An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 LEASÚ AR AN ACHT UM BEARTA AIRGEADAIS ÉIGEANDÁLA AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL 2009 )

10 2009

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009

CUID 5

FORÁLACHA I nDÁIL LE SCÉIMEANNA PINSEAN

Míniú.

14 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Príomh-Acht” Acht na bPinsean 1990;

tá le “ scéim iomchuí ” an bhrí chéanna atá leis i gCuid IV den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 41 den Phríomh-Acht.

15 .— Leasaítear alt 41 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach in ionad mhír (b) d’fho-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 31 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2005):

“(b) beidh feidhm ag fo-ailt (1), (1A), (1B) agus (2) d’alt 48 (a leasaíodh le halt 16 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009) maidir le haon scéim seachas scéim ranníoca shainithe, agus”.

Tosaíochtaí ar fhoirceannadh scéime iomchuí.

16 .— Leasaítear alt 48 (a cuireadh isteach le halt 33 d’Acht na bPinsean (Leasú) 2002) den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D’ainneoin fho-alt (1), le linn dóibh acmhainní scéime iomchuí a fhoirceannfar tar éis an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009 a rith, nó a foirceannadh agus nár urscaoileadh i ndáil leis aon dliteanais de chuid na scéime ar dháta rite an Achta Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009, urscaoilfidh na hiontaobhaithe dliteanais na scéime i leith na sochar seo a leanas san ord seo a leanas:

(a) sa chéad áit, na sochair bhreise go léir arna n-urrú nó arna ndeonú ar mhodh ranníocaí saorálacha breise nó ar aistriú ceart ó scéim eile lena mbaineann mír 2 den Tríú Sceideal a mhéid a rinneadh na cearta lena mbaineann an t-aistriú a urrú nó a dheonú i dtosach ar mhodh ranníocaí saorálacha breise;

(b) sa dara háit, na sochair (gan méaduithe iarscoir ar na sochair sin a áireamh) a shonraítear i mír 1 den Tríú Sceideal do na daoine sin, nó i leith na ndaoine sin, a bhí, ar dháta foirceanta na scéime, laistigh de na hearnálacha dá dtagraítear sa mhír sin, a mhéid nach mbeidh na sochair sin urscaoilte cheana féin;

(c) sa tríú háit, na sochair (gan méaduithe iarscoir ar na sochair sin a áireamh) a shonraítear i míreanna 2, 3 agus 4 den Tríú Sceideal do na comhaltaí sin den scéim, nó i leith na gcomhaltaí sin den scéim, a bhí, ar dháta foirceanta na scéime, laistigh de na hearnálacha dá dtagraítear sna míreanna sin, a mhéid nach mbeidh na sochair sin urscaoilte cheana féin; agus

(d) sa cheathrú háit, na sochair a shonraítear i míreanna 1, 2, 3 agus 4 den Tríú Sceideal do na daoine sin agus do na comhaltaí sin den scéim, nó ina leith, a bhí, ar dháta foirceanta na scéime, laistigh d’aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear in aon mhír de na míreanna sin, a mhéid nach mbeidh na sochair sin urscaoilte cheana féin,

sula n-urscaoilfidh siad dliteanais na scéime i leith sochar eile.

(1B) Beidh dliteanais na scéime i leith na sochar lena mbaineann mír (d) d’fho-alt (1A) ar aon chéim lena chéile agus íocfar iad go hiomlán mura rud é nach leor acmhainní na scéime chun na dliteanais sin a íoc, agus sa chás sin laghdófar iad amhail i gcionmhaireachtaí comhionanna lena chéile.”,

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Chun críocha an ailt seo, foirceanntar scéim iomchuí ar an dáta a dhéanfar cibé gníomh, a tharlóidh cibé teagmhas, nó a dhéanfar cibé cinneadh a gceanglaítear ina leith, faoi rialacha na scéime, an scéim a fhoirceannadh agus forléireofar “ dáta an fhoirceanta ”, i ndáil le scéim iomchuí, dá réir sin.

