|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009) | Ar Aghaidh ( CUID 2 Scéim a Bhunú agus Iarratas ar Thacaíocht Stáit ) |
An tAcht Fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009
| [EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
|
Gearrtheideal. |
1 .— Féadfar an tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 a ghairm den Acht seo. | |
|
Tosach feidhme. |
2 .— Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. | |
|
Léiriú. |
3 .— (1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |
| [EN] | tá le “tacaíocht Stáit choimhdeach” an bhrí a shanntar dó le halt 15; | |
| [EN] | ciallaíonn “iarratas ar thacaíocht Stáit” iarratas ar thacaíocht Stáit faoi alt 9(1); | |
| [EN] | ciallaíonn “teach banaltrais ceadaithe”— | |
| [EN] | (a) roimh dháta thosach feidhme alt 104 den Acht Sláinte 2007 a mhéid a bhaineann an t-alt sin le haisghairm na n-alt sin den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 dá dtagraítear i gCuid 1 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht Sláinte 2007, teach banaltrais— | |
| [EN] | (i) atá cláraithe faoin Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990, | |
| [EN] | (ii) a bhfuil comhaontú i scríbhinn i bhfeidhm ina leith, idir dílseánach an tí banaltrais agus duine ainmnithe, maidir leis an uasmhéid a mhuirearófar chun na seirbhísí cúraim sin a shonraítear sa chomhaontú agus a thagann faoi réim mhír (a)(ii) den mhíniú ar “seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh” (nó aicmí de na seirbhísí cúraim sin) a sholáthar sa teach banaltrais do na daoine sin atá á gcothabháil sa teach banaltrais agus a bhfuil iarratas déanta acu ar thacaíocht Stáit, agus | |
| [EN] | (iii) a bhfuil deimhniú faoi alt 1095 (arna ionadú le halt 127(b) den Acht Airgeadais 2002) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 i bhfeidhm i leith an dílseánaigh chláraithe air, | |
| [EN] | (b) ar an dáta dá dtagraítear i mír (a) agus dá éis, teach banaltrais— | |
| [EN] | (i) atá cláraithe faoin Acht Sláinte 2007 mar lárionad ainmnithe de réir bhrí an Achta sin nó ar ina leith atá gnó an tí banaltrais á sheoladh ag duine de bhun alt 69(2), (3) agus (4) den Acht sin, | |
| [EN] | (ii) a bhfuil comhaontú i scríbhinn i bhfeidhm ina leith, idir dílseánach an tí banaltrais agus duine ainmnithe, maidir leis an méid uasta a mhuirearófar chun na seirbhísí cúraim sin a shonraítear sa chomhaontú agus a thagann faoi réim mhír (a)(ii) den mhíniú ar “ seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh ” (nó aicmí de na seirbhísí cúraim sin) a sholáthar sa teach banaltrais do na daoine sin atá á gcothabháil sa teach banaltrais agus a bhfuil iarratas ar thacaíocht Stáit déanta acu, agus | |
| [EN] | (iii) a bhfuil deimhniú faoi alt 1095 (arna ionadú le halt 127(b) den Acht Airgeadais 2002) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 i bhfeidhm i leith an dílseánaigh chláraithe air; | |
| [EN] | ciallaíonn “ comhaontú um theach banaltrais ceadaithe ” i ndáil le seirbhísí cúraim arna soláthar ag teach banaltrais ceadaithe, an comhaontú dá dtagraítear i mír (a)(ii) nó (b)(ii) den mhíniú ar “ teach banaltrais ceadaithe ” agus atá i bhfeidhm i leith an tí banaltrais sin; | |
| [EN] | tá le “ acmhainn sheachtainiúil mheasúnaithe ” an bhrí chéanna atá leis i Sceideal 1; | |
| [EN] | “tá le “ duine údaraithe ” an bhrí chéanna atá leis in alt 17; | |
| [EN] | ciallaíonn “ measúnacht ar riachtanais chúraim ”, i ndáil le duine, measúnacht ar riachtanais chúraim an duine arna seoladh faoi alt 7; | |
| [EN] | ciallaíonn “ tuarascáil mheasúnachta ar riachtanais chúraim ”, i ndáil le duine, an tuarascáil faoi alt 7(4) maidir leis an measúnacht ar riachtanais chúraim an duine; | |
