibh a fhios acu, nó go raibh eolas acu a d'fhéadfadh a chumasú dóibh a dhéanamh amach sna himthosca a bhí ann an tráth sin, go raibh sárú den sórt sin á dhéanamh aige nó go raibh sé ar tí sárú den sórt sin a dhéanamh agus mura rud é go ndearna siad gach beart ab fhéidir faoi réim a gcumhachta chun an sárú a chosc nó a chur faoi chois.

Airteagal 87—Dualgas ceannasaithe

1. Cuirfidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus na Páirtithe sa choinbhleacht de cheangal ar cheannasaithe míleata, maidir le comhaltaí de na fórsaí armtha atá faoina gceannasaíocht agus le daoine eile atá faoina gceannas, sáruithe ar na Coinbhinsiúin agus ar an bPrótacal seo a chosc agus, nuair is gá, deireadh a chur leo agus iad a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

2. D'fhonn sáruithe a chosc agus deireadh a chur leo, cuirfidh Ardpháirtithe Conarthacha agus Páirtithe sa choinbhleacht de cheangal ar cheannasaithe, i gcomhréir lena leibhéal freagrachta, a áirithiú go bhfuil comhaltaí de na fórsaí armtha atá faoina gceannasaíocht ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí faoi na Coinbhinsiúin agus faoin bPrótacal seo.

3. Cuirfidh na hArdpháirtithe Conarthacha agus Páirtithe sa choinbhleacht de cheangal ar aon cheannasaí arb eol dó go bhfuil íochtaráin nó daoine eile atá faoina cheannas ar tí sárú ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal seo a dhéanamh nó go bhfuil sárú den sórt sin déanta acu, na céimeanna sin is gá a thionscnamh chun na sáruithe sin ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal seo a chosc, agus, de réir mar is cuí, beart araíonachta nó pionósach a thionscnamh i gcoinne lucht a sáraithe.

Airteagal 88—Cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí coiriúla

1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha an cúnamh is mó is féidir a thabhairt dá chéile i ndáil le himeachtaí coiriúla a thionscnaítear i leith sáruithe tromchúiseacha ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal seo.

2. Faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí a bhunaítear sna Coinbhinsiúin agus in Airteagal 85, mír 1, den Phrótacal seo, agus nuair is indéanta sna himthosca, déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha comhoibriú maidir le heiseachadadh. Déanfaidh siad an iarraidh ón Stát inar tharla an cion a líomhnaítear a bhreithniú go cuí.

3. Beidh feidhm i ngach cás ag dlí an Ardpháirtí Chonarthaigh chuig a gcuirtear an iarraidh. Ní dhéanfaidh forálacha na míreanna roimhe seo difear, áfach, do na hoibleagáidí a thig ó fhorálacha aon chonartha dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh eile a rialaíonn nó a rialóidh iomlán ábhar an chúnaimh fhrithpháirtigh i gcúrsaí coiriúla nó cuid de.

Airteagal 89—Comhoibriú

I gcásanna sáruithe tromaí ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal seo, gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin gníomhú i gcomhar nó go leithleach, ag comhoibriú dóibh leis na Náisiúin Aontaithe agus i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 90—Coimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras

1. (a) Déanfar Coimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras (dá ngairtear “an Coimisiún” anseo ina dhiaidh seo) a bhunú arb é a bheidh ann cúig chomhalta dhéag a bhfuil ardchlú orthu ó thaobh na moráltachta de agus a aithnítear a bheith neamhchlaon.

(b) Nuair a bheidh fiche Ardpháirtí Conarthach ar a laghad tar éis comhaontú glacadh le hinniúlacht an Choimisiúin de bhun mhír 2, déanfaidh an taiscí ansin, agus i gceann tréimhsí cúig bliana ina dhiaidh sin, cruinniú a chomóradh d'ionadaithe na nArdpháirtithe Conarthacha sin d'fhonn comhaltaí an Choimisiúin a thoghadh. Ag an gcruinniú, déanfaidh na hionadaithe comhaltaí an Choimisiúin a thoghadh trí rúnbhallóid ó liosta daoine ar féidir le gach ceann de na hArdpháirtithe Conarthacha sin duine amháin a ainmniú chuige.

(c) Déanfaidh comhaltaí an Choimisiúin fónamh ina gcáil phearsanta agus sealbhóidh siad oifig go dtí go dtoghfar comhaltaí nua ag an gcéad chruinniú eile.

(d) Ag an toghchán, déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha a áirithiú go bhfuil na cáilíochtaí is gá ag gach duine de na daoine atá le toghadh ar an gCoimisiún agus go gcinnteofar ionadaíocht atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de sa Choimisiún san iomlán.

(e) I gcás corrfholúntais, déanfaidh an Coimisiún féin an folúntas a líonadh, ag féachaint go cuí d'fhorálacha na bhfomhíreanna roimhe seo.

(f) Déanfaidh an taiscí na saoráidí riaracháin a chur ar fáil don Choimisiún is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

2. (a) Féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha, an tráth a shíníonn nó a dhaingníonn siad an Prótacal nó a aontaíonn siad dó, nó aon tráth eile dá éis sin, a dhearbhú go n-aithníonn siad ipso facto agus gan chomhaontú speisialta, maidir le haon Ardpháirtí Conarthach eile atá ag glacadh leis an oibleagáid chéanna, inniúlacht an Choimisiúin chun líomhaintí ón bPáirtí eile sin a fhiosrú, mar a údaraítear leis an Airteagal seo.

(b) Déanfar na dearbhuithe dá dtagraítear thuas a thaisceadh leis an taiscí, agus déanfaidh sé sin cóipeanna díobh a tharchur chuig na hArdpháirtithe Conarthacha.

(c) Beidh an Coimisiún inniúil:

(i) chun aon fhíorais a líomhnófar a bheith ina sárú tromchúiseach mar a mhínítear sna Coinbhinsiúin agus sa Phrótacal seo nó ina sárú tromaí de chineál eile ar na Coinbhinsiúin nó ar an bPrótacal seo a fhiosrú;

(ii) chun athbhunú dearcaidh urramaigh i leith na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail seo a éascú, lena chuidiú.

(d) I gcásanna eile, ní dhéanfaidh an Coimisiún fiosrú a thionscnamh ar iarraidh ó Pháirtí sa choinbhleacht ach amháin le toiliú an Pháirtí nó na bPáirtithe eile lena mbaineann.

(e) Faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo, leanfaidh forálacha Airteagal 52 den Chéad Choinbhinsiún, Airteagal 53 den Dara Coinbhinsiún, Airteagal 132 den Tríú Coinbhinsiún agus Airteagal 149 den Cheathrú Coinbhinsiún d'fheidhm a bheith acu maidir le haon sárú líomhnaithe ar na Coinbhinsiúin agus leathnófar iad chuig aon sárú líomhnaithe ar an bPrótacal seo.

3. (a) Mura gcomhaontóidh na Páirtithe lena mbaineann ar a mhalairt, déanfaidh Dlísheomra a mbeidh seacht gcomhalta ann arna gceapadh mar seo a leanas gach fiosrú a ghabháil de láimh:

(i) cúig chomhalta den Choimisiún, nach náisiúnaigh iad de chuid aon Pháirtí sa choinbhleacht, arna gceapadh ag Uachtarán an Choimisiúin ar bhonn ionadaíochta cothroime ó thaobh limistéar geografaíochta de, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe sa choinbhleacht;

(ii) dhá chomhalta ad hoc, nach náisiúnaigh iad de chuid aon Pháirtí sa choinbhleacht, a ndéanfaidh gach ceann den dá thaobh duine amháin acu a cheapadh.

(b) Ar an iarraidh ar fhiosrú a fháil, sonróidh Uachtarán an Choimisiúin teorainn ama iomchuí le haghaidh Dlísheomra a bhunú. Más rud é nach mbeidh aon chomhalta ad hoc ceaptha laistigh den teorainn ama, ceapfaidh an tUachtarán cibé comhalta nó comhaltaí breise de chuid an Choimisiúin is gá chun comhaltas an Dlísheomra a iomlánú.

4. (a) Iarrfaidh an Dlísheomra a bhunófar faoi mhír 3 chun fiosrú a ghabháil de láimh ar na Páirtithe sa choinbhleacht cabhrú leis agus fianaise a chur i láthair. Féadfaidh an Dlísheomra freisin cibé fianaise eile a lorg is cuí leis agus féadfaidh sé imscrúdú a dhéanamh ar an gcor in loco.

(b) Déanfar an fhianaise go léir a nochtadh go hiomlán do na Páirtithe, agus beidh de cheart acu a dtráchtadh uirthi a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(c) Beidh de cheart ag gach Páirtí agóid a dhéanamh i gcoinne na fianaise sin.