(6) Déanfar tagairtí sa Tríú Sceideal do dháta éifeachtach an deimhnithe a fhorléiriú, chun críocha an ailt seo, mar thagairtí do dháta foirceanta na scéime iomchuí lena mbaineann.”.

Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht.

17 .— Leasaítear alt 50 den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an Bord, le fógra i scríbhinn, a ordú d'iontaobhaithe scéime iomchuí cibé bearta a dhéanamh maidir le comhaltaí na scéime atá i bhfostaíocht iomchuí an tráth sin, nach bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe acu, nó maidir le comhaltaí a bhfuil deireadh tagtha lena seirbhís i bhfostaíocht iomchuí, nach bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe acu agus a bhfuil teideal acu chun sochair chaomhnaithe nó aon sochar eile a fháil faoin scéim, nach mbeidh tús curtha lena íoc, is gá chun laghdú a dhéanamh ar na sochair a bheadh iníoctha leis na comhaltaí sin nó ina leith ón scéim i gcás—

(a) go mainníonn iontaobhaithe na scéime deimhniú maoiniúcháin achtúireach a chur isteach laistigh den tréimhse a shonraítear in alt 43,

(b) go ndeimhnítear sa deimhniú maoiniúcháin achtúireach nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin agus nach bhfuil togra maoiniúcháin curtha isteach ag iontaobhaithe na scéime de réir alt 49,

(c) go ndeimhnítear sa deimhniú maoiniúcháin achtúireach nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin agus go bhfuil togra maoiniúcháin curtha isteach ag iontaobhaithe na scéime de réir alt 49, nó

(d) go dtoilíonn an Bord scéim a leasú de réir alt 50A (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009).

(1A) Féadfaidh an Bord, le fógra i scríbhinn, a ordú d'iontaobhaithe scéime cibé bearta a dhéanamh is gá chun laghdú a dhéanamh ar mhéaduithe sa todhchaí ar shochair is iníoctha ón scéim le daoine a fhaigheann sochair faoin scéim nó daoine ag a bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe nó ina leith, más rud é—

(a) go mainníonn iontaobhaithe na scéime deimhniú maoiniúcháin achtúireach a chur isteach laistigh den tréimhse a shonraítear in alt 43,

(b) go ndeimhníonn an deimhniú maoiniúcháin achtúireach nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin agus nach bhfuil togra maoiniúcháin curtha isteach ag iontaobhaithe na scéime de réir alt 49,

(c) go ndeimhníonn an deimhniú maoiniúcháin achtúireach nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin agus go bhfuil togra maoiniúcháin curtha isteach ag iontaobhaithe na scéime de réir alt 49, nó

(d) go dtoilíonn an Bord scéim a leasú de réir alt 50A (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009).”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní bheidh feidhm ag mír 2(2) den Dara Sceideal agus mír 4(b)(i)(I) den Tríú Sceideal a mhéid amháin go mbeidh siad ar neamhréir le laghdú ar shochair de bhun ordaithe faoi fho-alt (1).

(2A) Maidir le laghdú ar shochair a dhéanfar de bhun ordaithe faoi fho-alt (1) nó (1A)—

(a) is laghdú a bheidh ann, i dtuairim an achtúire lena mbaineann, a chinnteoidh, díreach tar éis an laghdaithe, go gcomhlíonfaidh an scéim an caighdeán maoiniúcháin de réir alt 44, nó

(b) i gcás scéime dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(c) nó (1A)(c), is laghdú a bheidh ann, i dtuairim an achtúire lena mbaineann, a chinnteoidh go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go gcomhlíonfadh an scéim an caighdeán maoiniúcháin ar dháta éifeachtach an chéad deimhnithe maoiniúcháin achtúirigh eile nó, más infheidhme, aon dáta is déanaí a shonraítear faoi alt 49(3).”,

agus

(c) i bhfo-alt (3)—

(i) trí “fho-alt (1) nó (1A)” a chur in ionad “fho-alt (1)”, agus

(ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) de mhír (a) (a cuireadh isteach le halt 19 d'Acht na bPinsean (Leasú) 1996):