| [EN] | ciallaíonn “ ionadaí cúraim ” duine arna cheapadh nó arna ceapadh chun bheith ina ionadaí cúraim nó ina hionadaí cúraim de bhun alt 21; | |
| [EN] | ciallaíonn “seirbhísí cúraim” seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh; | |
| [EN] | folaíonn “muirear” morgáiste; | |
| [EN] | folaíonn “leanbh” leasleanbh; | |
| [EN] | ciallaíonn “costas”— | |
| [EN] | (a) i ndáil le seirbhísí cúraim a sholáthraíonn an Fheidhmeannacht, costas, arna chinneadh ag an bhFeidhmeannacht de réir alt 33(3) agus (4), na seirbhísí cúraim sin, | |
| [EN] | (b) i ndáil le seirbhísí cúraim a sholáthraítear thar ceann na Feidhmeannachta, costas na seirbhísí cúraim sin dá dtagraítear in alt 33(5), | |
| [EN] | (c) i ndáil le seirbhísí cúraim a sholáthraíonn teach banaltrais ceadaithe, an méid a ghearrann dílseánach an tí banaltrais sin maidir le seirbhísí cúraim a sholáthar, is méid nach mó ná an méid uasta atá sonraithe i ndáil le seirbhísí cúraim a sholáthar atá sonraithe sa chomhaontú um theach banaltrais ceadaithe arna dhéanamh ag dílseánach an tí banaltrais sin; | |
| [EN] | tá le “lánúin” an bhrí a shanntar dó le halt 4; | |
| [EN] | tá le “teagmhas iomchuí iarchurtha” an bhrí a shanntar dó le halt 20; | |
| [EN] | ciallaíonn “duine ainmnithe” an duine atá ainmnithe faoi alt 40; | |
| [EN] | tá le “margadhluach measta” an bhrí a shanntar dó le Sceideal 1; | |
| [EN] | ciallaíonn “Feidhmeannacht” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; | |
| [EN] | ciallaíonn “measúnacht airgeadais” measúnacht arna déanamh faoi alt 10; | |
| [EN] | ciallaíonn “tuarascáil mheasúnachta airgeadais” an tuarascáil arna hullmhú de réir alt 10; | |
| [EN] | ciallaíonn “tacaíocht airgeadais”— | |
| [EN] | (a) tacaíocht Stáit, | |
| [EN] | (b) tacaíocht Stáit choimhdeach, nó | |
| [EN] | (c) más infheidhme, tacaíocht Stáit agus tacaíocht Stáit choimhdeach araon; | |
| [EN] | folaíonn “faisnéis” na nithe seo a leanas— | |
| [EN] | (a) doiciméid, | |
| [EN] | (b) gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), ionstraimí, deimhnithe agus dearbhuithe reachtúla, agus | |
| [EN] | (c) dúblaigh de chineál ar bith; | |
| [EN] | maidir le “seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh”— | |
| [EN] | (a) faoi réir mhír (b), ciallaíonn sé— | |
| [EN] | (i) seirbhísí cothabhála, sláinte nó cúraim phearsanta, nó aon teaglaim den chéanna, a sholáthraíonn an Fheidhmeannacht, nó a sholáthraítear thar a ceann, do dhuine— | |
| [EN] | (I) fad a bheidh an duine ina chónaí nó ina cónaí agus á chothabháil nó á cothabháil i saoráid— | |
| [EN] | (A) atá ainmnithe go poiblí ag an bhFeidhmeannacht i scríbhinn mar shaoráid le haghaidh cúraim do dhaoine scothaosta go príomha, ar ainmniú é ina sonrófar, faoi réir alt 33(2), na seirbhísí sláinte nó cúraim phearsanta atá le soláthar sa tsaoráid sin, agus | |
| [EN] | (B) ina soláthraítear cúram altranais ar an mbonn nár cheart a bheith i láthair sa tsaoráid aon tráth líon is lú ná altra chláraithe amháin atá ar fáil chun cúram altranais a sholáthar do na daoine a chothabháiltear sa tsaoráid, agus | |
| [EN] | (II) faoi réir fho-alt (2), ar feadh— | |
| [EN] | (A) tréimhse nach giorra ná 30 lá comhleanúnach, nó | |
| [EN] | (B) tréimhsí arb é atá iontu, san iomlán, méid nach lú ná 30 lá laistigh de thréimhse 12 mhí chomhleanúnacha, nó | |
| [EN] | (ii) seirbhísí cothabhála, sláinte nó cúraim phearsanta, nó aon teaglaim den chéanna, a sholáthraítear do dhuine fad a bheidh an duine ina chónaí nó ina cónaí agus á chothabháil nó á cothabháil i dteach banaltrais ceadaithe— | |
| [EN] | (I) ina soláthraítear cúram altranais ar an mbonn nár cheart a bheith i láthair sa tsaoráid aon tráth líon is lú ná altra chláraithe amháin atá ar fáil chun cúram altranais a sholáthar do na daoine a chothabháiltear sa teach banaltrais ceadaithe, agus | |