5. (a) Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na bPáirtithe ar chinntí fíorais an Dlísheomra, i dteannta cibé moltaí is cuí leis.

(b) Mura mbeidh ar chumas an Dlísheomra go leor fianaise le haghaidh cinntí atá fíorasach agus neamhchlaon a fháil, luafaidh an Coimisiún na cúiseanna a bhí leis an éagumas sin.

(c) Ní dhéanfaidh an Coimisiún a chinntí a thuairisciú go poiblí, mura rud é gur iarr gach Páirtí sa choinbhleacht ar an gCoimisiún déanamh amhlaidh.

6. Déanfaidh an Coimisiún a rialacha féin a bhunú, lena n-áirítear rialacha le haghaidh uachtaránacht an Choimisiúin agus uachtaránacht an Dlísheomra. Déanfaidh na rialacha sin a áirithiú go ndéanfar feidhmeanna Uachtarán an Choimisiúin a fheidhmiú i gcónaí agus, i gcás fiosraithe, gur duine nach náisiúnach de chuid Páirtí sa choinbhleacht a fheidhmeoidh iad.

7. Déanfar caiteachais riaracháin an Choimisiúin a íoc as ranníocaí ó na hArdpháirtithe Conarthacha a rinne dearbhuithe faoi mhír 2, agus as ranníocaí saorálacha. Déanfaidh an Páirtí nó na Páirtithe sa choinbhleacht atá ag iarraidh fiosrú na cistí is gá le haghaidh na gcaiteachas a thabhóidh Dlísheomra a airleacan agus cúiteoidh an Páirtí nó na Páirtithe a ndéanfar líomhaintí ina aghaidh nó ina n-aghaidh iad go feadh caoga faoin gcéad de chostais an Dlísheomra. I gcás ina mbeidh frithlíomhaintí os comhair an Dlísheomra, déanfaidh gach ceann den dá thaobh caoga faoin gcéad de na cistí is gá a airleacan.

Airteagal 91—Freagracht

Maidir le Páirtí sa choinbhleacht a sháróidh forálacha na gCoinbhinsiún nó an Phrótacail seo, dlífidh sé, más gá sa chás, cúiteamh a íoc. Beidh sé freagrach as gach gníomh a dhéanfaidh daoine ar cuid dá fhórsaí armtha iad.

CUID VI

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 92—Síniú

Beidh an Prótacal seo ar oscailt lena shíniú ag na Páirtithe sna Coinbhinsiúin sé mhí tar éis an Ionstraim Chríochnaitheach a shíniú agus fanfaidh sé ar oscailt go ceann tréimhse dhá mhí dhéag.

Airteagal 93—Daingniú

Déanfar an Prótacal seo a dhaingniú a luaithe is féidir. Déanfar na hionstraimí daingniúcháin a thaisceadh le Comhairle Chónaidhme na hEilvéise, taiscí na gCoinbhinsiún.

Airteagal 94—Aontachas

Beidh an Prótacal seo ar oscailt le haghaidh aontachais ag aon Pháirtí sna Coinbhinsiúin nach mbeidh sé sínithe aige. Déanfar na hionstraimí aontachais a thaisceadh leis an taiscí.

Airteagal 95—Teacht i bhfeidhm

1. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm sé mhí tar éis dhá ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a bheith taiscthe.

2. I gcás gach Páirtí sna Coinbhinsiúin a dhaingneoidh an Prótacal seo nó a aontóidh dó dá éis sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm sé mhí tar éis don Pháirtí sin a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

Airteagal 96—Caidreamh conarthach ar theacht i bhfeidhm don Phrótacal seo

1. Nuair is Páirtithe sa Phrótacal seo freisin iad na Páirtithe sna Coinbhinsiúin, beidh feidhm ag na Coinbhinsiúin arna bhforlíonadh leis an bPrótacal seo.

2. Nuair nach bhfuil ceann de na Páirtithe sa choinbhleacht faoi cheangal ag an bPrótacal seo, leanfaidh na Páirtithe sa Phrótacal de bheith faoi cheangal aige ina gcaidreamh frithpháirteach. Ina theannta sin, beidh siad faoi cheangal ag an bPrótacal seo i ndáil le gach ceann de na Páirtithe nach bhfuil faoi cheangal aige, más rud é go nglacann na Páirtithe deireanacha sin le forálacha an Phrótacail agus má chuireann siad chun feidhme iad.

3. Féadfaidh an t-údarás a bheidh ina ionadaí do phobal atá ag gabháil do choinbhleacht armtha den chineál dá dtagraítear in Airteagal 1, mír 4, i gcoinne Ardpháirtí Chonarthaigh, a ghabháil air féin na Coinbhinsiúin agus an Prótacal seo a chur chun feidhme i ndáil leis an gcoinbhleacht sin trí dhearbhú aontaobhach a bheidh dírithe ar an taiscí. Beidh na héifeachtaí seo a leanas i ndáil leis an gcoinbhleacht sin ag an dearbhú sin, ar an taiscí é a fháil:

(a) tugtar na Coinbhinsiúin agus an Prótacal seo i bhfeidhm le haghaidh an údaráis a dúradh mar Pháirtí sa choinbhleacht le héifeacht láithreach;

(b) gabhann an t-údarás a dúradh na cearta agus na hoibleagáidí céanna chuige féin agus a ghabh Ardpháirtí Conarthach sna Coinbhinsiúin agus sa Phrótacal seo chuige féin; agus

(c) tá na Coinbhinsiúin agus an Prótacal seo chomh ceangailteach céanna ar na Páirtithe uile sa choinbhleacht.

Airteagal 97—Leasú

1. Féadfaidh aon Ardpháirtí Conarthach leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Déanfar téacs aon leasaithe a mholtar a chur chuig an taiscí, agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis na hArdpháirtithe Conarthacha uile agus le Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, cinnfidh seisean an cóir comhdháil a chomóradh d'fhonn an leasú a mholtar a bhreithniú.

2. Déanfaidh an taiscí cuireadh chuig an gcomhdháil sin a thabhairt do na hArdpháirtithe Conarthacha uile chomh maith leis na Páirtithe sna Coinbhinsiúin, cibé acu is sínitheoirí leis an bPrótacal seo iad nó nach ea.

Airteagal 98—Iarscríbhinn I a athchóiriú

1. Tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis teacht i bhfeidhm don Phrótacal seo agus i gceann tréimhsí nach lú ná ceithre bliana dá éis sin, rachaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge i gcomhairle leis na hArdpháirtithe Conarthacha maidir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo agus, más dóigh leis gur gá é, féadfaidh sé cruinniú de shaineolaithe teicniúla a mholadh chun Iarscríbhinn I a athbhreithniú agus chun cibé leasuithe air a mholadh is dealraitheach a bheith inmhianaithe. Mura rud é, laistigh de shé mhí ó chuirtear an moladh maidir leis an gcruinniú sin in iúl do na hArdpháirtithe Conarthacha, go gcuireann an tríú cuid díobh ina choinne, déanfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge an cruinniú a chomóradh agus tabharfaidh sé cuireadh freisin do bhreathnadóirí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí. Déanfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge cruinniú den sórt sin a chomóradh freisin tráth ar bith ar iarraidh ón tríú cuid de na hArdpháirtithe Conarthacha.

2. Déanfaidh an taiscí comhdháil de na hArdpháirtithe Conarthacha agus de na Páirtithe sna Coinbhinsiúin a chomóradh chun leasuithe a mholann an cruinniú de shaineolaithe teicniúla a bhreithniú, más rud é, tar éis an chruinnithe sin, go ndéanfaidh Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge nó an tríú cuid de na hArdpháirtithe Conarthacha é sin a iarraidh.

3. Féadfar leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghlacadh ag comhdháil den sórt sin trí thromlach dhá thrian de na hArdpháirtithe Conarthacha a bheidh i láthair agus a vótálfaidh.

4. Déanfaidh an taiscí aon leasú a ghlacfar amhlaidh a chur in iúl do na hArdpháirtithe Conarthacha agus do na Páirtithe sna Coinbhinsiúin. I ndeireadh tréimhse bliana amháin tar éis an leasú a bheith curtha in iúl amhlaidh, measfar go bhfuil glactha leis, mura rud é gur chuir an tríú cuid ar a laghad de na hArdpháirtithe Conarthacha dearbhú nach nglacann siad leis an leasú in iúl don taiscí laistigh den tréimhse sin.

5. Tiocfaidh leasú a mheastar gur glacadh leis de réir mhír 4 i bhfeidhm, trí mhí tar éis glacadh leis, maidir le gach Ardpháirtí Conarthach seachas na cinn sin a rinne dearbhú nach nglacann siad leis de réir na míre sin. Féadfaidh aon Pháirtí a dhéanfaidh dearbhú den sórt sin é a tharraingt siar tráth ar bith agus tiocfaidh an leasú i bhfeidhm ansin maidir leis an bPáirtí sin trí mhí dá éis sin.

