|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 5 Cáin Fháltas Caipitiúil ) |
TODO
| [EN] | ||||||||||||||||||
| [EN] |
CUID 6 Ilghnéitheach | |||||||||||||||||
| [EN] |
Léiriú (Cuid 6). |
28 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Ús ar cháin áirithe thar téarma. |
29 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) in alt 172K(6), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(b) Aon mhéid cánach iarchoimeádta díbhinne is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús ón dáta a thiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) in alt 240(3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(a) Aon cháin is iníoctha de réir alt 239 gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sí ús ón dáta a thiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Lúnasa 1978 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0492 faoin gcéad, | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Lúnasa 1978 nó dá éis agus roimh an 1 Aibreán 1998 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0410 faoin gcéad, | |||||||||||||||||
| [EN] | (iii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Aibreán 1998 nó dá éis agus roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (iv) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (c) in alt 258(9), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(b) Aon mhéid cánach cuí nó méid ar cuntas cánach cuí is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús ón dáta a thiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (d) in alt 531, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(9) I gcás go mbeidh an méid cánach a bheidh duine is príomhaí nó a meastar gur príomhaí é nó í den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) faoi dhliteanas faoin alt seo agus faoi aon rialacháin faoi fho-alt (6) a íoc leis an Ard-Bhailitheoir gan íoc amhlaidh, íocfaidh an duine leis an Ard-Bhailitheoir ús simplí ar an méid agus ríomhfar an t-ús sin ón dáta a tháinig an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Lúnasa 1978 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0492 faoin gcéad, | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Lúnasa 1978 nó dá éis agus roimh an 1 Aibreán 1998 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0410 faoin gcéad, | |||||||||||||||||
| [EN] | (c) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Aibreán 1998 nó dá éis agus roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (d) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (e) in alt 730G(7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(b) Béarfaidh aon mhéid cánach cuí ús ón dáta a thagann an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (f) in alt 739F(7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(b) Béarfaidh aon mhéid cánach cuí ús ón dáta a thagann an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (g) in alt 991, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(1) I gcás, maidir le méid cánach a bheidh fostóir faoi dhliteanas faoin gCaibidil seo agus aon rialacháin faoin gCaibidil seo a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, nach ndéantar é a íoc amhlaidh, íocfaidh an fostóir ús simplí ar an méid leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus ríomhfar an t-ús sin ó dheireadh na tréimhse a shonrófar sna rialacháin chun an méid a íoc go dtí go n-íocfar é— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Lúnasa 1978 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0492 faoin gcéad, | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Lúnasa 1978 nó dá éis agus roimh an 1 Aibreán 1998 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0410 faoin gcéad, | |||||||||||||||||
| [EN] | (c) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Aibreán 1998 nó dá éis agus roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (d) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”, | |||||||||||||||||
| [EN] | agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (h) in alt 1080 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (2): | |||||||||||||||||
| [EN] | “An Tábla | |||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| [EN] | ”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear alt 159D den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “tréimhse moille”: | |||||||||||||||||
| [EN] | “ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le tréimhse moille atá laistigh de níos mó ná tréimhse amháin a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann le fo-alt (2), aon chuid den tréimhse moille atá laistigh de thréimhse, nó arb ionann í agus tréimhse, a shonraítear sa cholún sin;”, | |||||||||||||||||
| [EN] | agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(2) Is éard a bheidh sa mhéid úis a mhuirearófar, is inmhuirearaithe, is iníoctha nó is inghnóthaithe i leith aon dleachta neamhíoctha nó aon mhéid eile a bheidh dlite agus iníoctha nó inghnóthaithe faoi fhoráil shonraithe— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) i gcás go bhfuil an tréimhse moille ar áireamh i gceann de na tréimhsí a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo nó i gcás gurb ionann an tréimhse sin agus an tréimhse moille, an méid a chinnfear de réir na foirmle— | |||||||||||||||||
| [EN] | A [html] D [html] P | |||||||||||||||||
| [EN] | i gcás— | |||||||||||||||||
| [EN] | gurb é A an dleacht nó an méid eile atá dlite agus iníoctha faoin bhforáil shonraithe agus atá gan íoc, | |||||||||||||||||
