An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um an mBanc-Chorparáid Angla-Éireannach 2009)

1 2009

An tAcht um an mBanc-Chorparáid Angla-Éireannach 2009

AN SCEIDEAL

Cumhachtaí chun a Cheangal ar Dhaoine Fianaise a Thabhairt nó Doiciméid a Thabhairt ar Aird

Alt 22(6)

Féadfaidh an Measúnóir a cheangal ar dhaoine fianaise a thabhairt nó doiciméid a thabhairt ar aird.

1. (1) Má chreideann an Measúnóir agus forais réasúnacha aige nó aici go bhféadfaidh duine fianaise a thabhairt, nó doiciméad a thabhairt ar aird, is fianaise nó doiciméad a bhaineann le ní a bhfuil baint aige le comhlíonadh nó comhall aon cheann d’fheidhmeanna nó de chuspóirí an Mheasúnóra, féadfaidh sé nó sí fógra a sheirbheáil ar an duine lena gceanglófar air nó uirthi—

(a) láithriú os comhair an Mheasúnóra chun fianaise a thabhairt i dtaobh an ní, nó

(b) an doiciméad a thabhairt ar aird lena scrúdú.

(2) Déanfar san fhógra—

(a) an ní lena mbaineann an fhianaise a shonrú, nó an doiciméad a bheidh le tabhairt ar aird a shonrú nó a thuairisciú, de réir mar is gá sa chás, agus

(b) i gcás fógra maidir le láithriú os comhair an Mheasúnóra chun fianaise a thabhairt—

(i) an dáta a bheidh agus an t-am agus an t-ionad ag a mbeidh, sé ceangailte ar an duine láithriú os comhair an Mheasúnóra, a shonrú, agus

(ii) a rá cibé acu a bheidh, agus a mhéid a bheidh, an fhianaise le tabhairt ó bhéal nó trí mhionnscríbhinn.

(3) Féadfar, leis an bhfógra, a cheangal ar an duine lena mbaineann láithriú os comhair duine shonraithe d’fhoireann an Mheasúnóra agus, má cheanglaítear leis amhlaidh, beidh tagairt sa Sceideal seo don Mheasúnóir le léamh mar thagairt a fholaíonn an duine den fhoireann.

Cion arb éard é mainneachtain láithriú os comhair an Mheasúnóra.

2. (1) Beidh cion déanta ag duine más rud é, ar é a bheith ceangailte air nó uirthi láithriú os comhair an Mheasúnóra i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi mhír 1, go mainneoidh an duine an ceanglas a chomhlíonadh, agus nach mbeidh an Measúnóir tar éis an duine sin a shaoradh, nó a fhuascailt, ó fhreastal níos faide.

(2) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) más rud é go mbeidh leithscéal réasúnach ag an duine.

Cion arb éard é mainneachtain doiciméad a thabhairt ar aird.

3. (1) Beidh cion déanta ag duine más rud é, ar é a bheith ceangailte air nó uirthi doiciméad a thabhairt ar aird don Mheasúnóir i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi mhír 1, go mainneoidh an duine an ceanglas a chomhlíonadh, agus nach mbeidh an Measúnóir tar éis é nó í a shaoradh.

(2) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) más rud é—

(a) nach mbeidh an doiciméad ag an duine ná nach féidir leis nó léi trí aon iarracht réasúnach é a fháil; nó

(b) nárbh fhéidir iallach a chur ar an duine é a thabhairt ar aird i gcúirt dlí.

Imeachtaí faoin Sceideal seo a stiúradh.

4. (1) Féadfaidh an Measúnóir a cheangal ar dhuine a láithreoidh os a chomhair nó os a comhair i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi mhír 1 dul faoi mhionn.

(2) Féadfaidh an Measúnóir daoine a chur faoi mhionn chun críocha na míre seo.

(3) Féadfaidh an measúnóir a cheadú do dhuine a bheidh ainmnithe ag an Measúnóir faoi cibé nósanna imeachta a chinnfidh an Measúnóir duine a bheidh ag tabhairt fianaise ó bhéal a chroscheistiú.

Imeachtaí le stiúradh go príobháideach de ghnáth.

5. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an mír seo, maidir le fianaise a bheidh le tabhairt, nó le doiciméad a bheidh le tabhairt ar aird, don Mheasúnóir ag duine a láithreoidh os a chomhair nó os a comhair i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi mhír 1, is go príobháideach a dhéanfar í a thabhairt nó é a thabhairt ar aird.

(2) Má iarrann duine a láithreoidh os comhair an Mheasúnóra i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi mhír 1 go ndéileálfar leis an ní go poiblí, comhlíonfaidh an Measúnóir an ceanglas mura dtarraingeoidh an ní saincheisteanna anuas ar cheart, i dtuairim an Mheasúnóra, déileáil leo go príobháideach.

(3) Más deimhin leis an Measúnóir gurb inmhianaithe, ar mhaithe le leas an phobail, maidir leis an bhfianaise a bheidh le tabhairt, nó leis an doiciméad a bheidh le tabhairt ar aird, gur go poiblí ba chóir í a thabhairt nó é a thabhairt ar aird, féadfaidh an Measúnóir ordú a thabhairt dá réir sin.