6. Déanfaidh an taiscí fógra a thabhairt do na hArdpháirtithe Conarthacha agus do na Páirtithe sna Coinbhinsiúin faoi theacht i bhfeidhm aon leasaithe, faoi na Páirtithe atá faoi cheangal aige, faoin dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm i ndáil le gach Páirtí, faoi dhearbhuithe nach nglactar leis arna ndéanamh de réir mhír 4, agus faoi tharraingt siar dearbhuithe den sórt sin.

Airteagal 99—Séanadh

1. I gcás go séanfaidh Ardpháirtí Conarthach an Prótacal seo, ní ghlacfaidh an séanadh éifeacht go dtí bliain amháin tar éis an ionstraim shéanta a fháil. Más rud é, áfach, ar éag don bhliain sin, go mbeidh an Páirtí séantach ag gabháil do cheann de na cora dá dtagraítear in Airteagal 1, ní ghlacfaidh an séanadh éifeacht roimh dheireadh na coinbhleachta armtha nó na forghabhála agus, in aon chás, sula mbeidh deireadh le hoibríochtaí a bhaineann le scaoileadh saor, athdhúichiú nó athshuíomh deireanach na ndaoine a choimircítear leis na Coinbhinsiúin nó leis an bPrótacal seo.

2. Cuirfear an séanadh in iúl i scríbhinn don taiscí, agus déanfaidh seisean é a tharchur chuig na hArdpháirtithe Conarthacha go léir.

3. Ní bheidh éifeacht leis an séanadh ach amháin i leith an Pháirtí shéantaigh.

4. Ní dhéanfaidh aon séanadh faoi mhír 1 difear do na hoibleagáidí a thabhaigh an Páirtí séantach sin cheana féin faoin bPrótacal seo, de bhíthin na coinbhleachta armtha, i leith aon ghnímh a rinneadh sula dtagann an séanadh sin in éifeacht.

Airteagal 100—Fógraí

Cuirfidh an taiscí na nithe seo a leanas in iúl do na hArdpháirtithe Conarthacha chomh maith leis na Páirtithe sna Coinbhinsiúin, cibé acu is sínitheoirí leis an bPrótacal seo iad nó nach ea:

(a) sínithe arna gcur leis an bPrótacal seo agus taisceadh ionstraimí daingniúcháin agus aontachais faoi Airteagail 93 agus 94;

(b) an dáta a thiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm faoi Airteagal 95;

(c) nithe a cuireadh chuige agus dearbhuithe a fuair sé faoi Airteagail 84, 90 agus 97;

(d) dearbhuithe a fuair sé faoi Airteagal 96, mír 3, a chuirfear in iúl ar an modh is tapúla is féidir; agus

(e) séantaí faoi Airteagal 99.

Airteagal 101—Clárú

1. Tar éis don Phrótacal seo teacht i bhfeidhm, déanfaidh an taiscí é a tharchur chuig Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe lena chlárú agus lena fhoilsiú, de réir Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

2. Cuirfidh an taiscí gach daingniú, aontachas agus séanadh a gheobhaidh sé i leith an Phrótacail seo in iúl freisin do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 102—Téacsanna fíordheimhneacha

Déanfar scríbhinn bhunaidh an Phrótacail seo, a bhfuil comhúdarás ag na téacsanna de san Araibis, sa tSínis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis, a thaisceadh leis an taiscí, agus déanfaidh seisean cóipeanna dílse deimhnithe di a tharchur chuig na Páirtithe go léir sna Coinbhinsiúin.

IARSCRÍBHINN I

[Nóta: áirítear sa téacs seo a leanas leasuithe ar Iarscríbhinn I a rinneadh faoi Airteagal 98 den Phrótacal agus a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Márta 1994]

RIALACHÁIN MAIDIR LE hAITHINT

Airteagal 1—Forálacha ginearálta

1. Cuireann na rialacháin maidir le haithint atá san Iarscríbhinn seo forálacha iomchuí Choinbhinsiúin na Ginéive agus an Phrótacail i ngníomh; is é is cuspóir dóibh aithint pearsanra, ábhair, aonad, iompróirí agus suiteálacha a choimircítear faoi Choinbhinsiúin na Ginéive agus faoin bPrótacal a éascú.

2. Ní dhéanann na rialacha seo an ceart chun coimirce a bhunú iontu féin agus astu féin. Tá an ceart sin faoi rialú na n-airteagal iomchuí sna Coinbhinsiúin agus sa Phrótacal.

3. Féadfaidh na húdaráis inniúla i gcónaí, faoi réir fhorálacha iomchuí Choinbhinsiúin na Ginéive agus an Phrótacail, úsáid, taispeáint, soilsiú agus inbhraiteacht na bhfeathal ar leith agus na sainchomhairceanna a rialáil.

4. Iarrtar i gcónaí ar na hArdpháirtithe Conarthacha agus go háirithe do na Páirtithe sa choinbhleacht comhaontú ar chomhairceanna, ar shásanna nó ar chórais, breise nó eile, a chabhróidh le haithint a dhéanamh agus a bhainfidh lántairbhe as forbairtí teicneolaíocha sa réimse seo.

CAIBIDIL I—CÁRTAÍ AITHEANTAIS

Airteagal 2—Cárta aitheantais do phearsanra liachta agus eaglaise sibhialta buan

1. Maidir leis an gcárta aitheantais do phearsanra liachta agus eaglaise sibhialta buan dá dtagraítear in Airteagal 18, mír 3, den Phrótacal:

(a) ba chóir go mbeadh an feathal ar leith air agus gur de mhéid é ar féidir é a iompar sa phóca;

(b) ba chóir go mbeadh sé chomh buanfasach agus is féidir;

(c) ba chóir gur sa teanga náisiúnta nó oifigiúil agus, chomh maith leis sin agus nuair is cuí, i dteanga áitiúil an réigiúin lena mbaineann, a bheadh na focail air;

(d) ba chóir go luafaí air ainm, dáta breithe (nó, mura bhfuil an dáta sin ar fáil, an aois tráth na heisiúna) agus uimhir aitheantais, más ann, an tsealbhóra;

(e) ba chóir go ndéarfaí air cén cháil ina bhfuil an sealbhóir i dteideal choimirce na gCoinbhinsiún agus an Phrótacail;

(f) ba chóir go mbeadh grianghraf den sealbhóir air chomh maith lena shíniú nó lorg a ordóige, nó iad araon;

(g) ba chóir go mbeadh stampa agus síniú an údaráis inniúil air;

(h) ba chóir go luafaí dáta eisiúna agus dáta éagtha an chárta air;

(i) ba chóir go gcuirfí fuilghrúpa an tsealbhóra in iúl, nuair is féidir, ar thaobh cúil an chárta.

2. Is cárta aitheantais aonfhoirmeach a bheidh in úsáid ar fud chríoch gach Ardpháirtí Chonarthaigh agus, a mhéid is féidir, is cárta den chineál céanna a bheidh ann i gcás gach Páirtí sa choinbhleacht. Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht treoir a ghlacadh ón múnla aonteangach a thaispeántar i bhFíor 1. Ar bhriseadh amach do chogaíocht, déanfaidh siad sampla den mhúnla atá á úsáid acu a tharchur chun a chéile, má tá an múnla sin éagsúil leis an gceann a thaispeántar i bhFíor 1. Beidh an cárta aitheantais déanta amach i ndúblach, más féidir, agus beidh cóip amháin á coimeád ag an údarás eisiúna, ar chóir dó na cártaí a eisíonn sé a choimeád faoina rialú.

3. Ní fhéadfar, in imthosca ar bith, a gcártaí aitheantais a bhaint de phearsanra liachta agus eaglaise sibhialta buan. I gcás go gcailltear cárta, beidh siad i dteideal cóip dhúblach a fháil.

Airteagal 3—Cárta aitheantais do phearsanra liachta agus eaglaise sibhialta sealadach

1. Ba chóir go mbeadh an cárta aitheantais do phearsanra liachta agus eaglaise sibhialta sealadach cosúil leis an gceann sin dá bhforáiltear in Airteagal 1 de na Rialacháin seo, nuair is féidir. Féadfaidh na Páirtithe sa choinbhleacht treoir a ghlacadh ón múnla a thaispeántar i bhFíor 1.

2. Nuair nach féidir, sna himthosca, cártaí aitheantais atá cosúil leo sin a bhfuil a dtuairisc in Airteagal 2 de na Rialacháin seo a sholáthar do phearsanra liachta agus eaglaise sibhialta sealadach, féadfar deimhniú, arna shíniú ag an údarás inniúil, ag deimhniú go bhfuil an duine dá bhfuil sé eisithe sannta do dhualgas mar phearsanra sealadach agus ag lua, más féidir, ré an tsannta sin agus a cheart chun an feathal ar leith a chaitheamh, a sholáthar don phearsanra a dúradh. Ba chóir go luafaí sa deimhniú ainm agus dáta breithe an tsealbhóra (nó, mura bhfuil an dáta sin ar fáil, a aois an tráth a eisíodh an deimhniú), a fheidhm agus a uimhir aitheantais, más ann. Beidh a shíniú nó lorg a ordóige, nó iad araon, air.

