An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 8 Muirir i Leith Seirbhísí Cúraim ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Measúnacht ar Acmhainn )

15 2009

An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009

CUID 9

Ilghnéitheach

Treoirlínte.

35 .— (1) Féadfaidh an Fheidhmeannacht, le toiliú an Aire, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir leis an Acht seo, cibé acu an mbaineann siad le feidhm de chuid na Feidhmeannachta a chomhlíonadh nó nach ea, d’fhonn treoir phraiticiúil a thabhairt maidir le haon fhoráil den Acht seo nó de rialacháin arna ndéanamh faoi.

(2) Socróidh an Fheidhmeannacht go ndéanfar treoirlínte a eiseofar faoin alt seo a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis an bhFeidhmeannacht.

Rialacháin.

36 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) go (11), féadfaidh an tAire, chun a chumasú lánéifeacht a bheith le haon fhoráil den Acht seo, rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle roimh ré leis an bhFeidhmeannacht, agus le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun críocha mhír (b) d’fho-alt (4) d’alt 33 trí aicme costas a fhorordú, faoi threoir aicme seirbhísí cúraim, ar deimhin leis an Aire ina leith iad a bheith bainteach le soláthar na haicme seirbhísí cúraim sin, cé nach inchurtha go díreach iad i leith sholáthar na haicme seirbhísí cúraim sin.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha mhír (a) den mhíniú ar “ asbhaint inlamhála ” i mír 1 de Chuid 3 de Sceideal 1 trí aicme nó aicmí caiteachais a fhorordú a bhaineann le caiteachais réasúnacha maireachtála duine lena mbaineann an mheasúnacht airgeadais agus a pháirtnéara nó a páirtnéara is comhalta d’aicme gaol cleithiúnach a fhorordaítear leis na rialacháin sin.

(4) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun méid a fhorordú chun críocha fhomhír (ii) de mhír (a) den mhíniú ar “ méid is inasbhainte as sócmhainní ginearálta ” i mír 1 de Chuid 3 de Sceideal 1, ar méid é—

(i) nach lú ná an méid dá dtagraítear i bhfomhír (i) de mhír (a) den mhíniú sin,

(ii) nach lú ná an méid a bheidh forordaithe ar an bhfeidhmiú is déanaí den chumhacht seo, agus

(iii) a choigeartófar de réir athruithe sa treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí arna ríomh ó lár mhí Bealtaine 2008 i gcás gurb é an méid a shonraítear i bhfomhír (i) de mhír (a) den mhíniú sin an bonnfhigiúr.

(b) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun méid a fhorordú chun críocha fhomhír (ii) de mhír (b) den mhíniú ar “ méid is inasbhainte as sócmhainní ginearálta ” i mír 1 de Chuid 3 de Sceideal 1, ar méid é—

(i) nach lú ná an méid dá dtagraítear i bhfomhír (i) de mhír (b) den mhíniú sin,

(ii) nach lú ná an méid a bheidh forordaithe ar an bhfeidhmiú is déanaí den chumhacht seo, agus

(iii) a choigeartófar de réir athruithe sa treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí arna ríomh ó lár mhí Bealtaine 2008 i gcás gurb é an méid a shonraítear i bhfomhír (i) de mhír (b) den mhíniú sin an bonnfhigiúr.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha mhír (j) den mhíniú ar “ioncam” i mír 1 de Chuid 3 de Sceideal 1 trí aicme nó aicmí sochair a fhorordú nach dtagann faoi réim mhíreanna (a) go (i) den mhíniú sin ach a measfaidh an tAire gur cineál ioncaim é, agus chun críocha an fho-ailt seo folóidh sochar gnóchain chaipitiúla.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht alt 26(8), féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle roimh ré leis na Coimisinéirí Ioncaim agus le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh lena bhforáiltear go dtabharfar cumhachtaí do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le méideanna inaisíoctha a bhailiú agus a ghnóthú de réir bhrí alt 26(1) mar aon le hús ar an gcéanna, (agus, chun na críche sin, féadfar oiriúnú a dhéanamh leis na rialacháin, fairis nó d'éagmais modhnuithe, ar fhorálacha aon achtacháin a bhaineann le haon cháin a mhuirearófar nó a fhorchuirfear leis an achtachán sin a bhailiú nó a ghnóthú, nó le taifid a iniúchadh nó faisnéis a thabhairt i ndáil leis an gcéanna).

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (6), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin, i leith méideanna dá dtagraítear san fho-alt sin, maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) an fhoirm ina ndéanfar íocaíocht,

(b) ús a mhuirearú agus an céatadán agus an ráta faoin gcéad cuí úis atá le muirearú,

(c) na himthosca nach muirearófar ús iontu,

(d) an tréimhse ama tar éis tarlú an teagmhais ba bhun leis na méideanna a theacht chun bheith inaisíoctha nach muirearófar ús ina leith,

(e) an t-ord ina gcuirfear aon íocaíocht chun feidhme faoi chomhair úis nó caipitil sna méideanna sin,

(f) aon nithe a leanfaidh as na nithe sin roimhe seo nó a ghabhann leo.

(8) Féadfaidh an tAire, maidir le haon deacracht a eascróidh le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme alt 5 i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh agus féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo.

(9) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(10) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (8)

(a) rachaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin atá beartaithe, agus

(b) cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(11) Déanfaidh an tAire gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo (seachas rialachán dá dtagraítear i bhfo-alt (10)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Leasú ar an Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995.

37 .— Leasaítear alt 3 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995 i bhfo-alt (2) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ea) íocaíochtaí tacaíochta Stáit coimhdí arna n-airleacan ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009,”.

Leasú ar alt 7A den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990.

38 .— Leasaítear alt 7A (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) (Leasú) 2007) den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Diúltóidh an Fheidhmeannacht iarratas a bhreithniú arna dhéanamh ar thosach feidhme alt 6(1)(d) den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 nó dá éis.”.

Forálacha idirthréimhseacha.

39 .— (1) Maidir le duine a bhfuil fóirdheontas iomchuí á fháil aige nó aici díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, leanfar den fhóirdheontas iomchuí a íoc leis nó léi—

(a) go dtí go scoirfear den íocaíocht sin de réir fhorálacha an Achta Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 (arna leasú leis an Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) (Leasú) 2007), nó

(b) go dtí an dáta óna mbeidh tacaíocht Stáit le híoc i leith an duine mar gheall ar an gcinneadh ón bhFeidhmeannacht faoi alt 11(1),

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) dochar d’oibriú alt 7D (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) (Leasú) 2007) den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 a mhéid a fhoráiltear leis an alt sin 7D go n-íocfar fóirdheontas iomchuí le duine dá dtagraítear san fho-alt sin nach ionann agus an fóirdheontas iomchuí a íoctar leis an duine sin díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt sin.

An tAire d’ainmniú duine oiriúnaigh chun comhaontuithe a chaibidil.

40 .— Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, le fógra i scríbhinn, duine a ainmniú chun caibidlíocht a dhéanamh le daoine a sheolann gnó tí banaltrais chun teacht ar chomhaontú dá dtagraítear i mír (a)(ii)(b)(ii) den mhíniú ar “teach banaltrais ceadaithe”.

Leasú ar an Ordú fá Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (Bunú) 2004.

41 .— (1) Leasaítear an tOrdú fá Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (Bunú) 2004 (I.R. Uimh. 179 de 2004)—

(a) in Airteagal 2, trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ tá le ‘teach banaltrais ceadaithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009;

ciallaíonn ‘seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh’ seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh de réir bhrí mhír (a)(ii) den mhíniú ar “seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh” in alt 3(1) den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009;

tá le ‘teach banaltrais’ an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 agus folaíonn sé foras dá dtagraítear in alt 2(1)(h) den Acht sin;”,

agus

(b) in Airteagal 4—

(i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (1)(b):

“(ba) socruithe a dhéanamh le duine is dóigh leis is cuí, ar dílseánach tí banaltrais é nó í, maidir leis an bpraghas ar a soláthróidh an duine sin seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh do dhaoine a bhfuil gá acu le seirbhísí den sórt sin agus atá ag fáil tacaíochta airgeadais faoin Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009;”,

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (1):

“(1A) Beidh socruithe dá dtagraítear i mír (1)(ba) faoi réir coinníll gur teach banaltrais ceadaithe é an teach banaltrais nó nach mbeidh feidhm ag na socruithe mura dtiocfaidh an teach banaltrais chun bheith ina theach banaltrais ceadaithe.

