|
An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 730D(2)(c):
“(d) i gcás inar sócmhainn atá ar teachtadh ag Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean nó ag an Stát ag gníomhú tríd an gCoimisiún sin dó an polasaí saoil, agus ina mbeidh dearbhú sa chéill sin déanta ag an gCoimisiún sin leis an gcuideachta árachais, nó
(e) i gcás inar sócmhainn atá ar teachtadh ag gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin (de réir na brí a thugtar le halt 2 den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000 (arna leasú le halt 2 den Acht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009)) nó ag an Stát ag gníomhú trí ghléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin dó an polasaí saoil agus ina mbeidh dearbhú sa chéill sin déanta ag an ngléasra infheistíochta de chuid an Choimisiúin leis an gcuideachta árachais.”.
|