| [EN] | gurb é D an líon laethanta (lena n-áirítear cuid de lá) arb é an tréimhse moille é, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | gurb é P an céatadán cuí i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus atá os coinne na tréimhse a shonraítear i gcolún (1) den Tábla sin ar laistigh di don tréimhse moille nó arb ionann í agus an tréimhse moille, | |||||||||||||||||
| [EN] | agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) i gcás go bhfuil an tréimhse moille ar áireamh i dtréimhse leanúnach arb éard ata inti níos mó ná aon tréimhse amháin a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, ach gan a bheith i dtaobh le haon tréimhse amháin den sórt sin (mar atá amhlaidh i bhfo-alt (a)), nó i gcás gurb ionann tréimhse leanúnach den sórt agus an tréimhse moille, comhiomlán na méideanna atá dlite i leith gach tréimhse iomchuí ar cuid den tréimhse moille í, agus déanfar an méid atá dlite i leith gach tréimhse iomchuí den sórt sin a chinneadh de réir na foirmle— | |||||||||||||||||
| [EN] | A [html] D [html] P | |||||||||||||||||
| [EN] | i gcás— | |||||||||||||||||
| [EN] | gurb é A an dleacht nó an méid eile atá dlite agus iníoctha faoin bhforáil shonraithe agus atá gan íoc, | |||||||||||||||||
| [EN] | gurb é D an líon laethanta (lena n-áirítear cuid de lá) arb é an tréimhse moille é, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | gurb é P an céatadán cuí i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus atá os coinne na tréimhse a shonraítear i gcolún (1) den Tábla sin agus ar laistigh di don tréimhse moille nó arb ionann í agus an tréimhse moille. | |||||||||||||||||
| [EN] | An Tábla | |||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| [EN] | ”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (3) Leasaítear alt 51 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 i bhfo-alt (2) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt sin: | |||||||||||||||||
| [EN] | “An Tábla | |||||||||||||||||
| [EN] | Cuid 1 | |||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| [EN] | Cuid 2 | |||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| [EN] | ”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (4) Leasaítear alt 21(1) den Acht Cánach Breisluacha 1972— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) i mír (a), trí “0.0274” a chur in ionad “0.0322”, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) i mír (b), trí “0.0274” a chur in ionad “0.0322”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (5) Leasaítear alt 103(2) den Acht Airgeadais 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(a) Gan dochar d’fhorálacha alt 74 den Acht Airgeadais 2002 a bhaineann le dleacht gealltóireachta, más rud é go dtiocfaidh aon mhéid dleachta máil chun bheith iníoctha faoi fho-alt (1) nó faoi aon fhoráil eile de na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil, nó faoi aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht, ach nach n-íoctar é, déanfaidh an duine a dhlíonn an dleacht a íoc ús simplí a íoc ar an méid agus déanfar an t-ús sin a ríomh ón dáta a tháinig an méid chun bheith iníoctha— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (6) Leasaítear alt 74 den Acht Airgeadais 2002 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(1) I gcás go dtiocfaidh aon mhéid dleachta gealltóireachta chun bheith iníoctha faoi alt 67 agus nach n-íoctar é, déanfaidh an duine a dhlíonn an dleacht a íoc ús simplí a íoc ar an méid agus déanfar an t-ús sin a ríomh ón dáta a thagann an méid chun a bheith iníoctha— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (7) (a) Beidh feidhm ag fo-ailt (1), (2), (3), (5) agus (6) maidir le haon cháin nó dleacht neamhíoctha, de réir mar a bheidh, nach mbeidh íoctha roimh an 1 Iúil 2009, is cuma ar tháinig an cháin nó an dleacht sin chun bheidh dlite agus iníoctha roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó tar éis an dáta sin. | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) Beidh feidhm ag fo-alt (4) maidir le hús is iníoctha faoi alt 21 den Acht Cánach Breisluacha 1972 in aghaidh aon lae nó coda de lá dar tosach an 1 Iúil 2009 nó dá éis, i leith méid cánach breisluacha a dhlitear a íoc nó méid cánach breisluacha a aisíocadh nárbh inaisíoctha go cuí, de réir mar a bheidh, cibé acu roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó tar éis an dáta sin. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin. |
30 .— (1) Leasaítear Cuid 11D (a cuireadh isteach le halt 21 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008) den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) in alt 380Q(1), sa mhíniú ar “substaint chontúirteach”, trí “le Rialachán 3” a chur in ionad “le halt 3”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) in alt 380Q, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |||||||||||||||||
| [EN] | “(2) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le haon chaiteachas arna thabhú an 1 Eanáir 2009 nó dá éis agus roimh an 1 Eanáir 2014.”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (c) in alt 380S(2), trí “faoi alt 380R(5)(a)(ii)” a chur in ionad “faoi alt 380R(5)(b)”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (d) in alt 380V(2)— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) trí “chun críocha trádála iomchuí” a chur in ionad “chun críocha na trádála sin”, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) trí “380U(b)” a chur in ionad “380U(1)(b)”, | |||||||||||||||||