| [EN] | (II) faoi réir fho-alt (2) ar feadh— | |
| [EN] | (A) tréimhse nach giorra ná 30 lá comhleanúnach, nó | |
| [EN] | (B) tréimhsí arb é atá iontu, sa chomhiomlán, méid nach lú ná 30 lá laistigh de thréimhse 12 mhí chomhleanúnacha, | |
| [EN] | (b) ní fholaíonn sé— | |
| [EN] | (i) géarchúram agus géarchóireáil liachta in ospidéal géarthinnis, | |
| [EN] | (ii) cúram faoisimh, | |
| [EN] | (iii) cúram athshlánúcháin ar feadh— | |
| [EN] | (I) tréimhse nach giorra ná 12 mhí chomhleanúnacha, nó | |
| [EN] | (II) tréimhsí arb é atá iontu, sa chomhiomlán, méid nach lú ná 12 mhí laistigh de thréimhse 24 mhí chomhleanúnacha, nó | |
| [EN] | (iv) seirbhísí d'othair sheachtracha a chuirtear ar fáil de bhun alt 56 den Acht Sláinte 1970; | |
| [EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Sláinte agus Leanaí; | |
| [EN] | folaíonn “morgáiste” muirear; | |
| [EN] | tá le “teach banaltrais” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 agus folaíonn sé foras dá dtagraítear in alt 2(1)(h) den Acht sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “páirtnéir”, i ndáil le duine is duine de lánúin, an duine arb é an duine eile den lánúin é nó arb í an duine eile den lánúin í; | |
| [EN] | tá le “príomháit chónaithe” an bhrí a shanntar dó le Sceideal 1; | |
| [EN] | ciallaíonn “dílseánach”— | |
| [EN] | (a) i ndáil le saoráid dá dtagraítear i mír (a)(i) den mhíniú ar “seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh”, an duine a bhfuil comhaontú i scríbhinn déanta aige nó aici leis an bhFeidhmeannacht chun bheith ina dhílseánach nó ina dílseánach ar an tsaoráid chun na feidhmeanna a fhorchuirtear faoin Acht seo ar dhílseánach saoráide den sórt sin, a chomhlíonadh, | |
| [EN] | (b) i ndáil le teach banaltrais ceadaithe, an dílseánach cláraithe, de réir bhrí alt 1 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990, ar an teach banaltrais; | |
| [EN] | ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” lia-chleachtóir cláraithe de réir bhrí Acht na Lia-Chleachtóirí 2007; | |
| [EN] | ciallaíonn “altra chláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gclár na n-altraí arna choimeád faoi alt 27 d'Acht na nAltraí, 1985; | |
| [EN] | ciallaíonn “gaol”, i ndáil le duine, tuismitheoir, leastuismitheoir, leanbh, ua, banua, deartháir, leasdeartháir, deirfiúr, leasdeirfiúr, uncail, aintín, nia nó neacht leis an duine; | |
| [EN] | tá le “sócmhainní iomchuí” an bhrí a shanntar dó le Sceideal 1; | |
| [EN] | tá le “teagmhas iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 19; | |
| [EN] | ciallaíonn “saoráid iomchuí” saoráid a thagann faoi réim mhír (a)(i)(I) den mhíniú ar “seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh”; | |
| [EN] | tá le “fóirdheontas iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 7 (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) (Leasú) 2007) den Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990; | |
| [EN] | ciallaíonn “Scéim” an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais a bhunaítear faoi alt 5; | |
| [EN] | ciallaíonn “ranníoc árachais shóisialaigh” aon ranníoc a thagann faoi réim alt 6(1)(a), (b), (c) nó (d) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005; | |
| [EN] | ciallaíonn “sonraithe”, i ndáil le foirm, foirm arna sonrú faoi alt 44; | |
| [EN] | ciallaíonn “tacaíocht Stáit” íocaíocht arna déanamh ag an bhFeidhmeannacht de réir na Scéime tar éis iarratas a bheith déanta ar thacaíocht den sórt sin chun cabhrú le duine íoc as costais seirbhísí cúraim; | |