/images/ga.act.1998.0035.0001.jpg

Fíor 1: Múnla de chárta aitheantais (formáid: 74 mm × 105 mm)

CAIBIDIL II—AN FEATHAL AR LEITH

Airteagal 4—Cruth

Beidh an feathal ar leith (dearg ar chúlra bán) chomh mór agus is cuí sna himthosca. Le haghaidh cruthanna na croise, an chorráin nó an leoin agus na gréine* , féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha treoir a ghlacadh ó na múnlaí a thaispeántar i bhFíor 2.

/images/ga.act.1998.0035.0002.jpg

Fig. 2: Feathail ar leith i ndearg ar chúlra bán

Airteagal 5—Úsáid

1. Déanfar an feathal ar leith a thaispeáint, nuair is féidir, ar dhromchla réidh, ar bhratacha nó ar aon slí eile is cuí ó thaobh an tírdhreacha de, ionas go mbeidh sé infheicthe ón oiread airde agus ón bhfad is sia is féidir, agus go háirithe ón aer.

2. San oíche nó nuair a bhíonn an léargas lag, féadfar an feathal ar leith a lasadh nó a shoilsiú.

3. Féadfar an feathal ar leith a bheith déanta as ábhair a dhéanann inaitheanta é ag sásanna teicniúla braite. Ba chóir na codanna dearga a phéinteáil anuas ar phéint phrímeálach dhubh d'fhonn aithint an fheathail a éascú, go háirithe ag uirlisí infridhearga.

4. A mhéid is féidir, déanfaidh pearsanra liachta agus eaglaise a bheidh ag comhlíonadh a gcuid dualgas i limistéar an chatha ceannbhearta agus éadaí ar a mbeidh an feathal ar leith a chaitheamh.

CAIBIDIL III—SAINCHOMHAIRCEANNA

Airteagal 6—Úsáid

1. Féadfaidh aonaid nó iompróirí liachta gach sainchomhairc a shonraítear sa Chaibidil seo a úsáid.

2. Ní dhéanfar na comhairceanna sin, atá ar fáil go heisiach ag aonaid agus iompróirí liachta, a úsáid chun aon chríche eile, agus tá úsáid na comhairce solais curtha in áirithe (féach mír 3 thíos).

3. Mura mbeidh comhaontú speisialta ann idir na Páirtithe sa choinbhleacht lena ndéantar úsáid soilse gorma gealánacha a chur in áirithe d'aithint feithiclí, long agus árthaí liachta, ní thoirmisctear úsáid na gcomhairceanna sin le haghaidh feithiclí, long agus árthaí eile.

4. Maidir le haerárthaí liachta sealadacha nach féidir, cheal ama nó mar gheall ar a sainghné, iad a mharcáil leis an bhfeathal ar leith, féadfaidh siad na sainchomhairceanna a údaraítear sa Chaibidil seo a úsáid.

Airteagal 7—Comhairc sholais

1. Déantar an chomhairc sholais, arb é atá inti solas gorm gealánach mar a mhínítear i Lámhleabhar Teicniúil Aeracmhainneachta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) Doc. 9051, a bhunú lena húsáid ag aerárthaí liachta chun a gcéannacht a chomharthú. Ní úsáidfidh aon aerárthach eile an chomhairc sin. Ba chóir d'aerárthaí liachta atá ag úsáid an tsolais ghoirm ghealánaigh cibé soilse a thaispeáint is gá chun go mbeidh an chomhairc sholais infheicthe ón oiread airde is féidir.

2. De réir fhorálacha Chaibidil XIV, mír 4 de Chód Idirnáisiúnta Comharthaí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), ba chóir do shoithí a choimircítear le Coinbhinsiúin na Ginéive 1949 agus leis an bPrótacal solas gorm gealánach amháin nó níos mó a bheidh infheicthe ó aon aird a thaispeáint.

3. Ba chóir d'fheithiclí liachta solas gorm gealánach amháin nó níos mó a thaispeáint a bheidh infheicthe ón bhfad is sia is féidir. Ba chóir go ndéanfadh na hArdpháirtithe Conarthacha agus, go háirithe, na Páirtithe sa choinbhleacht á úsáideann soilse de dhathanna eile, fógra ina thaobh sin a thabhairt.

4. Faightear an dath gorm atá á mholadh nuair atá a chrómatacht laistigh de na teorainneacha i léaráid chrómatachta an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Shoilsiú (ICI) a mhínítear leis na cothromóidí seo a leanas:

teorainn uaithne

y = 0.065 + 0.805 x;

teorainn bhán

y = 0.400 - x;

teorainn chorcra

x = 0.133 +0.600 y.

Is é an ráta gealánach a mholtar don solas gorm ná idir seasca agus céad gealán sa nóiméad.

Airteagal 8—Comhairc raidió

1. Is é a bheidh sa chomhairc raidió ná an chomhairc phráinne agus an tsainchomhairc mar a thuairiscítear i Rialacháin Raidió (RR Airteagail 40 agus N 40) an Aontais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta (ITU).

2. Déanfar an teachtaireacht raidió, a mbeidh an chomhairc phráinne agus an tsainchomhairc a luaitear i mír 1 roimpi, a tharchur as Béarla ag eatraimh chuí ar mhinicíocht nó minicíochtaí a shonraítear chun na críche sin sna Rialacháin Raidió, agus tabharfaidh sí na sonraí seo a leanas maidir leis na hiompróirí liachta lena mbaineann:

(a) glao-chomhartha nó modh aitheantais eile a aithnítear;

(b) suíomh;

(c) líon agus cineál na bhfeithiclí;

(d) bealach beartaithe;

(e) am measta faoi bhealach agus am measta imeachta agus sroichte, mar is cuí;

(f) aon fhaisnéis eile, mar airde eitilte, minicíochtaí raidió gardáilte, teangacha a úsáidtear agus móid agus cóid radair faire thánaistigh.

3. D'fhonn an chumarasáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, mar aon leis an gcumarsáid dá dtagraítear in Airteagail 22, 23 agus 25 go 31 den Phrótacal, a éascú, féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha, na Páirtithe i gcoinbhleacht nó ceann de na Páirtithe i gcoinbhleacht, ag gníomhú i gcomhaontú nó go haonarach, minicíochtaí náisiúnta roghnaithe a úsáidfidh siad le haghaidh cumarsáide den sórt sin a shainiú, de réir an Tábla Leithroinntí Minicíochtaí sna Rialacháin Raidió atá curtha mar iarscríbhinn leis an gCoinbhinsiún Teileachumarsáide Idirnáisiúnta, agus na minicíochtaí sin a fhoilsiú. Tabharfar fógra i dtaobh na minicíochtaí sin don Aontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta i gcomhréir le nósanna imeachta a bheidh ceadaithe ag Comhdháil Raidió Riaracháin Dhomhanda.

Airteagal 9—Aithint leictreonach

1. Féadfar an córas Radair Faire Thánaistigh (SSR), mar a shonraítear é in Iarscríbhinn 10 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta den 7 Nollaig, 1944, arna leasú ó am go ham, a úsáid chun aerárthaí liachta a aithint agus chun a gcúrsa a leanúint. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha, na Páirtithe i gcoinbhleacht nó ceann de na Páirtithe i gcoinbhleacht, ag gníomhú i gcomhaontú nó go haonarach, an mód agus an cód SSR atá le cur in áirithe d'úsáid eisiach aerárthaí liachta a bhunú de réir nósanna imeachta a mholfaidh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

2. Féadfaidh iompróirí liachta coimircithe úsáid a bhaint as trasfhreagróirí radair aerloingseoireachta caighdeánacha agus/nó as trasfhreagróirí radair cuardaigh agus tarrthála muirí, ar mhaithe lena n-aithint agus lena n-aimsiú.

Ba chóir go mbeadh iompróirí liachta coimircithe inaitheanta ag soithí eile nó ag aerárthaí eile atá trealmhaithe le radar faire tánaisteach trí chód arna tharchur ag trasfhreagróir radair e.g. i mód 3/A, a bheidh feistithe ar na hiompróirí liachta.

Ba chóir go mbeadh an cód a tharchuirfidh trasfhreagróir an iompróra liachta sannta don iompróir sin ag na húdaráis inniúla agus curtha in iúl do na Páirtithe go léir sa choinbhleacht.