“(i) cibé bearta a dhéanamh—

(I) maidir le comhaltaí na scéime atá i bhfostaíocht iomchuí an tráth sin, nach raibh gnáthaois inphinsin slánaithe acu,

(II) maidir le comhaltaí a bhfuil deireadh tagtha lena seirbhís i bhfostaíocht iomchuí agus nach bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe acu agus a bhfuil teideal acu chun sochair chaomhnaithe nó aon sochar eile faoin scéim, agus

(III) maidir le daoine atá ag fáil sochair faoin scéim nó a bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe acu,

chun laghdú a dhéanamh ar na sochair a bheadh iníoctha leo nó ina leith as an scéim—

(A) is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an scéim, i dtuairim an achtúire lena mbaineann, an caighdeán maoiniúcháin de réir alt 44 díreach tar éis an laghdaithe, nó

(B) i dtuairim an achtúire lena mbaineann, i gcás scéime a mbeidh togra maoiniúcháin ina leith curtha faoi bhráid an Bhoird de bhun alt 49, a chinnteoidh go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go gcomhlíonfadh an scéim an caighdeán maoiniúcháin ar dháta éifeachtach an chéad deimhnithe maoiniúcháin achtúirigh eile nó, más infheidhme, aon dáta is déanaí a shonraítear faoi alt 49(3), agus”.

An chumhacht chun scéim iomchuí a leasú.

18 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach ann:

“50A.— (1) Faoi réir an ailt seo agus alt 50, féadfaidh iontaobhaithe scéime—

(a) chun a chinntiú nach gceanglófar an scéim a fhoirceannadh de bhíthin amháin nach bhfuil na hacmhainní leordhóthanacha sa scéim chun go ndíscaoilfear dliteanais na scéime,

(b) tar éis rialacháin (más ann) faoin alt seo a chomhlíonadh, agus

(c) le toiliú an Bhoird,

cibé leasuithe is cuí leo a dhéanamh ar an scéim.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena gceanglófar ar iontaobhaithe scéime iomchuí fógra a thabhairt do chomhaltaí na scéime i dtaobh aon togra chun an scéim a leasú de bhun an ailt seo agus deis a thabhairt do na comhaltaí sin uiríll a dhéanamh chuig iontaobhaithe na scéime i ndáil leis an togra sula ndéanfar aon leasú ar an scéim.

(3) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire is gá chun críocha na rialachán.

(4) D’ainneoin rialacha scéime iomchuí, ní gá do chomhaltaí na scéime toiliú leis an scéim a leasú de bhun an ailt seo.

(5) Ní oibreoidh an t-alt seo chun teorainn a chur le haon chumhacht chun rialacha scéime iomchuí a leasú, ar cumhacht í, ar leith ón alt seo, a dhílsíonn d’iontaobhaithe na scéime.”.

Cumhacht na cúirte chun faoiseamh a thabhairt ó dhliteanas mar gheall ar shárú iontaoibhe.

19 .— (1) Más rud é, in aon imeachtaí a thionscnófar in aghaidh iontaobhaí scéime mar gheall ar shárú iontaoibhe, gur dealraitheach don chúirt a bheidh ag éisteacht an cháis go bhfuil an t-iontaobhaí, nó go bhféadfadh sé nó sí a bheith, faoi dhliteanas maidir leis an sárú iontaoibhe ach gur ghníomhaigh sé nó sí go hionraic agus go réasúnach agus gur chóir, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, an sárú iontaoibhe a mhaitheamh dó nó di, féadfaidh an chúirt faoiseamh iomlán nó páirteach a thabhairt dó nó di óna dhliteanas nó óna dliteanas ar cibé téarmaí is cuí leis an gcúirt.

