An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003) Ar Aghaidh (CUID 2 Orgain Stáit)

32 2003

ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta, nach déanaí ná 3 bliana tar éis an tAcht seo a rith, a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Coimisinéir”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunaítear le halt 20 nó sealbhóir na hoifige sin de thuras na huaire;

folaíonn “cúirt” binse arna bhunú faoi na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) 1921 go 2002;

ciallaíonn “dréacht-scéim” dréacht-scéim a bheidh le hullmhú ag comhlacht poiblí faoin Acht seo;

ciallaíonn “achtachán” reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus aon tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn siad, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

ciallaíonn “limistéar Gaeltachta” limistéar a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956 gur limistéar Gaeltachta é;

ciallaíonn “ceann” ceann comhlachta phoiblí;

ciallaíonn “ceann” comhlachta phoiblí”—

(a) i ndáil le Roinn Stáit, an tAire den Rialtas atá i bhfeighil na Roinne sin,

(b) i ndáil le hOifig an Ard-Aighne, an tArd-Aighne,

(c) i ndáil le hOifig Choimisinéirí na Státseirbhíse, Coimisinéirí na Státseirbhíse,

(d) i ndáil le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

(e) i ndáil le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,

(f) i ndáil le hOifig Thithe an Oireachtais, Cathaoirleach Dháil Éireann,

(g) i ndáil le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, an Coimisinéir Faisnéise,

(h) i ndáil le hOifig na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla,

(i) i ndáil le hOifig an Ombudsman, an tOmbudsman,

(j) i ndáil le haon chomhlacht poiblí eile, an duine atá i seilbh, nó a chomhlíonann feidhmeanna, oifig phríomhoifigeach feidhmiúcháin (cibé ainm a thugtar uirthi) an chomhlachta;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;

ciallaíonn “na teangacha oifigiúla” an Ghaeilge (ós í an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil í) agus an Béarla (ós teanga oifigiúil eile é) mar a shonraítear in Airteagal 8 den Bhunreacht;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 4 ;

ciallaíonn “imeachtaí” imeachtaí sibhialta nó coiriúla os comhair aon chúirte;

déanfar “comhlacht poiblí” a fhorléiriú de réir an Chéad Sceidil;

folaíonn “taifead” aon mheabhrán, leabhar, plean, léarscáil, líníocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile, aon ghrianghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é), aon fhoirm ina gcoimeádtar sonraí (de réir bhrí an Achta um Chosaint Sonraí 1988), aon fhoirm eile (lena n-áirítear foirm mheaisín-inléite) nó rud eile ina ndéantar faisnéis a choimeád nó a stóráil de láimh, go meicniúil nó go leictreonach agus aon rud ar cuid nó cóip é, i bhfoirm ar bith, d'aon cheann díobh sin roimhe seo nó ar teaglaim é de dhá cheann nó níos mó díobh sin roimhe seo;

ciallaíonn “scéim” scéim arna daingniú ag an Aire faoi alt 14 ;

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) ag comhlacht poiblí don phobal i gcoitinne nó d'aicme den phobal i gcoitinne.

(2) (a) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Caiteachais.

3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire agus aon Aire eile den Rialtas ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) le rialacháin, foráil a dhéanamh, faoi réir fhorálacha an Achta seo, le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú,

(b) i dteannta aon chumhachta eile a thugtar dó nó di chun rialacháin a dhéanamh, rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun críocha an Achta seo agus chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo,

(c) más rud é, le linn na chéad 3 bliana d'fheidhm an Achta seo maidir le comhlacht poiblí a shonraítear i bhfomhír (3), (4)(5) de mhír 1 den Chéad Sceideal, go n-éireoidh aon deacracht i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo, agus

(d) más rud é, in aon slí eile, go n-éireoidh aon deacracht le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi mhír (c)(d) d'fho-alt (1) nó chun críocha mhír 1(5), nó faoi mhír 3, den Chéad Sceideal, cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1)(c), rachaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin atá beartaithe.

(5) Féadfar, le rialacháin lena bhforordaítear comhlacht, eagraíocht nó grúpa (“an comhlacht”) chun críocha mhír 1 (5) den Chéad Sceideal, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an gcomhlacht ach amháin i leith feidhmeanna sonraithe de chuid an chomhlachta, agus beidh feidhm ag an Acht seo agus beidh éifeacht leis de réir aon fhorála den sórt sin.

(6) Déanfar gach rialachán faoin Acht seo (seachas rialachán dá dtagraítear i bhfo-alt (3)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.