An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Toghcháin (Leasú) 2009) Ar Aghaidh ( CUID 2 Dáilcheantair Dhála agus an Líon Comhaltaí )

4 2009

An tAcht Toghcháin (Leasú) 2009

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2009 a ghairm de na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2007 agus den Acht seo le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2009 a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2006 agus den Acht seo (a mhéid a bhaineann sé le toghcháin do Pharlaimint na hEorpa) le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(4) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla 1974 go 2009 a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla 1974 go 2006 agus den Acht seo (a mhéid a bhaineann sé le toghcháin áitiúla) le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

Léiriú.

2 .— (1) San Acht seo ciallaíonn “ Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla ” na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla 1995 (I.R. Uimh. 297 de 1995).

(2) Sa Sceideal

(a) déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé comhdhéanta díreach roimh an 1 Deireadh Fómhair 1925, agus

(b) déanfar tagairt do líne arna tarraingt ar feadh aon mhótarbhealaigh, bóthair nó sráide a fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt ar feadh lár an mhótarbhealaigh, an bhóthair nó na sráide sin.