(1B) Déanfar fógra i dtaobh socruithe dá dtagraítear i mír (1)(ba) a thabhairt d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus féadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cibé faisnéis a bhaineann leis na socruithe sin is cuí léi a fhoilsiú.”.

agus

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (2):

“(3) Féadfaidh an Bord, i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoi mhír (1)(ba), taifid agus cuntais de chuid tí banaltrais cheadaithe, nó de chuid tí banaltrais a mbeartaíonn a dhílseánach socruithe a dhéanamh faoi mhír (1)(ba), a scrúdú.”.

Neamhnochtadh agus ráiteas mícheart maidir le measúnachtaí airgeadais.

42 .— (1) Más rud é, i dtaca le measúnacht airgeadais, nó i dtaca le hathbhreithniú ar mheasúnacht airgeadais faoi alt 30, nach nochtann duine méid nó luach ioncaim, ioncaim aistrithe, sócmhainní airgid, sócmhainní iomchuí nó sócmhainní aistrithe nó go ndéanann sé nó sí ráiteas mícheart maidir leis an gcéanna, agus go bhfaigheann sé nó sí méid tacaíochta Stáit is mó ná an méid a gheobhadh sé nó sí murach an neamhnochtadh nó an ráiteas mícheart sin, de réir mar a bheidh, beidh an méid, arna chinneadh ag an bhFeidhmeannacht, den bhreis a bheidh ag an tacaíocht Stáit ar an méid a gheobhadh an duine murach an neamhnochtadh sin nó an ráiteas mícheart sin, de réir mar a bheidh, iníoctha ag an duine leis an bhFeidhmeannacht ar éileamh agus féadfaidh an Fheidhmeannacht é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine nó ó eastát an duine sin.

(2) Más rud é go mbeidh méid breise tacaíochta Stáit íoctha i leith duine agus go n-éireoidh an bhreis sin mar gheall ar fhaisnéis arna soláthar ag páirtnéir an duine sin, beidh an bhreis sin, a mhéid a eascróidh sí mar gheall ar neamhnochtadh ag an bpáirtnéir sin nó ráiteas mícheart uaidh nó uaithi, iníoctha ag an bpáirtnéir leis an bhFeidhmeannacht ar éileamh agus féadfar í a ghnóthú ó pháirtnéir an duine ar ina leith a íocadh an tacaíocht Stáit nó ó eastát an pháirtnéara sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Gan dochar do chearta na Feidhmeannachta faoi fho-ailt (1) agus (2), féadfaidh an Fheidhmeannacht an méid tacaíochta Stáit a bheadh iníoctha i leith an duine a laghdú go dtí go ngnóthóidh an Fheidhmeannacht iomlán na n-íocaíochtaí breise.

Conarthaí le haghaidh riachtanas.

43 .— (1) Dearbhaítear, maidir le seirbhísí cúraim a sholáthar do dhuine, ar seirbhísí iad a mbeidh cinneadh déanta ag an bhFeidhmeannacht de bhun alt 7 gur seirbhísí cuí iad maidir le riachtanais an duine sin, go dtoimhdeofar go cinntitheach gur chun tairbhe do shláinte agus leas an duine sin iad agus gur gá iad le haghaidh an chéanna agus gur soláthraíodh iad ar iarraidh uaidh nó uaithi, d’ainneoin aon mhí-inniúlacht dhlíthiúil a bheith ar an duine sin agus go mbeidh aon chonradh arna dhéanamh leis an duine sin nó thar a cheann nó thar a ceann i ndáil leis na seirbhísí cúraim sin bailí agus infhorfheidhmithe d’ainneoin aon rialach dlí nó forála reachtúla.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) fairis na modhnuithe go léir is gá maidir le tacaíocht Stáit choimhdeach a sholáthar.