| [EN] | agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (e) in alt 380W— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) i bhfo-alt (1), trí “380U(b)” a chur in ionad “380U(1)(b)”, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) i bhfo-alt (3), trí “Cánach” a chur in ionad “Cánacha”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear alt 1077C(2)(b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008) den Phríomh-Acht trí “ón duine sin” a chur in ionad “ón bpearsa aonair sin”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (3) Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) in alt 87(3), trí “dáta íoctha na suime sin agus, ar mhodh pionóis,” a chur in ionad “go dtí dáta íoctha na suime sin agus”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) in alt 87A(4)(b), trí “ar mhodh pionóis, suim is comhionann le 1 faoin gcéad” a chur in ionad “suim is comhionann le 1 faoin gcéad”, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (c) in alt 134A— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) i bhfo-alt (7), trí “i bhfo-alt (3)(a) agus i míreanna (a)(i) agus (b)(i) d’fho-alt (5)” a chur in ionad “i bhfo-ailt (3)(a) agus (5)(a)”, | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) i bhfo-alt (8), trí “i bhfo-alt (3)(b) agus i míreanna (a)(ii) agus (b)(ii) d’fho-alt (5)” a chur in ionad “i bhfo-ailt (3)(b) agus (5)(b)”, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (iii) i bhfo-alt (9), trí “i bhfo-alt (3)(c) agus i míreanna (a)(iii) agus (b)(iii) d’fho-alt (5)” a chur in ionad “i bhfo-ailt (3)(c) agus (5)(c)”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (4) Leasaítear an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) in alt 6(1)(c), trí fhomhír (ii) a scriosadh, seachas clásal (II), agus tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an chlásail sin: | |||||||||||||||||
| [EN] | “(iia) i mír (c)(ii)— | |||||||||||||||||
| [EN] | (I) trí ‘den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo’ a chur in ionad ‘den Tábla a ghabhann leis an alt seo’, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (II) trí ‘24,000’ a chur in ionad ‘15,000’, | |||||||||||||||||
| [EN] | agus”, | |||||||||||||||||
| [EN] | agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) in alt 98(2), trí “maidir le fomhír (as) de mhír 2 de Sceideal 5” a chur in ionad “maidir le fomhír (ar) de mhír 2 de Sceideal 5”. | |||||||||||||||||
| [EN] | (5) (a) Chun críocha alt 21(2) den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008, déanfar na leasuithe ar an bPríomh-Acht a dhéantar le halt 21(1) den Acht sin a léamh mar leasuithe arna ndéanamh le fo-alt (1) den alt seo. | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) Measfar gur tháinig fo-alt (2) i bhfeidhm agus in éifeacht amhail ar an agus ón 24 Nollaig 2008. | |||||||||||||||||
| [EN] | (c) I bhfo-alt (3)— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) measfar gur tháinig míreanna (a) agus (b) i bhfeidhm agus in éifeacht amhail ar an agus ón 24 Nollaig 2008, | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) tá éifeacht le fomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (c) maidir le pionóis a thabhófar ar an Acht seo a rith nó dá éis, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (iii) tá éifeacht le fomhír (iii) de mhír (c) amhail ar an agus ón 24 Nollaig 2008 agus, dá réir sin, tá feidhm ag forálacha mhír 6(b) de Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a bhaineann le tagairtí d’fho-ailt (2)(c) agus (4)(c) d’alt 134A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 maidir leis na forálacha lena mbaineann arna leasú leis an bhfomhír sin. | |||||||||||||||||
| [EN] | (d) Tá feidhm ag fo-alt (2) d’alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 maidir le fo-alt (1) den alt sin arna leasú le fo-alt (4)(a) den alt seo. | |||||||||||||||||
| [EN] | (e) Tá éifeacht le fo-alt (4)(b) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna. |
31 .— Déantar na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. |
32 .— (1) Féadfar an tAcht Airgeadais 2009 a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Forléireofar Cuid 1— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim agus le tobhach ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim, | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil. | |||||||||||||||||
| [EN] | (3) Forléireofar Cuid 2, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna sin agus le bainistiú na ndleachtanna sin. | |||||||||||||||||
| [EN] | (4) Forléireofar Cuid 3 i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha. | |||||||||||||||||
| [EN] | (5) Forléireofar Cuid 4 i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |||||||||||||||||
| [EN] | (6) Forléireofar Cuid 5 i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |||||||||||||||||
| [EN] | (7) Forléireofar Cuid 6— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim, | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide, | |||||||||||||||||
| [EN] | (c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, | |||||||||||||||||
| [EN] | (d) a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin, | |||||||||||||||||
| [EN] | (e) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhreisluacha, i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, | |||||||||||||||||
| [EN] | (f) a mhéid a bhaineann sí le dleacht stampa, i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (g) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |||||||||||||||||
| [EN] | (8) Ach amháin i gcás go bhforáiltear go sainráite dá mhalairt i gCuid 1, measfar an Chuid sin a bheith tagtha i bhfeidhm agus tá éifeacht léi amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2009. | |||||||||||||||||
| [EN] | (9) Ach amháin i gcás go bhforáiltear go sainráite dá mhalairt, i gcás go mbeidh foráil den Acht seo le teacht i ngníomh ar an Aire Airgeadais do dhéanamh ordú, tiocfaidh an fhoráil sin i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |