|
|||||
|
| Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL ) |
| [EN] | ||
| ||
Uimhir 5 de 2008 | ||
AN tACHT UM MÓTARFHEITHICLÍ (DLEACHTANNA AGUS CEADÚNAIS) 2008 | ||
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||||||||
Alt | ||||||||||||||
1. Mínithe. | ||||||||||||||
2. Feidhm alt áirithe. | ||||||||||||||
3. Leasú ar alt 1 d’Acht 1952. | ||||||||||||||
4. Leasú ar Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952. | ||||||||||||||
5. Leasú ar Chuid II den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952. | ||||||||||||||
6. Leasú ar alt 21(3) d’Acht 1992. | ||||||||||||||
7. Gearrtheideal. | ||||||||||||||
|
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Uimhir 5 de 2008 | ||||||||||||||
AN tACHT UM MÓTARFHEITHICLÍ (DLEACHTANNA AGUS CEADÚNAIS) 2008 | ||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA AIRGEADAIS (DLEACHTA MÁIL) (FEITHICLÍ) 1952 AGUS AN ACHTA AIRGEADAIS (UIMH. 2) 1992 I LEITH DLEACHTANNA NÓ CEADÚNAS ÁIRITHE ATÁ INTOIBHITHE NÓ INEISITHE FAOI NA hACHTANNA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. | ||
[26 Márta, 2008] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
|
Mínithe. |
1 .— San Acht seo— | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí) 1952; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 1992; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 2004” an tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2004; | |
| [EN] | tá le “feithicil de chuid earnáil A” an bhrí chéanna atá leis in alt 130 (arna leasú le halt 6 d’Acht 1992) den Acht Airgeadais 1992. | |
|
Feidhm alt áirithe. |
2 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), tá feidhm ag ailt 3 go 6 maidir le ceadúnais arna dtógáil amach faoi alt 1 d’Acht 1952 nó, de réir mar a bheidh, faoin bhforáil lena mbaineann d’Acht 1992 ar feadh tréimhsí dar tosach an 1 Feabhra 2008 nó dá éis. | |
| [EN] | (2) Ní dhéanann aon ní i bhfo-alt (1) difear d’oibriú Chuid I a chuirtear isteach sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 le halt 4 maidir leis an méid seo a leanas— | |
| [EN] | (a) mír 6(d) sa Chuid sin a bhaineann le haon ní arna chlárú faoi alt 131 den Acht Airgeadais 1992 mar fheithicil de chuid earnáil A an 1 Iúil 2008 nó dá éis, nó | |
| [EN] | (b) mír 6(f) sa Chuid sin a bhaineann le haon ní arna chlárú faoi alt 131 den Acht Airgeadais 1992 mar fheithicil de chuid earnáil A i rith na tréimhse dar tús an 1 Eanáir 2008 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2008. | |
|
Leasú ar alt 1 d’Acht 1952. |
3 .— Leasaítear alt 1 d’Acht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2003): | |
| [EN] | “(2) (a) Faoi réir mhír (b), déanfar na dleachtanna a mhuirearaítear faoin alt seo a íoc in aghaidh na bliana ar cheadúnais atá le tógáil amach ag an duine a choinníonn an fheithicil. | |
| [EN] | (b) Féadfar ceadúnas a thógáil amach i leith feithicle (nach feithicil a bhfuil dleacht €99 nó níos lú inmhuirearaithe uirthi) i leith cibé tréimhsí den bhliain, agus ar dhleacht a íoc de réir cibé rátaí a fhorordóidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil le rialacháin, ach— | |
| [EN] | (i) beidh ráta dleachta a fhorordófar amhlaidh de chineál a fhágann go bhfuil idir é agus an lándleacht bhliantúil coibhneas nach lú ná an coibhneas idir tréimhse an cheadúnais agus bliain, agus | |
| [EN] | (ii) ní mó ná 30 faoin gcéad den lándleacht bhliantúil an ráta dleachta a fhorordófar amhlaidh i leith ceadúnais d’fheithicil in aghaidh aon ráithe amháin den bhliain agus ina haghaidh sin amháin.”. | |
|
Leasú ar Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952. |
4 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chuid I (arna chur isteach le hAcht 2004) den Sceideal céadluaite. | |
|
Leasú ar Chuid II den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952. |
5 .— Leasaítear Cuid II den Sceideal (arna leasú le hAcht 2004) a ghabhann le hAcht 1952— | |
| [EN] | (a) i mír 1 i ndiaidh an mhínithe ar “rothar” tríd an méid seo a leanas a chur isteach: | |
| [EN] | “tá le ‘feithicil de chuid earnáil A’ an bhrí chéanna atá leis in alt 130 (arna leasú le halt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 1992) den Acht Airgeadais 1992; | |
| [EN] | ciallaíonn ‘astaíochtaí CO2’ an leibhéal astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) atá ag feithicil, ar leibhéal é arna thomhas de réir fhorálacha Threoir 80/1268/CEE an 16 Nollaig 1980 ón gComhairle 1 (arna leasú) agus arna liostú in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir 70/156/CEE an 6 Feabhra 1970 ón gComhairle 2 (arna leasú) agus atá san áireamh sa deimhniú iomchuí cineál-cheadaithe CE nó sa deimhniú iomchuí comhréireachta CE nó in aon doiciméad cuí eile lena ndaingnítear comhlíonadh aon bheart arna ndéanamh chun éifeacht a thabhairt sa Stát d’aon ionstraim de chuid na gComhphobal Eorpach a bhaineann le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i leith cineál-cheadaithe don chineál feithicle lena mbaineann; | |
| [EN] | tá le ‘feithicil nua’ an bhrí chéanna atá leis in alt 133 den Acht Airgeadais 1992;”, | |
| [EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 5: | |
| [EN] | “5. I gcás ina ndeimhneoidh an t-iarratasóir ar cheadúnas faoi alt 1 den Acht seo don údarás ceadúnúcháin maidir leis an bhfeithicil ar ina leith a iarrtar an ceadúnas go ndearnadh í breis agus 30 bliain roimh thosach na tréimhse a bhfuil an ceadúnas á iarraidh ina leith, is é an ráta dleachta bliantúil, d’ainneoin Chuid I— | |
| [EN] | (i) €21 más rud é, ar leith ón mír seo, go mbeadh feidhm ag mír 1 de Chuid I maidir leis an bhfeithicil, agus | |
| [EN] | (ii) €46 i leith aon fheithicle eile.”. | |
|
Leasú ar alt 21(3) d’Acht 1992. |
6 .— Leasaítear alt 21 (arna leasú le hAcht 2004) d’Acht 1992 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |
| [EN] | “(3) (a) Déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnas trádála arb é a bheidh ann— | |
| [EN] | (i) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar ghluaisrothar agus ar ghluaisrothar amháin, €49, agus | |
| [EN] | (ii) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar aon fheithicil eile, agus uirthi sin amháin, €293. | |
| [EN] | (b) Déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnas trádála arna eisiúint in ionad ceadúnais trádála a cailleadh, a goideadh nó a díothaíodh, arb é a bheidh ann— | |
| [EN] | (i) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar ghluaisrothar agus ar ghluaisrothar amháin, €32, agus | |
| [EN] | (ii) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar aon fheithicil eile, agus uirthi sin amháin, €71.”. | |
|
Gearrtheideal. |
7 .— Féadfar an tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2008 a ghairm den Acht seo. | |