(2) Ní oibreoidh an t-alt seo chun teorainn a chur le haon fhaoiseamh ó dhliteanas iontaobhaí scéime mar gheall ar shárú iontaoibhe ar faoiseamh é a thugtar le rialacha na scéime.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

20 .— Leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Faoi réir fho-alt (3A), maidir le haon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (1), (2) nó (2A), dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3A) Duine atá ciontach i gcion faoin Acht seo arb éard atá ann sárú ar fho-alt (1) nó (2) d’alt 58A, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.

Fianaise in imeachtaí mar gheall ar chion.

21 .— Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt (3B) (arna chur isteach le halt 39 den Acht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006):

“Inghlacthacht doiciméad áirithe in imeachtaí mar gheall ar chion.

3C.— (1) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo arb éard é sárú ar fho-alt (1) nó (2) d’alt 58A—

(a) beidh doiciméad párolla, nó doiciméad a airbheartaíonn gur doiciméad párolla é, inghlactha mar fhianaise ar na nithe atá sonraithe sa doiciméad,

(b) beidh doiciméad (seachas doiciméad párolla) arna ullmhú nó arna choimeád i ngnáthchúrsa gnó, nó a airbheartaíonn gur ullmhaíodh nó gur coimeádadh é i ngnáthchúrsa gnó, ag duine a raibh, nó ar féidir a mheas le réasún go raibh, eolas pearsanta aige nó aici ar na nithe atá sonraithe sa doiciméad, inghlactha mar fhianaise ar na nithe atá sonraithe sa doiciméad, agus

(c) beidh doiciméad a airbheartaíonn gur atáirgeadh i bhfoirm inléite é ar dhoiciméad lena mbaineann mír (a) nó (b) agus a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite inghlactha mar fhianaise ar na nithe atá sonraithe ann, más deimhin leis an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh na himeachtaí gur atáirgeadh é i gcúrsa ghnáth-oibriú an chórais atáirgthe lena mbaineann.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)(b) ná fo-alt (1)(c) (a mhéid a bhaineann sé le doiciméad a bhfuil feidhm ag fo-alt (1)(b) maidir leis) maidir le doiciméad—

(a) ina bhfuil faisnéis atá faoi phribhléid ó thaobh nochtadh in imeachtaí mar gheall ar chion,

(b) arna ullmhú chun críocha, nó in oirchill, na nithe seo a leanas—

(i) imscrúdú aon chiona,

(ii) imscrúdú nó fiosrúchán arna sheoladh de bhun aon achtacháin nó faoi aon achtachán,

(iii) aon imeachtaí cibé acu imeachtaí sibhialta nó imeachtaí coiriúla, nó

(iv) imeachtaí de chineál araíonachta, nó

(c) arna ullmhú tar éis an trátha a líomhnaítear go ndearnadh an cion lena mbaineann.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun gur neamh-inghlactha in imeachtaí mar gheall ar chion aon doiciméad mar fhianaise ar aon ní atá sonraithe ann, is doiciméad a bheidh inghlactha amhlaidh de bhua aon riail dlí nó aon achtacháin seachas an tAcht seo.

(4) San alt seo—

folaíonn ‘gnó’ aon trádáil, gairm nó slí bheatha eile a sheoltar—

(a) ar luaíocht nó ar shlí eile, agus

(b) sa Stát nó lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘doiciméad párolla’ duillín pá, mórleabhar párolla, leabhar cuntais nó doiciméad eile arna ullmhú nó arna choimeád ag fostóir nó thar ceann fostóra i leith duine amháin nó níos mó ná duine amháin dá fhostaithe nó dá fostaithe ina bhfuil taifead ar íocaíochtaí nó ar asbhaintí arna ndéanamh ag an bhfostóir sin, nó thar ceann an fhostóra sin, i leith an fhostaí nó na bhfostaithe lena mbaineann.