(4) Más go príobháideach a bheidh an fhianaise le tabhairt, nó an doiciméad le tabhairt ar aird, féadfaidh an Measúnóir ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:

(a) treoracha a thabhairt maidir leis na daoine (seachas an Measúnóir nó foireann an Mheasúnóra) a fhéadfaidh a bheith i láthair le linn na himeachta;

(b) treoracha a thabhairt lena gcoiscfear nó lena srianfar iomlán na fianaise nó na nithe a bheidh sa doiciméad, nó aon chuid di nó díobh, a fhoilsiú.

(5) Más go príobháideach a bheidh an fhianaise le tabhairt, nó an doiciméad le tabhairt ar aird, ní fhéadfaidh duine (seachas an duine ar a mbeidh sé ceangailte láithriú os comhair an Mheasúnóra, an Measúnóir nó duine d’fhoireann an Mheasúnóra) a bheith i láthair ach amháin i gcás ina mbeidh sé nó sí i dteideal a bheith i láthair mar gheall ar threoir arna tabhairt faoi fhomhír (4)(a).

(6) Aon duine a sháróidh treoir ón Measúnóir faoi fhomhír (4)(a), beidh cion déanta aige nó aici.

Cion arb éard é diúltú dul faoi mhionn nó ceist a fhreagairt.

6. (1) Aon duine a láithreoidh os comhair an Mheasúnóra i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi mhír 1, beidh cion déanta aige nó aici, más rud é—

(a) go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine dul faoi mhionn ar an Measúnóir dá cheangal air nó uirthi déanamh amhlaidh, nó

(b) go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine fianaise a thabhairt i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi mhír 1, nó

(c) go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine ceist a fhreagairt a chuirfidh an Measúnóir ar an duine nó a chuirfear air nó uirthi le linn croscheistiú le cead ón Measúnóir.

(2) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) i gcás leithscéal réasúnach a bheith ag an duine.

(3) Beidh sé ina leithscéal réasúnach, chun críocha fhomhír (2), ag duine diúltú nó mainneachtain ceist a fhreagairt gur freagra a d’fhéadfadh an duine a ionchoiriú an freagra.

(4) Ní dhéantar le fomhír (3) an ní is leithscéal réasúnach ann chun críocha fhomhír (2) a theorannú.

Daoine a láithreoidh os comhair an Mheasúnóra, a chosaint, etc.

7. Faoi réir an Sceidil seo, maidir le duine a láithreoidh os comhair an Mheasúnóra i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi mhír 1, beidh an chosaint chéanna agus na pribhléidí céanna aige nó aici is atá ag finné in imeachtaí san Ard-Chúirt, agus, i dteannta na gcionta faoin Sceideal seo, beidh sé nó sí faoi réir na ndliteanas céanna is atá finné den sórt sin.

Liúntais agus caiteachais a íoc le daoine a láithreoidh os comhair an Mheasúnóra.

8. (1) Beidh aon duine a láithreoidh os comhair an Mheasúnóra i gcomhlíonadh ceanglais arna dhéanamh faoi mhír 1 i dteideal gon-íocfar leis nó léi cibé liúntais agus caiteachais taistil nó caiteachais eile is iníoctha le finné atá ag freastal in imeachtaí sibhialta os comhair na hArd-Chúirte, nó i leith finné den sórt sin.

(2) Tá na liúntais agus na caiteachais uile is iníoctha faoi fhomhír (1) iníoctha ag an Measúnóir.

Deimhniú ón Measúnóir chun na Cúirte faoi mhainneachtain doiciméad a thabhairt ar aird, etc.

9. (1) Má dhiúltaíonn nó má mhainníonn duine—

(a) doiciméad a thabhairt ar aird don Mheasúnóir de réir ceanglais ón Measúnóir,

(b) freastal os comhair an Mheasúnóra nuair a cheanglófar air nó uirthi déanamh amhlaidh, nó

(c) ceist a fhreagairt a chuirfidh an Measúnóir air nó uirthi,

féadfaidh an Measúnóir an diúltú nó an mhainneachtain a dheimhniú don Chúirt.

(2) Féadfaidh an Chúirt, tar éis di aon fhinnéithe a thabharfar ar aird i gcoinne nó thar ceann an duine a líomhnaítear ina leith gur mhainnigh nó gur dhiúltaigh sé nó sí amhlaidh agus aon ráiteas a thairgfear mar chosaint, a éisteacht, aon ordú a dhéanamh nó aon treoir a thabhairt, is oiriúnach léi.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (2), féadfaidh an Chúirt —

(a) a ordú don duine lena mbaineann freastal nó athfhreastal os comhair an Mheasúnóra, nó doiciméad áirithe a thabhairt ar aird nó ceist áirithe a chuirfidh an Measúnóir air nó uirthi, a fhreagairt, nó

(b) a ordú nach gá don duine lena mbaineann doiciméad áirithe a thabhairt ar aird, ná ceist áirithe a chuirfidh an Measúnóir air nó uirthi, a fhreagairt.