|
|||||
|
| [EN] | |||||||
| |||||||
Uimhir 33 de 2007 | |||||||
AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (AIRÍ STÁIT) 2007 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||
RIAR NA nALT | |||||||
Alt | |||||||
1 . Méadú ar líon na nAirí Stáit arna gceapadh ag an Rialtas. | |||||||
2 . Gearrtheideal agus comhlua. | |||||||
|
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||
| |||||||
| |||||||
Uimhir 33 de 2007 | |||||||
AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (AIRÍ STÁIT) 2007 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE MÉADÚ AR LÍON NA nAIRÍ STÁIT A FHÉADFAIDH AN RIALTAS A CHEAPADH FAOI ALT 1(1) DEN ACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ) (UIMH. 2) 1977. | ||
[9 Iúil, 2007] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
|
Méadú ar líon na nAirí Stáit arna gceapadh ag an Rialtas. |
1 .— Leasaítear fo-alt (1) d’alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2) 1977 trí “20” a chur in ionad “17” (a cuireadh isteach leis an Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1995) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |
| [EN] | AN TÁBLA | |
| [EN] | (1) Féadfaidh an Rialtas, ar ainmniú an Taoisigh, 20 duine ar a mhéid, is comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas, a cheapadh chun bheith ina nAirí Stáit ag Ranna Stáit, agus féadfaidh an Rialtas tráth ar bith, ar mholadh an Taoisigh, Aire Stáit a cheapfar amhlaidh a chur as oifig. | |
|
Gearrtheideal agus comhlua. |
2 .— (1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Airí Stáit) 2007 a ghairm den Acht seo. | |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe 1924 go 2007 a ghairm de na hAchtanna Airí agus Rúnaithe 1924 go 1995 agus den Acht seo le chéile. |