Toimhdeana in imeachtaí mar gheall ar chion.

3D.— (1) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo arb éard é sárú ar fho-alt (1) nó (2) d’alt 58A, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, go mbaineann doiciméad párolla dá dtagraítear in alt 3C a gheofar in áitreabh aon fhostóra le fostaí de chuid an fhostóra sin.

(2) I gcás go ndéanfar doiciméad a aisghabháil ó chóras leictreonach stórála agus aisghabhála, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, gurb é nó gurb í an duine a úsáideann an córas sin de ghnáth údar an doiciméid.”.

Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean.

22 .— (1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, scéim (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san alt seo, an “Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean”) a dhéanamh lena bhforálfar go n-íocfar, de réir na scéime sin, airgead le pinsinéirí iomchuí nó ina leith.

(2) Beidh sa Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean cibé forálacha a chinnfidh an tAire agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh léi i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) na coinníollacha chun feidhm a thabhairt don Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean maidir le scéimeanna pinsean cáilithe,

(b) (i) cibé scéimeanna nó aicmí scéime,

(ii) cibé fostóirí nó aicmí fostóra, nó

(iii) cibé gnóthaí nó aicmí gnó,

a shonrófar sa Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean a eisiamh ó fheidhm na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean,

(c) airgead a íoc le pinsinéirí iomchuí faoin Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean lena n-áirítear na coinníollacha ar a n-íoctar an t-airgead sin,

(d) na téarmaí ar a n-íocfar an t-airgead sin agus na coinníollacha a gceanglaítear comhlíonadh i ndáil leo chun go dtiocfaidh an t-airgead sin chun bheith iníoctha nó chun go bhfabhróidh aon teideal chun íoc an airgid sin,

(e) na téarmaí a bhaineann leis an Aire do ríomh cibé suimeanna is iníoctha ag iontaobhaithe scéime pinsean rannpháirtí agus, i dtuairim an Aire, a mhaoineoidh go hiomlán airgead a íoc faoin Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean le pinsinéirí iomchuí de chuid na scéime pinsean rannpháirtí, nó ina leith,

(f) téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le suimeanna dá dtagraítear i mír (e) a íoc,

(g) cibé téarmaí agus coinníollacha eile is dóigh leis an Aire is gá d’fhonn a chinntiú nach mó na híocaíochtaí agus na caiteachais arna n-airleacan as an bPríomh-Chiste i leith scéime pinsean rannpháirtí áirithe ná an tsuim arna híoc, de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean, ag iontaobhaithe na scéime pinsean rannpháirtí sin leis an Aire.

(h) cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leis an Aire is gá chun an Príomh-Chiste agus a thoradh fáis a chosaint,

(i) téarmaí agus coinníollacha i dtaca le hoibriú agus feidhm fho-alt (6), lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le suimeanna arna n-íoc leis an Aire ag iontaobhaithe de chuid scéime pinsean rannpháirtí lena mbaineann an fo-alt sin a aisíoc leo.

(3) Ar iarratas ó iontaobhaithe scéime pinsean cáilithe, féadfaidh an tAire, dá rogha féin agus de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean, a dheimhniú, i scríbhinn, gur scéim pinsean rannpháirteach an scéim sin.

(4) Ní dheimhneoidh an tAire scéim pinsean faoin alt seo mura rud é—

(a) gur deimhin leis nó léi gur scéim pinsean cháilithe an scéim pinsean lena mbaineann,

(b) go gcomhaontóidh iontaobhaithe na scéime pinsean, i scríbhinn, téarmaí na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean a chomhlíonadh, agus

(c) go gcomhaontóidh iontaobhaithe na scéime pinsean cibé suim a shonróidh an tAire a íoc leis an Aire.

(5) Déanfaidh an tAire an tsuim dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(c) a ríomh, i leith gach scéime pinsean rannpháirtí, de réir théarmaí na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean.

(6) I gcás go mainneoidh nó go ndiúltóidh iontaobhaithe scéime pinsean rannpháirtí téarmaí na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean a chomhlíonadh féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, a chur in iúl d’iontaobhaithe na scéime pinsean nach scéim pinsean rannpháirteach a thuilleadh an scéim pinsean agus, ar an bhfógra sin a sheirbheáil, scoirfidh an scéim pinsean sin de bheith ina scéim pinsean rannpháirteach.

(7) Ní dhéanfar foráil leis an Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean maidir le méaduithe sa todhchaí ar shochair do phinsinéirí iomchuí.

(8) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, cibé duine is cuí leis nó léi a cheapadh chun íocaíochtaí a dhéanamh, de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean, le pinsinéirí iomchuí nó ina leith.

(9) Déanfar suimeanna a cheanglaítear ar iontaobhaithe scéime pinsean cáilithe a íoc, mar choinníoll a ghabhann lena deimhniú mar scéim pinsean rannpháirteach faoi fho-alt (3) nó thairis sin de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean, a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé slí a ordóidh an tAire.

(10) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh chun íocaíochtaí a dhéanamh de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean agus chun caiteachais a íoc arna dtabhú i dtaca le riaradh na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean.

(11) Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (t):

“(u) alt 22(5) den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009,”.

(12) Tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis an Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean a dhéanamh (mura mbeidh sí cúlghairthe cheana féin faoi fho-alt (13)), déanfaidh an tAire athbhreithniú ar oibriú na scéime.

(13) Féadfaidh an tAire scéim a dhéanamh lena leasaítear nó lena gcúlghairtear an Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean.

(14) Déanfar fógra faoi fho-alt (6) a dhíriú chuig na hiontaobhaithe lena mbaineann faoina n-ainm, agus féadfar é a sheirbheáil orthu nó a thabhairt dóibh ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar na hiontaobhaithe nó ar aon iontaobhaí díobh;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar na hiontaobhaithe nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin; nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar na hiontaobhaithe nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.

(15) Chun críocha fho-alt (14), measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe daoine ag a phríomhoifig nó ag a phríomháit ghnó.

(16) Chun críocha an ailt seo, is é dáta foirceannta scéime pinsean sochair shainithe an dáta a dhéanfar cibé gníomh, a tharlóidh cibé teagmhas, nó a dhéanfar cibé cinneadh a gceanglaítear ina leith, faoi rialacha na scéime, an scéim a fhoirceannadh.

(17) San alt seo—

ciallaíonn “scéim pinsean cháilithe” scéim sochair shainithe de réir bhrí an Phríomh-Achta—

(a) a bhfuil tús curtha lena foirceannadh,

(b) nach leor a cuid acmhainní chun dliteanais na scéime, an dáta a thosófar an foirceannadh, a urscaoileadh,

(c) a bhfuil sé deimhnithe i scríbhinn ag an mBord Pinsean gur scéim sochair shainithe í atá de réir cibé ceanglais a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, agus

(d) a bhfuil an fostóir lena mbaineann dócmhainneach chun críocha an Achta um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí) 1984;

ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “scéim pinsean rannpháirteach” scéim pinsean atá, de thuras na huaire, arna deimhniú faoi fho-alt (3);

ciallaíonn “pinsinéir iomchuí”, i ndáil le scéim pinsean rannpháirteach, duine arb amhlaidh dó nó di díreach roimh dháta foirceannta na scéime—

(a) go raibh sochair faoin scéim á bhfáil aige nó aici, nó

(b) go raibh gnáthaois inphinsin (de réir bhrí an Phríomh-Achta) slánaithe aige nó aici agus go raibh sé nó sí i dteideal sochair a fháil faoin scéim sin.

Comhlua.

23 .— Féadfar Achtanna na bPinsean 1990 go 2009 a ghairm d’Achtanna na bPinsean 1990 go 2008 agus den Chuid seo le chéile.