An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Léiriúcháin 2005) Ar Aghaidh ( CUID 2 Rialacha Ilghnéitheacha )

23 2005

An tAcht Léiriúcháin 2005

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. — (1) Féadfar an tAcht Léiriúcháin 2005 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1 Eanáir 2006.

Léiriú.

2. — (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht ” —

(a) Acht den Oireachtas, agus

(b) reacht a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Bhunreachta agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht;

ciallaíonn “achtachán” Acht nó ionstraim reachtúil nó aon chuid d’Acht nó d’ionstraim reachtúil;

folaíonn “ aisghair ” cúlghair, cealaigh, díchuir nó cuir ar ceal;

ciallaíonn “ ionstraim reachtúil ” ordú, rialachán, riail, fodhlí, barántas, ceadúnas, deimhniú, ordachán, fógra, treoirlíne nó doiciméad eile dá samhail a dhéanfar, a eiseofar, a dheonófar nó a chruthófar ar shlí eile le hAcht nó faoi agus folaíonn tagairtí, i ndáil le hionstraim reachtúil, do “déan” nó “déan faoi” tagairtí do dhéanamh, eisiúint, deonú nó cruthú ar shlí eile leis an ionstraim sin nó fúithi.

(2) Chun críocha an Achta seo, maidir le hachtachán a mbeidh achtachán eile curtha ina áit nó a bheidh imithe in éag nó as feidhm nó a scoir d’éifeacht a bheith leis ar shlí eile, meastar é a bheith aisghairthe.

Aisghairm agus cosaintí.

3. — (1) Aisghairtear na hAchtanna seo a leanas:

(a) an Interpretation Act 1889;

(b) an tAcht Léiriúcháin 1923;

(c) an tAcht Léiriúcháin 1937;

(d) an tAcht Léiriúcháin (Leasú) 1993.

(2) (a) Ní dhéanfaidh aisghairm Achta lena sanntar brí d’fhocal nó d’abairt in achtachán eile, leis an Acht seo, difear don bhrí a shanntar amhlaidh más rud é—

(i) d’éagmais na brí sin san Acht seo, nó

(ii) ach an bhrí a shanntar leis an Acht seo don fhocal céanna nó don abairt chéanna nó d’fhocal dá shamhail nó d’abairt dá samhail a chur chun feidhme i leith an achtacháin eile,

go n-athrófaí intinn an achtacháin eile nó go dtiocfadh sé chun bheith doiléir nó áiféiseach.

(b) Ní dhéanfaidh aisghairm Achta lena ndéantar foráil maidir le haon ní (seachas ní lena mbaineann mír (a)) in achtachán eile, leis an Acht seo, difear don ní dá ndéantar foráil amhlaidh más rud é—

(i) d’éagmais an ní sin dá ndéantar foráil san Acht seo, nó

(ii) ach ní dá ndéantar foráil leis an Acht seo a chur chun feidhme i leith an achtacháin eile, is ní a fhreagraíonn do ní dá ndéantar foráil san Acht aisghairthe lena mbaineann,

go n-athrófaí intinn an achtacháin eile nó go dtiocfadh sé chun bheith doiléir nó áiféiseach.

Feidhm.

4. — (1) Beidh feidhm ag foráil den Acht seo maidir le hachtachán ach amháin a mhéid gur léir a mhalairt d’intinn san Acht seo, san achtachán féin nó, más iomchuí, san Acht faoina ndéantar an t-achtachán.

(2) Maidir le forálacha an Achta seo a bhaineann le hAchtanna eile, tá feidhm acu freisin maidir leis an Acht seo mura léir a mhalairt d’intinn san Acht seo.