(3) Maidir le dliteanas aon duine de lánúin iomchuí i leith aon airgid a bheidh dlite faoin Acht seo i leith seirbhísí cúraim nó i leith tacaíochta Stáit coimhdí, ní dhéanfaidh aon easpa cumais ar thaobh na ndaoine seo a leanas difear dó—

(a) an duine dár soláthraíodh na seirbhísí nó ar íocadh tacaíocht Stáit choimhdeach ina leith, nó

(b) páirtnéir an duine sin.

(4) Ní dhéanfaidh neamhbhailíocht aon mhuirir a chruthaítear de bhun an Achta seo difear don dliteanas foluiteach i leith aon airgead a aisíoc leis an bhFeidhmeannacht.

Cumhacht na Feidhmeannachta foirmeacha a shonrú.

44 .— (1) Féadfaidh an Fheidhmeannacht foirm aon doiciméid a shonrú a cheanglaítear leis an Acht seo a bheith mar an bhfoirm shonraithe agus foirm cibé doiciméad eile a shonrú is gá chun críocha an Achta seo de réir mar is cuí leis an bhFeidhmeannacht.

(2) Maidir le foirm a shonrófar faoin alt seo—

(a) comhlánófar í de réir cibé treoracha a bheidh sonraithe san fhoirm,

(b) beidh cibé doiciméid ag gabháil léi (lena n-áirítear ionstraimí, deimhnithe, dúblaigh den fhoirm agus dearbhuithe reachtúla) a bheidh sonraithe san fhoirm, agus

(c) má cheanglaítear an fhoirm chomhlánaithe a sholáthar don Fheidhmeannacht nó d’aon duine eile, soláthrófar amhlaidh ar an tslí, más ann, a bheidh sonraithe san fhoirm.

(3) Maidir le cumhacht na Feidhmeannachta faoi fho-alt (1)

(a) féadfar í a fheidhmiú ar shlí lena gceanglófar ar an duine atá ag comhlánú na foirme dearbhú reachtúil a dhéanamh i dtaobh an sonraí fíora cruinne na sonraí atá san fhoirm de réir mar is fearr is eol don duine sin agus mar a chreideann sé nó sí,

(b) féadfar í a fheidhmiú ar shlí lena sonrófar dhá fhoirm nó níos mó d’aon doiciméad dá dtagraítear san fho-alt sin cibé acu mar roghanna, nó chun socrú a dhéanamh maidir le himthosca áirithe nó maidir le cásanna áirithe, de réir mar is cuí leis an bhFeidhmeannacht.

(4) Féadfar, leis an bhfoirm a shonrófar faoin alt seo a bheidh ag iarratas ar thacaíocht Stáit i leith duine, a cheangal go mbeidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis an iarratas—

(a) luachálacha ar shócmhainní a bhfuil nó a raibh leasanna ag an duine iontu agus luachálacha ar na leasanna sin,

(b) más duine de lánúin an duine, luachálacha ar shócmhainní a bhfuil nó a raibh leasanna ag an duine eile den lánúin iontu agus luachálacha ar na leasanna sin, agus

(c) cibé faisnéis eile a fhorordóidh an tAire.

Taifid.

45 .— (1) D’ainneoin aon fhorála de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2003, féadfaidh an Fheidhmeannacht, de réir an ailt seo, rochtain a fháil ar aon taifid iomchuí agus iad a phróiseáil chun críocha an Achta seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh an Fheidhmeannacht, a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme an ailt seo, cód cleachtais a ullmhú agus a chur faoi deara é a fhoilsiú ar cód cleachtais é a bheidh le comhlíonadh ag duine a fhaigheann rochtain ar aon taifid iomchuí agus a dhéanann próiseáil ar aon taifid iomchuí de bhun fho-alt (1), nó ag duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) agus a bhfuil aon fhaisnéis iomchuí ina sheilbh nó ina seilbh, ina choimeád nó ina coimeád nó faoina rialú aige nó aici, a mhéid gur sonraí pearsanta atá sna taifid iomchuí nó san fhaisnéis iomchuí, de réir mar a bheidh.

(3) Ní chomhlíonfaidh an Fheidhmeannacht an fheidhm faoi fho-alt (2) ach amháin tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí de réir bhrí na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

(4) Faoi réir fho-alt (5), ní dhéanfaidh duine faisnéis iomchuí a nochtadh ach amháin chun go gcomhlíonfaidh an duine feidhm faoin Acht seo.