3. Ba chóir go mbeadh iompróirí liachta inaitheanta ag fomhuireáin trí na comhairceanna fuaimníocha cuí faoi uisce arna dtarchur ag na hiompróirí liachta.

Is é a bheidh sa chomhairc fhuaimníoch faoi uisce ná an glaochomhartha (nó aon mhodh aitheantais eile le haghaidh iompróirí liachta a aithnítear) de chuid na loinge agus an grúpa aonair YYY roimhe á tharchur i morse ar mhinicíocht fhuaimníoch chuí e.g. 5kHz.

Déanfaidh Páirtithe i gcoinbhleacht, ar mian leo an chomhairc aitheantais fhuaimníoch faoi uisce a thuariscítear thuas a úsáid, an chomhairc a chur in iúl do na Páirtithe lena mbaineann a luaithe is féidir, agus déanfaidh siad, le linn dóibh úsáid a n-otharlong a fhógairt, an mhinicíocht a úsáidfear a dheimhniú.

4. Féadfaidh Páirtithe i gcoinbhleacht, trí chomhaontú speisialta eatarthu, córas leictreonach comhchosúil a bhunú dá n-úsáid féin chun feithiclí liachta agus longa agus árthaí liachta a aithint.

CAIBIDIL IV—CUMARSÁID

Airteagal 10—Radachumarsáid

1. Féadfaidh an chomhairc phráinne agus an tsainchomhairc dá bhforáiltear in Airteagal 8 a bheith ann roimh radachumarsáid chuí ag aonaid agus iompróirí liachta i bhfeidhmiú na nósanna imeachta arna ndéanamh faoi Airteagail 22, 23 agus 25 go 31 den Phrótacal.

2. Féadfaidh na hiompróirí liachta dá dtagraítear in Airteagail 40 (Alt II, Uimh. 3209) agus N 40 (Alt III, Uimh. 3214) de Rialacháin Raidió an ITU a gcumarsáid a tharchur freisin trí chórais satailíte, de réir fhorálacha Airteagail 37, N 37 agus 59 de Rialacháin Raidió an ITU do na Seirbhísí Satailíte Soghluaiste.

Airteagal 11—Úsáid cód idirnáisiúnta

Féadfaidh aonaid agus iompróirí liachta na cóid agus na comhairceanna atá leagtha síos ag an Aontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta, ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta a úsáid freisin. Úsáidfear na cóid agus na comhairceanna sin de réir na gcaighdeán, na gcleachtas agus na nósanna imeachta arna mbunú ag na hEagraíochtaí sin.

Airteagal 12—Modhanna eile cumarsáide

Nuair nach féidir radachumarsáid dhá threo a dhéanamh, féadfar na comhairceanna dá bhforáiltear sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí arna ghlacadh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta nó atá san Iarscríbhinn chuí a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta den 7 Nollaig, 1944, arna leasú ó am go ham, a úsáid.

Airteagal 13—Pleananna eitilte

Déanfar na comhaontuithe agus na fógraí a bhaineann le pleananna eitilte dá bhforáiltear in Airteagal 29 den Phrótacal a fhoirmliú, a mhéid is féidir, de réir nósanna imeachta atá leagtha síos ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Airteagal 14—Comhairceanna agus nósanna imeachta chun aerárthaí liachta a thascradh

Más rud é go n-úsáidtear aerárthach tascartha chun céannacht aerárthaigh liachta a fhíorú agus í ag eitilt, nó chun a cheangal uirthi tuirlingt de réir Airteagail 30 agus 31 den Phrótacal, ba chóir go ndéanfadh an t-aerárthach tascartha agus an t-aerárthach liachta na nósanna imeachta tascartha caighdeánacha amhairc agus raidió a fhorordaítear le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta den 7 Nollaig, 1944, arna leasú ó am go ham, a úsáid.

CAIBIDIL V—COSAINT SHIBHIALTA

Airteagal 15—Cárta aitheantais

1. Tá cárta aitheantais an phearsanra cosanta sibhialta dá bhforáiltear in Airteagal 66, mír 3 den Phrótacal faoi rialú na bhforálacha iomchuí d'Airteagal 2 de na Rialacháin seo.

2. Féadfaidh an cárta aitheantais do phearsanra cosanta sibhialta an múnla a thaispeántar i bhFíor 3 a leanúint.

3. Más rud é go gceadaítear do phearsanra cosanta sibhialta armáin aonair éadroma a iompar, ba chóir go ndéanfaí iontráil á rá sin ar an gcárta a luaitear.

/images/ga.act.1998.0035.0003.jpg

Fíor 3: Múnla de chárta aitheantais do phearsanra cosanta sibhialta (formáid: 74 mm × 105 mm)

Airteagal 16—Sainchomhartha idirnáisiúnta

1. Is éard atá sa sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta dá bhforáiltear in Airteagal 66, mír 4, den Phrótacal ná triantán gorm comhshleasach ar chúlra flannbhuí. Taispeántar múnla i bhFíor 4:

/images/ga.act.1998.0035.0004.jpg

Fíor 4: Triantán gorm ar chúlra flannbhuí

2. Moltar:

(a) más rud é gur ar bhratach, ar chrios muinchille nó ar thabard atá an triantán gorm, gurb é an bhratach fhlannbhuí, an crios muinchille flannbhuí nó an tabard flannbhuí an cúlra leis an triantán;

(b) go mbeadh ceann d'uillinneacha an triantáin dírithe in airde go ceartingearach;

(c) nach mbeadh aon uillinn de chuid an triantáin i dtadhall le himeall an chúlra fhlannbhuí.

3. Beidh an sainchomhartha idirnáisiúnta chomh mór agus is cuí sna himthosca. Déanfar an sainchomhartha a thaispeáint, nuair is féidir, ar dhromchlaí réidhe nó ar bhratacha a bheidh infheicthe ón oiread airde agus ón bhfad is sia is féidir. Faoi réir threoracha an údaráis inniúil, déanfaidh pearsanra cosanta sibhialta, a mhéid is féidir, ceannbhearta agus éadaí ar a mbeidh an sainchomhartha idirnáisiúnta a chaitheamh. San oíche nó nuair a bhíonn an léargas lag, féadfar an comhartha a lasadh nó a shoilsiú; féadfaidh sé freisin a bheith déanta as ábhair a dhéanann inaitheanta é ag sásanna teicniúla braite.

CAIBIDIL VI—OIBREACHA AGUS SUITEÁLACHA INA bhFUIL FÓRSAÍ CONTÚIRTEACHA

Airteagal 17—Comhartha speisialta idirnáisiúnta

1. Is éard a bheidh sa chomhartha speisialta idirnáisiúnta le haghaidh oibreacha agus suiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 56, mír 7, den Phrótacal, ná grúpa de thrí chiorcal gheal-fhlannbhuí de chóimhéid, a bheidh suite ar an ais chéanna, agus ga amháin d'fhad idir gach ciorcal, de réir Fhíor 5 a léirítear thíos.

2. Beidh an comhartha chomh mór agus is cuí sna himthosca. Nuair a thaispeántar é thar dhromchla fairsing, féadfar é a bheith ann oiread uaireanta agus is cuí sna himthosca. Déanfar é a thaispeáint, nuair is féidir, ar dhromchlaí réidhe nó ar bhratacha ionas go mbeidh sé infheicthe ón oiread airde agus ón bhfad is sia is féidir.

3. Ar bhratach, is ga amháin de chiorcal a bheidh san fhad idir teorainneacha amuigh an chomhartha agus imill chóngaracha na brataí. Beidh an bhratach dronuilleogach agus is cúlra bán a bheidh uirthi.

4. San oíche nó nuair a bhíonn an léargas lag, féadfar an comhartha a lasadh nó a shoilsiú. Féadfaidh sé freisin a bheith déanta as ábhair a dhéanann inaitheanta é ag sásanna teicniúla braite.

/images/ga.act.1998.0035.0005.jpg

Fíor 5: Comhartha speisialta idirnáisiúnta le haghaidh oibreacha agus suiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha

IARSCRÍBHINN II

Cárta Aitheantais d'Iriseoirí ar Mhisin Ghairmiúla Chontúirteacha

TOSACH

/images/ga.act.1998.0035.0006.jpg

TAOBH CÚIL

/images/ga.act.1998.0035.0007.jpg

AN SÉÚ SCEIDEAL

PRÓTACAL II

Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949, agus a bhaineann le hÍospartaigh Coinbhleachtaí Armtha Neamh-Idirnáisiúnta a Choimirciú (Prótacal II)

BROLLACH

Tá na hArdpháirtithe Conarthacha.