| [EN] | ciallaíonn “oiriúnach”, i ndáil le duine (a fhéadfaidh a bheith ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na Feidhmeannachta) agus i ndáil le feidhm atá le comhlíonadh faoin Acht seo, go bhfuil, i dtuairim na Feidhmeannachta, na cáilíochtaí, an oiliúint nó an taithí is gá chun an fheidhm sin a chomhlíonadh, nó teaglaim de na nithe sin, ag an duine; | |
| [EN] | ciallaíonn “aistriú”, i ndáil le sócmhainn nó le hioncam, aistriú na sócmhainne nó an ioncaim sin trí dhíol nó trí bhronntanas agus déanfar tagairtí don bhriathar “aistrigh” a fhorléiriú dá réir sin; | |
| [EN] | tá le “sócmhainn aistrithe” an bhrí a shanntar dó le Sceideal 1; | |
| [EN] | tá le “ioncam aistrithe” an bhrí a shanntar dó le Sceideal 1. | |
| [EN] | (2) Más rud é gur deimhin leis an bhFeidhmeannacht maidir le duine a soláthraítear seirbhísí cúraim nó a bhfuil seirbhísí cúraim le soláthar dó nó di, nach dócha go scoirfidh an duine sin choíche de ghá a bheith aige nó aici le seirbhísí cúraim le linn bheatha an duine, ansin ní bheidh feidhm ag mír (a)(i)(II) ná (a)(ii)(II), de réir mar a bheidh, den mhíniú ar “seirbhísí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh” i gcás an duine sin. | |
|
Lánúineacha. |
4 .— (1) San Acht seo, ciallaíonn “lánúin”— | |
| [EN] | (a) beirt atá pósta le chéile, | |
| [EN] | (b) fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile, nó | |
| [EN] | (c) beirt den ghnéas céanna atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile i ndálaí tí is inchurtha le dálaí tí fir agus mná nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile, | |
| [EN] | agus atá ina gcónaí le chéile go rialta ar an dáta a dhéanann ceachtar acu, nó a dhéanann siad araon, iarratas ar thacaíocht Stáit, nó ar an dáta a thosaítear ar sheirbhísí cúraim a sholáthar do cheachtar díobh nó dóibh araon. | |
| [EN] | (2) Chun críocha an ailt seo— | |
| [EN] | (a) ní mheasfar gur lánúin atá ina gcónaí le chéile go rialta lánúin dá dtagraítear i mír (b) d’fho-alt (1) mura rud é go raibh siad ag maireachtáil i bhfochair a chéile ar an modh dá dtagraítear sa mhír sin, | |
| [EN] | (b) ní mheasfar gur lánúin atá ina gcónaí le chéile go rialta lánúin dá dtagraítear i mír (c) d’fho-alt (1) mura rud é go raibh siad ag maireachtáil i bhfochair a chéile ar an modh dá dtagraítear sa mhír sin, | |
| [EN] | ar feadh tréimhse nach lú ná 3 bliana díreach roimh an dáta a dhéanann ceachtar acu, nó a dhéanann siad araon, iarratas ar thacaíocht Stáit, nó ar an dáta a thosaítear ar sheirbhísí cúraim a sholáthar do cheachtar acu nó dóibh araon. | |
| [EN] | (3) D’ainneoin fho-alt (2), measfar go bhfuil duine ina chónaí nó ina cónaí leis an duine eile den lánúin go rialta más rud é— | |
| [EN] | (a) go bhfuil cónaí ar cheachtar acu i saoráid iomchuí nó i dteach banaltrais ceadaithe, nó go dtéann ceachtar acu isteach i saoráid iomchuí nó i dteach banaltrais ceadaithe, chun go soláthrófar seirbhísí cúraim dó nó di, | |
| [EN] | (b) go bhfuil cónaí ar an mbeirt acu i saoráid iomchuí nó i dteach banaltrais ceadaithe, nó go dtéann an bheirt acu isteach i saoráid iomchuí nó i dteach banaltrais ceadaithe, chun go soláthrófar seirbhísí cúraim dóibh, | |
| [EN] | (c) go bhfuil cónaí ar cheachtar acu i bhforas nó go dtéann ceachtar acu isteach i bhforas (is cuma cén cineál) chun críocha a bhaineann leis na nithe seo a leanas— | |
| [EN] | (i) bail choirp nó mheabhrach atá ar an duine lena mbaineann, nó | |
| [EN] | (ii) an duine lena mbaineann a chur i bpríosún nó a thógáil i gcoimeád dleathach, nó | |
| [EN] | (d) go bhfuil cónaí ar an mbeirt acu i bhforas nó go dtéann an bheirt acu isteach i bhforas (is cuma cén cineál) chun críocha a bhaineann leis na nithe seo a leanas— | |
| [EN] | (i) bail choirp nó mheabhrach atá ar an duine lena mbaineann, nó | |
| [EN] | (ii) an duine lena mbaineann a chur i bpríosún nó a thógáil i gcoimeád dleathach. |