(5) Féadfaidh duine faisnéis iomchuí a nochtadh do chomhalta den Gharda Síochána má chreideann an duine le réasún gur gá an nochtadh chun cosc a chur le leanúint de ghníomh is cion.

(6) Ní taifid Roinne de réir bhrí alt 2(2) den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 doiciméid a ullmhófar chun feidhm a chomhlíonadh faoin Acht seo.

(7) Déanfaidh an Fheidhmeannacht cinneadh maidir le stóráil, coinneáil nó diúscairt na nithe seo a leanas—

(a) iarratais ar thacaíocht Stáit (lena n-áirítear aon doiciméid a bheidh ag gabháil le hiarratais),

(b) doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (6), agus

(c) taifid iomchuí atá i seilbh nó faoi rialú na Feidhmeannachta.

(8) Féadfaidh an Fheidhmeannacht a iarraidh i scríbhinn ar dhuine rochtain ar thaifid iomchuí, nó cóipeanna díobh, a sholáthar don Fheidhmeannacht, ar taifid iomchuí iad—

(a) atá i seilbh nó faoi rialú an duine, agus

(b) a chuideoidh nó a d’fhéadfadh cuidiú leis an bhFeidhmeannacht a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(9) Déanfaidh duine is ábhar d’iarraidh faoi fho-alt (8) an iarraidh a chomhlíonadh a luaithe is indéanta tar éis don duine an iarraidh a fháil.

(10) Beidh duine a sháraíonn fo-alt (4)(9) gan leithscéal réasúnach ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(11) San alt seo—

ciallaíonn “faisnéis iomchuí”, i ndáil le duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4), faisnéis a sholáthraítear faoin Acht seo don Fheidhmeannacht, do dhuine oiriúnach nó do dhuine a cheapfar faoi alt 32(2) agus a fhaigheann an duine céadluaite i gcúrsa feidhm de chuid an duine faoin Acht seo a chomhlíonadh;

ciallaíonn “taifead iomchuí” aon taifead a chuideoidh nó a d’fhéadfadh cuidiú leis an bhFeidhmeannacht iarratas ar thacaíocht Stáit nó iarraidh ar thacaíocht Stáit inaisíoctha a chinneadh.

Fóirithint ar chruatan míchuí.

46 .— (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun fóirithint ar chruatan míchuí a sholáthar, rialacháin a dhéanamh i ndáil le measúnachtaí airgeadais a dhéanamh i gcomhréir leis an Acht seo.

(2) Folaíonn an chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoin alt seo an chumhacht chun foráil a dhéanamh go dtabharfar neamhaird ar ioncam nó ar shócmhainní duine de lánúin (nó ar chuid shonraithe den ioncam nó de na sócmhainní sin) le linn measúnacht airgeadais a dhéanamh i dtaca le hiarratas ar thacaíocht Stáit ón duine eile den lánúin i gcás go suitear, chun sástacht na Feidhmeannachta nó an duine a n-iarrtar air nó uirthi de bhun alt 10 an mheasúnacht airgeadais a dhéanamh, go bhfuil imthosca eisceachtúla a shonraítear sna rialacháin ann.

(3) Gach rialachán arna dhéanamh faoin alt seo, déanfaidh an tAire é a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Údarás duine chun gníomhú thar ceann duine eile.

47 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2), (4) agus (9), féadfaidh duine sonraithe gníomhú thar ceann duine eile i ndáil le haon ní faoin Acht seo, lena n-áirítear, aon iarratas, achomharc, athbhreithniú nó toiliú a thabhairt faoi alt 7(13), ach gan a bheith teoranta do na nithe sin, i gcás nach bhfuil lánchumas meabhrach sa duine eile sin.

(2) Féadfaidh an Fheidhmeannacht diúltú plé le duine a airbheartaíonn gur duine sonraithe é nó í atá ag gníomhú thar ceann duine lena mbaineann iarratas ar thacaíocht Stáit (an duine iomchuí) mura ndeimhníonn an duine céadluaite don Fheidhmeannacht gur duine sonraithe iarbhír an duine céadluaite atá ag gníomhú thar ceann an duine iomchuí.