Á Mheabhrú Dóibh gurb iad na prionsabail dhaonchairdiúla, a chumhdaítear in Airteagal 3 atá i ngach ceann de Choinbhinsiúin na, Ginéive den 12 Lúnasa 1949, bunús na hurraime do phearsa an duine i gcásanna coinbhleachta armtha nach de chineál idirnáisiúnta,

Á Mheabhrú Dóibh ina theannta sin go dtugann ionstraimí idirnáisiúnta a bhaineann le cearta an duine bunchoimirce do phearsa an duine,

Á Aibhsiú Dóibh gur gá coimirce níos fearr d'íospartaigh na gcoinbhleachtaí armtha sin a áirithiú,

Á Mheabhrú Dóibh go leanann pearsa an duine, i gcásanna nach gcumhdaítear leis an dlí atá i bhfeidhm, de bheith faoi choimirce phrionsabail na daonnachta agus aitheanta an choinsiasa phoiblí,

Tar Éis Comhaontú ar an méid seo a leanas:

CUID I

RAON AN PHRÓTACAIL SEO

Airteagal 1—Réim feidhme ábhartha

1. Beidh feidhm ag an bPrótacal seo, a dhéanann forbairt agus forlíonadh ar Airteagal 3 atá i ngach ceann de Choinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949 gan a choinníollacha feidhme mar atá a leasú, maidir le gach coinbhleacht armtha nach gcumhdaítear le hAirteagal 1 den Phrótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949, agus a bhaineann le hÍospartaigh Coinbhleachtaí Armtha Idirnáisiúnta a Choimirciú (Prótacal I) agus a tharlaíonn i gcríoch Ardpháirtí Chonarthaigh idir a fhórsaí armtha agus fórsaí armtha easaontacha nó grúpaí armtha eagraithe eile, atá faoi cheannasaíocht fhreagrach agus a fheidhmíonn ceannas ar chuid dá chríoch de shórt a fhágann go bhfuil ar a gcumas oibríochtaí míleata leanúnacha agus comhbheartaithe a dhéanamh agus an Prótacal seo a chur i ngníomh.

2. Ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo maidir le cora suaite agus teannais inmheánaigh, mar chíréibeacha, gníomhartha foréigin leithliseacha agus treallacha agus gníomhartha eile dá samhail, ar scór nach coinbhleachtaí armtha iad.

Airteagal 2—Réim feidhme phearsanta

1. Déanfar an Prótacal seo a chur chun feidhme gan aon idirdhealú leatromach mar gheall ar chine, dath, gnéas, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitíochta nó tuairimí eile, bunadh náisiúnta nó sóisialta, rachmas, fréamhshliocht nó stádas eile, nó aon dálaí eile dá samhail (dá ngairtear “idirdhealú leatromach” anseo ina dhiaidh seo) maidir le gach duine a ndéanann coinbhleacht armtha mar a mhínítear in Airteagal 1 difear dó.

2. I ndeireadh na coinbhleachta armtha, gach duine ar baineadh a shaoirse de nó ar srianadh a shaoirse ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht sin, chomh maith leo sin ar baineadh a saoirse díobh nó ar srianadh a saoirse i ndiaidh na coinbhleachta ar na cúiseanna céanna, beidh coimirce Airteagail 5 agus 6 acu go dtí go mbeidh deireadh leis an gcailleadh saoirse nó leis an srianadh saoirse sin.

Airteagal 3—Neamh-idirghabháil

1. Ní dhéanfar aon ní sa Phrótacal seo a agairt chun difear a dhéanamh do cheannasacht Stáit nó don fhreagracht atá ar an rialtas, ar gach bealach cóir, dlí agus ordúlacht a chothabháil agus a athbhunú sa Stát nó aontacht náisiúnta agus sláine chríche an Stáit a chosaint.

2. Ní dhéanfar aon ní sa Phrótacal seo a agairt mar ní a fhírinníonn idirghabháil a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, ar aon chúis in aon chor, i gcoinbhleacht armtha nó i ngnóthaí inmheánacha nó eachtracha an Ardpháirtí Chonarthaigh ar ina chríoch a tharlaíonn an choinbhleacht sin.

CUID II

CÓIR DHAONNACHTÚIL

Airteagal 4—Ráthaíocht bhunúsach

1. Beidh gach duine nach nglacann páirt dhíreach i gcogaíocht nó a bheidh scortha de pháirt a ghlacadh i gcogaíocht, cibé acu a ndearnadh a shaoirse a shrianadh nó nach ndearnadh, i dteideal urraim dá phearsa, dá onóir, dá áitiúis agus dá chleachtais chreidimh. Cuirfear cóir dhaonnachtúil orthu i ngach uile chás, gan aon idirdhealú leatromach. Toirmisctear a ordú gan aon mharthanóirí a bheith ann.

2. Gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, tá, agus beidh, na gníomhartha seo a leanas i gcoinne na ndaoine dá dtagraítear in alt 1 toirmiscthe, gach tráth agus gach áit:

(a) foréigean ar bheatha, ar shláinte agus ar dhea-bhail coirp nó meabhrach daoine, go háirithe dúnmharú chomh maith le cruálacht mar chéastóireacht, ciorrú nó pionós coirp d'aon chineál;

(b) pionóis chomhchoitianta;

(c) gialla a thógáil;

(d) gníomhartha sceimhlitheoireachta;

(e) anfhorlann ar dhínit duine, go háirithe uirísliú agus táirchéimniú, éigniú, meirdreachas ainneonach agus ionsaí mígheanasach d'aon chineál;

(f) daoirse den uile chineál agus an trádáil den uile chineál i ndaoir;

(g) slad;

(h) bagairtí aon cheann de na gníomhartha roimhe seo a dhéanamh.

3. Maidir le leanaí, tabharfar an t-aireachas agus an chabhair dóibh lena mbeidh gá acu, agus go háirithe:

(a) tabharfar oideachas dóibh, lena n-áirítear oideachas creidimh agus morálta, atá ar aon dul le mianta a dtuismitheoirí nó, d'éagmais tuismitheoirí, na ndaoine sin atá freagrach as a n-aireachas;

(b) déanfar gach beart cuí chun athaontú teaghlach a dheighltear go sealadach a éascú;

(c) ní dhéanfar leanaí nach bhfuil cúig bliana déag d'aois slánaithe acu a earcú isteach sna fórsaí armtha nó sna grúpaí armtha ná ní cheadófar dóibh páirt a ghlacadh i gcogaíocht;

(d) beidh an choimirce speisialta a thugtar leis an Airteagal seo do leanaí nach bhfuil cúig bliana déag d'aois slánaithe acu i bhfeidhm fós maidir leo má ghlacann siad páirt dhíreach i gcogaíocht d'ainneoin fhorálacha fhomhír (c) agus má ghabhtar iad;

(e) déanfar bearta, más gá, agus nuair is féidir le toiliú a dtuismitheoirí nó daoine atá freagrach go príomha as a n-aireachas de réir dlí nó nóis, chun leanaí a aistriú go sealadach as an limistéar ina bhfuil cogaíocht ag tarlú chuig limistéar níos sábháilte laistigh den tír agus chun a áirithiú go ndéanfaidh daoine atá freagrach as a sábháilteacht agus as a ndea-bhail iad a thionlacan.

Airteagal 5—Daoine ar srianadh a saoirse

1. I dteannta fhorálacha Airteagal 4, tabharfar urraim do na forálacha seo a leanas ar a laghad i gcás daoine a mbaintear a saoirse díobh ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha, cibé acu a dhéantar iad a imtheorannú nó a choinneáil:

(a) déileálfar leis an lucht créachtaithe agus breoite de réir Airteagal 7;

(b) maidir leis na daoine dá dtagraítear sa mhír seo, a mhéid céanna leis an bpobal sibhialta áitiúil, tabharfar bia agus uisce óil dóibh agus tabharfar caomhnuithe dóibh maidir le sláinte agus sláinteachas agus coimirce ar dhéine na haeráide agus contúirtí na coinbhleachta armtha;

(c) ceadófar dóibh fóirithint a fháil, go pearsanta nó i gcomhroinn;

(d) ceadófar dóibh a gcreideamh a chleachtadh agus, más rud é go n-iarrtar é agus más cuí, cúnamh spioradálta a fháil ó dhaoine, mar shéiplínigh, ag comhlíonadh feidhmeanna creidimh dóibh;

(e) más rud é go dtugtar orthu obair a dhéanamh, beidh tairbhe coinníollacha agus caomhnuithe oibre acu atá cosúil leo sin atá ag an bpobal sibhialta áitiúil.

