An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Fán Ombudsman um Sheirbhísí Dlí 2009) Ar Aghaidh ( CUID 2 Bunú, Ról agus Cuntasacht Oifig an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí )

8 2009

An tAcht Fán Ombudsman um Sheirbhísí Dlí 2009

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht fán Ombudsman um Sheirbhísí Dlí 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2 .— San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Comhairle an Bharra” Ardchomhairle Bharra na hÉireann;

folaíonn “ abhcóide ” dalta arna mhíniú sa Chód Araíonachta agus dlíodóir cláraithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dlíodóirí a Bhunú) 2003 (I.R. Uimh. 732 de 2003) a bhfuil gníomhaíochtaí gairmiúla abhcóide sa Stát á saothrú aige nó aici, ach ní fholaíonn sé dlíodóir cuairte de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saoirse chun Seirbhísí a Sholáthar) (Dlíodóirí) 1979 (I.R. Uimh. 58 de 1979) a bhfuil gníomhaíochtaí gairmiúla abhcóide sa Stát á saothrú aige nó aici;

ciallaíonn “Binse um Iompar Gairmiúil Abhcóidí” an comhlacht faoin ainm sin arna chomhdhéanamh de réir an Chóid Araíonachta;

ciallaíonn “ Cód Iompair ” an Cód Iompair do Bharra na hÉireann;

ciallaíonn “ Ciste Cúitimh ” an ciste arna chothabháil ag an Dlí-Chumann de bhun alt 21 (a cuireadh isteach le halt 29 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994) den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960;

ciallaíonn “ gearánach ” duine a dhéanann gearán thar ceann an duine féin nó thar ceann duine eile;

ciallaíonn “ gearán ” gearán arna dhéanamh leis an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí faoi fho-alt (1), (2)(3) d’alt 21;

ciallaíonn “ Cód Araíonachta ” an Cód Araíonachta do Bharra na hÉireann;

ciallaíonn “ bliain airgeadais ”—

(a) an tréimhse ó dháta thosach feidhme alt 4 go dtí an 31 Nollaig díreach i ndiaidh an dáta sin, agus

(b) ina dhiaidh sin, gach tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig;

ciallaíonn “ deontas ” deontas faoi fho-alt (4) d’alt 21 (a cuireadh isteach le halt 29 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994) den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960 as an gCiste Cúitimh;

ciallaíonn “ Dlí-Chumann ” Dlí-Chumann na hÉireann;

déanfar “ fógra measúnachta tobhaigh ” a fhorléiriú de réir alt 19;

tá le “ údarás áitiúil ” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

tá le “ mí-iompar ” —

(a) i ndáil le gearán in aghaidh abhcóide, an bhrí chéanna atá leis sa Chód Araíonachta arna fhorléiriú i gcomhar leis an gCód Iompair, agus

(b) i ndáil le gearán in aghaidh aturnae, an bhrí chéanna atá leis in alt 3 (arna leasú le halt 7 den Acht Aturnaetha (Leasú) 2002) den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960,

agus i gceachtar cás folaíonn sé mí-iompar líomhnaithe;

ciallaíonn “ comhlacht gairmiúil ” Comhairle an Bharra nó an Dlí-Chumann;

ciallaíonn “ Bord Achomhairc um Iompar Gairmiúil ” an comhlacht faoin ainm sin arna chomhdhéanamh de réir an Chóid Araíonachta;

ciallaíonn “ gearán gaolmhar ”, i ndáil le gearán (dá ngairtear an “ gearán leis an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí ” sa mhíniú seo)—

(a) an gearán le Comhairle an Bharra dá dtagraítear in alt 21(1) arb é a láimhseáil ag an mBinse um Iompar Gairmiúil Abhcóidí nó, i gcás achomhairc in aghaidh breithe ón mBinse i leith an ghearáin, ag an mBord Achomhairc um Iompar Gairmiúil, is foras leis an ngearán a dhéanamh leis an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí, nó

(b) an gearán leis an Dlí-Chumann dá dtagraítear in alt 21(2) arb é a láimhseáil ag an Dlí-Chumann is foras leis an ngearán a dhéanamh leis an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí;

folaíonn “aturnae” dlíodóir cláraithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dlíodóirí a Bhunú) 2003 (I.R. Uimh. 732 de 2003) a bhfuil gníomhaíochtaí gairmiúla aturnae sa Stát á saothrú aige nó aici, ach ní fholaíonn sé—

(a) aturnae printíseachta, ná

(b) dlíodóir cuairte de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saoirse chun Seirbhísí a Sholáthar) (Dlíodóirí) 1979 (I.R. Uimh. 58 de 1979) a bhfuil gníomhaíochtaí gairmiúla aturnae sa Stát á saothrú aige nó aici;

ciallaíonn “Binse Araíonachta Aturnaetha” an Binse Araíonachta Aturnaetha arna bhunú le halt 6(1) (a cuireadh isteach le halt 8 den Acht Aturnaetha (Leasú) 2002) den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960.

Caiteachais.

3 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.