(3) I gcás go ndiúltaíonn an Fheidhmeannacht faoi fho-alt (2) plé le duine a airbheartaíonn gur duine sonraithe é nó í, déanfaidh sí, tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an diúltaithe, fógra i scríbhinn maidir leis an mbreith agus na cúiseanna atá leis an mbreith a thabhairt don duine sonraithe agus don duine iomchuí araon.

(4) Féadfaidh an Fheidhmeannacht diúltú plé le duine sonraithe maidir le ní iomchuí mura deimhin leis an bhFeidhmeannacht go bhfuil an duine sonraithe ag gníomhú ar mhaithe le leas an duine iomchuí i leith an ní sin.

(5) I gcás go ndiúltaíonn an Fheidhmeannacht faoi fho-alt (4) plé le duine sonraithe i leith ní iomchuí, déanfaidh sí, tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an diúltaithe, fógra i scríbhinn maidir leis an mbreith agus na cúiseanna atá leis an mbreith a thabhairt don duine sonraithe agus don duine iomchuí.

(6) Faoi réir fho-ailt (2) agus (4), ní oibreoidh aon fhoráil den Acht seo chun cosc a chur ar an bhFeidhmeannacht plé le duine sonraithe, agus beidh aon ní a bheidh déanta ag an duine sonraithe ina cheangal ar an duine ar thar a cheann nó thar a ceann a rinneadh an gníomh.

(7) San alt seo, ciallaíonn “ duine sonraithe ”, i ndáil le duine—

(a) i gcás gur coimircí cúirte an duine, Cúramaí an Duine maidir leis an gcoimircí, a bheidh údaraithe go cuí chuige sin,

(b) duine a cheapfaidh duine iomchuí chun bheith ina aturnae nó ina haturnae faoi chumhacht aturnae mharthanach agus—

(i) nach bhfuil an t-aturnae toirmiscthe ná srianta le téarmaí na cumhachta ó aon ní lena mbaineann an t-alt seo a chomhlíonadh, agus

(ii) go bhfuil an chumhacht aturnae mharthanach cláraithe agus nár cealaíodh an clárú,

(c) ionadaí cúraim a cheapfar de bhun iarratais faoi alt 21,

(d) i gcás gur duine de lánúin an duine, an duine eile den lánúin,

(e) gaol don duine nach bhfuil faoi bhun 18 mbliana d’aois,

(f) neaschara a cheapfaidh cúirt,

(g) ionadaí dlíthiúil de chuid an duine, nó

(h) lia-chleachtóir cláraithe, altra chláraithe nó oibrí sóisialach cláraithe.

(8) Beidh tosaíocht ag na hearnálacha duine a fhéadfaidh gníomhú mar dhuine sonraithe dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (7) ar na hearnálacha duine dá dtagraítear i míreanna (d) go (h) d’fho-alt (7) ach féadfaidh duine dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) den fho-alt sin toiliú i scríbhinn le duine a mbeidh tosaíocht níos lú aige nó aici do ghníomhú mar dhuine sonraithe.

(9) Ní oibreoidh fo-alt (1) chun a cheadú do dhuine—

(a) gníomhú mar ionadaí cúraim mura mbeidh an duine sin ceaptha mar ionadaí cúraim faoi alt 21, ná

(b) iarraidh a dhéanamh go n-íocfar tacaíocht Stáit choimhdeach mura gceaptar an duine sin mar ionadaí cúraim faoi alt 21.

Leasú ar an Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

48 .— Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 192B:

“Díolúine i leith íocaíochtaí tacaíochta Stáit.

192C.— (1) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, beidh duine atá ag fáil seirbhísí cúraim díolmhaithe ó cháin ioncaim i leith aon tacaíochta Stáit a sholáthrófar don duine faoi alt 12(2) den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 agus ní áireofar an íocaíocht le linn ioncam an duine a ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(2) D’ainneoin aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim, íocfar aon íocaíocht dá dtagraítear i bhfo-alt (1) gan cáin ioncaim a asbhaint.

(3) San alt seo tá le ‘ seirbhísí cúraim ’ agus ‘ tacaíocht Stáit ’ an bhrí chéanna atá leo san Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009.”.