2. Déanfaidh na daoine atá freagrach as na daoine dá dtagraítear i mír 1 a imtheorannú nó a choinneáil, urraim a thabhairt freisin, fad atá ar a gcumas, do na forálacha seo a leanas a bhaineann le daoine den sórt sin:

(a) ach amháin nuair a chuirtear fir agus mná de chuid teaghlaigh i gcóiríocht i dteannta a chéile, déanfar mná a choimeád i gceathrúna atá ar deighilt ó cheathrúna fear agus beidh siad faoi mhaoirseacht dhíreach ag mná;

(b) ceadófar dóibh litreacha agus cártaí a chur agus a fháil, ar féidir leis an údarás inniúil a líon a theorannú má mheasann sé gur gá é;

(c) ní bheidh áiteanna imtheorannaithe agus coinneála suite gar don chrios comhraic. Déanfar na daoine dá dtagraítear i mír 1 a aslonnú nuair a thagann na háiteanna ina bhfuil siad faoi imtheorannú nó faoi choinneáil chun a bheith go mór i mbealach contúirte a éiríonn as an gcoinbhleacht armtha, más rud é gur féidir a n-aslonnú a dhéanamh faoi dhálaí sábháilteachta leordhóthanacha;

(d) beidh tairbhe scrúduithe liachta acu;

(e) ní chuirfear a sláinte agus a n-iomláine coirp nó meabhrach i mbaol trí aon ghníomh nó neamhghníomh nach bhfuil údar leis. Dá réir sin, toirmisctear aon bheart liachta a dhéanamh ar na daoine a bhfuil a dtuairisc san Airteagal seo, ar beart é nach léir ó staid sláinte an duine lena mbaineann gá a bheith leis agus nach bhfuil de réir caighdeán liachta a bhfuil glacadh leo go coitianta agus a chuirtear chun feidhme ar dhaoine saora faoi imthosca liachta dá samhail.

3. Maidir le daoine nach mbaineann mír 1 leo ach ar srianadh a saoirse ar aon slí in aon chor ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha, cuirfear cóir dhaonnachtúil orthu de réir Airteagal 4 agus de réir mhíreanna 1 (a), (c) agus (d) agus 2 (b) den Airteagal seo.

4. Más rud é go gcinntear daoine ar baineadh a saoirse díobh a scaoileadh saor, déanfaidh siad siúd a chinnfidh amhlaidh na bearta is gá chun a sábháilteacht a áirithiú.

Airteagal 6—Ionchúisimh phionósacha

1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le hionchúiseamh agus pionósú cionta coiriúla a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha.

2. Ní dhéanfar aon phianbhreith a ghearradh agus ní dhéanfar aon phionós a fhorghníomhú ar dhuine a fuarthas ciontach i gcion ach amháin de bhun ciontaithe arna fhógairt ag cúirt a thugann na ráthaíochtaí riachtanacha neamhspleáchais agus neamhchlaontachta. Go háirithe:

(a) forálfar leis an nós imeachta go gcuirfear sonraí an chiona atá á líomhaint ar an gcúisí in iúl dó gan mhoill agus go dtabharfar gach ceart agus modh cosanta is gá don chúisí roimh a thriail agus lena linn;

(b) ní chiontófar aon duine i gcion ach amháin ar fhoras fhreagracht phionósach an duine aonair;

(c) ní ghlacfar leis go bhfuil duine ciontach in aon chion coiriúil mar gheall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí an tráth a rinneadh é; ná ní ghearrfar pionós níos troime ná an pionós ab infheidhme an tráth a rinneadh an cion coiriúil; más rud é, tar éis an cion a dhéanamh, go ndéantar foráil le dlí chun pionós níos éadroime a ghearradh, tairbheoidh an ciontóir den fhoráil sin;

(d) measfar aon duine a chúisítear i gcion a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é a bheith ciontach de réir dlí;

(e) beidh de cheart ag aon duine a chúisítear i gcion go dtriailfear é ina láthair féin;

(f) ní chuirfear iallach ar aon duine fianaise a thabhairt ina choinne féin nó ciontacht a admháil.

3. Cuirfear comhairle ar dhuine ciontaithe, ar é a chiontú, maidir leis na leigheasanna breithiúnacha agus eile atá aige agus maidir leis na teorainneacha ama ar laistigh díobh is féidir iad a fheidhmiú.

4. Ní dhéanfar pionós an bháis a fhógairt ar dhaoine a bhí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois tráth an chiona agus ní chuirfear i bhfeidhm é ar mhná torracha ná ar mháithreacha leanaí óga.

5. I ndeireadh na cogaíochta, déanfaidh na húdaráis a bheidh i gcumhacht iarracht an t-ilphardún is leithne is féidir a dheonú do dhaoine a ghlac páirt sa choinbhleacht armtha, nó dóibh siúd ar baineadh a saoirse díobh ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht armtha, cibé acu atá siad faoi imtheorannú nó faoi choinneáil.

CUID III

AN LUCHT CRÉACHTAITHE, BREOITE AGUS LONGBHRISTE

Airteagal 7—Coimirce agus aireachas

1. Tabharfar urraim agus coimirce don lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste go léir, cibé acu a ghlac siad páirt sa choinbhleacht armtha nó nár ghlac.

2. I ngach uile chás cuirfear cóir dhaonnachtúil orthu agus gheobhaidh siad, a mhéid is féidir in aon chor é agus leis an moill is lú is féidir, an t-aireachas agus an t-aire liachta is gá de bharr a staide. Ní dhéanfar aon idirdhealú eatarthu mar gheall ar aon chúiseanna seachas cúiseanna liachta.

Airteagal 8—Lorg

Nuair is indéanta sna himthosca, agus go háirithe i ndiaidh comhraic, déanfar gach beart is féidir, gan mhoill, chun an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a lorg agus a bhailiú, chun iad a choimirciú ar shlad agus ar dhroch-íde, chun a áirithiú go dtabharfar aireachas leordhóthanach dóibh, agus chun na mairbh a lorg, chun a bhfadhbhadh a chosc, agus chun iad a dhiúscairt go cuibhiúil.

Airteagal 9—Pearsanra liachta agus eaglaise a choimirciú

1. Tabharfar urraim agus coimirce do phearsanra liachta agus eaglaise agus déanfar gach cabhair atá ar fáil a thabhairt dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh. Ní chuirfear iallach orthu aon tascanna a dhéanamh nach bhfuil ar comhréir lena misean daonchairdiúil.

2. Le linn do phearsanra liachta a ndualgais a chomhlíonadh, ní fhéadfar a cheangal orthu tosaíocht a thabhairt d'aon duine ach amháin ar chúiseanna liachta.

Airteagal 10—Dualgais liachta a choimirciú i gcoitinne

1. Ní dhéanfar aon duine a phionósú, in imthosca ar bith, as gníomhaíochtaí liachta atá ar comhréir le heitic liachta a bheith déanta aige, is cuma cén duine a thairbheoidh de na gníomhaíochtaí sin.

2. Ní chuirfear iallach ar dhaoine atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí liachta gníomhartha nó obair a dhéanamh atá in aghaidh rialacha na heitice liachta nó in aghaidh rialacha eile atá ceaptha ar mhaithe leis an lucht créachtaithe agus breoite nó in aghaidh an Phrótacail seo, ná ní chuirfear iallach ar dhaoine den sórt sin staonadh de ghníomhartha a dhéanamh a cheanglaítear leis an gcéanna.

3. Tabharfar urraim, faoi réir an dlí náisiúnta, do na hoibleagáidí gairmiúla atá ar dhaoine atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí liachta maidir le faisnéis a gheobhaidh siad agus a bhaineann leis an lucht créachtaithe agus breoite atá faoina gcúram.

4. Faoi réir an dlí náisiúnta, ní fhéadfar aon duine atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí liachta a phionósú ar shlí ar bith as diúltú nó mainneachtain faisnéis a thabhairt a bhaineann leis an lucht créachtaithe agus breoite atá nó a bhí faoina chúram.

Airteagal 11—Aonaid agus iompróirí liachta a choimirciú

1. Tabharfar urraim agus coimirce d'aonaid agus d'iompróirí liachta i gcónaí agus ní dhéanfar ionsaí orthu.

2. Ní scoirfear den choimirce a dhlitear d'aonaid agus d'iompróirí liachta mura n-úsáidtear iad chun gníomhartha naimhdeacha a dhéanamh, taobh amuigh dá bhfeidhm dhaonchairdiúil. Ní cead, in aon chás, scor den choimirce ach amháin tar éis rabhadh a thabhairt ina socrófar, nuair is cuí, teorainn ama réasúnach agus tar éis neamhaird a bheith tugtha ar an rabhadh sin.

Airteagal 12—An feathal ar leith

Faoi threoir an údaráis inniúil lena mbaineann, déanfaidh pearsanra liachta agus eaglaise agus aonaid liachta feathal ar leith na croise deirge, an chorráin dheirg nó an leoin dheirg agus na gréine deirge ar chúlra bán a thaispeáint agus déanfar é a thaispeáint ar iompróirí liachta. Tabharfar urraim dó i ngach uile chás. Ní bhainfear úsáid mhíchuí as.

