An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Gearáin agus Athbhreithnithe )

8 2009

An tAcht Fán Ombudsman um Sheirbhísí Dlí 2009

CUID 5

Leasuithe Iarmhartacha agus Forálacha Idirthréimhseacha

Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

36 .— Leasaítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997—

(a) in alt 2(1), sa mhíniú ar “ ceann comhlachta phoiblí ”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (jjj) (a cuireadh isteach le halt 23 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2003):

“(jjjj) i ndáil le hOifig an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí, an tOmbudsman um Sheirbhísí Dlí,”,

(b) in alt 46(1)(c) (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2003)—

(i) trí “nó” a scriosadh i ndeireadh fhomhír (iv),

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (v):

“(v) scrúdú nó imscrúdú arna dhéanamh ag an Ombudsman Pinsean faoi Acht na bPinsean 1990, nó

(vi) imscrúdú arna dhéanamh ag an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí faoin Acht fán Ombudsman um Sheirbhísí Dlí 2009,”, agus

(iii) i gclásal (II), trí “Oifig an Ombudsman Pinsean nó Oifig an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí” a chur in ionad “nó oifig an Ombudsman Pinsean”,

agus

(c) i mír (I)(2) den Chéad Sceideal, trí “Oifig an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí.” a chur isteach.

Alt 15 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994 a aisghairm.

37 .— Aisghairtear alt 15 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

Na Rialacháin Aturnaetha (Breithneoir) 1997 agus na Rialacháin Aturnaetha (Breithneoir) (Leasú) 2005 agus forálacha idirthréimhseacha i ndáil leo a chúlghairm.

38 .— (1) Cúlghairtear na Rialacháin Aturnaetha (Breithneoir) 1997 (I.R. Uimh. 406 de 1997) agus na Rialacháin Aturnaetha (Breithneoir) (Leasú) 2005 (I.R. Uimh. 720 de 2005).

(2) Más rud é, maidir le himscrúdú ar ghearán faoi na Rialacháin a chúlghairtear faoi fho-alt (1)

(a) nár tosaíodh é, nó

(b) gur tosaíodh é ach nár críochnaíodh é,

roimh thosach feidhme an fho-ailt sin, measfar, ar thosach feidhme an fho-ailt sin agus dá éis, gur gearán a rinneadh leis an Ombudsman um Sheirbhísí Dlí an gearán, agus déanfar forálacha eile an Achta seo a fhorléiriú dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an mBreithneoir cibé cúnamh a thabhairt a theastóidh le réasún ón Ombudsman um Sheirbhísí Dlí chun a chumasú don Ombudsman—

(a) imscrúdú a dhéanamh ar ghearán faoi na Rialacháin a chúlghairtear faoi fho-alt (1) nár tosaíodh roimh thosach feidhme an fho-ailt sin, nó

(b) imscrúdú ar ghearán faoi na Rialacháin sin, a tosaíodh ach nár críochnaíodh roimh thosach feidhme an fho-ailt sin, a chríochnú,

agus féadfar gur soláthar taifead nó doiciméad, nó cóipeanna de thaifid nó de dhoiciméid, a bhaineann leis an ngearán agus atá i seilbh an Bhreithneora nó faoina rialú nó ar fáil aige nó aici an cúnamh sin, nó féadfar gur cuid den chúnamh sin soláthar den sórt sin.

(4) San alt seo, ciallaíonn “ Breithneoir ”—

(a) roimh thosach feidhme fho-alt (1), an Breithneoir de réir bhrí Rialachán 2(a) de na Rialacháin Aturnaetha (Breithneoir) 1997 (I.R. Uimh. 406 de 1997),

(b) ar an tosach feidhme sin agus dá éis, an duine arbh é nó í, díreach roimh an tosach feidhme sin, an Breithneoir dá dtagraítear i mír (a).