CUID IV

AN POBAL SIBHIALTA

Airteagal 13—An pobal sibhialta a choimirciú

1. Beidh coimirce ghinearálta ag an bpobal sibhialta agus ag sibhialtaigh aonair ar na contúirtí a thig ó oibríochtaí míleata. D'fhonn éifeacht a thabhairt don choimirce sin, déanfar na rialacha seo a leanas a chomhall i ngach uile chás.

2. Ní dhéanfar ionsaí ar an bpobal sibhialta mar phobal, ná ar shibhialtaigh aonair. Toirmisctear gníomhartha nó bagairtí foréigin arb é an príomhchuspóir atá leo ná sceimhle a leathadh i measc an phobail shibhialta.

3. Beidh an choimirce a thugtar leis an gCuid seo ag sibhialtaigh, ach amháin i gcás go nglacann siad, agus le linn an ama a ghlacann siad, páirt dhíreach i gcogaíocht.

Airteagal 14—Coimirciú nithe nach féidir leis an bpobal sibhialta maireachtáil dá n-éagmais

Toirmisctear sibhialtaigh a chur i ngorta mar mhodh comhraic. Toirmisctear, ar an ábhar sin, nithe nach féidir leis an bpobal sibhialta maireachtáil dá n-éagmais, ar nós earraí bia, limistéir thalmhaíochta le haghaidh táirgeadh earraí bia, barra, beostoc, suiteálacha agus soláthairtí uisce óil agus oibreacha uiscithe, a ionsaí, a scriosadh nó a aistriú nó iad a chur ó mhaith chuige sin.

Airteagal 15—Oibreacha agus suiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha a choimirciú

Ní dhéanfar ionsaí ar oibreacha nó ar shuiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha, is é sin le rá, dambaí, díoga agus stáisiúin ghiniúna leictreachais núicléacha, fiú nuair is spriocanna míleata iad na nithe sin, más rud é go bhféadfadh go mbeadh mar thoradh ar ionsaí den sórt sin go scaoilfí fórsaí contúirteacha agus go dtarlódh caillteanais throma i measc an phobail shibhialta dá bharr sin.

Airteagal 16—Nithe cultúrtha agus ionaid adhartha a choimirciú

Gan dochar d'fhorálacha Choinbhinsiún na Háige chun Maoin Chultúrtha a Choimirciú i gCás Coinbhleachta Armtha den 14 Bealtaine, 1954, toirmisctear aon ghníomhartha cogaíochta a dhéanamh atá dírithe ar shéadchomharthaí stairiúla, saothair ealaíne nó ionaid adhartha arb iad oidhreacht chultúrtha nó spioradálta pobal iad, agus nithe den sórt sin a úsáid mar thacaíocht leis an iarracht mhíleata.

Airteagal 17—Aistriú ainneonach sibhialtach a thoirmeasc

1. Ní dhéanfar díláithriú an phobail shibhialta a ordú ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht mura rud é gur gá é mar gheall ar shlándáil na sibhialtach atá i gceist nó ar dhianchúiseanna míleata. Más rud é gur gá díláithriú den sórt sin a dhéanamh, déanfar gach beart is féidir chun gur féidir an pobal sibhialta a ghlacadh faoi dhálaí sásúla dídine, sláinteachais, sláinte, sábháilteachta agus cothaithe.

2. Ní thabharfar ar shibhialtaigh a gcríoch féin a fhágáil ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht.

Airteagal 18—Cumainn fóirithinte agus bearta fóirithinte

1. Féadfaidh cumainn fóirithinte atá suite i gcríoch an Ardpháirtí Chonarthaigh, mar eagraíochtaí na Croise Deirge (an Chorráin Dheirg, an Leoin Dheirg agus na Gréine Deirge), a seirbhísí a thairiscint chun a bhfeidhmeanna traidisiúnta a chomhlíonadh i ndáil le híospartaigh na coinbhleachta armtha. Féadfaidh an pobal sibhialta, fiú ar a dtionscnamh féin, a thairiscint an lucht créachtaithe, breoite agus longbhriste a bhailiú agus a aireachasú.

2. Más rud é go mbaineann cruatan míchuí don phobal sibhialta de bharr easpa soláthairtí atá riachtanach chun go mairfidh sé, mar earraí bia agus soláthairtí liachta, déanfar bearta fóirithinte ar son an phobail shibhialta, arb é a bheidh iontu ná seirbhísí de chineál atá daonchairdiúl agus neamhchlaon go heisiach agus a sheolfar gan aon idirdhealú leatromach, a ghabháil de láimh faoi réir thoiliú an Ardpháirtí Chonarthaigh lena mbaineann.

CUID V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19—Craobhscaoileadh

Déanfar an Prótacal seo a chraobhscaoileadh chomh forleathan agus is féidir.

Airteagal 20—Síniú

Beidh an Prótacal seo ar oscailt lena shíniú ag na Páirtithe sna Coinbhinsiúin sé mhí tar éis an Ionstraim Chríochnaitheach a shíniú agus fanfaidh sé ar oscailt go ceann tréimhse dhá mhí dhéag.

Airteagal 21—Daingniú

Déanfar an Prótacal seo a dhaingniú a luaithe is féidir. Déanfar na hionstraimí daingniúcháin a thaisceadh le Comhairle Chónaidhme na hEilvéise, taiscí na gCoinbhinsiún.

Airteagal 22—Aontachas

Beidh an Prótacal seo ar oscailt le haghaidh aontachais ag aon Pháirtí sna Coinbhinsiúin nach mbeidh sé sínithe aige. Déanfar na hionstraimí aontachais a thaisceadh leis an taiscí.

Airteagal 23—Teacht i bhfeidhm

1. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm sé mhí tar éis dhá ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a bheith taiscthe.

2. I gcás gach Páirtí sna Coinbhinsiúin a dhaingneoidh an Prótacal seo nó a aontóidh dó dá éis sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm sé mhí tar éis don Pháirtí sin a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

Airteagal 24—Leasú

1. Féadfaidh aon Ardpháirtí Conarthach leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Déanfar téacs aon leasaithe a mholtar a chur chuig an taiscí agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis na hArdpháirtithe Conarthacha uile agus le Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, cinnfidh sé sin an cóir comhdháil a chomóradh d'fhonn an leasú a mholtar a bhreithniú.

2. Déanfaidh an taiscí cuireadh chuig an gcomhdháil sin a thabhairt do na hArdpháirtithe Conarthacha uile chomh maith leis na Páirtithe sna Coinbhinsiúin, cibé acu is sínitheoirí leis an bPrótacal seo iad nó nach ea.

Airteagal 25—Séanadh

1. I gcás go séanfaidh Ardpháirtí Conarthach an Prótacal seo, ní ghlacfaidh an séanadh éifeacht go dtí sé mhí tar éis an ionstraim shéanta a fháil. Más rud é, áfach, ar éag do shé mhí, go mbeidh an Páirtí séantach ag gabháil don chor dá dtagraítear in Airteagal 1, ní ghlacfaidh an séanadh éifeacht roimh dheireadh na coinbhleachta armtha. Maidir le daoine ar baineadh a saoirse díobh, nó ar srianadh a saoirse, ar chúiseanna a bhaineann leis an gcoinbhleacht, leanfaidh siad, ar a shon sin, de thairbhe a bhaint as forálacha an Phrótacail seo go dtí a scaoileadh saor deireanach.

2. Cuirfear an séanadh in iúl i scríbhinn don taiscí, agus déanfaidh sé sin é a tharchur chuig na hArdpháirtithe Conarthacha go léir.

Airteagal 26—Fógraí

Cuirfidh an taiscí na nithe seo a leanas in iúl do na hArdpháirtithe Conarthacha chomh maith leis na Páirtithe sna Coinbhinsiúin, cibé acu is sínitheoirí leis an bPrótacal seo iad nó nach ea:

(a) sínithe arna gcur leis an bPrótacal seo agus taisceadh ionstraimí daingniúcháin agus aontachais faoi Airteagail 21 agus 22;

(b) an dáta a thiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm faoi Airteagal 23; agus

(c) nithe a cuireadh chuige agus dearbhuithe a fuair sé faoi Airteagal 24.

Airteagal 27—Clárú

1. Tar éis don Phrótacal seo teacht i bhfeidhm, déanfaidh an taiscí é a tharchur chuig Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe lena chlárú agus lena fhoilsiú, de réir Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

2. Cuirfidh an taiscí gach daingniú agus aontachas a fuair sé i leith an Phrótacail seo in iúl freisin do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 28—Téacsanna fíordheimhneacha

Déanfar scríbhinn bhunaidh an Phrótacail seo, a bhfuil comhúdarás ag na téacsanna de san Araibis, sa tSínis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis, a thaisceadh leis an taiscí, agus déanfaidh seisean cóipeanna dílse deimhnithe di a tharchur chuig na Páirtithe go léir sna Coinbhinsiúin.”.

*Níor bhain stát ar bith úsáid as feathal an leoin agus na gréine ó 1980 i leith